Cé is féidir leis nó léi gearán a dhéanamh?
Is féidir le duine ar bith gearán a dhéanamh. Féadfaidh tú gearán a dhéanamh thar do cheann féin nó thar ceann duine eile má iarrann an té sin ort é sin a dhéanamh. Is féidir leat gearán a dhéanamh mar dhuine aonair nó mar ionadaí poiblí nó mar ghnó nó eagraíocht.
Foirm as-líne
Ón 3ú Aibreán 2017 is féidir le daoine atá ina gcónaí sa chóras Soláthar Díreach a gcuid ghearáin a thógáil go dtí an Ombudsman faoi gníomh áirithe ionaid chóríochta agus faoi gníomh áirithe an Áisíneach Fháílte agus Comhtháíte (RIA).Is féidir ár billeog fíricí a léamh anseo.
Cé is féidir liom gearán a dhéanamh faoi nó fúithi?
Má tá tú míshásta leis an tseirbhís a fuair tú ó aon cheann de na comhlachtaí poiblí seo a leanas, agus má theip ort an fhadhb a réiteach leis an gcomhlacht sin, b’fhéidir go mbeidh an tOmbudsman in ann cabhrú leat:
- Ranna Rialtais,
- údaráis áitiúla,
- Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS),
- gníomhaireachtaí ar nós eagraíochtaí carthanachta agus eagraíochtaí deonacha a sholáthraíonn seirbhísí sláinte agus sóisialta thar cheann FSS,
- An Post, agus
- gach comhlacht poiblí atá faoi chuimsiú an Achta um Míchumas 2005. (Féadfaidh an tOmbudsman iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin faoi conas atá comhlachtaí poiblí agus roinnt comhlachtaí eile ag comhlíonadh Cuid 3 den Acht um Míchumas 2005. Is féidir sonraí a fháil faoi conas a leithéid de ghearáin a dhéanamh sa chuid “An tAcht um Míchumas 2005” den láithreán Gréasáin seo.)
Cad is féidir liom gearán a dhéanamh faoi?
De ghnáth is féidir leat gearán a dhéanamh faoi bhearta riaracháin na gcomhlachtaí poiblí ar féidir leis an an Ombudsman iniúchadh a dhéanamh orthu.
Seo samplaí de na cineálacha rudaí a dhéanann daoine gearán fúthu:
teidlíocht i leith pinsin seanaoise agus pinsin scoir atá á riar ag an Roinn Gnóthaí Sóisialta agus Teaghlaigh;
díospóidí faoi chreidmheasanna cánach ioncaim tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim;
teidlíocht i leith deontas ardoideachais arna riar ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta;
teidlíocht i leith deontas beostoic arna riar ag an Roinn Talmhaíochta agus Bia;
teidlíocht i leith thithíocht údarás áitiúil;
díospóidí faoi scéim na gcártaí leighis atá á riar ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Má léann tú Tuarascálacha Bliantúla an Ombudsman nó na Cásanna Samplacha eile atá foilsithe in áiteanna eile ar an láithreán Gréasáin seo, tuigfidh tú an chaoi ar chabhraigh an tOmbudsman le daoine ó mórán aicmí éagsúla a ngearáin a réiteach.
Más rud é nach féidir leis an Ombudsman déileáil leis an ngearán faoi leith atá agat tá naisc againn ar ár láithreán Gréasáin le comhlachtaí eile a láimhseálann gearáin agus a d'fhéadfadh a bheith in ann cabhrú leat.
Cathain is féidir liom gearán a dhéanamh?
Ba cheart duit gearán a dhéanamh leis an Ombudsman a luaithe agus is féidir agus tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis don bheart sin a bheith déanta ar mhian leat gearán a dhéanamh faoi, nó ón am a bhfuair tú amach go ndearnadh é.
Cad ba cheart dom a dhéanamh ar dtús?
Ní mór duit iarracht a dhéanamh an fhadhb atá agat a réiteach leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann sula dtéann tú i dteagmháil linn. I gcásanna áirithe d’fhéadfadh go mbeadh córais áitiúla achomharc ann, mar shampla an Oifig Achomharc Talmhaíochta agus an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh, a gcaithfidh tú leas a bhaint astu sula gcuireann tú do chás os comhair an Ombudsman. Má theipeann ort an fhadhb a réiteach agus má mheasann tú fós nár chaith an comhlacht atá i gceist go cóir leat, téigh i dteagmháil leis an Ombudsman.
Cad é an chéad chéim eile?
Déan iarracht nuair atá gearán á dhéanamh agat an oiread sonraí agus is féidir a thabhairt, lena n-áirítear cóipeanna de litreacha agus uimhreacha tagartha. Ba cheart duit a mhíniú dúinn cad atá uait.
Conas is féidir liom gearán a dhéanamh?
Is féidir gearáin a dhéanamh i scríbhinn, ar an teileafón nó trí dhul go hOifig an Ombudsman. Is féidir leas a bhaint as ríomhphost nó as an bhfoirm ghearáin ar líne chun gearán a a dhéanamh. Ná déan dearmad aon doiciméadacht nó comhfhreagras ábhartha a d’fhéadfadh a bheith agat a sheoladh chugainn.
