Tuarascáil Bhliantúil na Foirne Glaise 2025
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Feidhmíonn an Fhoireann Ghlas faoina Téarmaí Tagartha agus a Cairt. Déantar ionadaíocht ar fhormhór na gcomhlachtaí reachtúla agus na n-aonad ábhartha in Oifig an Ombudsman (an Oifig) ar an bhFoireann Ghlas. Ghlac Foireann Ghlas na hOifige páirt ghníomhach freisin sa Choiste Glas don fhoirgneamh foriomlán a bhfuil an tiarna talún, IPUT, ina chathaoirleach air. Níor tionóladh ach cruinniú amháin den Choiste sin in 2025.
Bhí siad seo a leanas ina mbaill den Fhoireann Ghlas le linn 2025:
Baill reatha:
• Paul Cassoni (Seirbhísí Corparáideacha)
• Meg Donnelly (Ombudman)
• Colette Godkin- (CCOP)
• Brenda Kador (OCCF)
• Aidan Moore (Cathaoirleach agus Rúnaí) – Aonad Feidhmiúcháin
• Conor Mulvihill – (CCOP)
• Karen Roantree (Seirbhísí Corparáideacha) – Oifigeach Feidhmíochta Fuinnimh agus Oifigeach Aeráide agus Inbhuanaitheachta
• Órla Ryan (OCFC)
• Brendan Scanlan (CNC)
• John Spencer – Aonad TFC (Bainisteoir Cumarsáide na Foirne Glaise)
Baill a d'fhóin ar an bhFoireann Ghlas in 2025 agus a sheas siar nó a d'éirigh as
• Aisling McGrath – (Ombudsman)
• Alison Connolly – (OCF)
• Ciarán O’Donohoe – (Seirbhísí Corparáideacha)
• Elizabeth Swanwick – (OCFC)
Cé gur baill den Fhoireann Ghlas iad na baill foirne thuasluaite, tá sé de fhreagracht ar gach ball foirne oibriú le chéile chun cabhrú leis an Oifig a haidhmeanna a bhaint amach agus chun lorg carbóin na hOifige a laghdú. Tá an Oifig tiomanta do bhainistiú freagrach fuinnimh agus déanfaidh sí a dícheall ídiú fuinnimh a bhainistiú agus a laghdú go héifeachtúil agus fuinneamh a úsáid ar bhealach stuama agus freagrach.
Chun ár gcuspóirí a bhaint amach, déanann an Fhoireann Ghlas an méid a leanas:
• gealltanas a thabhairt maidir le feabhas leanúnach a chur ar ár bhfeidhmíocht agus bainistíocht fuinnimh
• feasacht maidir le fuinneamh agus rannpháirtíocht fuinnimh a chur chun cinn i measc na foirne
• bearta tíosach ar fhuinneamh a shainaithint agus a chur chun feidhme
• díriú ar laghdú ar ídiú fuinnimh
• Cinnte a dhéanamh de go meastar soláthar glas a bheith mar chuid d’aon phróiseas soláthair lena n-áirítear úsáid a bhaint as clár Trí E.
• athbhreithniú a dhéanamh ar ár gcuspóirí agus spriocanna agus tuairisciú a dhéanamh maidir le feidhmíocht fuinnimh don Choiste Comhairleach maidir le Bainistíocht agus don fhoireann
• a áirithiú go gcomhlíonann an Oifig na ceanglais ábhartha dlí agus gach ceanglas eile
Tá an tuarascáil seo roinnte sna ranna seo a leanas
• Clár Oibre/Plean Gníomhaíochta
• Cumarsáid agus Roinnt Eolais
• Soláthar
• An Treochlár maidir le Gníomhú ar son na hAeráide
• Fuinneamh agus Astaíochtaí Carbóin
• Marc Taistil Níos Cliste
• Dramhaíl agus Athchúrsáil
• Úsáid Páipéir
• Soláthar Poiblí Glas
• Taisteal
• Ábhair eile
Tháinig an Fhoireann Ghlas le chéile 6 huaire le linn 2025. Leagadh amach Plean Gníomhaíochta do 2025. Riachtanais an rialtais láir a bhí i gcuid mhaith de na gníomhaíochtaí agus theastaigh cuid mhór oibre uathu. Críochnaíodh an chuid is mó de na gníomhaíochtaí.
Tá ról tábhachtach ag straitéis chumarsáide éifeachtach chun ligean don Oifig feasacht a spreagadh maidir le saincheisteanna agus tionscnaimh ghlasa agus is gné lárnach an straitéis sin chun cur ar ár gcumas ár spriocanna agus ár ngealltanais náisiúnta maidir le gníomhú ar son na haeráide a bhaint amach. Rinne an Coiste Comhairleach maidir le Bainistíocht doiciméad oifigiúil Straitéise Cumarsáide a fhaomhadh go déanach in 2023 agus baineadh úsáid rathúil as sin chun feasacht maidir le saincheisteanna glasa agus maidir leis an gcaoi gur féidir linn ár spriocanna a bhaint amach a chur chun cinn a spreagadh; dul i dteagmháil leis an bhfoireann chun iarracht a dhéanamh tionchar a imirt ar iompar agus chun cultúr iompraíochta glas agus inbhuanaithe a chruthú. Forbraíodh plean cumarsáide Taistil Níos Cliste le linn 2025 freisin. Shann an Fhoireann Ghlas freagracht do dhuine dá baill as an Straitéis Chumarsáide agus an plean cumarsáide Taistil Níos Cliste a chur chun feidhme.
