Modúl Oiliúna Nua: Láimhseáil Gearán do Chomhlachtaí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá modúl oiliúna ar líne uair an chloig forbartha ag Oifig an Ombudsman i gcomhar leis an IPA agus OneLearning do bhaill foirne i gcomhlachtaí poiblí a bhfuil baint acu le gearáin.
Tógálann an cúrsa oiliúna idirghníomhach seo scileanna le haghaidh bainistíocht éifeachtach gearán ag gach leibhéal laistigh d'eagraíocht le cur chuige atá dírithe ar an úsáideoir. Is féidir é a chríochnú ar luas an fhoghlaimeora féin agus féachtar ann prionsabail na cuntasachta, na trédhearcachta, agus fheabhsú na seirbhíse.
Cuireann an cúrsa forbhreathnú ar fáil d'fhoghlaimeoirí ar cathain a athraíonn idirghníomhaíocht/iarratas seirbhíse tosaigh ina ghearán, eolas ar conas déileáil le gearáin, céard atá le déanamh má aithnítear saincheisteanna sistéamacha bunúsacha, agus conas réitigh éifeachtacha a chur i bhfeidhm.
Má tá tú cláraithe le OneLearning is féidir leat an cúrsa a chríochnú trí logáil isteach ar anardán.
Sheol an tOmbudsman Ger Deering agus Ciara MacNamara ón Institiúid Riaracháin Phoiblí an modúl ríomhfhoghlama. Mar chuid den seoladh, reáchtáladh seimineár gréasáin d'Oifigigh Oiliúna agus Forbartha ó gach cearn den státseirbhís chun an modúl oiliúna a chur in aithne dóibh agus chun na buntáistí a bhaineann leis a mhíniú.