Baile  /  Nuacht  /  Preas Ráitis  /  2012 Preas Ráitis
 

An Bille Ombudsman (Leasú) sa tSeanad - Ráiteas ón Ombudsman, Emily O'Reilly

Fáiltím roimh an Bille Ombudsman (Leasú) 2008 a bheidh os comhair an tSeanaid inniu (26 Meán Fómhair 2012). Tá beartaithe sa Chlár Rialtais dlínse an Ombusdman a leathnú ionas go dtiocfaidh gach comhlacht reachtúil, agus gach comhlacht a fhaigheann maoiniú substaintiúil on chiste phoiblí, faoi dhlínse an Ombudsman. Is ón bhliain 2008 a dtagann an Bille a bheidh os comhair an tSeanaid inniu; cé gur ritheadh an Bille seo ag Dáil Éireann sa Dáil dheireannach, níor tháinig sé os comhair an tSeanaid go nuige seo. Tá an Bille curtha arais ar Chlár Reachtaíochta an Rialtais faoi láthair agus tá leasuithe breise á moladh ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tuigim go dtógfar Céim an Choiste sa tSeanad ar 4 Deireadh Fómhair 2012 agus go bhfuiltear ag súil leis an próiséas (os comhair na Dála san áireamh freisin) bheith tugtha chun críche go luath ina dhiaidh sin. Táim ag tnúth go mór leis an Acht Ombudsman (Leasú) bheith i bhfeidhm roimh deireadh na bliana seo.

Ta m'Oifig ag comhoibriú leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le ceisteanna teicniúla a bhaineann leis an mBille. Chuige sin, tá ball foirne ó m'Oifig-se á cur ar fáil agam, ar iasacht, don Roinn. Tá an t-oifigeach seo ag cuidiú leis an Roinn ó thaobh dréachta de agus éascú cumarsáide idir an Roinn agus m'Oifig.

Emily O'Reilly
Ombudsman

26 Meán Fómhair 2012