Baile  /  Gearán a dhéanamh  /  Foirm ghearáin ar líne
 

Foirm Ghearáin ar Line

Tá roinnt céimeanna is gá a ghlacadh chun gearán ar líne a dhéanamh leis an Ombudsman.

Céim 1- Faigh amach an féidir leis an Ombudsman déileáil le do ghearán?

Céim 2- Déan an gearán. Inis dúinn.

Céim 3- Tabhair sonraí an ghearáin. Inis dúinn céard a tharla.

Ní thógann sé ach tuairim is 5 nóiméad an fhoirm seo a líonadh.

 
Tá na míreanna arna marcáil le réiltín(*) ina míreanna éigeantacha.

Céim 1 – An féidir liom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?

An raibh a fhios agat? Tá Oifigí Ombudsman eile in Éirinn, a dhéileálann le raon leathan saincheisteanna. Féach anseo liosta ‘Oifigí Ombudsman in Éirinn’.
D’fhéadfadh an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh bheith in ann comhairle a chur ar fáil duit faoi cén chaoi le gearáin a dhéanamh faoi a lán comhlachtaí agus eagraíochtaí in Éirinn atá lasmuigh d’údarás an Ombudsman.

Ar dtús is gá a fháil amach an bhfuil cead ag an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar do ghearán.

Seo a leanas roinnt samplaí de chomhlachtaí poiblí in Éirinn a bhfuil cead ag an Ombudsman scrúdú a dhéanamh orthu

  • Ranna rialtais amhail an Roinn Coimirce Sóisialaí agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, arb iad seo an dá roinn is minice a ndéantar gearán fúthu agus an tríú comhlacht poiblí is minice ná na Coimisinéirí Ioncaim.
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse sláinte agus eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú ó FSS
  • Údarás Áitiúil, amhail comhairle contae nó baile
  • Comhlachtaí Stáit eile amhail Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Ní féidir leis an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar na ceisteanna sin.
Ach, seans go bhféadfadh an eagraíocht seo a leanas comhairle bhreise a sholáthar duit.

Sula ndéanfaidh tú gearán leis an Ombudsman ba chóir duit na nithe seo a leanas a dhéanamh ar dtús:

  1. Dul i dteagmháil leis an gcomhlacht poiblí agus iarraidh orthu do ghearán a bhreithniú.
  2. Achomharc a dhéanamh leis an gcomhlacht poiblí, i gcás nach bhfuil tú sásta leis an gcinneadh bunaidh.

Sula mbeidh an tOmbudsman in ann do ghearán a iniúchadh is gá duitse dul i dteagmháil ar dtús leis an gcomhlacht poiblí i gceist agus iad a chur ar an eolas faoi do ghearán. Ansin ba chóir duit achomharc a dhéanamh leis an gcomhlacht poiblí mura bhfuil tú sásta leis an mbealach a ndéanann siad déileáil le do ghearán.

Céim 2 – Déan do Ghearán


Is féidir leat an fhoirm seo a scriosadh aon tráth sula gcuirfidh tú isteach é. Ní gá duit ach an cnaipe ‘Cancel complaint’ a bhrú

Fútsa (an gearánaí)

I gcás go bhfuil an fhoirm seo á líonadh agat ar son duine eile, cuir isteach sonraí an duine sin lena mbaineann an gearán i 'Céim2- Rannóg A' agus cuir isteach do shonraí (mar ionadaí) i 'Céim 2-Rannóg B'.

Cuir isteach do shonraí in ‘Step 2 – Section A’

Céim 2 - Rannóg A (sonraí an té lena mbaineann an gearán seo)

  •  
  •  

Céim 2 – Rannóg B

I gcás go bhfuil gearán á dhéanamh agat ar son duine eile, cuir isteach do shonraí, mar ionadaí an duine sin, anseo.

  •  
  •  

Céim 3 – Sonraí do ghearáin

Is féidir leat PDF nó Doiciméid Microsoft Word a uaslódáil le do ghearán.
Ní féidir linn glacadh le haon fhormáid eile i láthair na huaire. Seol litir dheiridh chugainn ón gcomhlacht poiblí le do thoil.

I gcás go bhfuil do dhoiciméid i bhformáid scríofa (litreacha etc.), nó i gcás go bhfuil na ceangaltáin rómhór, cuir iad chugainn tríd an bpost le do thoil. Cuirfimid ar ais chugat na doiciméid bhunaidh chomh luath agus is féidir linn.
I gcás go bhfuair tú litir dheiridh ón gcomhlacht poiblí, cuir é san áireamh sa phostas.

 
Cuidíonn an chéim seo cosc a chur ar fheidhmchláir uathoibrithe.
Cód Fíorúcháin Bain triail as cód eile