Baile  /  Nuacht  /  Preas Ráitis  /  2015 Preas Ráiltis
 

Beidh an tOmbudsman in ann gearáin faoi thithe altranais príobháideacha a scrúdú

Inniu, Déardaoin an 25 Meitheamh, d’fháiltigh Peter Tyndall, an tOmbudsman, roimh an bhfógra a rinne an tAire Brendan Howlin agus an tAire Leo Varadkar go mbeadh a Oifig in ann gearáin a dhéanfaidh an pobal faoi thithe altranais príobháideacha a scrúdú.

Féadann an tOmbudsman gearáin faoi thithe altranais arna reáchtáil ag FSS a scrúdú faoi láthair.  Leag an tOmbudsman béim roimhe seo, áfach, ar bhearna sa mhaoirseacht neamhspleách ar na tithe sin.  Bhíothas in ann gearáin ó chónaitheoirí tithe altranais poiblí a scrúdú go neamhspleách ach ní rabhthas in ann déanamh amhlaidh i gcás gearán ó fhormhór na gcónaitheoirí i dtithe altranais príobháideacha.

Dúirt Peter Tyndall, an tOmbudsman:

“Cinnteoidh cinneadh an Rialtais go scrúdófar go neamhspleách na gearáin a dhéanfaidh roinnt de na daoine is leochailí inár bpobail.  Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Brendan Howlin agus leis an Aire Leo Varadkar as aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist thábhachtach sin”.

Beidh feidhm ag méadú dhlínse an Ombudsman maidir le gearáin faoi ghníomhartha a tharlaíonn an 24 Lúnasa 2015 agus ina dhiaidh agus ní bheidh aon éifeacht chúlghabhálach aige.  Roimh ghearán a thabhairt chuig an Ombudsman, ní foláir go ndearna an duine lena mbaineann iarracht a ghearán a réiteach leis an teach altranais sa chéad dul síos.

Beidh an tOmbudsman ag bualadh le hionadaithe do thithe altranais príobháideacha ar ball agus ag déanamh óstáil ar sheimineáir faisnéise d’úinéirí tithe altranais príobháideacha.


CRÍOCH

Le haghaidh ceisteanna meán, déan teagmháil le:

David Nutley
Ceann Cumarsáide
01 - 639 5610
086 023 1420


R-phost: david.nutley@ombudsman.gov.ie
Suíomh Gréasáin: www.ombudsman.gov.ie
Seoladh:         Oifig an Ombudsman, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2
Twitter:         @officeombudsman