Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Ranna Rialtais & Comhlachtaí Poiblí Eile  /  Too Old to be Equal? – Imscrúdú Leantach
 

Réamhrá & Achoimriú

Le dhá bhliain déag anuas tá an scéim Liúntais Soghluaisteachta i bhfeidhm ag an Roinn Sláinte agus an scéim i bhfeidhm ar bhonn coinníll atá neamhdhleathach agus ar thuig an Roinn é a bheith neamhdhleathach ar a laghad ón mbliain 2008. An coinníoll neamhdhleathach sin ná go bhfuil uasteorainn de 66 bliain d’aois ag gabháil leis an scéim agus tá sin ag sárú an Achta um Stádas Comhionann 2000. De bhreis air sin, d’ainneoin gur aontaigh an Roinn Sláinte i mí Aibreáin 2011 moladh ón Ombudsman a chur i bhfeidhm maidir le baint na huasteorann aoise neamhdhleathaí sin, ní dhearna an Roinn amhlaidh. Dá bharr sin, cheadaigh an Roinn don scéim leanúint ag feidhmiú ar an mbonn neamhdhleathach sin cé go raibh a fhios ag an Roinn go raibh an bonn neamhdhleathach. 

Tá an Roinn Sláinte anois (Deireadh Fómhair 2012) tar éis diúltú do mholadh comhchosúil ón Ombudsman. Rinneadh an moladh is déanaí seo ón Ombudsman tar éis imscrúdú a dhéanamh ar chúig cinn de ghearáin ó dhaoine ar diúltaíodh an Liúntas Soghluaisteachta dóibh bunaithe ar an uasteorainn aoise neamhdhleathach. Rinneadh na gearáin tar éis dhul in éag na tréimhse inar aontaigh an Roinn Sláinte go mbainfí an uasteorainn neamhdhleathach. An moladh a rinne an tOmbudsman ná go mbainfí an uasteorainn aoise ón scéim i gcoitinne agus gur chóir iarratais na ngearánach a mheas arís gan aon tagairt don uasteorainn aoise.

Is íocaíocht mhíosúil í an Liúntas Soghluaisteachta a íocann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) le daoine atá faoi mhíchumas trom “nach bhfuil de chumas acu siúl agus a mbeadh turais ócáideacha as baile tairbheach dóibh”. Tá an liúntas seo ann ón mbliain 1979 i leith agus faoi láthair tá uasluach €208.50 in aghaidh na míosa i gceist leis. Tá an Liúntas neamhreachtúil agus déanann FSS é a riar ar bhonn ciorcláin a d’eisigh an Roinn Sláinte.

Príomhcheist

I mí Aibreáin 2011, d’fhoilsigh an tOmbudsman tuarascáil imscrúdaithe dar teideal Too Old to be Equal? agus an príomhábhar plé ann ná go ndéantar iarratasóirí os cionn aois 66 a eisiamh ón Liúntas. Chinn an tOmbudsman go raibh an Roinn Sláinte ag sárú an Achta um Stádas Comhionann 2000 sa mhéid go raibh an Roinn ag áireamh uasteorainn aoise. Go bunúsach, chinn an tOmbudsman go raibh an uasteorainn aoise neamhdhleathach agus go raibh sí neamhdhleathach ó achtaíodh an tAcht um Stádas Comhionann 2000. Mhol an tOmbudsman don Roinn athbhreithniú ar an Liúntas a chur i gcrích, a bhí ar bun cheana féin, agus athmheas a dhéanamh ansin ar an Liúntas Soghluaisteachta chun go mbeadh sé ag comhlíonadh an Achta um Stádas Comhionann 2000. Mhol an tOmbudsman chomh maith go ndéanfaí an próiseas athbhreithnithe agus athmheasa a chur i gcrích laistigh de thréimhse sé mhí.

Ghlac an Roinn Sláinte le cinneadh an Ombudsman maidir le sárú an Achta um Stádas Comhionann. Ghlac an Roinn freisin le moladh an Ombudsman. Trí ghlacadh leis an moladh sin, chuir an Roinn de cheangal uirthi féin (a) athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim Liúntais Soghluaisteachta; (b) athmheas a dhéanamh ar an scéim chun go mbeadh sí ag comhlíonadh an Achta um Stádas Comhionann agus (c) an t-athbhreithniú agus an t-athmheas a chur i gcrích laistigh de thréimhse sé mhí, is é sin, faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2011. Dá bharr sin, bhí an tOmbudsman ag coinne, is cuma pé téarmaí a bheadh i gceist leis an Liúntas leasaithe,  nach mbeadh uasteorainn aoise ann ó dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2011 amach, mar go mbeadh seo ag teacht salach ar an Acht um Stádas Comhionann 2000.

