Published on 9 March 2022
D’fháiltigh an tOmbudsman nua-cheaptha, Ger Deering, go cúramach roimh an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an rialtas maidir le hathchóiriú an chórais soláthair dhírigh. Cé gur tháinig laghdú ar líon na ndaoine i gcóiríocht éigeandála, dúirt an tOmbudsman go raibh go leor fós le déanamh chun daoine a bhaint amach as cóiríocht mí-oiriúnach.
Bhí an tOmbudsman ag labhairt inniu [9 Márta 2022] ag foilsiú a Thráchtaireachta bliantúla ar ghearáin a fhaigheann a Oifig faoi sheirbhísí soláthair dhírigh - ‘An tOmbudsman agus Soláthar Díreach: Nuashonrú do 2021’. Tháinig méadú 62% ar líon na ngearán faoi sheirbhísí soláthair dhírigh san Oifig sa bhliain 2021, go príomha mar thoradh ar chuairteanna ‘for-rochtana’ a Oifige ar ionaid soláthair dhírgh ag deireadh na bliana seo caite. Cuireadh na cuairteanna ar fionraí roimhe seo mar gheall ar shrianta a bhain le COVID.
Fuair an tOmbudsman 99 gearán faoi sheirbhísí soláthair dhírigh sa bhliain 2021 i gcomparáid le 61 i 2020. Ba iad na príomhshaincheisteanna a ndearnadh gearán fúthu ná diúltú iarratas ar aistrithe chuig ionaid eile, saincheisteanna cóiríochta, agus rochtain ar chártaí leighis agus cártaí cuairte dochtúra.
Thug foireann for-rochtana an Ombudsman cuairt ar 17 n-ionad cóiríochta ag deireadh 2021, ag glacadh le 52 gearán le linn na gcuairteanna. Réitíodh go leor de na gearáin ‘ar an láthair’ nó go gairid i ndiaidh na gcuairteanna.
Dúirt an tOmbudsman go leanfaidh a Oifig de bheith i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara ábhartha san earnáil, lena n-áirítear an tSeirbhís Chóiríochta um Chosaint Idirnáisiúnta, maidir le cur i bhfeidhm na ngealltanas i bPáipéar Bán an Rialtais chun deireadh a chur le Soláthar Díreach.
Tá Tráchtaireacht an Ombudsman, ‘An tOmbudsman agus Soláthar Díreach: Nuashonrú do 2021’, a chuimsíonn sonraí breise faoi ghearáin a rinneadh leis an Oifig agus cás-staidéir roghnaithe, ar fáil ar láithreán gréasáin an Ombudsman www.ombudsman.ie.
CRÍOCH
Nóta do na hEagarthóirí:
Ceapadh Ger Deering mar Ombudsman i mí Eanáir 2022. Tagann sé i gcomharbacht ar Peter Tyndall mar Ombudsman. Déanann Oifig an Ombudsman gearáin ón bpobal a mheas faoi sheirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí ar nós ranna rialtais, FSS, údaráis áitiúla agus soláthraithe seirbhísí soláthair dhírigh.