An mhórcheist is mó ar cuireadh síos uirthi sa tuarascáil Too Old to be Equal? ná go bhfuil an uasteorainn aoise d’iarratasóirí neamhdhleathach agus go bhfuil sé sin ina shárú ar an Acht um Stádas Comhionann 2000. Sonraítear sa tuarscáil go raibh an Roinn mall le glacadh leis an bhfíric seo le linn an imscrúdaithe. Cé gur luaigh Oifig an Ombudsman leis an Roinn i mí Feabhra 2009, sular thosaigh an t-imscrúdú, go raibh an uasteorainn aoise “idirdhealaitheach go míchuí” (féach ar nota 1) agus go raibh sé ag sárú an Achta um Stádas Comhionann 2000, rinne an Roinn ina cuid freagraí éagsúla iarracht an t-ábhar a sheachaint. Dhá bhliain níos déanaí, i mí Feabhra 2011, thug an Roinn aird ar an idirdhealú míchuí agus neamhchomhlíonadh an Achta um Stádas Comhionann 2000.
Agus iad ag trácht ar dhréacht den tuarascáil Too Old to be Equal?, bhí an chuma air gur admhaigh an Roinn go raibh an aoisteorainn neamhdhleathach. Dúirt an Roinn gur ghlac sí gur chóir go ndearnadh “athbhreithniú agus nuashonrú ar an scéim liúntais soghluaisteachta i ndiaidh achtú an Achta um Stádas Comhionann” sa bhliain 2000. De bhreis air sin, luaigh an Roinn “i ndiaidh athbhreithnithe le déanaí ar théarmaí na scéime, ar an uasteorainn aoise agus sainmhíniú ar cad is míchumas ann go háirithe, tá an Roinn den tuairim nach bhféadann sí leanúint ar aghaidh á feidhmiú ar an mbonn reatha”. Ag an bpointe sin chomh maith, dúirt an Roinn leis an Ombudsman go raibh an tAire tar éis “aontú gur chóir go raibh an liúntas soghluaisteachta á íoc, ar bhonn eisceachtúil, le In. Browne [gearánach]” ó dháta an iarratais i mí Meithimh 2008.
Ina tuarascáil Too Old to be Equal? rinne an tOmbudsman trácht ar an tslí nár éirigh leis an Roinn, thar tréimhse aon bhliain déag (suas go dtí Aibreán 2011), téarmaí an Achta um Stádas Comhionann a chomhlíonadh agus go raibh seo ina dhrochléiriúchán don Roinn. Luaigh sí go raibh sainchúram ar leith ar an Roinn Sláinte i réimse an mhíchumais agus nach mbeadh sé míréasúnta do dhuine bheith ag súil go mbeadh an Roinn, thar aon chomhlacht poiblí eile i gcoitinne, in iúl ar chearta dlíthiúla daoine atá faoi mhíchumas. Rinne an tOmbudsman trácht ar an tslí a bhfuil an Roinn ina Roinn cheannasach ó thaobh chur chun cinn agus leas agus deiseanna saoil na ndaoine atá faoi mhíchumas; go bhfuil Aire inti a bhfuil freagracht ar leith air/uirthi as comhionannas, mórcheisteanna míchumais agus meabhairshláinte agus go bhfuil Oifig thiomnaithe aici, laistigh de bhonneagar iomlán na Rann, don Mhíchumas agus don Mheabhairshláinte lena Stiúrthóir féin.
