Published on 30 July 2019

D’fhoilsigh Peter Tyndall, an tOmbudsman, tuarascáil inniu ina leagtar amach an dóigh ar dhéileáil an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí leis na hábhair imní a bhí aige faoin dóigh ar aisghabhadh ró-íocaíochtaí a rinneadh le faighteoirí leasa shóisialaigh.

Sa tuarascáil uaidh dar teideal ‘Aisghabháil Chóir’, deir an tOmbudsman gur tháinig sé ar chásanna ina ndearnadh ró-íocaíocht, gan aon locht a bheith ar an bhfaighteoir, agus inar tharla sé:

  • gur bheag fianaise dhoiciméadach a bhí ag an Roinn ar an ró-íocaíocht nó nach raibh aon fhianaise dhoiciméadach ar bith aici ar an ró-íocaíocht;
  • go raibh neamhréireacht ann ar fud na tíre maidir leis an dóigh a rabhthas ag déileáil le ró-íocaíochtaí;
  • gur asbhaineadh ró-íocaíochtaí ó fhoinsí míchuí;
  • nach raibh aon fhianaise ann go ndearna an Roinn imthosca an fhaighteora a mheas ó thaobh na bochtaineachta de sular thosaigh sí ar asbhaintí a dhéanamh;
  • nach ndearna an Roinn aon chumarsáid le faighteoirí áirithe ach amháin roinnt blianta tar éis an ró-íocaíocht a aimsiú.

Mhol an tOmbudsman an Roinn, áfach, as an teagmháil dhearfach a rinne sí leis an Oifig seo agus as bearta a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis na saincheisteanna a dtarraingítear aird orthu sa tuarascáil uaidh.

Idir na blianta 2015 agus 2018, fuair an tOmbudsman 108 ngearán ó dhaoine nach raibh sásta leis an dóigh ar iarr an Roinn ró-íocaíochtaí a dúirt an Roinn go ndearna sí leo.  Sheas an tOmbudsman le céatadán ard de na gearáin sin (45%).  Thug baill foirne dá chuid cuairt ar oifigí áitiúla freisin chun comhaid ró-íocaíochta eile a scrúdú.

Dúirt an tOmbudsman:

“Cé nach mór an Roinn a cheadú íocaíochtaí a aisghabháil i gcásanna cuí, ní mór déileáil leis na cásanna sin ar bhealach cóir cothrom.  Níor tharla sé sin i líon suntasach cásanna ar amharc mé orthu.  Is cúis áthais dom, áfach, gur oibrigh an Roinn leis an Oifig seo chun gearáin aonair a réiteach agus chun feabhas a chur ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm aici.”

Áirítear iad seo a leanas leis na bearta a chuir an Roinn i bhfeidhm tar éis di teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman:

  • an treoir agus an oiliúint a thugtar do bhaill foirne a dhéileálann le ró-íocaíochtaí a thabhairt cothrom le dáta;
  • athbhreithniú a dhéanamh ar an dóigh a láimhseáiltear gearáin ar bhonn áitiúil;
  • ionad glaonna nua a bhunú chun déileáil le héilitheoirí a bhfuil fiachais orthu; agus
  • córas a thabhairt isteach le haghaidh meabhrúcháin fiachais a eisiúint.

Tá an tuarascáil ón Ombudsman ar fáil ar www.ombudsman.ie agus cuirtear síos inti ar roinnt de na gearáin a ndearna an tOmbudsman scrúdú orthu, lena n-áirítear na cinn seo a leanas:

Cás-Staidéar 1:

Nuair a rinne fear iarratas ar phinsean easláine sa bhliain 2016, dúirt an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí go raibh €17,000 aige ar an Roinn.  Dúirt an Roinn go raibh an t-airgead dlite di mar gur ró-íoc sí Liúntas Cuardaitheora Poist leis idir na blianta 1998 agus 2000.  Ní bhfuair an fear aon fhógra roimhe sin faoin ró-íocaíocht a fuair sé ón Roinn.

Cé gur iarr an fear a chomhad faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tharla sé gur scriosadh é cheana féin.  Dheimhnigh an Roinn don Ombudsman nach raibh sí in ann a chomhad a aimsiú agus, dá bhrí sin, nach bhféadfadh sí fianaise a thabhairt go ndearnadh aon ró-íocaíocht leis.  Sna himthosca sin, chomhaontaigh sí an ró-íocaíocht a chealú. 

Cás-Staidéar 2: D’iarr an Roinn €10,000 ó fhear, ach bhí taifid thábhachtacha ar iarraidh óna chomhad

Rinne fear gearán leis an Ombudsman nuair a rinne an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí iarracht méid €10,000 a dúirt sí gur íoc sí leis a aisghabháil.  Bhain an ró-íocaíocht leis an Liúntas Cuardaitheora Poist agus mhaígh an fear nár ró-íocadh leis.

Fuair an tOmbudsman amach gur theip ar an Roinn taifid chuí a choinneáil, nach ndearna sí teagmháil chuí leis an bhfear agus gur mar gheall ar a gníomhaíocht féin a géaraíodh an tsaincheist.  D’iarr an tOmbudsman ar an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás.  Chealaigh an Roinn an ró-íocaíocht agus d’aisíoc sí an méid a d’aisghabh sí ón bhfear cheana féin.

Nuair a fuair an fear an chéad íocaíocht Liúntais Chuardaitheora Poist, sheiceáil sé méid na híocaíochta leis an Roinn.  Thug an Roinn a focal dó gur íocadh an méid ceart. Sholáthair an fear an fhaisnéis ábhartha ar fad don Roinn freisin nuair a rinne sé iarratas ar an liúntas ar dtús, lenar áiríodh sonraí faoi shochar máithreachais a mhná céile agus faoin dáta a d’fhillfeadh sí ar an obair.  Mar sin féin, chaill an Roinn na doiciméid uaidh agus bhí air na doiciméid chéanna a athchur isteach trí huaire ar a laghad ina dhiaidh sin.

Tar éis dó fógra a fháil faoin ró-íocaíocht, bhuail an fear leis an Roinn agus iarradh air arís na doiciméid a bhaineann le filleadh a mhná céile ar an obair a thabhairt. Sholáthair sé na doiciméid sin an athuair.  Bhí moilleanna ann ar fhreagra a thabhairt ar na glaonna agus na litreacha ón bhfear freisin. 

Ní raibh aon taifead ann ar chomhad na Roinne ar na glaonna ná na litreacha a fuarthas ón bhfear. Ní raibh aon taifead ann ach oiread ar an gcruinniú a bhí aige leis an Roinn.   Ghlac an Roinn leis go ndúradh léi gur fhill bean chéile an fhir ar an obair. Ghlac sí leis freisin nach ndearna sí aon ghníomh de bhun na faisnéise sin. Theip ar an Roinn fógra a thabhairt don fhear freisin go bhféadfadh sé achomharc a dhéanamh in aghaidh na breithe gur ró-íocadh leis. 

 

CRÍOCH