Is iad seo a leanas na príomh-mhodhanna cumarsáide:
• Ailt inlín – Foilsíodh roinnt míreanna nuachta agus faisnéise ar an Inlíon foirne i rith na bliana. Faraor, an 11 Nollaig 2025, rinneadh ionsaí randamach cibearshlándála ar chuid de chórais TF ár nOifige. Mar thoradh ar an ionsaí sin, níl an tInlíon foirne ar a raibh muid ag brath eolas a scaipeadh ar fáil a thuilleadh. Athbhunófar córas inmheánach comhroinnte faisnéise go luath agus úsáidfidh an Fhoireann Ghlas an córas sin chun míreanna nuachta agus faisnéise a mhalartú. Idir an dá linn úsáidfimid modhanna eile chun an fhoireann a choinneáil ar an eolas faoi fhorbairtí na Foirne Glaise agus Gníomhú ar son na hAeráide.
• Déanann an Fhoireann Ghlas cur i láthair gach sé mhí don Choiste Comhairleach maidir le Bainistíocht i ndáil le hobair an Choiste agus maidir leis an dul chun cinn i gcomparáid le Plean Gníomhaíochta na Foirne Glaise. Bhí an Fhoireann Ghlas ag soláthar nuashonruithe ráithiúla don Choiste Comhairleach maidir le Bainistíocht freisin ar an gcaoi a raibh an Oifig ag dul ar aghaidh i gcoinne a spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh. Ba é foinse na faisnéise sin rochtain ar ghné mhéadraithe chliste a bhí curtha ar fáil ag IPUT. D'athraigh IPUT soláthraí seirbhíse, áfach, le linn 2024 agus ní go dtí an ráithe dheireanach de 2025 a athchóiríodh rochtain ar chóras an tsoláthraí seirbhíse nua agus ar ár bhfigiúirí úsáide fuinnimh. Thosaigh an Fhoireann Ghlas arís ag soláthar nuashonruithe don Choiste Comhairleach maidir le Bainistíocht ar an úsáid a bhainimid as fuinneamh.
• Ullmhaíonn an Fhoireann Ghlas ceardlann bhliantúil ar shaincheist a bhaineann leis an aeráid a sheachadtar ag imeacht débhliantúil na foirne. Ullmhaíodh ceardlann ar Bhunchúrsaí maidir le Carbóin don imeacht dhá uair sa bhliain i mí na Nollag 2025. Níor tharla an imeacht dhá uair sa bhliain áirithe sin mar gheall ar imthosca maolaitheacha. Déantar cur i láthair ginearálta maidir le haidhmeanna agus gnóthachtálacha na Foirne Glaise ag na cúrsaí Oiliúna do bhaill foirne nua agus i gCláir Idirbhliana. Leis an oiliúint ionduchtaithe cuirtear ardán ar fáil don Fhoireann Ghlas chun tábhacht na mbeart glas a roinnt lenár nOifig; an fhíric gur freagracht gach ball foirne í an Ghníomhú ar son na hAeráide; agus chun cúlra a chur in iúl maidir lenár n-oibleagáidí i dtaobh spriocanna agus tuairiscithe.
• D’fhoilsigh an Fhoireann Ghlas Plean Cumarsáide um Thaistil Níos Cliste le déanaí ina bhfuil foráil maidir le rothaíocht agus soghluaisteacht chomhroinnte a chur chun cinn. Is é aidhm an phlean taisteal inbhuanaithe agus gníomhach a chur chun cinn ar fud ár n-oifige.
• Cuirtear suas fógraí timpeall an fhoirgnimh ar théamaí glasa amhail úsáid fuinnimh agus bearta cearta athchúrsála. Le linn 2024 agus arís in 2025 cuireadh go leor fógraí timpeall an fhoirgnimh chun eolas a sholáthar don fhoireann ar cé na nithe ar féidir iad a athchúrsáil agus ar na nithe ar féidir iad a chur sna araidí múirín. Tá feabhas seasta tagtha ar an bhfoireann atá ag diúscairt a gcuid dramhaíola i gceart.
• Chláraigh an Oifig le feachtas Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann agus Oifig na nOibreacha Poiblí maidir le Laghdaigh d'Úsáid don gheimhreadh 2025/26. Is feachtas feasachta fuinnimh é sin don fhoireann atá dírithe ar úsáid fuinnimh a laghdú le linn mhíonna an gheimhridh. Spreagann sé baill foirne freisin chun bearta a ghlacadh a chabhróidh leo úsáid fuinnimh a laghdú sa bhaile.
