Údarás na gCaighdeán Fógraíochta d’Éirinn: Bunaithe ag an tionscal fógraíochta, forfheidhmíonn sé Cóid na gCaighdeán Fógraíochta agus Chleachtais Cothaithe Díolachán. Faoi na cóid, ba chóir na fógraí uile a bheith "dleathach, geanasach, macánta agus fírinneach ".
Oifig na nAchomharc Talmhaíochta: Comhlacht neamhspleách, reachtúil achomharc a sholáthraíonn seirbhís achomharc do fheirmeoirí má tá siad míshásta le cinntí a dhéanann an Roinn Talmhaíochta agus Bia maidir le hiarratais ar dheontais i gcabhair. Is féidir cinntí Oifig na nAchomharc Talmhaíochta a achomharc le hOifig an Ombudsman.
An Bord Pleanála: Comhlacht neamhspleách reachtúil a dhéanann, i measc nithe eile, déileáil le hachomhairc in aghaidh údaráis áitiúla maidir le cinntí ar chead pleanála a thabhairt nó a dhiúltú. Ní ceadmhach don Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar chinntí an Bhord Pleanála.
An Coimisinéir Teanga : Sealbhóir ar Oifig neamhspleách reachtúil a dhéanann monatóireacht ar ghéilliúlacht do Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus a fhiosraíonn gearáin faoi neamhghéilliúlacht.
Comhairle an Bharra: Déileálann le gach ní a bhaineann le gairm an abhcóide, ag áireamh stiúradh gnó, rialacha agus cleachtas agus caidreamh na gairme leis an bpobal.
Cumann Ombudsman na Breataine agus na hÉireann: Cumann na nOmbudsman agus eagraíochtaí eile ón Ríocht Aontaithe agus ó Phoblacht na hÉireann. Is aidhm dó spreagadh, forbairt agus cosaint a dhéanamh ar ról agus teideal an Ombudsman sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha.
An Coimisiún um Ghearáin Chraolacháin: Comhlacht neamhspleách reachtúil a dhéileálann le gearáin faoi ábhar a chraoltar, déanamh clár agus fógraíochta ar raidió agus ar theilifís ó fhoinsí ceadúnaithe laistigh de Phoblacht na hÉireann.
Comhairle: Oibríonn faoi choimirce an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus tá sí freagrach as eolas, comhairle agus tacaíocht a thabhairt ar raon leathan de sheirbhísí sóisialacha don phobal trí chéile.
An tÚdarás Iomaíochta: Comhlacht neamhspleách reachtúil a dhéanann iarracht a chinntiú go n-oibríonn iomaíocht go maith do thomhaltóirí ar fud eacnamaíocht na hÉireann.
An Coimisinéir Cosanta Sonraí: Oifig neamhspleách reachtúil gur príomhchúram dó cosaint a dhéanamh ar chearta an duine indibhidiúil maidir le sonraí pearsanta a choimeádtar fúthu cibé acu ar chóras ríomhaireachta nó láimhe é.
Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí: Comhlacht neamhspleách reachtúil a sholáthraíonn comhairle agus eolas do thomhaltóirí agus a dhéanann forfheidhmiú ar raon leathan de dhlíthe cosanta tomhaltóra.
Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil: An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC): Comhlacht neamhspleách poiblí a bunaíodh faoin Acht um Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992. Tá raon fairsing feidhmeanna ag an GCC le cosaint a dhéanamh ar an gcomhshaol. Ar a príomhghníomhaíochtaí tá:
Ceadúnúchán comhshaoil
Forfheidhmiú na dlí comhshaoil
Pleanáil agus Treoir comhshaoil
Monatóireacht agus tuairisciú ar stádas an chomhshaoil - aer, uisce, dramhaíl, glór, talamh agus cré
Taighde comhshaoil
An tÚdarás Comhionannais: Comhlacht neamhspleách Stáit in Éirinn a bunaíodh le deimhin a dhéanamh de go gcaitear go cothrom le saoránaigh uile na tíre agus lena dheimhniú nach ndéantar leatrom ar fhorais áirithe. Bunaíodh an tÚdarás ar an 18ú Deireadh Fómhair 1999 agus tháinig sé in áit na Gníomhaireachta um Chomhionannas Fostaíochta.