Ina tuarascáil a tháinig roimhe, shonraigh an tOmbudsman chomh maith go raibh cúiseanna éagsúla ann, sular luaigh a hOifig an pointe (i mí Feabhra 2009), le gur chóir go mbeadh an Roinn ar an eolas cheana féin maidir le neamhdhleathacht na huasteorann aoise don Liúntas Soghluaisteachta. I mí an Mheithimh 2008, cuireadh iallach, go bunúsach, ar an Roinn an uasteorainn aoise a bhaint ón Scéim Deontas Mótariompair. Rinneadh an cinneadh seo de bharr próisis a thosaigh an tÚdarás Comhionannais i mí Bealtaine 2007 a bhí ag gníomhú de bharr gearáin ar leith. Nuair nach ndearna an Roinn dul i gcomhar leis an Údarás Comhionannais, cuireadh an gearán ar aghaidh chuig an mBinse Comhionannais lena mheas. Is de bharr an atreoraithe seo chuig an mBinse Comhionannais amháin, agus mar thoradh ar an mbreithniú a bheadh á dhéanamh ag an mBinse, a thug an Roinn aghaidh ar mhórcheist na huasteorann aoise. Ag an bpointe sin, Meitheamh 2008, ghlac an Roinn leis gur sháraigh an uasteorainn aoise an tAcht um Stádas Comhionann agus bhain an Roinn an coinníoll seo ó théarmaí na Scéime Deontais Mótariompair.
Dá bharr seo, i mí an Mheithimh 2008 ba chóir go dtuigeadh an Roinn ag an bpointe sin go raibh an uasteorainn aoise don Liúntas Soghluaisteachta ag sárú an Achta um Stádas Comhionann 2000 chomh maith. Ina plé leis an Ombudsman, áfach, thar thréimhse dhá bhliain (Feabhra 2009 – Feabhra 2011) theip ar an Roinn freagra a thabhairt ar iarratais ar leith a bhí bainteach leis an ábhar agus, go bunúsach, sheachain an t-ábhar. Faoi dheireadh, i mí Feabhra 2011, agus ar shlí a bhí an-chosúil leis an mbealach ar dhéileáil sí leis an Údarás Comhionannais agus leis an mBinse Comhionannais i gcás an Deontais Mhótariompair, d’admhaigh an Roinn nach raibh an uasteorainn aoise don Liúntas Soghluaisteachta inchosanta.
Ina tuarascáil Too Old to be Equal? thagair an tOmbudsman don leisce a bhí ar an Roinn aghaidh a thabhairt ar go raibh locht suntasach ó thaobh an dlí de ar an scéim Liúntais Soghluaisteachta. Is léir ón tuarascáil nár thug an Roinn aghaidh ar an gceist seo go dtí go raibh sé soiléir go gcinnfeadh an tOmbudsman i gcoinne na Roinne i gcás na huasteorann aoise. Bhí sé seo ina mhacasamhail den chás maidir leis an Deontas Mótariompair; is é sin nach dtabharfadh an Roinn aghaidh ar an gcás go raibh an uasteorainn aoise sa scéim dochosanta go dtí go raibh sé soiléir go gcinnfeadh an Binse Comhionannais i gcoinne na Roinne.
I gcás an Deontais Mótariompair, bhain an Roinn an uasteorainn aoise do gach iarratasóir. I gcás an Liúntais Soghluaisteachta, cé gur aontaigh an Roinn gur chóir an Liúntas a íoc leis an ngearánach áirithe sin, níor bhain sí an uasteorainn aoise i gcoitinne. Dúirt an Roinn gur theastaigh uaithi aghaidh a thabhairt ar mhórcheist na huasteorann aoise i gcomhar le cúiseanna imní eile. Luaigh sí gur theastaigh uaithi, go háirithe, déileáil le mórcheist an tsainmhínithe ar cad is míchumas ann, a ardaíodh i dtuarascáil an Ombudsman chomh maith (féach ar nóta 2)
Athbhreithnithe ar an Scéim
I rith imscrúdú an Ombudsman ónar eascair Too Old to be Equal?, rinne an Roinn iarracht míniú a thabhairt ar an moill a bhí ann an Liúntas Soghluaisteachta a bheith ag comhlíonadh an Achta um Stádas Comhionann, ar an mbonn go raibh athbhreithniú á dhéanamh ag an Roinn ar fheidhmiú an Liúntais. I gcomhfhreagras leis an Ombudsman dar dáta 30 Aibreán 2009, 2 Samhain 2009, 29 Eanáir 2010 agus 11 Feabhra 2011, luaigh an Roinn go raibh athbhreithniú á dhéanamh aici ar an scéim. I gcás na litreach ón 11 Feabhra 2011, dúirt an Roinn go raibh “roghanna áirithe maidir leis an scéim liúntais soghluaisteachta curtha faoi bhráid an Aire agus an Rialtais agus go raibh breithniú á dhéanamh acu orthu ach nach bhfuil cinntí polasaí deiridh déanta faoin gcás go fóill”. Luaigh an Roinn ansin, ós rud é go raibh Olltoghchán ar siúl ag an uair, go mbeadh ar “Aire/Rialtas nua déileáil leis” an ábhar.
