Tuarascáil maidir le Dualgas na hEarnála Poiblí 2025
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá ár gCoiste um Dhualgas na hEarnála Poiblí (PSD) comhdhéanta d’ionadaithe ó gach réimse dár nOifig. Cuirimid an fhoireann ar an eolas faoi phríomh-shaincheisteanna agus imeachtaí a bhaineann le Cearta Daonna agus Comhionannas, agus déanaimid oiliúint agus laethanta áirithe a bhaineann le Cearta Daonna agus Comhionannas a phleanáil dár bhfoireann. Leagtar amach sa tuarascáil seo cuid den obair a rinneamar i rith na bliana chun ár PSD a chomhlíonadh.
Le linn 2024, rinne an Oifig athbhreithniú ar éifeachtacht agus ar raon ár gcláir Idirbhliana (TY). Ag teacht lenár spriocanna PSD, chuireamar béim níos mó ar chlár a fhorbairt a mhéadódh an rochtain agus an ionadaíocht i measc daltaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Chuireamar teagmháil le Clár Rochtana Choláiste na Tríonóide (TAP), a bhfuil sé mar aidhm aige rochtain agus rannpháirtíocht sa tríú leibhéal a leathnú do ghrúpaí nach bhfuil dóthain ionadaíochta acu. Reáchtálann TAP clár Idirbhliana le rannpháirtithe ó 21 scoil, ar scoileanna DEIS 17 díobh agus is scoileanna iad an 4 scoil eile atá i gceantair atá aitheanta mar cheantair a bhfuil rátaí ísle maidir le dul ar aghaidh chuig ardoideachas acu.
I mí Feabhra 2025, ghlac 11 dalta páirt inár gClár Idirbhliana athbhreithnithe. Tháinig seisear acu ó scoileanna DEIS trína ndearnamar teagmháil le TAP. Níos luaithe i mbliana, bhí an líon ba mhó riamh de dhaltaí Idirbhliana páirteach inár gclár, agus 18 ndalta san iomlán linn don tseachtain - ochtar acu a tháinig chugainn trí TAP. Ghlac na daltaí páirt i sraith seisiún scileanna san ionad oibre a bhí dírithe ar phríomhscileanna boga a fhorbairt ón gCreat Inniúlachta don Státseirbhís, amhail comhoibriú, obair foirne, réiteach fadhbanna agus cumarsáid éifeachtach.
Ba é ceann de phríomhchuspóirí ár bPlean Gníomhaíochta gníomhartha a shainaithint a chabhródh linn grúpaí sa phobal nach bhfuilimid ag baint amach faoi láthair a aithint. I rith 2024, sheol an Oifig a suirbhé déimeagrafach. Tá an suirbhé deonach agus anaithnid, agus i gcomhréir lenár ngealltanais PSD cabhraíonn sé linn a chinntiú go ndírítear ár bhfeachtais faisnéise ar ghrúpaí ‘faoi mhí-ionadaíocht’ agus/nó grúpaí ar deacair teacht orthu. Ceann de na hearnálacha a sainaithníodh mar earnálacha faoi mhí-ionadaíocht i ngearáin chuig ár nOifig ab ea an aoisghrúpa daoine fásta óga (18–35). I mí na Nollag 2025, d’eagraigh an Oifig ceardlann do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine fásta óga. Bhaineamar úsáid as an gceardlann mar dheis chun ról an Ombudóra a leagan amach, chun éisteacht lena dtaithí ar dhéileáil le soláthraithe seirbhíse poiblí, agus chun a dtuairimí a fháil ar an gcaoi a bhféadfaimis teagmháil níos fearr a dhéanamh lena mbaill. Is í seo an ceathrú ceann i sraith ceardlann dá leithéid atá reáchtáilte ag ár nOifig.
Le linn 2026, d’eagraíomar cur i láthair foghlama suimiúil agus ábhartha dár bhfoireann, lena n-áirítear:
I mí na Bealtaine 2025, d’eagraíomar oiliúint SafeTALK d’fhoireann líne tosaigh chun cabhrú leo a aithint nuair a bhíonn smaointe féinmharaithe ag daoine agus iad a threorú chuig acmhainní garchabhrach maidir le féinmharú.
