Published on 17 April 2023

Fuarthas amach sa fhiosrúchán, atá déanta ag an Ombudsman, Ger Deering, go bhfuil cur chuige míréasúnta agus dolúbtha ag an FSS maidir le scéimeanna a riar a mhaoiníonn cóireáil thar lear do chúram sláinte nach bhfuil an Stát in ann a sholáthar, nó nach bhfuil sé in ann a sholáthar go tráthúil in Éirinn.

Ina thuarascáil, ‘In Sickness and in Debt’, [foilsithe Dé Mháirt 18 Aibreán] deir an tOmbudsman go raibh roinnt othar in éadan troid le go n-aisíocfaí iad as na costais dhlisteanacha a thabhaigh said ar chóireáil riachtanach a bhfuair said thar lear – le go leor acu ag fáil airgid ar iasacht agus cuid acu ag titim i bhfiacha dá bharr. I gcásanna eile, diúltaíodh nó cuireadh moil mhíréasúnta ar cheadú cóireáil a fháil thar lear.

Tá 21 moladh leagtha amach ag an Ombudsman chun feabhas a chur ar riar na scéimeanna seo ar mhaithe le hothair a bhfuil na cóireálacha ríthábhachtacha seo de dhíth orthu.  Tar éis cainteanna idir an tOmbudsman agus Príomhfheidhmeannach nua an FSS, Bernard Gloster, d’aontaigh an FSS na 21 moladh i dtuarascáil a chur i bhfeidhm.

Dúirt an tOmbudsman, Ger Deering:

“Cuirim fáilte go mór roimh chinneadh an FSS na moltaí a chur i bhfeidhm. Beidh tionchar dearfach suntasach ag a gcur i bhfeidhm ar shaol na ndaoine sin a dteastaíonn cóireáil uatha thar lear, agus cabhróidh sé lena chinntiú go ndíreofar cinntí faoi na scéimeanna ar riachtanais an othair.”

Áiríodh le fhiosriúchán an Ombudsman scrúdú ar scéim Threoir um Trasteorann an AE. Faoin scéim, íocann an t-othar as an gcóireáil riachtanach i dtír eile de chuid an AE nó LEE roimh ré agus déanann sé iarratais chuig an FSS chun costas na cóireál a aisíoc.

D’aithin an fiosriúchán cásanna inar dhiúltaigh an FSS cúiteamh a thabhairt d’othair as cóireáil a d’íoc said agus a bhfuair said thar lear toisc:

  • Nár ‘shínigh’ an dochtúir ginearálta an othair litir atreoiraithe a sheol sé chuig ospidéal i dTuaisceart na hÉireann. Bhí sé seo in ainneoin go raibh sé soiléir gur ó sheoladh ríomhphoist an dochtúir ginearálta a seoladh an litir, agus gur dheimhnigh an dochtúir ginearálta i scríbhinn don FSS go raibh an atreorú fíor. (Féach ar lch 47)
  • Gur seoladh litir atreoraithe ó dhochtúir ginearálta Éireannach chuig an Rannóg ábhartha in ospidéal i dTuaisceart na hÉireann (an Roinn “ENT’) agus ní chuig duine ainmnithe san ospidéal. Dhiúltaigh an FSS glacadh le litir atreoraithe a leasaíodh ina dhiaidh sin ón dhochtúir ginearálta. (Féach ar lch 49)
  • Cé gur sa Bheilg a rinneadh cóireáil ar othar, rinneadh Comhairliúchán tosaigh fad a bhí an comhairleoir Beilgeach in Éirinn. (Ba é an liosta feithimh le haghaidh cóireála in Éirinn ná ceithre bliana.) (Féach ar lch 37)
  • Rinneadh an Comhairliúchán othar seachtrach le comhairleoir Polannach roimh chóireáil sa Pholainn ar an bhfón, agus ní go pearsanta. Bhí gá práinneach ag an othar le cóireáil le haghaidh pian droma ainsealach. (Féach lch 38)
  • Bhí roinnt othar aosta a lorg aisíocaíochtaí le haghaidh cóireála ag fail pinsin RA.  Mar gheall ar an easpa faisnéise a chuir an FSS ar fáil, ní raibh a fhios ag na hothair seo go mbeadh tionchar diúltach ar a n-iarratas dá mbeadh pinsean á fháil acu ó thír AE eile.  Fuair na hothair méideanna suntasacha airgid ar iasacht chun an chóreáil a fháil ach ní bhfuair said aon aisíocaíocht. (Féach ar leathanaigh 23 & 28)

Tá moltaí i dtuarascáil an Ombudsman freisin maidir le dhá scéim eile: an Scéim Cóireála Thar Lear agus an Scéim um Chúram Sláinte Pleanáilte i dTuaisceart na hÉireann – scéim a tugadh isteach chun soláthar a dhéanamh do chóireáil i dTuaisceart na hÉireann tar éis Breatimeacht. Baineann líon beag moltaí leis an Roinn Sláinte. Ghlac sé leis na moltaí seo. 

Tá tuarascáil an Ombudsman, ‘In Sickness and in Debt’ le fail ar www.ombudsman.ie