Baile  /  Nuacht  /  Preas Ráitis  /  2012 Preas Ráitis
 

Ard-Stiúrthóir nua dá hOifig fógartha ag Emily O’Reilly

Dáta eisiúnta: 02.05.2012

Is cúis mhór áthais é don Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise EmilyO’Reilly a fhógairt gur ceapadh Bernadette Mc Nally mar Ard-StiúrthóirOifig an Ombudsman agus an Choimisinéara Faisnéise agus Rúnaíocht anChoimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (CCIOP). Is é an tAireCaiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin T.D a rinne anceapachán i ndiaidh moladh a fháil ón gCoimisiún um CheapacháinArdleibhéil.

Sular ceapadh sa phost seo í, bhí Bernadette Mc Nally ag obair inahImscrúdaitheoir Sinsearach leis an Ombudsman ar feadh trí bliana. Ó2004 go 2008 bhí post an Phríomhchomhairleora Teiripeoirí aici saRoinn Sláinte agus Leanaí mar a bhí. Tá BSc agus MSc aici ó Choláistena Tríonóide, Baile Átha Cliath. Níos luaithe ina saol oibre bhí sí agobair ina gairmí sláinte túslíne agus níos déanaí mar Stiúrthóir naseirbhísí Teiripe agus Oibre Sóisialta in Ospidéal San Séamas, BaileÁtha Cliath. Is ó Charraig Mhachaire Rois, Co Mhuineacháin í ódhúchas.