4 Feabhra 2016 Lena hEisiúint Láithreach
Cuirtear fáilte roimh an ngealltanas chun ligean do chónaitheoirí i Soláthar Díreach gearáin a dhéanamh chuig oifigí Ombudsman
Chuir an Dr Niall Muldoon, an tOmbudsman do Leanaí, agus Peter Tyndall, an tOmbudsman, araon fáilte roimh an ngealltanas atá tugtha i bprionsabal ag an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais chun ligean d’iarrthóirí tearmainn a bhfuil cónaí orthu i Soláthar Díreach a gcuid gearán a chur faoi bhráid an dá Oifig faoi seach lena scrúdú neamhspleách.
Má chomhlíontar an gealltanas, atá faoi réir comhairle dhlíthiúil ón Ard-Aighne, déanfar cur chun feidhme ar na moltaí atá i dtuarascáil dar teideal ‘Improvements to the Protection Process, including Direct Provision and Supports to Asylum Seekers’, a d’fhoilsigh Grúpa Oibre sa bhliain 2015. I measc na moltaí a rinne an Grúpa Oibre, a bhí faoi chathaoirleacht ag an Dr Bryan McMahon, bhí moladh gur cheart sainchúram an Ombudsman agus sainchúram an Ombudsman do Leanaí a leathnú chun go n-áireofaí leo gearáin a bhaineann leo seo a leanas:
· seirbhísí a sholáthraítear do chónaitheoirí in ionaid Soláthair Dhírigh, agus
· cinntí aistrithe tar éis sárú ar na Rialacha Tí.
Mhol an Grúpa Oibre freisin gur “cheart do ghearánaí nach bhfuil sásta leis an toradh ar nós imeachta gearán na Gníomhaireachta Fáiltithe agus Imeasctha a bheith in ann dul i muinín an dá Oifig”. (Tuarascáil ón nGrúpa Oibre, 4.135)
Dúirt Peter Tyndall (an tOmbudsman):
“Is ionann an gealltanas agus mórchéim chun tosaigh maidir le maoirseacht neamhspleách a chur ar fáil sa réimse. Tá lúcháir orainn gur chomhaontaigh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais i bprionsabal socruithe a dhéanamh chun go mbeidh rochtain ar ár nOifigí ag daoine a bhfuil cónaí orthu i gcóiríocht soláthair dhírigh. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an Aire agus le hoifigigh ina Roinn as a gcuid tacaíochta agus táimid ag tnúth lena bheith ag obair go cuiditheach leis an Roinn chun socruithe oiriúnacha a chur i bhfeidhm”.
Dúirt an Dr Niall Muldoon (an tOmbudsman do Leanaí):
“D’fhoilsigh Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh na Tuairimí deiridh uaidh maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag Éirinn le blianta beaga anuas ar chur chun feidhme a dhéanamh ar a hoibleagáidí do leanaí faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. I measc na saincheisteanna ar chuir an Coiste imní in iúl ina leith, tá staid na leanaí a bhfuil cónaí orthu in ionaid Soláthair Dhírigh. Áirítear leis na moltaí comhfhreagracha ón gCoiste ina leith sin moladh gur cheart don Stát breithniú a dhéanamh ar an Acht um Ombudsman do Leanaí 2002 a leasú ionas go bhféadfaidh an Oifig seo imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin ó ‘leanaí atá i staid tearmainn, atá ag iarraidh tearmainn agus/nó atá i staid neamhrialta imirce’.”
“Agus an moladh ó Choiste na Náisiún Aontaithe á chur san áireamh, cuirim fáilte ó chroí roimh an ngealltanas atá tugtha i bprionsabal ag an Aire Fitzgerald chun cur chun feidhme a dhéanamh ar na moltaí ón nGrúpa Oibre maidir le sainchúram láimhseála gearán na hOifige seo. Má chuirtear na moltaí sin chun feidhme, beidh an rochtain chéanna ar an Oifig seo ag leanaí a bhfuil cónaí orthu i Soláthar Díreach agus ag leanaí eile in Éirinn. Cuirfidh an méid sin ar chumas na hOifige seo rannchuidiú cuiditheach a dhéanamh maidir le leas foriomlán leanaí a bhfuil cónaí orthu i gcóiríocht Soláthair Dhírigh. Tá an Oifig seo ag tnúth leis an tsaincheist thábhachtach seo a chur ar aghaidh leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.”
Arna heisiúint ag an Ombudsman do Leanaí agus ag Oifig an Ombudsman i gcomhar le chéile
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí:
Is oifig neamhspleách neamhchlaon í Oifig an Ombudsman, a dhéanann imscrúdú ar ghearáin ón bpobal faoi fhormhór na seirbhísí poiblí, lena n-áirítear na seirbhísí poiblí arna soláthar acu seo a leanas:
· Ranna Rialtais
· Údaráis Áitiúla
· Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, lena n-áirítear ospidéil phoiblí
· Tithe Altranais Poiblí agus Tithe Altranais Príobháideacha
· Institiúidí oideachais tríú leibhéal a chistítear go poiblí.
Is é Peter Tyndall an tOmbudsman.
Is comhlacht reachtúil neamhspleách í Oifig an Ombudsman do Leanaí, a bhfuil sainordú foriomlán aici chun cearta agus leas leanaí atá faoi bhun 18 mbliana d’aois agus a bhfuil cónaí orthu in Éirinn a chur chun cinn. I measc na gcroífheidhmeanna reachtúla atá ag an Ombudsman do Leanaí, tá imscrúdú neamhspleách neamhchlaon a dhéanamh ar ghearáin a rinne leanaí nó a rinneadh thar ceann leanaí maidir le comhlachtaí poiblí a sholáthraíonn seirbhísí do leanaí agus teaghlaigh nó a dhéanann cinntí fúthu agus maidir le heagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí thar ceann an Stáit.
Is é an Dr Niall Muldoon an tOmbudsman do Leanaí.
I gcás Ceisteanna ó na Meáin ar an Ombudsman: David Nutley Cumarsáid Oifig an Ombudsman Teil.: 01 639 5610 nó 086 023 1420 Ríomhphost: david.nutley@ombudsman.ie Suíomh Gréasáin Oifig an Ombudsman: www.ombudsman.ie | I gcás Ceisteanna ó na Meáin ar an Ombudsman do Leanaí: Eoghan Ó Neachtain Heneghan PR
Teil.: 087 6288030 / (01) 660 7305
Ríomhphost: eoghan@hpr.ie Suíomh Gréasáin an Ombudsman do Leanaí: www.oco.ie |