Baile  /  Nuacht  /  Preas Ráitis  /  2016 Preas Ráiltis
 

2016 Preas Ráiltis

Deir Peter Tyndall, an tOmbudsman, go bhfuil mearbhall ar roinnt daoine faoi scéim cúram sláinte de chuid an Aontais Eorpaigh lena ndéantar soláthar do chóireáil leighis thar lear. Deir sé nach bhfuil eolas faoin scéim ann i measc lear mór daoine a d’fhéadfadh leas a bhaint aisti.
Ba mhaith le Peter Tyndall, an tOmbudsman, go ndéanfadh tuilleadh daoine gearán faoi sheirbhísí a gcuireann comhlachtaí poiblí amhail ranna rialtais, údaráis áitiúla agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) iad ar fáil. Ag seoladh a thuarascála bliantúla don bhliain 2015 dó inniu (an 2 Meitheamh 2016), dúirt an tOmbudsman gur féidir gearáin a úsáid chun an soláthar seirbhísí poiblí a fheabhsú.
D’eisigh Peter Tyndall, an tOmbudsman, treoirlínte inniu do sholáthraithe seirbhíse poiblí maidir lena thábhachtaí atá sé leithscéal ceart a ghabháil nuair a théann rud amú.
Rinne fear gearán le Peter Tyndall, an tOmbudsman, tar éis don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara iarracht a dhéanamh deontas ab fhiú breis agus €25,000 a fháil ar ais uaidh tar éis a thalamh a bheith buailte ag tuile i gCiarraí.
D’fháiltigh Peter Tyndall, an tOmbudsman, roimh an tuarascáil a foilsíodh inniu ón gComhchoiste Oireachtais um Maoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha ar ‘Role and Remit of an Ombudsman’ (Ról agus Sainchúram Ombudsman’).
Records 1 to 16 of 16
Pages: | 1 |