Baile  /  Nuacht  /  Preas Ráitis  /  2012 Preas Ráitis
 

Moltaí an Ombudsman Diúltaithe ag an Roinn Sláinte Plé Idir an Ombudsman agus Coiste Oireachtais

Chas an tOmbudsman, Emily O'Reilly, inniu leis an gComhchoiste Oireachais maidir le Maoirseacht agus Achainíocha Seirbhíse Poiblí. Bhí an Coiste ag plé nithe ag eascairt ó dhá thuarascáil a chuir an tOmbudsman faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid maidir le dhá scéim do dhaoine faoi mhíchumas. Na scéimeanna i gceist ná an Liúntas Soghluaisteachta agus an Deontas Mótariompair. An cuspóir leis na tuarascálacha seo - Too Old to be Equal - Imscrúdú Leantach agus An Deontas Mótariompair - ná chun an Dáil agus Seanad a chur ar an eolas gur dhiúltaigh an tAire Sláinte do mholtaí a rinne an tOmbudsman tar éis imscrúdú a dhéanamh ar ghéaráin maidir leis na scéimeanna. Sa dá chás bhí an tOmbudsman tar éis moladh a dhéanamh go bhfeidhmeodh an Roinn Sláinte láithreach chun ceanglais a bhaint ón Liúntas Soghluaisteachta agus ón Deontas Mótariompair, ar ceanglais iad atá ag sárú na nAchtanna um Stádas Comhionann.

I gcás an Liúntais Soghluaisteachta, mhol an tOmbudsman go mbainfí an uasteorainn aoise de 66 bliain d'aois mar cheanglas. Chinn an tOmbudsman, tar éis imscrúdú a dhéanamh, go raibh an uasteorainn aoise seo contrártha leis na hAchtanna um Stádas Comhionann. Ghlac an Roinn leis an gcinneadh seo agus d'aontaigh i mí Aibreáin 2011 go bhfeidhmeodh sé ar mholadh an Ombudsman laistigh de thréimhse sé mhí. Ní dhearna an Roinn seo agus tá an Liúntas fós i bhfeidhm ar bhonn ceanglais a sháraíonn na hAchtanna um Stádas Comhionann.

I gcás an Deontais Mótariompair, rinne an tOmbudsman an moladh lena chinntiú go mbeadh an scéim ag feidhmiú ar bhonn tuisceana ar mhíchumas a bheadh ag teacht leis an hAchtanna um Stádas Comhionann. Go praiticiúil, léiríonn imscrúdú an Ombudsman go bhfuil an scéim i bhfeidhm ar bhonn tuisceana ar mhíchumas nach gcuireann san áireamh go bhféadfadh míchumas soghluaisteachta a bheith ann de bharr cúinsí síceolaíocha nó intleachta. Cé nach n-easaontaíonn an Roinn le cinneadh an Ombudsman go bhfuil an Deontas i bhfeidhm gan aird cheart ar na hAchtanna um Stádas Comhionann, dhiúltaigh sé glacadh lena moladh feidhmiú chun a chinntiú go mbeadh an Deontas géilliúil do na hAchtanna um Stádas Comhionann.

Ina haitheasc inniu don Choiste Oireachtais leag an tOmbudsman béim ar cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh gach duine, comhlachtaí Stáit ach go háirithe, ag feidhmiú de réir dhlíthe na tíre. Tharraing an tOmbudsman aird ar go raibh an Roinn Sláinte, cúpla uair le blianta beaga anuas, sásta feidhmiú ar bhonn atá contrártha leis an dlí ar bhealaí a chúisigh dliteanais thar a bheith suntasach i gcoinne an Stáit.

Tá téacs aitheasc an Ombudsman don Chomhchoiste Oireachais maidir le Maoirseacht agus Achainíocha ar fáil i mBéarla amháin.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le:
Fintan Butler - Imscrúdaitheoir Sinsearach
Teil: 01 6395650 nó r-phost: fintan_butler@ombudsman.gov.ie

I gcomhair ceisteanna ó na meáin, déan teagmháil le:
Dave Nutley - Oifigeach Cumarsáide
Teil: 01 6395610 / 086 0231420 nó r-phost: david_nutley@ombudsman.gov.ie

Oifig an Ombudsman
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2

Suíomh gréasáin: www.ombudsman.gov.ie
Twitter: @OfficeOmbudsman

Críoch