I mí na Bealtaine, d’eagraíomar seisiún faisnéise freisin dár bhfoireann maidir le bacainní a bhíonn roimh iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe agus iad ag iarraidh teacht ar oideachas tríú leibhéal in Éirinn.
I mí Mheán Fómhair 2025, rinneamar socrú go dtabharfadh Pavee Point cur i láthair dár bhfoireann ar Phobal na Romach in Éirinn. Chuir an cur i láthair cúlra ar fáil maidir le comhthéacs stairiúil agus reatha Phobal na Romach agus mhúscail sé feasacht ar na bacainní atá rompu agus ar an gcaoi ar féidir linn tacú lena gcomhionannas agus lena gcearta daonna inár gcuid oibre.
I mí Dheireadh Fómhair 2025, ghlac ár nOifig páirt i gceiliúradh 20 bliain ar an gClár AHEAD Willing Able Mentoring (Clár Meantóireachta Toilteanach Cumasach). Bhí ár nOifig tar éis socrúcháin WAM a óstáil roimhe seo agus bhí sí san áireamh i ngradam a bronnadh i dteannta a chéile ar chomhlachtaí Státseirbhíse a bhí rannpháirteach sa chlár.
I gcomhar le forbairt an Ráitis Straitéise is déanaí ón Oifig (“I dtreo 2030”), rinne an Oifig athmheasúnú ar a PSD agus d’ullmhaigh sí plean gníomhaíochta nua.
Áiríodh leis an athmheasúnú a rinneamar:
• Cruinniú le IHREC agus freastal ar sheimineár gréasáin oiliúna IHREC maidir leis an Dualgas PSD i bPleananna Straitéiseacha.
• Athbhreithniú ar phlean gníomhaíochta PSD 2022–2025;
• Breithniú ar fhorbairtí san Oifig ón Ráiteas Straitéise deireanach i leith agus sa réimse níos leithne de chearta an duine, comhionannas agus éagsúlacht;
• Mar chuid de phróiseas comhairliúcháin sheachtraigh lenár bpáirtithe leasmhara chun ár bplean straitéiseach 2026 a fhorbairt, d’eisíomar suirbhé chuig gach ceann de na sé chomhlacht reachtúla. Bhain ceann de na ceisteanna leis an gcaoi a raibh an comhlacht reachtúil ag cur an PSD i bhfeidhm ina chuid oibre.
• Próiseas comhairliúcháin inmheánaigh lenár Sealbhóir Oifige (an tOmbudóir), le Comhaltaí an Choimisiúin, leis an mbainistíocht agus leis an bhfoireann, a chuimsigh suirbhé foirne agus sraith ceardlann foirne inar lorgaíodh aiseolas freisin ar an gcaoi a raibh an Oifig ag comhlíonadh a PSD.
• Comhairliúchán díreach le Bainisteoirí Sinsearacha gach ceann de na comhlachtaí reachtúla aonair, in éineacht le Ceann ár nAonaid Seirbhísí Corparáideacha agus le Ceann ár nAonaid Cumarsáide.
Baineadh amach roinnt príomhchuspóirí inár bPlean Gníomhaíochta 2025. Tugadh roinnt gníomhartha nár baineadh amach ar aghaidh chuig ár bPlean Gníomhaíochta 2026. Cuireadh gníomhaíochtaí nua san áireamh freisin, amhail ár nOifig a dhéanamh níos oiriúnaí do dhaoine ar a bhfuil uathachas agus gníomhaíochtaí a thabhairt isteach chun ár nOifig a dhéanamh níos cairdiúla ó thaobh aoise de.
Tá áthas ar PSD a thuairisciú gur chinn Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas go gcomhlíonann gach ceann de na sé chomhlacht reachtúil inár nOifig Alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas go hiomlán, sa mhéid is go raibh plean PSD curtha le chéile againn agus go ndearna muid tuairisciú maidir leis an dul chun cinn i ngach ceann dár dtuarascálacha. bliantúla.