Ar dtús, caithfidh tú gearán a dhéanamh leis an soláthraí seirbhíse a raibh drochthionchar ag a ghníomh nó a chinneadh ort. Má tá córas gearán nó achomhairc i bhfeidhm ag an soláthraí, ba chóir duit é a úsáid. Mura bhfuil gearán déanta agat leis an soláthraí seirbhíse cheana féin, b'fhéidir go mbeidh ár dtreoir ar conas gearán a dhéanamh le soláthraí seirbhíse poiblí cabhrach duit.

An tOmbudsman agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Is féidir leis an Ombudsman gearáin a scrúdú faoi na Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), an Ghníomhaireacht Um Leanaí agus an Teaglach (TUSLA) agus gníomhaíochtaí a sholáthraíonnseirbhísí sláinte agus seirbhísí pearsanta sóisialta ar son FSS a scrúdú freisin. Chomh mhaith le sin tagann Tithe Altranais poiblí, atá á reáchtáil ag an FSS, faoi bhráid an Ombudsman.

Féach air An tOmbudsman agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Othar príobháideach

Ciallaíonn sé seo go hiondúil gur íoc tú as an tseirbhís cúraim sláinte nó shóisialta tú féin, agus is trí d’árachas sláinte de ghnáth a dhéanann tú é. Sa chás sin ní raibh baint ag FSS le do chóireáil. Ina áit sin, bhí conradh díreach agat le soláthraí na seirbhíse, mar shampla, leis an DG, leis an ospidéal príobháideach nó leis an teach altranais príobháideach.

Uaireanta cuirtear cóireáil ar othair phríobháideacha in ospidéil phoiblí dheonacha nó in ospidéil FSS.

Má tá gearán á dhéanamh agat mar othar príobháideach féadfaidh tú gearán a dhéanamh go díreach le soláthraí na seirbhíse nó féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le rialtóir. De ghnáth ní bhíonn sé de rogha agat gearán a dhéanamh le FSS, leis an Ombudsman ná leis an Ombudsman do Leanaí.

Eagraíochtaí  sláinte agus chúram sóisialta