Tá líon réasúnta beag dár bhfoireann i mbun soláthair le Táirgí agus Seirbhísí TFC, an réimse is suntasaí i bhfad. Cuireadh gach ball foirne a bhfuil baint acu le soláthar ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann le breithniú a dhéanamh ar bhearta Glasa Soláthair Phoiblí sa soláthar. I mí Iúil 2025 d'fhoilsigh an Rialtas Treoracha Soláthair Phoiblí Ghlais nuashonraithe do Chomhlachtaí na hEarnála Poiblí (Ciorclán 17/2025 - https://assets.gov.ie/static/documents/Circular_17_2025_PDF.pdf). Ní mór Critéir i ndáil le Soláthar Poiblí Glas a áireamh mar chuid den doiciméadacht tairisceana i ngach tairiscint a bhfuil luach os cionn €50,000 orthu (gan CBL). Ullmhaíodh nóta fairsing ina raibh riachtanais Chiorclán 17/2025 a bhaineann lenár nOifig i mí na Samhna 2024 agus cuireadh ar fáil é do gach ball foirne a bhí i mbun soláthair san Oifig. Tá treoir maidir le ceanglais Soláthair Ghlais sa Phlean Soláthair Chorparáidigh cheana féin agus déanfar é a nuashonrú chun riachtanais Chiorclán 17/2025 a léiriú. Ní mór seicliosta soláthair na hOifige a nuashonrú freisin chun riachtanais Chiorclán 17/2025 a léiriú.
Déantar an chuid is mó de Sholáthar TFC trí Chreataí na Comhpháirtíochta um Rialtas Oscailte. Léiríonn na Creataí Straitéis Soláthair Phoiblí Ghlais an Rialtais, lena n-áirítear an ceanglas go bhfuil íosmhéid 80% de tháirgí úsáideoirí deiridh TFC, arna soláthar ag comhlachtaí poiblí faoi shocruithe nua conartha, deimhnithe ar órchaighdeán EPEAT. I gcás ina bhfaigheann TFC crua-earraí, forimeallaigh nó trealamh TFC eile, breithnítear i gcónaí an ghné soláthair ghlais chun a fháil amach an féidir rochtain a fháil ar tháirge níos inbhuanaithe nach mbeidh méaduithe suntasacha ar chostas mar thoradh air ná nach mbeidh an oifig nochtaithe do rioscaí a bhaineann le gan tacaíocht a thabhairt do na gléasanna i bhfuinneog úsáide meántéarmach go fadtéarmach. Mar chuid d'ullmhúchán ár dTreochlár maidir le Gníomhú ar son na hAeráide , rinne TFC athbhreithniú ar chreataí na Comhpháirtíochta um Rialtas Oscailte a úsáideann an Oifig. Tá gach feiste shoghluaiste, feistí ríomhaire glúine, feistí hibrideacha agus táibléad a úsáideann an Oifig ina bhfeistí deimhnithe EPEAT Óir agus TCO.
Ceann de na ceanglais a thagann as Plean an rialtais maidir le Gníomhú ar son na hAeráide 2021 is ea go raibh ar chomhlachtaí poiblí Treochlár maidir le Gníomhú ar son na hAeráide a ullmhú. Is é is aidhm don Treochlár maidir le Gníomhú ar son na hAeráide a leagan amach conas a chomhlíonfaidh an Oifig na spriocanna a leagtar amach i Sainordú an rialtais maidir le Gníomhú ar son na hAeráide, lena n-áirítear ár bpleananna chun astuithe a bhaineann le fuinneamh ónár n-oibríochtaí a laghdú de réir an Phlean maidir le Gníomhú ar son na hAeráide 2024. Is doiciméad bheo é sin ar cheadaigh an Coiste Comhairleach maidir le Bainistíocht an ceann is déanaí de ar an 22ú Deireadh Fómhair 2025 agus foilsíodh í ar láithreáin ghréasáin ár nOifige é https://ombudsman.ie/pdf/?file=https://assets.ombudsman.ie/media/285522/8a613ece-a04f-42c7-b488-a118f7433720.pdf#page=null). Agus a fheidhmeanna go léir á gcomhlíonadh aici, gníomhaíonn an Oifig, a mhéid is indéanta, ar bhealach atá comhsheasmhach lenár dTreochlár maidir le Gníomhú ar son na hAeráide.
D'ullmhaigh an Fhoireann Ghlas Beartas Fuinnimh don Oifig agus d'fhaomh an Coiste Comhairleach maidir le Bainistíocht é le linn 2023. Leagtar amach sa Bheartas an chaoi a n-úsáideann an Oifig meascán d'iniúchtaí éifeachtúlachta fuinnimh, treoir Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, Méadrú Fuinnimh Chliste, feachtais feasachta foirne, rátálacha DEC agus treoir láraithe eile chun a Beartas Fuinnimh a chumadh. Leagtar amach ann beartas na hOifige maidir le soláthar Glas, aerchóiriú/téamh, soilsiú agus iompar, agus béim lárnach ar chuidiú leis an Oifig ár spriocanna rialtais a bhaint amach.
Tá ár gcaiteachas fuinnimh sa chatagóir faoi bhun €250k, mar sin táimid rangaithe mar eagraíocht bheag. Tá an Oifig sásta go bhfuil comhlacht/córas bainistíochta fuinnimh aici atá oiriúnach do mhéid ár n-eagraíochta, mar a leagtar amach i dtreoir Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann maidir le Bainistíocht Fuinnimh Eiseamláireach a Léiriú. Táimid sásta freisin go bhfuil cláir bainistíochta fuinnimh á gcur chun feidhme againn atá oiriúnach do mhéid ár n-eagraíochta de réir threoirlínte bainistíochta fuinnimh Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann.
