Ar dtús, seiceálaimid go bhfuil cead againn do ghearán a láimhseáil. B'fhéidir go n-iarrfaimid ar an soláthraí seirbhíse poiblí a bhfuil tú ag gearán faoi tuairisc a chur chugainn. B'fhéidir go ndéanfaimid scrúdú ar a gcuid comhad agus taifead agus go gcuirfimid ceisteanna orthu. Seans go dtógfaidh sé tamall an t-eolas atá uainn a bhailiú.
Ansin, beartóimid más rud é:
Má bheartaímid gur fhulaing tú agus nár ghlac an soláthraí seirbhíse poiblí céimeanna chun é sin a chur ina cheart, féadfaimid a iarraidh ar an soláthraí:
De ghnáth, láimhseálaimid gearáin tríd an bhfadhb a phlé leis an soláthraí seirbhíse poiblí agus trí fhéachaint ar na comhaid ábhartha. Más gá, déanaimid imscrúdú mionsonraithe.
Mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi ar scrúdaigh Oifig an Ombudsman do ghearán, is féidir leat iarraidh orainn ár gcinneadh a athbhreithniú. Féachaimid arís ar an gcaoi ar scrúdaigh an oifig seo do ghearán. Ní athbhreithniú é ar ghníomhartha nó ar chinneadh bunaidh an tsoláthraí seirbhíse poiblí a ndearna tú gearán faoi.