Rinne an tOmbudsman soiléir go maith é sa tuarascáil Too Old to be Equal? nach raibh aon dearcadh á léiriú aici maidir leis an toradh a thiocfadh as athbhreithniú na Roinne ar an scéim Liúntais Soghluaisteachta. Thairis sin, níl aon ról ag an Ombudsman maidir le pé gnóthaí a d’fhéadfaí a bheith faoi bhráid an Rialtais maidir le todhchaí na scéime nó na scéimeanna gaolmhara. An t-aon ábhar imní don Ombudsman ná nár chóir do scéim, cruthaithe ar bhonn riaracháin ag an Roinn, feidhmiú ar bhonn critéir atá neamhdhleathach.
Tá sé an-tábhachtach bheith ríshoiléir nach bhfuil cinneadh ón Rialtas riachtanach chun go mbeadh gníomh ann leis an scéim Liúntais Soghluaisteachta a bheith ag comhlíonadh an Achta um Stádas Comhionann. Is féidir a thuiscint go maith gur chóir tograí maidir le tacaíochtaí ioncaim do dhaoine atá faoi mhíchumas a chur faoi bhráid an Rialtais agus go ndéanfadh an Rialtas féin pé cinneadh a cheapann sé atá cuí. Bheadh sé áiféiseach, áfach, bheith ag smaoineamh nach féidir leis an Roinn riachtanas neamhdhleathach a bhaint óna scéim riaracháin féin gan reámhfhaomhadh ar leith ón Rialtas.
Nuair a tháinig mórcheist eile dá leithéid chun solais sa bhliain 2008, ní raibh ar an Roinn ach an uasteorainn a scrios ón scéim Deontas Mótariompair agus ciorclán a eisiúint don FSS á lua sin. D’fhéadfadh sé bheith tar éis an t-athrú céanna a dhéanamh i gcás na scéime Liúntais Soghluaisteachta ag aon staid ó mhí an Mheithimh amach, nuair a athraíodh an scéim Deontais Mótariompair.
Tá sé soiléir, gan amhras, go mbeadh impleachtaí airgeadais i gceist le baint na huasteorann aoise seo. Rinne an Roinn an pointe seo le linn an imscrúdaithe do Too Old to be Equal?. I litir chuig an Ombudsman, dar dáta 30 Lúnasa 2009, dúirt an Roinn “nach raibh sé indéanta an scéim a leasú leis an uasteorainn aoise a bhaint sna cúinsí eacnamaíochta reatha”. Ghlac an tOmbudsman leis ag an uair, agus glacann sí fos leis, go mbeadh cistiú na scéime ina fhadhb. Ach ní féidir srianta airgeadais, áfach, a úsáid mar bhonn cirt do choinníoll scéime atá neamhdhleathach. Scríobh an tOmbudsman sa tuarascáil sin:
"I gcás an Liúntais Soghluaisteachta, féadtar an scéim a leasú chun an uasteorainn aoise a bhaint ar bhonn riaracháin sa mhéid nach scéim reachtúil í. I gcás go mbeadh impleachtaí costais ann dá ndéanfaí an scéim a leathnú le go gcuimseofaí daoine os cionn 66 bliain d’aois, ar costais iad nach bhféadfaí a sheasamh sna cúinsí eacnamaíochta reatha, féadfaidh gá a bheith ann athruithe eile a dhéanamh ar an scéim ionas go mbeadh sí ag comhlíonadh an Achta um Stádas Comhionann agus ceanglas eile, a chumasóidh feidhmiú na scéime de réir na n-acmhainní atá ar fáil. Ní féidir glacadh leis go mbeadh comhlachtaí poiblí i sochaí atá faoi rialú an dlí ag gníomhú chun moill a chur leis seo, nó gan gníomhú ina leith in aon chor. Tá sé fíor ach go háirithe sa mhéid gur grúpa leochaileach a bheidh thíos leis i gcás nach ngníomhaítear ina leith – grúpa daoine nach féidir leo stocaireacht a dhéanamh ar a son féin ag féachaint lena gcearta a chosaint."
Ina teagmháil leis an Ombudsman le linn an imscrúdaithe Too Old to be Equal?, rinne an Roinn iarracht nasc a chruthú idir baint na huasteorann aoise agus athbhreithniú níos leithne ar an scéim Liúntais Soghluaisteachta. Cé nach raibh gá athbhreithniú níos leithne a dhéanamh de bharr bhaint na huasteorann aoise, ghlac an tOmbudsman, de mheon macánta, le seasamh na Roinne. De bharr na n-imeachtaí a tharla ina dhiaidh, áfach, d’fhéadfadh gur chóir don Ombudsman a mholadh go mbainfí an uasteorainn aoise láithreach. I ndiaidh aontú tréimhse sé mhí a chaitheamh chun an fhadhb a chur ina ceart, is léir, nach bhfuil déanta anseo ach cead a thabhairt don Roinn gníomhaíochtaí a chur ar atráth, gníomhaíochtaí ar chóir di a dhéanamh láithreach.
Pé brúnna airgeadais, pé srianta atá ann aird an Rialtais a fháil i rith na géarchéime eacnamaíochta reatha, is fíor go fóill nach bhfuil sé de chead ag Roinn Rialtais ligean do scéim dá cuid bheith i bhfeidhm nuair a thuigtear – le tamall fada – go bhfuil ceann de na príomhchoinníollacha ann neamhdhleathach.