Socraíodh na spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh dár nOifig mar seo a leanas:
• Sprioc coigiltis éifeachtúlachta fuinnimh 50% don earnáil phoiblí faoi 2030 - Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide an Rialtais 2024.
• Sprioc bhliantúil coigilte fuinnimh de laghdú 3% bunaithe ar thomhaltas 2022 (Iniúchadh ar Éifeachtúlacht Fuinnimh 2022).
Soláthraíonn Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann scórchárta do gach eagraíocht bunaithe ar thuarascálacha a chuirtear isteach trí Chóras Monatóireachta agus Tuairiscithe Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann Foilsítear na figiúirí som freisin i dtuarascáil bhliantúil de chuid na hearnála poiblí. Foilsíodh an tuarascáil is déanaí in 2025 agus tuairiscí ar úsáid fuinnimh san earnáil phoiblí in 2024.
Is í úsáid fuinnimh in 2009 an bhunlíne don sprioc coigilte éifeachtúlachta fuinnimh. Ba é 331,840 kWh ár dtomhaltas fuinnimh deiridh iomlán in 2009. Ba é 148,700 kWh ár dtomhaltas fuinnimh deiridh iomlán in 2024. Ciallaíonn ár n-aistriú go háitreabh nua níos tíosaí ar fhuinneamh i mí na Nollag 2019 nach bhfuil ár sprioc éifeachtúlachta fuinnimh chomh dúshlánach agus atá do chomhlachtaí eile san earnáil phoiblí. Léiríonn scórchárta Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann 2024 gur fheabhsaigh ár bhfeidhmíocht fuinnimh in 2024 74% ar an leibhéal bonnlíne. Cé gur chóir go mbeadh ár n-úsáid fuinnimh sa spriocbhliain 2030 laistigh den sprioc laghdaithe 50% beidh orainn a bheith airdeallach lena chinntiú nach bhfuil ár n-úsáid fuinnimh ag méadú agus go bhfuil sí ag laghdú bliain i ndiaidh bliana. Ba cheart figiúirí do 2025 a bheith ar fáil ar M&T Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann i mí Aibreáin.
In 2023 agus i dtús 2024, bhain an Oifig úsáid as córas monatóireachta fuinnimh cliste chun monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar ár n-úsáid fuinnimh. Mar a luadh níos luaithe ní raibh rochtain againn ar an gcóras don chuid is mó de 2025 mar d'athraigh an tiarna talún soláthraí seirbhíse agus bhí moill ar rochtain a fháil ar an gcóras nua.
Cuireann ár gcóras aerchóirithe dúshláin uathúla i láthair sa gheimhreadh agus sa samhradh mar go mbíonn tionchar suntasach ag an teocht lasmuigh ar an leibhéal fuinnimh a úsáidtear. Bhí fadhbanna leanúnacha leis an gcóras ó bhog muid isteach san fhoirgneamh seo. Bhí fadhbanna ar leith ag baint le foirgníocht 6, urlár na talún. Le linn 2025 d'aontaigh Oifig na nOibreacha Poiblí ar deireadh go raibh an córas lochtach agus gur gá an príomh-aerchóiriú a athrú. Agus iad ag fanacht leis an aonad nua sin b'éigean líon teoranta aonad roghnaithe a shocrú go buan ar theocht chun bheith ar siúl 24/7 ar feadh tréimhse 2 mhí, rud a raibh úsáid fuinnimh an-ard mar thoradh air. Ní raibh neart againn air sin agus níorbh fhéidir é a sceidealú.
Aithníodh san Iniúchadh ar Éifeachtúlacht Fuinnimh clár cuimsitheach beart san iniúchadh a d’fhéadfaí a dhéanamh chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Bhreithnigh an Fhoireann Ghlas an tuarascáil iniúchóireachta agus shainaithin sí na gníomhaíochtaí is gá chun na 23 mholadh atá inti a chomhlíonadh. Bhí cuid de na moltaí curtha i bhfeidhm cheana féin agus cuireadh plean gníomhaíochta le chéile maidir leo siúd nár cuireadh i bhfeidhm agus tá siad sin curtha i gcrích den chuid is mó.
Ceann de na moltaí ná sprioc bhliantúil inmheánach éifeachtúlachta fuinnimh de 3% a thabhairt isteach i gcoinne bonnlíne 2022. Tá an sprioc dúshlánach i bhfianaise gur bliain a bhí i mbonnlíne 2022 inar laghdaíodh líon na ndaoine a bhí san Oifig agus, dá bhrí sin, laghdaíodh an t-éileamh ar fhuinneamh. Chomh maith le fadhbanna leis an gcóras aerchóirithe bhí dúshlán eile ann ó thaobh coigilteas a dhéanamh ná go n-oibrímid i bhfoirgneamh nua-aimseartha ina bhféadfadh sé a bheith deacair coigilteas a aithint.
