Tá tuarascáil seolta ag an Ombudsman, Peter Tyndall, ina léirítear an chaoi gur féidir cúram ‘dheireadh na beatha’ a fheabhsú in Éirinn. Cuireann an tuarascáil le foghlaim ó ghearáin a ndearnadh scrúdú orthu ina Oifig, a bhfuil cuid díobh le feiceáil sa tuarascáil. Tá súil ag an Ombudsman go gcuideoidh an tuarascáil, ‘Bás Maith’, leo siúd a thugann cúram do dhaoine atá ag fáil bháis, foghlaim ó na botúin atá déanta ag daoine eile, agus dea-chleachtais a chur chun cinn i gcúram ‘dheireadh na beatha’.
Agus é ag labhairt ag an seoladh dúirt Peter Tyndall:
“Tá súil agam go gcuirfidh an taithí seo ón bhfíorshaol go dearfach leis an díospóireacht náisiúnta ar chúram ‘dheireadh na beatha’ agus leis an bhfeachtas chun áit mhaith a dhéanamh d’Éirinn le cónaí inti agus le bás a fháil inti.”
Cuirtear béim sa tuarascáil ar an tábhacht a bhaineann le cumarsáid mhaith, tacaíocht d’othair agus do theaghlaigh agus nósanna imeachta cuí roimh agus tar éis bháis a bheith in ospidéil.
Áiríodh sa seoladh chomh maith réamhbhreathnú ar an gclár faisnéise de chuid RTÉ/Fhoras Ospíse na hÉireann, ‘Way To Go: Death and the Irish’, á chur i láthair ag Norah Casey. Taispeántar sa chlár faisnéise taithí gairmithe chúram sláinte agus daoine atá ag fáil bháis agus iad ag labhairt go hoscailte agus go macánta faoi na míonna deiridh dá saoil. Beidh an clár faisnéise le feiceáil ar RTÉ Dé Máirt an 1 Iúil.
Cásanna i dTuarascáil an Ombudsman: Bás Maith
Cumarsáid a Dhéanamh
Thuig bean amháin a rinne gearán leis an Ombudsman go raibh ailse a fir céile “imithe” mar a dúirt sí, tar éis ceimiteiripe. Mheas an tOmbudsman nach é sin a dúirt an lia chomhairleach ach gurbh é sin a thuig an bhean. I gcás eile, cheap fear gur chuir sé luas faoi bhás a mháthar trí chomhaontú le ordú ‘Ná hAthbheoigh’. I gcás eile fós, níor cuireadh an t-othar ná an teaghlach ar an eolas faoi chomh tromchúiseach is a bhí tinneas an othair. Bhí aiféala ollmhór ar an teaghlach nár roinneadh an t-eolas seo lena máthair ná leo féin. Dúirt an iníon
“Ba cheart go mbeadh an fhírinne insinte dúinn ionas go mbeimis in ann tacú agus cuidiú léi teacht i dtír ar an bprognóis sna seachtainí deireadh dá saol. Ina ionad sin, bhímid ag iarraidh uirthi bheith ag ithe agus ag tabhairt misnigh di”.
Léirítear sa chás seo an tábhacht a bhaineann le cumarsáid soiléir a dhéanamh le hothair agus le gaolta.
Tacaíocht do theaghlaigh agus do chúramóirí
Thug teaghlach amháin a máthair a bhí 85 bliain d’aois abhaile le haire a thabhairt di agus í ag fáil bháis. Níor insíodh dóibh conas moirfín a thabhairt di. Níor thuig an teaghlach cá bhfaighidís an moirfín agus b’éigean dóibh glaoch ar dhochtúir teaghlaigh i lár na hoíche chun faoiseamh ó phian a thabhairt di. Drochthaithí a bhí ann don bhean agus d’fhág sé cuimhní uafásacha ag a teaghlach.
Léiríonn an cás an gá atá le tacaíocht do theaghlaigh agus do chúramóirí daoine atá ag fáil bháis.
Foghlaim ó ghearáin
Luaitear an méid a dúirt bean amháin i dtuarascáil an Ombudsman faoin tábhacht a bhaineann le foghlaim ó bhotúin:
“Tugann sé suaimhneas intinne mór dom go n-athróidh an cleachtas mar gheall ar mo ghearán agus nach dtarlóidh na droch-chaighdeáin chúraim arís.”
Tá an tuarascáil, ‘Bás Maith’ ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ombudsman: www.ombudsman.gov.ie.
Má tá ceisteanna ag na meáin nó chun cóip crua den tuarascáil a fháil, déan teagmháil le:
David Nutley Ceann Cumarsáide 01 639 5610 086 023 1420 | Paul Howe Oifigeach Cumarsáide 01 - 639 5645 086 412 0240 |
R-phost: david.nutley@ombudsman.gov.ie
Suíomh gréasáin: www.ombudsman.gov.ie
Twitter: @officeombudsman
Seoladh: Oifig an Ombudsman, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2
Nóta chuig Eagarthóirí: Is seirbhís neamhspleách, neamhchlaonta agus saor in aisce atá in Oifig an Ombudsman. Scrúdaíonn an tOmbudsman gearáin ón bpobal in aghaidh comhlachtaí poiblí cosúil le Ranna Rialtais, údaráis áitiúla, an HSE (lena n-áirítear ospidéil phoiblí) agus comhlachtaí oideachais tríú leibhéil. Roimh ghearán a thabhairt chuig an Ombudsman, caithfidh an gearánaí iarracht a dhéanamh an fhadhb a réiteach leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann. Tháinig Peter Tyndall i gcomharbacht ar Emily O’Reilly mar Ombudsman i mí na Nollag 2013.