An tIonad Tomhaltóireachta Eorpach: Soláthraíonn an tIonad Tomhaltóireachta Eorpach seirbhís eolais agus comhairliúcháin, saor in aisce, ar chearta tomhaltóireachta san AE. Is cuid de ghréasán de ionaid tomhaltóireachta ar fud an AE é agus tig leis cabhrú leat réiteach a fháil ar dhíospóidí a éiríonn i mBallstát eile an AE. Déanann sé é seo trí iarracht ar an díospóid a réiteach go díreach, agus má theipeann seo, trí do chás a chur faoi bhráid Malairt Eagraíochta um Réiteach Díospóide sa Bhallstát eile. Déanann Oifig an Stiúrthóra um Ghnóthaí Tomhaltóireachta agus Coimisiún na hEorpa chómhaoiniú ar an Ionad.
An tOmbudsman Eorpach:Bunaíodh oifig an Ombudsman Eorpaigh i 1992 le Conradh Maastricht le déileáil le gearáin maidir le míriaradh ag institiúidí agus comhlachtaí an AE. Is é ról atá ag an Ombudsman Eorpach ná cosaint a dhéanamh ar bhunchearta saoránach a mhaireann san Eoraip trí deimhin a dhéanamh de riarachán oscailte freagrach laistigh de Aontas na hEorpa.
Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais: Bunaíodh Oifig Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais faoin Acht um Banc Ceannais agus Údarás um Sheirbhísí Airgeadais, Éire 2004. Oifigeach neamhspleách is ea Ombudsman na Seirbhísí Airgeadais gur cúram dó imfhiosrú, idirghabháil agus breithiúnas a thabhairt ar ghearáin chustaiméirí, nach bhfuil réitithe, maidir le soláthróirí seirbhísí airgeadais.
Bord um Ghearáin i gCoinne an Gharda Síochána: Tá Bord um Ghearáin i gCoinne an Gharda Síochána ina ghníomhaireacht neamhspleách a dhéanann déileáil le gearáin ó shaoránaigh ar bhaill den Gharda Síochána.
Údarás Sláinte agus Sábháilteachta: Is é an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta an comhlacht náisiúnta in Éirinn le freagracht as sláinte agus sábháilteacht ar obair a chinntiú. Comhlacht státurraithe é a bunaíodh faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leasa ar Obair, 2005 agus tuairiscíonn sé don Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta.
An Coimisiún um Chearta Daonna: Is é an Coimisiún um Chearta Daonna an comhlacht reachtúil ar a bhfuil an cúram maidir le cearta daonna a chur chun cinn agus a chosaint in Éirinn
Institiúid Idirnáisiúnta an Ombudsman: I measc aidhmeanna Institiúide Idirnáisiúnta an Ombudsman, tá cur chun cinn coincheap an Ombudsman agus a fhorbairt ar fud an domhain a spreagadh. Cothaíonn an eagraíocht nascanna úsáideacha leathanaigh ar a ndéantar liostáil ar a cuid ball idirnáisiúnta.
An tOllchumann Dlí: Is é an tOllchumann Dlí comhlacht oideachais, ionadaíochta agus rialacháin ar ghairm na n-aturnaetha in Éirinn. Bunaíodh an Ollchumann Dlí i 1773 agus feidhmíonn sé feidhmithe reachtúla anois faoi Acht na nAturnaetha 1954-2002 maidir le hoideachas, iontráil, clárú, disciplín agus rialachán gairme na n-aturnaetha.
An tÚdarás Náisiúnta Míchumais: Déanann an tÚdarás Náisiúnta Míchumais, thar ceann an Stáit, cearta na ndaoine atá faoi mhíchumas a chur chun cinn agus cabhraíonn len iad a bhaint amach.
Oifig an Stiúrthóra um Imfhiosruithe Comhionannais: Is é an Binse Comhionannais (Oifig an Stiúrthóra um Imfhiosruithe Comhionannais) an fóram neamhspleách le líomhaintí faoi leatrom a éisteacht agus le hidirghabháil a dhéanamh fúthu faoin reachtaíocht comhionannais. Tá sé neamhspleách agus samhailbhreithiúnach agus tá ceangal dlithiúil ar a cuid cinntí agus ar thorthaí a cuid idirghabhála.
