Baile  /  Nuacht  /  Preas Ráitis  /  2014 Preas Ráiltis
 

Mícheart gan Deontas Cúraim Baile a íoc le bean scothaosta

D’fháiltigh an tOmbudsman Peter Tyndall inniu roimh chinneadh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) íocaíocht €8,500 a dhéanamh le muintir mná scothaosta tar éis don Fheidhmeannacht diúltú ar dtús dá hiarratas ar Dheontas Cúraim Baile (DCB). Dhiúltaigh FSS don iarratas mar gur cuireadh deireadh leis an deontas. Fuair FSS iarratas na mná sular cuireadh deireadh leis an deontas ar bhonn céimnithe, áfach.

Ba chuid de Scéim Pacáiste Cúraim Baile* (SPCB) é, an DCB (deontais airgid a íocadh chun cuidiú le daoine scothaosta cúram breise a cheannach nach bhféadfadh an FSS a sholáthar) go dtí Nollaig 2010. Ag an bpointe sin, foilsíodh treoirlínte náisiúnta nua don SPCB agus bhíothas chun deireadh a chur le deontais airgeadais a íoc ar bhonn céimnithe 

Rinne an bhean, arbh as Port Láirge di, a hiarratas i mí Dheireadh Fómhair, 2010. Cinneadh go raibh teidlíocht aici ar fhorais airgeadais ach gurbh ghá do Dhochtúir Ginearálta (DG) agus Altra Sláinte Poiblí (ASP) an t-iarratas a mheas chun críocha teidlíochta leighis. Cé go ndearnadh an measúnú leighis agus gur shínigh an DG agus an tASP an fhoirm, níor chuir an DG ar ais í go dtí mí Eanáir 2011. Faoi am sin, bhí deireadh curtha leis an deontas agus mar sin diúltaíodh don iarratas. Cé gur thairg FSS roinnt uaireanta breise cúraim baile don bhean, mheas a muintir gur cheart an deontas airgid a íoc tharla nach uirthi a bhí an locht mar gheall ar an moill a bhí ar a hiarratas a phróiseáil.

Ba í fionnachtain an Ombudsman nár cuireadh an cinneadh chun fáil réidh leis an deontas in iúl ar bhealach tráthúil do na páirtithe leasmhara go léir; nach raibh aon socruithe ann chun rianadh a dhéanamh ar iarratais a fuarthas roimh an spriocdháta, agus nár tairgeadh aon chóras achomhairc don iarratasóir.

Is maith leis an Ombudsman gur ghlac FSS lena fhionnachtana agus a mholtaí, agus gur ghaibh sí leithscéal leis an teaghlach. Íocadh €8,500 leo mar réiteach ar a ngearán. Ar an drochuair, cailleadh an bhean i 2013.

*Nóta le haghaidh Eagarthóirí

Is é atá in SPBC, seirbhísí arna gcur ar fáil ag FSS chun cuidiú le cúram a chur ar fáil do dhuine scothaosta sa bhaile. Folaíonn sí seirbhísí agus tacaí breise de bharr ar na gnáthsheirbhísí pobail a chuireann FSS ar fáil go díreach nó trí sheirbhís a mhaoiníonn FSS. Bunaíodh í chun tacú le daoine scothaosta filleadh abhaile tar éis seal a chaitheamh san ospidéal nó chun níos mó ama a chaitheamh sa bhaile seachas dul isteach in ospidéal nó teach altranais. Tá imscrúdú an Ombudsman (ainm le deimhniú) ar fáil ar shuíomh an Ombudsman. 

Tabharfaidh Peter Tyndall a chéad léacht phoiblí mar Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise ar 8pm, Dé Céadaoin 19 Feabhra in OÉ, Gaillimh.  Tá fáilte roimh an bpobal freastal ar an ócáid.

Is féidir fiosruithe a chur faoi bhráid:                         Ceisteanna Ginearálta ó na Meáin Chumarsáide:

 

Tom Morgan

Iniúchóir Sinsearach
Oifig an Ombudsman
01 639 5620
tom.morgan@ombudsman.gov.ie

David Nutley
Oifigeach Cumarsáide
01 639 5610
086 023 1420
david.nutley@ombudsman.gov.ie

www.ombudsman.ie

  @OfficeOmbudsman