Sainaithníodh san Iniúchadh ar Éifeachtúlacht Fuinnimh ceist an sceidealaithe mar bhealach tábhachtach ina bhféadfadh muid úsáid an fhuinnimh a laghdú. Déanann an tAonad Seirbhísí Corparáideacha an sceidealú go laethúil d'fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir compord na foirne agus úsáid fuinnimh de réir ár spriocanna. Baineadh coigilteas amach roimhe seo maidir leis an gcóras a mhúchadh ar laethanta nach bhfuil baill foirne ar an láthair (m.sh. ag an deireadh seachtaine, laethanta saoire) agus tríd an teas a shocrú ag múchta i ngach oifig agus i ngach seomra cruinnithe. Leis na coigiltis sin coinníodh ar an mbóthar ceart muid chun an sprioc 3% bliain ar bhliain a bhaint amach. Ós rud é nár athchóiríodh rochtain ar ár sonraí fuinnimh ach le déanaí ní féidir leis an bhFoireann Ghlas a chur in iúl an bhfuilimid fós sa staid sin. Agus rochtain ar shonraí fuinnimh athchóirithe anois beidh orainn monatóireacht ghéar a dhéanamh ar úsáid fuinnimh arís agus deiseanna eile a aithint chun ár n-úsáid fuinnimh a laghdú.
Tá éifeachtúlachtaí suntasacha fuinnimh aitheanta ag ár nAonad TFC. In ionad na ríomhairí deisce go léir inár n-Oifig roimhe seo cuireadh ríomhairí glúine atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de agus tá sé beartaithe uasghrádú breise a dhéanamh ar an Oifig níos déanaí i mbliana, go ríomhairí glúine a bhfuil éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr acu. Mar thoradh ar fhoinsiú allamuigh go leor dár bhfeidhmeanna tacaíochta do Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais tá níos lú riachtanas fuinnimh ann don seomra Cumarsáide TF. Mhol Iniúchadh ar Éifeachtúlacht Fuinnimh teocht an tseomra freastalaí a mhéadú ó 19C go 23C. Thug TFC le fios roimhe seo nach mbeadh sé indéanta an teocht i seomra an fhreastalaí a mhéadú go dtí an leibhéal sin. I ndiaidh an laghdaithe ar chrua-earraí ar an láthair, d'iarr an Fhoireann Ghlas ar Theicneolaíocht Faisnéise agus Chumarsáide (TFC) athbhreithniú a dhéanamh ar mholadh an Iniúchta ar Éifeachtúlacht Fuinnimh. Tá an teocht sa Seomra Freastalaí méadaithe faoi 0.5 céim anois. Tugann TFC le fios nach féidir tuilleadh méaduithe a dhéanamh faoi láthair, toisc go bhfuil baol ann go ndéanfaidh teochtaí níos airde dochar do threalamh agus go bhféadfadh sé gaothráin fuaraithe a spreagadh a dhéanfadh aon ghnóthachain fuinnimh a fhritháireamh.
De réir I.R. 243 de 2012, d’fhostaigh an Oifig comhairleoir chun rátáil Deimhniú um Fhuinnimh Léirithe (DCE) a dhéanamh don fhoirgneamh in 2025. Fuarthas rátáil B3. Ba fheabhsú é sin i gcoinne an rátáil C1 a fuaramar roimhe seo. Bhí trí mholadh sa Tuarascáil Chomhairleach freisin a d'fhéadfadh ár n-úsáid fuinnimh agus ár gcostais fuinnimh a laghdú. Bhí na moltaí sin cosúil leo siúd i dTuarascáil Chomhairleach 2024. Rinne an Fhoireann Ghlas machnamh orthu roimhe seo agus tá gníomhaíocht á déanamh i ndáil leis an moladh maidir le monatóireacht a dhéanamh ar úsáid fuinnimh. Ní mheastar go bhfuil moltaí a bhaineann le rialuithe solas an lae agus painéil ghréine indéanta a chur chun feidhme.
Ceanglaítear leis an Sainordú um Ghníomhú ar son na hAeráide 2024 ar gach comhlacht poiblí athbhreithniú a dhéanamh ar a riachtanais maidir le spás oifige ó thaobh coigilte fuinnimh de. Ina leith sin, rinne Oifig na nOibreacha Poiblí suirbhé i mí na Nollag 2024 inar bhreathnaigh siad ar leibhéil áitíochta. Rinne an Fhoireann Ghlas athbhreithniú freisin in 2024. Mar thoradh ar an athbhreithniú sin eisíodh doiciméad dar teideal “Tograí Coigiltis Fuinnimh lena gcur chuig an gCoiste Comhairleach maidir le Bainistíocht” ina raibh roinnt moltaí. Rinne an Coiste Comhairleach maidir le Bainistíocht sin a fhaomhadh i bprionsabal agus cuireadh i bhfeidhm láithreach an moladh go ndéanfaí an teas a mhúchadh i ngach oifig agus seomra cruinnithe, moladh a raibh torthaí an-dearfacha air. Ba é an príomh-mholadh eile ná limistéir áirithe a dhúnadh ar an Aoine, ar laethanta iad le háitíocht íseal de ghnáth, agus go mbogfadh an fhoireann go cuid ar leith den fhoirgneamh. Chuaigh na Príomhoifigigh i gcomhairle lena bhfoireann maidir leis an moladh sin agus moladh go ndéanfadh an Coiste Comhpháirtíochta na ceisteanna a ardaíodh a bhreithniú. Níl aon aiseolas breise faighte ag an bhFoireann Ghlas ar na tograí sin.