Tá an Oifig suite ag 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 agus bíonn sé ar oscailt ó 9.15 go dtí 5.30 ó Luan go Déardaoin agus ó 9.15 go dtí 5.15 ar an Aoine:
Teil: +353 1 6395600
Íosghlao 1-890-223030 (ó áit lasmuigh de limistéar 01)
Facs: +353 1 6395674
Ríomhphost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
Seirbhísí For-rochtana
Lenachois sin bíonn oifigí réigiúnacha míosúla ag an Ombudsman agus eagraíonn sí clár bliantúil cuairteanna réigiúnacha. Is féidir sonraí na n-imeachtaí sin a fháil trí nascleanúint a dhéanamh ar thaobh dheis leathanach baile an láithreáin Ghréasáin.
Lenachois sin tá seirbhís nua ar a dtugtar Seirbhís Nasc an Ombudsman á fheidhmiú ag an Ombudsman i gcomhar leis na hIonaid Eolais do Shaoránaigh seo a leanas:
Ionad Faisnéise do Shaoránaigh Chorcaí, 80 an Meal Theas, Corcaigh
Ionad Eolais do Shaoránaigh na Dúcharraige, Bóthar an Chlochair, an Dúcharraig, Corcaigh
Ionaid Eolais do Shaoránaigh Luimnigh, 54 Sráid Chaitríona, Luimneach
Ionad Eolais do Shaoránaigh an Chaisleáin Nua, Weight House, Clós an Mhargaidh, an Caisleán Nua, Co. Luimnigh
Ionad Eolais do Shaoránaigh na Gaillimhe, Teach Aibhistín, Sráid San Aibhistín, Gaillimh
Ionad Eolais do Shaoránaigh an Chlocháin, f/ch an Choiste Gairmoideachais, Árasáin Statoil, 4/5 Bóthar na Gaillimhe, an Clochán
Ionad Faisnéise do Shaoránaigh Thuaisceart Bhaile Átha Cliath, Ionad Cathartha Thuaisceart Bhaile Átha Cliath, Bóthar Bhun Raite, an Chúlóg, Baile Átha Cliath 17
Tá oiliúint speisialta faighte ag an bhfoireann agus ag na hoibrithe deonacha sna hionaid sin chun go mbeidh siad in ann cabhrú leat gearán a dhéanamh.
Conas a dhéileálfar le mo ghearán?
Déanfaimid deimhin de ar dtús gur féidir linn déileáil le do ghearán. Ansin d’fhéadfaimis a iarraidh ar an gcomhlacht poiblí lena mbaineann tuarascáil a chur chugainn. Féadfaimid na comhaid agus na taifid atá acu a scrúdú, más gá é sin, agus ceisteanna a chur ar oifigigh. D’fhéadfadh roinnt ama a bheith i gceist chun an fhaisnéis atá riachtanach a bhailiú.
Déanfaimid cinneadh ansin cibé:
an bhfuil gearán bailí agat nó nach bhfuil, agus
ar fhulaing tú de bharr bheart nó chinneadh an chomhlachta phoiblí.
Má chinnimid gur fhulaing tú agus nach bhfuil beart déanta ag an gcomhlacht poiblí chun an scéal a chur ina cheart, féadfaimid moladh a thabhairt dóibh é sin a dhéanamh. Féadfaimid a iarradh ar an gcomhlacht:
athbhreithniú a dhéanamh ar a bhfuil déanta acu,
a chinneadh a athrú agus/nó,
míniú a thabhairt duit, leithscéal a ghabháil leat agus/nó cúiteamh airgid a thabhairt duit.
Déileálaimid le gearáin ar bhealach neamhfhoirmiúil de ghnáth. Féadaimid an fhadhb a phlé go díreach leis an gcomhlacht poiblí nó na comhaid ábhartha a scrúdú. B’fhéidir go mbeadh orainn imscrúdú mionsonraithe a dhéanamh i gcásanna níos casta. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar conas a phléimid le gearáin a fháilanseo.
Cén fhad a thógfaidh sé déileáil le mo ghearán?
Ní féidir a rá go baileach cén fhad a thógfaidh sé. Bíonn am difriúil i gceist ó chás go cás ag braith ar cé chomh casta is atá sé. D’fhéadfadh am níos faide a bheith ag teastáil uainn más gá dúinn bualadh le hoifigigh an chomhlachta phoiblí lena mbaineann sé.
Beimid i dteagmháil leat le hinsint duit cad atá á dhéanamh againn faoi do ghearán agus déanfaimid ár ndícheall an scéal a réiteach a luaithe agus is féidir.
Gearán a dhéanamh ar líne
Do Dhaoine den Phobal:
Féadfaidh daoine den phobal gearán pearsanta a chur isteach thar cheann duine eile tríd ár bhFoirm Ghearáin Phoiblí a chomhlánú.
Do Chomhaltaí an Oireachtais:
Féadfaidh tú gearán a chur isteach thar cheann duine eile tríd ár bhfoirm ghearáin ar líne do chomhaltaí an Oireachtais a chomhlánú más mian leat. Seol chugainn cóipeanna d’aon chomhfhreagras ábhartha a bhí ag an ngearánach leis an gcomhlacht poiblí atá i gceist.
Mar mhalairt ar sin, féadfaidh tú scríobh chugainn agus sonraí an ghearáin mar aon le cóipeanna d’aon chomhfhreagras ábhartha a thabhairt dúinn.
An Féidir liom Achomharc a Dhéanamh in aghaidh Chinnidh?
Tá Nós Imeachta maidir le hAchomhairc ag an Ombudsman.
Níl tú cinnte fós conas gearán a dhéanamh?
Mura bhfuil tú cinnte fós conas gearán a dhéanamh, téigh i dteagmháil linn agus cabhróimid leat chun do ghearán a dhéanamh.