Baile  /  Nuacht  /  Preas Ráitis  /  2014 Preas Ráiltis
 

An tOmbudsman chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a láimhseáiltear gearáin in ospidéil phoiblí:

Iarrtar ar an bpobal a dtaithí i dtaobh gearán a dhéanamh a roinnt leis

D'fhógair an tOmbudsman, Peter Tyndall, inniu an 13 Meitheamh 2014, go bhfuil sé chun iniúchadh a dhéanamh ar a gcaoi a ndéileáiltear le gearáin in ospidéil phoiblí in Éirinn agus d'iarr sé ar an bpobal cuidiú leis. Féachfar in iniúchadh fadréimseach an Ombudsman ar an gcaoi a bhainistíonn agus a iniúchann ospidéil phoiblí ar fud an Stáit gearáin ó othair agus óna dteaghlaigh.

Ag labhairt inniu, dúirt an tOmbudsman:

"D'ainneoin an líon mór idirghníomhaíochtaí lenár n-ospidéil, is beag duine a dhéanann gearán nuair a bhíonn siad míshásta leis an tseirbhís a fhaigheann siad. I gcomparáid le dlínsí eile, tá gearáin chuig an HSE agus chuig m'Oifig an-íseal. Is mian liom a fháil amach cén chúis atá leis seo. Ba mhaith liom a chinntiú go bhfuil rochtain ag daoine ar sheirbhís um láimhseáil ghearáin éifeachtúil agus éifeachtach agus go bhfuil muinín acu go bhfuil botúin á gceartú agus á gcosc nuair a aimsítear droch-chleachtas.

Áireofar san iniúchadh cuairteanna suímh/imscrúduithe ar ospidéil roghnaithe, agallaimh le foireann tosaigh agus shinsearach, grúpaí fócais le baill an phobail, sainchomhairliúchán le grúpaí leasmhara, agus imscrúdú ar ghearáin ar dhéileáil an HSE agus an tOmbudsman leo.

Is é cuspóir an iniúchta seo measúnú a dhéanamh ar chaighdeán foriomlán an phróisis ghearáin agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm faoi láthair, seachas gearáin aonair a scrúdú nó a athscrúdú. Tá súil ag an Ombudsman torthaí agus conclúidí a fhoilsiú go luath in 2015.

Mar chéad chéim, tá an tOmbudsman ag iarraidh ar bhaill an phobail a dtaithí maidir le gearán a dhéanamh faoi ospidéal poiblí, dearfach agus diúltach araon, a chur in iúl dá Oifig. An ndeachthas i ngleic lena mbuarthaí? An bhfuair siad freagra tráthúil? An dúradh leo go raibh sé de cheart acu gearán a dhéanamh leis an Ombudsman? An raibh siad sásta gur fhoghlaim an t-ospidéal ó aon easnamh ina gcúram?

Mura ndearna siad gearán foirmiúil d'ainneoin a bheith míshásta leis an tseirbhís a fuair siad, ba mhaith leis an Ombudsman an chúis atá leis sin a fháil amach.

Tá súil ag an Ombudsman go mbeidh a iniúchadh ábhartha agus ina chúnamh don HSE agus don Roinn Sláinte agus iarracht á déanamh acu an tseirbhís sláinte a fhorbairt sna blianta amach romhainn. Léirítear ó thaithí idirnáisiúnta go bhfuil an-luach le seirbhísí um láimhseáil gearán éifeachtacha i seachadadh seirbhísí sábháilte agus d'ardchaighdeáin d'othair.

Tá roinnt bealaí ar féidir leis an bpobal a dtaithí a roinnt leis an Ombudsman.

Trína shuíomh gréasáin: www.ombudsman.gov.ie/ga/hsecomplaints
Trí R-phost: hsecomplaints@ombudsman.gov.ie
Ar an nguthán: 1890 22 30 30
Le SAORPHOST chuig: An tOmbudsman, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Saorphost F5069, Baile Átha Cliath 2