Scríobh an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil chuig na comhlachtaí poiblí uile in 2025 ag soláthar faisnéise faoin Treoir nuashonraithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh. Leis an Treoir sin cuirtear oibleagáid ar an earnáil phoiblí ar fad laghdú 1.9% a bhaint amach gach bliain ar “dhearbhídiú fuinnimh” (bunaithe ar úsáid 2021). Beidh an laghdú 1.9% seo níos dúshlánaí arís mar go gcuirtear i gcomparáid é le bliain bhonnlíne inar tharla úsáid fuinnimh níos ísle ná mar is gnách mar gheall ar leibhéil ísle áitíochta a bhain le COVID.
Is é an sprioc don earnáil phoiblí astaíochtaí carbóin a laghdú 51% faoi 2030. Tá leibhéil bhonnlíne leagtha síos ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann do gach comhlacht atá bunaithe ina n-aonar ar mheánastaíochtaí CO2 a bhaineann le fuinneamh 2016-2018. Is é 142,610.82 kg CO2 an bhonnlíne don oifig seo agus is é 30,551.3 kg CO2 an sprioc atá leagtha síos dár nOifig. Tá an leibhéal bonnlíne sin ann roimh aistriú ár nOifige chuig foirgneamh atá níos tíosaí ar fhuinneamh in 2019. Cé go raibh córas téimh faoi thiomáint gáis ag an bhfoirgneamh a bhí againn roimhe seo tá an córas atá againn faoi láthair faoi thiomáint leictreachais agus ní úsáidimid, dá bhrí sin, breoslaí iontaise níos mó. Léiríonn samhail an t-achar go dtí an sprioc de chuid Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann dár nOifig gurbh ionann ár n-astaíochtaí CO2 iomlána in 2024 agus 39,351.8 kg CO2 (laghdú 72%). Táimid ar an mbóthar ceart chun ár sprioc 2030 a bhaint amach. Tá dlúthbhaint ag ár n-astaíochtaí (C02), áfach, lenár n-éifeachtúlacht fuinnimh agus ní mór dúinn a bheith airdeallach maidir le héifeachtúlacht fuinnimh. Ba cheart figiúirí do 2025 a bheith ar fáil ar M&T Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann i mí Aibreáin.
Is córas dámhachtana é an Marc Taistil Níos Cliste, tionscnamh de chuid na Gníomhaireachta Náisiúnta Iompair, lena ndéantar measúnú ar thiomantas comhlachtaí i leith dearcaí agus iompair ball foirne a athrú maidir le siúl, rothaíocht agus úsáid iompair phoiblí trí bhearta a chur chun feidhme chun roghanna taistil inbhuanaithe a spreagadh agus a éascú agus tacú leo, dár bhfoireann agus dár gcuairteoirí.
Le linn 2023 rinne an Oifig iarratas ar an Marc Taistil Níos Cliste agus bhain sí Marc Cré-Umha amach. Le linn 2025 rinne an Fhoireann Ghlas athbhreithniú ar riachtanais chun a fháil amach an bhfuil scóip ann le haghaidh tuilleadh feabhais. Aontaíodh plean Cumarsáide Taistil Níos Cliste agus foilsíodh eolas maidir le roghanna taistil inbhuanaithe do chuairteoirí ar ár láithreáin ghréasáin. Tá áiseanna an-mhaithe ag ár bhfoirgneamh chun freastal ar roghanna taistil níos sláintiúla amhail rothaíocht nó siúl agus spreagann an Fhoireann Ghlas baill foirne chun úsáid a bhaint as na háiseanna sin. Breithníodh freisin luach saothair a thabhairt do charr-roinnt tríd an Aip Wayleader ach níor measadh é a bheith indéanta.
Conarthaí IPUT chun dramhaíl a dhiúscairt ón bhfoirgneamh. Téann an dramhaíl go léir ón bhfoirgneamh isteach i seomra dramhaíola comhchoiteann. Ní sholáthraíonn IPUT aon bhealach chun idirdhealú a dhéanamh idir rátaí dramhaíola/athchúrsála na n-áititheoirí aonair agus is don fhoirgneamh ina iomláine atá na staitisticí úsáide a fhaighimid. Bhí sprioc athchúrsála 75% leagtha síos ag IPUT do 2024 don 2 fhoirgneamh ina n-iomláine. In 2025 b'ionann iomlán na Sruthanna Dramhaíola don fhoirgneamh agus 48.82 tonna – méadú 37.76 thonna (341%) ar 2024. B'ionann Dramhaíl Chathrach Mheasctha agus 31.69 dtonna (64.9%); 12.36 thonna (25.3%) a bhí i gceist le hathchúrsáil Mheasctha Thirim; 4.13 thonna a bhí i nDramhaíl In-bhithmhillte Orgánach (8.5%); agus 0.64 thonna de Ghloine (1.3%).
