Baile  /  Nuacht  /  Preas Ráitis  /  2014 Preas Ráiltis
 

Athraíonn HSE beartas tar éis iniúchadh Ombudsman

Chuir an tOmbudsman, Peter Tyndall, fáilte inniu roimh chéimeanna atá glactha ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláine (HSE) lena chinntiú nach ndéanann an scéim chártaí do Thinneas Fadtéarmach idirdhealú ar bhonn áit chónaithe an iarrthóra. Tháinig tuarascáil an Ombudsman, ‘Rialacha Áitiúla do Scéimeanna Náisiúnta – Éagothromais i riaradh na Scéime Cárta do Thinneas Fadtéarmach’ tar éis gur dhiúltaigh an HSE Cárta do Thinneas Fadtéarmach* (cárta LTI) a bhronnadh ar bhuachaill a ndearnadh diagnóis Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnamh Airde (ADHD) air.  Dhiúltaigh an HSE an cárta LTI ar an mbonn nár shásaigh an buachaill na critéir leighis d’incháilitheacht.  Ina gearán leis an Ombudsman, mhionaigh máthair an bhuachalla, Iníon Uí Cheallaigh (ainm bréige), gur shásaigh a mac na critéir leighis chuí agus deir sí dá mbeadh cónaí air in áir eile in Éirinn (tá sé ina chónaí i Loch Garman), g dtabharfaí an cárta LTI dá mac. 

Chinn an tOmbudsman Peter Tyndall, a tháinig in áit Emily O'Reilly i mí na Nollag, nár caitheadh go cóir leis an iarratas ar chárta LTI. Chinn sé chomh maith go raibh an HSE ag caitheamh go difriúil le hiarratais faoin scéim ag brath ar a suíomh tíreolaíoch.

Tar éis idirghabháil an Ombudsman, d’aontaigh an HSE:

  • Cárta LTI  bhronnadh ar mhac Iníon Uí Cheallaigh,
  • Costais leighis a aisíoc le hIníon Uí Cheallaigh dá mac sa tréimhse óna ndearna sí an t-iarratas ar dtús faoin scéim LTI go dtí gur bronnadh an cárta air (timpeall €3,000),
  • An scéim LTI a riaradh go haonfhoirmeach ar bhonn náisiúnta, agus ADHD a áireamh ar mheabhairshláinte, a thugann teidlíocht d chárta LTI, i gcás daoine faoi 16 bliana.


*Nóta le haghaidh Eagarthóirí

Is scéim reachtúil atá sa scéim chárta LTI a riarann an HSE.  Faoi na hAchtanna Sláinte, tá an chumhacht ag an HSE le socruithe a dhéanamh chun drugaí, cógais nó fearais leighis/mháinliachta a sholáthar in aisce do dhaoine a bhfuil “galar ordaithe nó míchumas fadtéarmach nó buan” ag gabháil dóibh.  Liostáiltear sna rialacháin na galair nó míchumais a cháilíonn don chárta. Tá an tinneas lena mbaineann an cás seo liostaithe mar ‘mheabhairghalar”.  Deirtear sa chuid ábhartha:

“ní dhéanfar socruithe do sholáthar drugaí agus cógas do dhaoine a bhfuil meabhairghalar ag gabháil dóibh ... ach i ndáil le daoine atá faoi 16 bliana."

Ciallaíonn sé seo gur tinneas atá i meabhairghalair i leanbh faoi 16 bliana a cháilíonn don scéim LTI ionas gur féidir leigheasanna a ordaítear don leanbh sin a fháil saor in aisce.

achoimre ar an tuarascáil ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ombudsman.

Má tá aon cheisteanna, déan teagmháil le:

Tom Morgan
Iniúchóir Sinsearach
Oifig an Ombudsman

01 639 5620

tom.morgan@ombudsman.gov.ie

Ceisteanna Ginearálta Meáin:

David Nutley
Oifigeach Cumarsáide
Oifig an Ombudsman

01 639 5610 / 086 023 1420

david.nutley@ombudsman.gov.ie

Twitter: @officeombudsman