Tagraíonn an tuarascáil Too Old to be Equal? chomh maith don bhealach a raibh roinnt tagairtí eile ón mbliain 2000 amach déanta ag an Roinn a luaigh go raibh athbhreithniú á dhéanamh aici ar an Liúntas Soghluaisteachta (féach ar nóta 3). D’ainneoin sin, agus a moladh á ceapadh aici i mí Aibreáin 2011, ghlac an tOmbudsman, de mheon macánta, go ndéanfadh an Roinn gníomhú go tapa leis an mbotún sa scéim Deontais Soghluaisteachta a chur ina cheart. Ar an mbonn sin, mhol an tOmbudsman seo a leanas:
“Chun déileáil le bunchúis na droch-éifeachta ar an In. Browne, molann an tOmbudsman go ndéanfadh an Roinn Sláine agus Leanaí a hathbhreithniú ar an scéim Deontas Soghluaisteachta a chomhlánú agus, mar thoradh ar an athbhreithniú sin, an scéim a athmheas le go mbeidh sí ag comhlíonadh an Achta um Stádas Comhionann 2000. Molann an tOmbudsman chomh maith gur chóir go mbeadh an próiseas athbhreithnithe agus athmheasa curtha i gcrích laistigh de sé mhí ó dháta na tuarascála.”
Sa chomhthéacs go raibh scéim i bhfeidhm ar bhonn ina raibh ceanglas neamhdhleathach inti, bhí an teorainn ama de sé mhí an locht seo a chur ina cheart thar a bheith flaithiúil. Don Roinn, agus a fhios aici go mbeadh an toradh céanna ar aon ghearán eile déanta leis an Ombudsman mar gheall ar an uasteorainn aoise is a bhí i gcás an In. Browne, ba chóir gurbh ábhar práinne é athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim.
Ar 21 Aibreán 2011, ghlac an Roinn leis an moladh seo agus luaigh Ard-Rúnaí na Roinne go sonrach go raibh sé i gceist ag an Roinn “gníomhú ina thaobh laistigh de sé mhí, faoi mar a moladh”.
Nóta 1:
Tá sé seo ar cheann de sheacht gcatagóir míriaracháin aitheanta in alt 4 d’Acht an Ombudsman 1980.
Nóta 2:
Tharraing an tOmbudsman aird ina tuarascáil ar dhá chinneadh de chuid Oifigigh Comhionannais a chinn go raibh an sainmhíniú ar shoghluaisteacht, faoi mar a bhí in úsáid sa scéim Liúntais Soghluaisteachta, sriantach ar bhealach míchuí. Luaigh an tOifigeach Comhionannais:
"The concept of mobility in the [Liúntas Soghluaisteachta] circular is construed in such a narrow manner that it fails to recognise that in severe cases a person's intellectual and/or psychological health may restrict their mobility as effectively as some physical disabilities do. I find that this is a clear omission and it is obvious that the mobility allowance has not been updated to comply with the requirements set out in the Equal Status Acts (achtaithe i mí Deireadh Fómhair 2000). ..." (DEC-S2009-012)
Nóta 3:
Mar shampla, i bhfreagra CP ar 7 Samhain 2007, dúirt an tAire Stáit, Jimmy Devins “.... tá an [mo] Roinn ar an eolas maidir leis an mórcheist bainteach leis an gcritéar d’uasteorainn aoise i liúntais agus deontais sláine. Le haird tugtha ar reachtaíocht chomhionannais, tá mo Roinn ag plé na ceiste an uasteorainn aoise don scéim seo a bhaint ”. (PQ27807/07)