Tá tú in ann anois do ghearán a chur isteach. Tógfaidh sé thart ar chúig nóiméad chun an fhoirm a chomhlánú.
Agus do ghearán á chur isteach agat, iarrfaimid ort na doiciméid seo a leanas a uaslódáil, má tá siad i do sheilbh.
- An gearán nó an t-achomharc leis an soláthraí seirbhíse
- An freagra a fuarthas ón soláthraí seirbhíse
- Aon doiciméid eile a d’fhéadfadh cabhrú linn
Ní féidir an fhoirm gearáin a shábháil. Ba cheart duit an fhaisnéis agus na doiciméid ar fad a bhaineann le do ghearán a bheith ar
láimh agat sula dtosaíonn tú ar an bhfoirm a chomhlánú
Nóta: Is é an méid uasta a cheadaítear d'aon cheangaltán amháin 10 MB. Níor cheart do mhéid iomlán na gceangaltán go léir 24 MB a shárú. Má tá do cheangaltaín níos mó, b'fhéidir go ndéanfar do ghearán a aithint ach b'fhéidir nach bhfaighfear é.