Níl athbhreithniú déanta ag an Roinn ar an scéim agus níl an uasteorainn aoise bainte aici. Tá an scéim fós á riar ag FSS ar bhonn teorann aoise a cheapann an Roinn féin a bheith neamhdhleathach.

Dara Cheist

Sa tréimhse idir seo agus dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2011, tráth ar chóir don Liúntas a bheith leasaithe chun go mbeadh sé ag comhlíonadh an Achta um Stádas Comhionann 2000, tá cúig ghearán breise faighte ag an Ombudsman ó dhaoine, nó thar ceann daoine, ar diúltaíodh dá n-iarratais toisc go raibh siad os cionn 66 bliain d’aois.

Bheartaigh an tOmbudsman imscrúdú a dhéanamh ar na cúig ghearán seo. Na nithe atá á n-imscrúdú ná, ar an gcéad dul síos, an tslí ar theip ar an Roinn Sláine an uasteorainn aoise a bhaint ón scéim agus, ar an dara dul síos, an tslí ar lig an Roinn don scéim dul ar aghaidh agus iad ar an eolas go hiomlán go raibh príomhchoinníoll cáilitheachta ina choinníoll neamhdhleathach.

An Tuarascáil Seo

Tá an tuarascáil seo ina tuarascáil speisialta don Dáil agus don Seanad faoi fhorálacha na n-alt 6(5) agus (7) den Acht Ombudsman 1980. Cuireann na forálacha seo ar chumas an Ombudsman “tuarascáil speisialta” a chur os comhair na Dála agus an tSeanaid:

“(5) I gcás ar dealraitheach don Ombudsman nach bhfuil na bearta a rinneadh nó a beartaíodh a dhéanamh de bharr moladh faoi fho-alt (3) den alt seo sásúil, féadfaidh sé, más cuí leis é, a chur faoi deara go ndéanfar tuarascáil speisialta ar an gcás a chur i dtuarascáil faoi fho-alt (7) den alt seo.”

Sa chás faoi láthair, tá an tOmbudsman den tuairim nach bhfuil na bearta atá glactha ag an Roinn Sláinte, ó mhí Aibreáin 2011, mar fhreagra ar a moltaí sa tuarascáil Too Old to be Equal? sásúil.

Baineann an tuarascáil seo chomh maith le himscrúdú an Ombudsman ar na cúig ghearán faighte ag an Ombudsman ó dhaoine, nó thar ceann daoine, ar diúltaíodh dá n-iarratais toisc go raibh siad os cionn 66 bliain d’aois. Ní mór é a léamh i bpáirt leis an tuarascáil ó Aibreán 2011, Too Old to be Equal? atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ombudsman. Tá na mórcheisteanna iomchuí ón gcéad tuarascáil leagtha amach thíos.

Sa mhéid go bhfuil diúltaithe ag an Roinn Sláinte anois do mholtaí an Ombudsman tar éis imscrúdú a dhéanamh ar chúig ghearán le déanaí, tá an tOmbudsman den tuairim gur chóir an teip seo a thuairisciú don Dáil agus don Seanad.

An seasamh atá ag an Roinn maidir leis seo ná nach féidir leis an Roinn feidhmiú ar mholtaí an Ombudsman sa mhéid go “gcruthódh sé dliteanais don Stát nach bhfuil d’acmhainn airgid ag an Stát iad a sheasamh faoi láthair”. Is é sin, níl sé d’acmhainn airgid ag an Stát cloí le dlí na tíre. An seasamh atá ag an Ombudsman ina leith – mar atá sonraithe i gconclúid na tuarascála seo – ná nach bhfuil sé chun ár leasa go dtabharfadh comhlacht tábhachtach Stáit neamhaird ar an dlí. Diúltaíonn an tOmbudsman go huile is go hiomlán don iarracht a rinne an Roinn a seasamh a thacú le hargóint gur freagra ciallmhar é ar shuíomh mí-ámharach, suíomh ina gcaithfear an dlí a shárú d’fhonn acmhainní a theorannú go héifeachtach. Tá roghanna éagsúla ann maidir le conas is fearr acmhainní tearca a úsáid. Ach níl sárú an dlí ar cheann de na roghanna sin.

***

Ag tagairt tríd síos sa tuarascáil seo don “Roinn”, is fiú a mheabhrú, chun críocha an Achta Ombudsman 1980, "folaíonn tagairtí san Acht seo d’aon Roinn Stáit tagairtí don Aire Rialtais atá i bhfeighil na Roinne Stáit sin.....” (An tAcht Ombudsman 1980, alt 1(2)). An tuiscint atá ag an Ombudsman ar an seasamh atá á chur chun tosaigh ag an Roinn ná gur seasamh é a n-aontaíonn an tAire Sláinte leis.