Cineálacha gearán is féidir linn a scrúdú
Is féidir leis an Ombudsman gearán a scrúdú:
- má cheapann tú go bhfuil cinneadh éagothrom nó go bhfuil drochthionchar aige ort
- murar tugadh fáth soiléir duit don chinneadh
- má bhí ort fanacht ar chinneadh an iomarca ama
- má tugadh faisnéis mhícheart duit
- murar déileáladh le do ghearán i gceart
Cuimsíonn ár mbileoga eolais tuilleadh faisnéise faoi na cineálacha gearán is féidir linn a scrúdú.
Ní féidir leis an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar ghearáin faoi:
- bhreitheanna cliniciúla (mar shampla, diagnóis nó cóireáil othair a rinneadh ag FSS nó tithe altranais príobháideacha, nó a rinneadh ar a son)
- ghníomhartha nárbh fhéidir leo a bheith déanta, de réir dlí, ach ag comhaltaí tofa de chomhairle contae nó ag comhaltaí ceantair bhardasaigh – tugtar 'feidhmeanna forchoimeádta' údaráis áitiúla orthu sin
- iarratas ar phost, nó téarmaí agus coinníollacha fostaíochta
- chinntí maidir le hinimirce nó eadóirseachta
- an chaoi a reáchtáiltear príosúin
- ghníomh a glacadh chun slándáil náisiúnta a chosaint
- chinneadh ar féidir é a achomharc chun na gcúirteanna nó le comhlacht neamhspleách achomhairc
Imeachtaí dlíthiúla
Seachas i gcúinsí eisceachtúla, ní féidir leis an Ombudsman do ghearán a scrúdú más rud é go bhfuil imeachtaí dlíthiúla tosaithe agat in aghaidh an tsoláthraí seirbhíse faoin ngearán céanna.
Is féidir comhairle dhlíthiúil a fháil i dtaobh do ghearáin agus é a thabhairt chuig an Ombudsman fós fad is nach bhfuil imeachtaí dlíthiúla tosaithe agat i ndáiríre. Déan teagmháil linn mura bhfuil tú cinnte.