Oifig an Choimisinéara Faisnéise: Faoi réir ag forálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003, tig leis an gCoimisinéir Faisnéise athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí a dhein comhlachtaí maidir le hiarratais ar rochtain ar eolas. Tig léi chomh maith imfhiosruithe a dhéanamh am ar bith maidir le cleachtais nó nósanna imeachta ag comhlachtaí poiblí, chun críocha géilliúlachta leis na hAchtanna.
Oifig an Ombudsman do Leanaí: Is é príomhchuspóir ról an Ombudsman do leanaí ná cosaint agus cur chun cinn cearta agus leasa leanaí agus daoine óga faoi aois a hocht déag. Déanann Acht um Ombudsman do Leanaí 2002 mionchur síos ar na nithe is féidir don Ombudsman a dhéanamh.
Coimisiún Reifrinn: Is é príomhról reatha an Choimisiún Reifrinn ná ábhar mholtaí an reifrinn a mhíniú, feasacht ar an reifreann a mhéadú i measc an phobail agus na toghthóirí a spreagadh chun vótála.
Oifig na nAchomharc um Leasa Sóisialaigh: Feidhmíonn Oifig na nAchomharc um Leasa Sóisialaigh neamhspleách den Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus Oifig na Seirbhísí Leasa Sóisialacha. Is é an Príomhoifigeach Achomharc, atá ina Stiúrthóir ar an Oifig chomh maith, atá i gceannas. Má easaontaíonn tú le cinneadh Oifigigh Chinnte Sheirbhísí na Leasa Sóisialaigh maidir le do chearta, tá ceart achomhairc agat go dtí Oifig na nAchomharc um Leasa Sóisialaigh.
An Binse Leasa Sóisialaigh: Comhlacht reachtúil is ea an Binse um Leasa Sóisialta a bunaíodh i 1982 le déileáil le cásanna ina séantar ceart ar shochar Leasa nó Cúnamh Sóisialta mar gheall ar bhaint a bheith ag duine le díospóid thionsclaíoch. Nuair a bhraitheann duine gur chaill sí/sí a c(h)uid fostaíochta go míréasúnta toisc gur theip ar, nó gur dhiúltaigh, a f(h)ostóir feidhm a bhaint as an meicníocht a bhí ar fáil chun díospóidí a réiteach, tig leis/léi iarraidh ar an mBínse breithniú a dhéanamh ar an gceist.
SOLVIT: Gréasán réitigh ar-líne ar fhadhbanna is ea SOLVIT, ina n-oibríonn Ballstáit le chéile le réiteach a dhéanamh gan imeachtaí dlí ar fhadhbanna a éiríonn as mífheidhmiú ar dhlí an Mhargaidh Inmheánaigh ag údaráis phoiblí. Tig le hIonaid SOLVIT cuidiú maidir le láimhseáil gearán ó shaoránaigh agus ó ghnóthaí araon.
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí: Déanann an Coimisiún um Chaighdeáin feitheoireacht ar ghéilliúlacht do na hAchtanna Eitice chomh fada agus a bhaineann siad le sealbhóirí oifige (e.g. An Taoiseach, Airí agus Airí Stáit), an tArd-Aighne, Comhairleoirí speisialta Aireachta, státseirbhísigh sinsearacha agus stiúrthóirí agus feidhmeannaigh comhlachtaí sonraithe poiblí. Leathnaíodh cúram an Bhinse um Chaighdeáin leis na hAchtanna Toghchánaíochta a thug ról monatóireachta don mBinse maidir le teorainniú agus foilsiú síntiúis pholaitiúla, teorainniú caiteachais toghchánaíochta, maoiniú poiblí ar pháirtithe cáilithe polaitiúla, aisíoc costais a thit ar iarrthóirí áirithe toghchán agus clárú ar thríú pháirtithe
Ombudsman um Pinsin: Déanann an tOmbudsman um Pinsin imscrúdú agus cinntí ar ghearáin agus dhíospóidí a bhaineann le scéimeanna pinsin ceirde agus Cuntais Phearsanta Coigiltis Scoir (CPCSanna).
Na Coimisinéirí Achomhairc (Cáin): Tá na Coimisinéirí Achomhairc freagrach as comhlíonadh dualgas a shainítear faoin Acht Comhdhlúite Cánach, 1997 agus reachtaíocht ghaolmhar, go príomha éisteacht achomharc ag cáiníocóirí in aghaidh cinntí na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le cánacha agus dleachtanna.