Published on 20 March 2020

Nuashonrú faoi Covid-19: Tá an Oifig dúnta don phobal

Tuigtear go bhfuil an éigeandáil sláinte poiblí atá buailte linn faoi láthair ag cur isteach go mór ar sheirbhís phoiblí a sholáthar agus ar obair ár nOifige féin agus ní féidir é seo a sheachaint. Nuair a chuirtear é seo san áireamh, iarraimid oraibh bheith foighneach agus comhoibriú linn agus an méid seo a leanas a dhéanamh, ach go háirithe:

A)  Smaoinigh, le do thoil, faoi cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil fíorghá le gearáin a dhéanamh faoi chúram sláinte agus seirbhísí tacaíochta sóisialta, atá faoi bhrú ollmhór faoi láthair.

B)   I dtaobh obair Oifige an Oifig an Ombudsman, leanfaidh ár bhfoireann ag oibriú i rith an ama seo.  Braithimid, áfach, ar idirghníomhú leis na soláthraithe seirbhíse chun tabhairt faoinár n-obair, agus d’fhéadfadh bheith moilleanna suntasacha chun freagairtí a fháil ó sholáthraithe seirbhíse, go háirithe iad siúd i gcúram sláinte.  De bhreis air sin, d’fhéadfadh go ndéanfar cuid dár bhfoireann féin a imlonnú chun oibriú i seirbhísí ríthábhachtacha túslíne.  Gabhaimid leithscéal as na moilleanna a bheidh ar chúrsaí.