Rinne an Fhoireann Ghlas straitéis maidir le hAthchúrsáil Éifeachtach Dramhaíola in 2024 a dhréachtú agus fuair siad faomhadh ó CCB i dtaca le Straitéis madiir le hAthchúrsáil Éifeachtach Dramhaíola in 2024 agus rinneadh an straitéis sin a rolladh amach. Foilsíodh an straitéis ar Inlíon na hOifige agus cuireadh in iúl í do gach ball foirne. Le linn 2025 chuir an Fhoireann Ghlas feasacht chun cinn arís i measc na foirne chun na boscaí bruscair cearta a úsáid agus chun dramhaíl a laghdú a mhéid is féidir agus tá feabhas leanúnach ar an bhfoireann atá ag baint úsáid as na boscaí bruscair cearta. I ndáil leis sin, tugaimid faoi deara gur mhéadaigh dramhaíl orgánach don fhoirgneamh faoi 29% rud a d’fhéadfadh a léiriú go bhfuil deighilt níos fearr déanta idir bia/ábhar inmhúirínithe ar fud na hOifige.
Chuir an fhoireann Ghlas doiciméad le chéile freisin in 2024 a bhí dírithe ar dheireadh a chur le cupáin, plátaí agus sceanra indiúscartha agus Beartas Comhshaoil maidir le Soláthairtí Lónadóireachta a thabhairt isteach. Cuireadh a bhfuil sa bheartas in iúl don fhoireann a bhfuil baint acu le lónadóireacht a ordú agus cuireadh comhairle ghinearálta bhreise ar fáil don fhoireann faoin tábhacht a bhaineann le deireadh a chur le húsáid na n-earraí indiúscartha sin de réir a chéile. Chun tacú le clár oibre glas na hOifige, ceannaíodh stoc cupán inmhúirínithe agus tá sé ar fáil le húsáid i gcruinnithe níos mó. Tá soláthar gréithe agus sceanra ag an Oifig atá ar fáil le húsáid i gcruinnithe níos lú. Ní mór do sholáthar lónadóireachta d’imeachtaí cloí leis an mbeartas agus le caighdeáin inbhuanaithe agus neamhdhíobhálacha don chomhshaol.
Tá earraí indiúscartha aon úsáide eisiata ó liostaí soláthair freisin. Tá an beartas foilsithe ar inlíon na hOifige agus tá an fhoireann uile, agus go háirithe, an fhoireann atá bainteach le soláthar soláthairtí lónadóireachta, ar an eolas faoin mbeartas. Le linn 2025 rinne an Fhoireann Ghlas athbhreithniú ar earraí aon úsáide laistigh den Oifig. Níor aithníodh aon earraí aon úsáide mar earraí a bhí in úsáid. Eisíodh fógra oifige a eisíodh i mí na Samhna 2025 lenar tugadh le fios nár cheart aon earraí indiúscartha aon úsáide a fháil chun críocha na hOifige.
Ina theannta sin, cuireadh isteach bosca bruscair Athchúrsála sa cheaintín le go bhféadfaidh an fhoireann buidéil phlaisteacha agus cannaí alúmanaim nach dteastaíonn uathu a chur isteach lena chinntiú go ndéantar athchúrsáil orthu. Bailíonn ball foirne na buidéil agus na cannaí seo agus úsáidtear iad le haghaidh gníomhaíochtaí spóirt do leanaí.
De réir an tSainordaithe um Ghníomhú ar son na hAeráide (agus ár dTreochlár maidir le Gníomhú ar son na hAeráide 2024) tugadh córas isteach go luath in 2025 trína ndéantar monatóireacht ar dhramhaíl ar bhia a thugtar isteach le haghaidh cruinnithe agus imeachtaí. I ndiaidh gach imeachta inar ordaíodh bia, rinne an duine a d’ordaigh an bia athbhreithniú ar an ordú, sainaithníodh cé acu an raibh cur amú bia ann nó nach raibh agus rinneadh coigeartú ar orduithe amach anseo dá réir. Cuirtear tuarascáil ar fáil freisin do bhall ainmnithe den Fhoireann Ghlas ina leagtar amach an cruinniú/imeacht, neaschéatadán na dramhaíola agus aon ghníomh a dhéanfar dá bharr maidir le horduithe amach anseo. Déanfaidh an Oifig athbhreithniú ar threoirlínte na Gníomhaíochta um Chaomhnú Comhshaoil maidir le dramhaíl bia a thomhas agus a laghdú chun a fháil amach an gá aon athruithe a dhéanamh ar ár gcóras. Táimid sásta, áfach, nach mbíonn mórán dramhaíola bia ag teacht chun cinn mar gheall ar imeachtaí a bhíonn ar siúl inár nOifig. Táimid sásta go gcomhlíonann an córas atá i bhfeidhm againn ár riachtanais.
In 2025, cuireadh 209,963 leathanach i gcló arbh ionann é agus méadú 6.7% ar leibhéil 2024 (196,861 leathanach). Bailíodh 815kg de dhramhpháipéar le haghaidh mionstiallta in 2025. Bhí an leibhéal is airde úsáide páipéir ag SIPO ag 75,833 leathanach (36.1%). Trí thuairisceáin a chuirtear ar fáil do SIPO a dhigitiú, laghdófar ár n-úsáid pháipéir a thuilleadh. Fuair an Oifig cistiú chun tionscadal cruthúnais coincheapa a reáchtáil dó sin in 2026. Leanfaimid orainn ag déanamh monatóireachta ar ár n-úsáid páipéir agus ar mhéid agus ar chostas an pháipéir dramhaíola a bhailítear le haghaidh mionstiallta.
