Published on 11 July 2019
Déardaoin an 11 Iúil 2019: Shínigh Phelim Quinn, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin HIQA, agus Peter Tyndall, an tOmbudsman, meabhrán tuisceana nuashonraithe chun an comhar idir an dá eagraíocht a chur ar aghaidh.
Is é aidhm an chomhaontaithe cabhrú le faisnéis ábhartha faoi sheirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta a mhalartú idir HIQA agus an tOmbudsman chun a chinntiú go gcaithfear go cothrom agus go sábháilte le daoine den phobal agus iad ag rochtain seirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta.
Dúirt Phelim Quinn, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin HIQA: “Tá sainchúram leathan méadaitheach ar HIQA. Mar sin féin, déanaimid ár ndícheall tús áite a thabhairt i ngach a ndéanaimid do riachtanais, tuairimí, cearta agus cosaint na ndaoine a úsáideann seirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta. Ba mhaith linn a chinntiú go bhfaighidh daoine den phobal cúram atá sábháilte agus ar ardchaighdeán agus go n-íoslaghdófar an dóchúlacht go gcruthófar riosca dóibh nó go ndéanfar dochar dóibh.
“Is chun eolas a dhéanamh dár ngníomhaíocht faireacháin a bhaintear úsáid as an bhfaisnéis ar fad a fhaigheann HIQA. I gcás go bhfuil imní orainn faoi shábháilteacht na gcónaitheoirí nó faoi cháilíocht an chúraim atá siad ag fáil, ceanglaítear ar sholáthraithe seirbhíse dul i mbun birt lom láithreach. Mar thoradh ar an gcomhaontú seo, cuirtear comhar idir an tOmbudsman agus HIQA chun cinn agus soláthraítear coimirce bhreise do dhaoine den phobal.”
Dúirt Peter Tyndall, an tOmbudsman: “Déanann HIQA cigireacht ar sheirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta. Déileálann Oifig an Ombudsman le gearáin aonair ó dhaoine a úsáideann seirbhísí sláinte. Trí obair le chéile, déanaimid cinnte de go gcuirfidh daoine ábhair imní in iúl don eagraíocht cheart agus cabhrófar le cúram sláinte níos fearr agus níos sábháilte a sholáthar do chách.”
Tá téacs iomlán an Mheabhráin Tuisceana ar fáil ag www.hiqa.ie agus www.ombudsman.ie.
Críoch.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le:
Marty Whelan, Ceann um Chumarsáid agus Rannpháirtíocht le Geallsealbhóirí
HIQA
(01) 8147480 nó 086 2447623
Dave Nutley, Ceann Cumarsáide
Oifig an Ombudsman
(01) 6395617 nó 086 0231420
Nótaí don eagarthóir