Tagann ár bpáipéar ó Chreat na hOifige um Sholáthar Rialtais agus tá conradh i bhfeidhm go dtí mí na Bealtaine 2029. Sonraítear i gCreat na hOifige um Sholáthar Rialtais go ndéantar an páipéar go léir a sholáthraítear faoin gconradh sin a mhonarú as 100% snáithíní athchúrsáilte agus go bhfuil sé ailínithe leis an sprioc a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta Aeráide.
D'ullmhaigh an Fhoireann Ghlas Beartas Taistil don Oifig agus d'fhaomh an Coiste Comhairleach maidir le Bainistíocht é in 2024. Rinneadh beartais roimhe seo a chónascadh leis an mbeartas agus cinntítear leis go bhfuil gach ball foirne a bhfuil baint acu le taisteal gnó ar an eolas faoi thionchar cineálacha áirithe iompair ar an gcomhshaol chomh maith le cur síos a dhéanamh ar riachtanais tuairiscithe agus faofa a bhaineann le taisteal gnó.
Ceanglaítear ar an Oifig cloí le ceanglais tuairiscithe náisiúnta maidir le taisteal ar chóras Monatóireachta agus Tuairiscithe an Údaráis Fuinnimh Inmharthana na hÉireann Leagtar amach ann gach taisteal gnó a dhéanann an Oifig, lena n-áirítear taisteal ar bhóithre, ar iarnród agus aerthaisteal. Rinneadh é sin a leathnú chun taisteal ar iompar poiblí a chur san áireamh. Tá ár dtuairisceáin cothrom le dáta agus an chéad tuairisceán eile dlite ar an 8ú Bealtaine 2026.
Ceanglaítear le Ciorclán 01/2020 ar chomhlachtaí poiblí na hastaíochtaí carbóin a bhaineann le haerthaisteal oifigiúil a thaifeadadh agus méid atá coibhéiseach leis an tionchar ar astaíochtaí taistil a íoc isteach sa Chiste um Ghníomhú ar son na hAeráide. Ceanglaítear leis an gciorclán freisin ar chomhlachtaí poiblí aerthaisteal riachtanach amháin a mheas, monatóireacht a dhéanamh air agus a chinntiú agus go gcoinnítear líon na n-oifigeach ar aon turas oifigiúil chomh híseal agus is féidir.
Rinne an fhoireann 7 dturas oifigiúla d’aer le linn 2025, a raibh 10,206 ciliméadar san iomlán i gceist leo. Mar thoradh air sin, meastar gur astaíodh 1.13 tonna CO2 ar chostas €63.50 an tonna, rud a d’fhág gur íocadh €71.76 san iomlán leis an gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide do 2024.
Tá conradh i bhfeidhm ag an Oifig faoi láthair le haghaidh seirbhísí glantacháin faoi dhíon atá le dul in éag i mí na Samhna 2026. Agus tairiscint á déanamh le haghaidh aon chonradh nua den sórt sin, cuirfidh an Oifig ceanglas san áireamh sa tairiscint go sonrófar an oiliúint a chuirfear i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeidh an t-eolas agus na scileanna ag gach ball foirne a bheidh páirteach i seachadadh an chonartha chun modhanna glantacháin a chur i bhfeidhm a laghdóidh tionchar comhshaoil na seirbhísí glantacháin.
Áiríodh sa Sainordú um Ghníomhú ar son na hAeráide is déanaí ceanglas maidir le 10% de bhia orgánach i ngach iarratas ar shólaistí. Tá soláthróir ag an Oifig, a roghnaítear trí phróiseas iomaíoch tairisceana, chun sólaistí a chur ar fáil, nuair is cuí, le haghaidh cruinnithe, seisiúin oiliúna agus imeachtaí eile de chuid na hOifige. Deirtear ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí go bhfoinsíonn siad a dtáirge ó fheirmeoirí áitiúla agus orgánacha. Ba cheart an ceanglas 10% maidir le bia orgánach a chur san áireamh i ngach iarratas ar shólaistí. Cuireadh baill foirne a ordóidh sólaistí ar an eolas faoin riachtanas sin.
Ceanglaíodh ar an Oifig a sonraí a chur isteach ar an gClár Foirgníochta in 2023 mar chuid den chóras Monatóireachta agus Taifeadta (M&T). Bailíonn Údarás Fuinnimh Inmharthana Éireann sonraí maidir le cineál, creatlach, deisriocht, aois agus córais téimh na bhfoirgneamh poiblí. Soláthraítear leis an gcóras sonraí maidir le húsáid fuinnimh foirgneamh ar fud na hearnála poiblí. Déanfar an fhaisnéis sin a nuashonrú agus a fhíorú do 2025 roimh an 8ú Bealtaine 2026.
Chuir IPUT monatóirí aercháilíochta ar fáil i ngach ceann de na 4 phríomhshuíomh laistigh den Oifig. Soláthraítear leo sin sonraí maidir leis an aercháilíocht i bhfoirm tuarascálacha míosúla agus moltaí a ndéanann an Fhoireann Ghlas athbhreithniú orthu. Arís eile in 2025, ar an iomlán, fuarthas go raibh cáilíocht an aeir go maith san Oifig.