Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Ranna Rialtais & Comhlachtaí Poiblí Eile  /  Scéim um Chailliúint ar Muir
 

Cuid a hAon - Aguisíní

Aguisín A - Freagra ón Roinn Talmháiochta, Iascaigh agus Bia ar Thuarascáil an Fhiosraithe

Ms Emily O'Reilly
Ombudsman
Oifig an Ombudsman,
18 Sráid Líosain Íochtarach.
Baile Átha Cliath 2.


Tag: Gearán a rinne an tUasal Danny Byrne faoi dhiúltú iarratais ar thoilleadh ionadach faoin Scéim um Chailliúint ar Muir maidir leis an Mótar-Árthach Iascaigh (MÁI) Skifjord.

A Ombudsman a chara,

Tagraím dod' litir don 4ú Samhain 2008 agus an Tuarascáil dheireanach agus moltaí maidir leis an ngearán thuasluaite a chuireadh in éindí léi. Gabhaim buíochas leat as tuilleadh ama a thabhairt don Roinn chun machnamh a dhéanamh ar an dtuarascáil fíor-chasta agus mion-shonraithe seo atá déanta agat.

Mar bhreathnú ginearálta i ndáil leis an dtuarascáil seo, ba mhaith liom a shoiléiriú go bhfuil an Roinn fós den tuairim choiteann chéanna a bhí curtha isteach acu cheana maidir leis an ábhar seo agus ag an Roinn a tháinig rompu, an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha. Áitíonn an Roinn i gcónaí go bhfuil an tuairimí atá tugtha cheana acu maidir leis na dréacht fionnachtana bailí fós agus go bhfuil an-substaint agus creidiúint ag baint leis na tuairimí sin.

Tugtar faoi deara go bhfuil, faoi mar a iarradh, cóip den fhreagra a fuair tú ón Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha i gceangal leis an Ráiteas um Ghearán, maille leis an litir ón Roinn seo den dáta 2ú Iúil 2008, mar aon le dhá aighneacht ón dTeachta Frank Fahey TD, a bhí ina Aire ar an Roinn sin le linn don scéim a bheith á cheapadh, agus chomh maith le sin, an leasú a d’iarr an tUasal Tom Carroll, an t-iar-Ard-Rúnaí.

D’iarr tú go gcuirfí chugat suim ríofa de réir na modhanna a leagadh síos faoi Scéim Díchoimisiúnaithe na Roinne den bhliain 2008 i gcomhair bád iascaigh, chun go  n-úsáidfí an tsuim sin mar an chéad chéim chun chúitimh airgid a áireamh i gcomhair an teaghlaigh Byrne. Tá na háirimh sin agus an mhodheolaíocht a úsáideadh ag Aguisín A den litir seo.

Má tá ceist ar bith agat faoi na háirimh nó faoin modheolaíocht déan teagmháil liom le do thoil.

Is mise, le meas

Tom Moran
Ard-Rúnaí,
An Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia
11ú Feabhra 2009

**********************************************

Aguisín A

1.  Tá an t-Oll-Tonnáiste (OT) agus tomhais eile i gcomhair an MÁI Skifjord a úsáideadh sna háirimh seo bainte as an “Tuarascáil ar Réamh-Fhiosrú faoi Thaismí Mara” a d’ullmhaigh an Captaen William A Kirwan ón Roinn Iompair – doiciméad ar chomhad faoin dáta 25/06/82

Tá an Scéim Díchoimisiúnaithe 2008 (Scéim 2008), arna oibriú ag an Aire, teoranta d’árthaigh atá os cionn 18 méadar ar fhad, ach ní féidir an tástáil sin a dhéanamh sa chás seo.

2.  Forálann Scéim 2008 bun-íocaíochta do €1,000 an OT d’iarratasóirí a n-éiríonn leo. Bhí 245.57 OT ag an MÁI Skifjord agus ar an mbonn sin bheifí ag caint ar íocaíocht de €245,570.

3.  Forálann Scéim 2008 chomh maith do roinnt préimheanna breise, faoi réir critéir áirithe a bheith comhlíonta, chomh maith le laghduithe i gcásanna ar leith agus sonraítear na suimeanna is airde a bheadh iníoctha. Is iad seo mar a leanas na suimeanna:

  • íocaíocht bhreise de €2,500 an OT dóibh siúd a bhfuil tonnáiste intrádála  nó inaistrithe acu. Ní bhaineann an íocaíocht bhreise seo le hárthaigh nach bhfuil acu ach tonnáiste neamh-intrádála nó neamh-inaistrithe. (NB: Ní raibh tonnáiste a bhronnadh faoin Scéim um Chailliúint ar Muir, mar a bhíodh, intrádála ná inaistrithe, agus dá bhrí sin níor áiríodh an phréimhe bhreise seo sa ríomhadh le haghaidh an Skifjord, agus ní mhaítear go bhféadfaí le ceart é a chur síos don Skifjord.)
  • préimhe pheiligeach de €1,000 d’árthaigh os cionn 65 troigh (19.81 méadair), ceadúnaithe gan ‘réamh-chosc ar iascach ronnach agus scadán’ (i.e. cead acu de réir an dlí na speicis (peiligeacha) sin a iascach). Bhí an Skifjord os cionn 65 troigh agus rinneadh cur síos sa bhfoirm iarratais go mbíodh sí ag iascach na speiceas peiligeacha. Toisc (de réir tuairisc na timpiste luaite thuas) go raibh an t-árthach ar a bealach chun trálaeireacht i bpéire a dhéanamh thiar thuaidh d’Éirinn / iarthar Alban, agus de bharr an séasúr a bhí ann, gur dócha gur i ndiaidh an speicis pheiligigh a bhí sí ag an am.  Maidir le hiarratasóirí ar dhíchoimisiúnú ní bhaineann an phréimhe seo ach amháin le hiarratais a fuarthas roimh an 31ú Nollaig 2007; ní fhéadfaí, áfach,  ceart an choinníoll seo a chur síos don  Skifjord.
  • ‘préimhe um ghabhálacha éisc a dhreasú’ suas go dtí €3,000 an OT, bunaithe ar na gabhálacha a fhógraítear (meáchain de réir tonaí i ngach cás) de stoic sonraithe d’éisc geala, agus suas go dtí a thrian de stoic neamh-shonraithe, ach amháin i gcomhair iarratas a fuarthas nach déanaí ná 31ú Nollaig 2007.  Níl an phréimhe seo áirithe sa ríomhadh le haghaidh an teaghlaigh Byrne, mar níl sé indéanta gabhálacha dóchúla a mheas. Ba é an tUasal Anthony Byrne, i gcomhpháirtíocht le duine eile lasmuigh den Scéim, a thug an t-aon léargas amháin ar an úsáid a bhféadfaí a bhaint ar an tonnáiste ionadach, dá mbeadh  a leithéid bronnta. Dá bhrí sin ní fhéadfaí ach uas-mhéid de 50% den ghabháil dhóchúil éisc a áireamh chun na préimhe a ríomhadh, má ghlactar go raibh an tUasal Anthony Byrne i gcomhpháirtíocht 50/50. Cé go dtarlódh go mbeadh aon árthach ionadach thart faoin méid céanna, agus, dá bhrí sin, go mbeadh sí ábalta an ghabháil is airde den iasc geal a bhaint amach, agus go mbeadh an phréimhe is airde tuillte aici dá réir, mar sin féin níl sonraí ar bith ann faoi ghabhálacha a bhféadfaí brath orthu, faoi mar a éilítear faoin reachtaíocht ó iarratasóirí ar dhíchoimisiúnú.
  • déantar ráta an díchoimisiúnaithe a laghdú faoi 1% in aghaidh na bliana i gcás árthach atá idir 15 agus 30 bliana d’aois. Ní raibh árthach ionadach ar bith ann sa chás seo agus dealraíonn sé nach mbeadh aon bhonn dlí ná ó thaobh cirt ann chun laghdú mar sin a dhéanamh.
  • laghdaítear díchoimisiúnú 15% i gcomhair árthach atá ó 30 bliana nó níos mó. Arís ní dhealraítear go bhfuil bonn ar bith chun laghdú mar sin a dhéanamh mar níor cheannaigh muintir Byrne aon árthach ionadach.
  • bíonn gach deontas faoi réir uas-shíleáil de €7,500 an OT i gcomhair árthach os cionn 19.81 méadar gan réamh-chosc ar iascach ronnach nó scadán a bheith acu, agus €6.500 an OT i gcás gach árthach eile.
  • tá forálacha ann freisin le haghaidh socruithe cánach i bhfabhar tairbhithe den Scéim Dhíchoimisiúnaithe 2008 ach níl an Roinn seo inniúil ar luach orthusan a ríomhadh.

 

4. Mar fhocal scoir, ba mhaith leis an Roinn moladh réasúnta le haghaidh cúitimh a lua, is é sin figiúr sa réigiún €245,570.

 

Aguisín B - Freagra ón Ombudsman ar litir na Roinne den 11ú Feabhra 2009

13 Márta 2009

An tUasal Tom Moran
Ard-Rúnaí,
An Roinn Talmhaíochta Iascaigh agus Bia,
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2

A Uasail Moran, a chara,

Gabhaim buíochas leat as do litir den 11ú Feabhra i ndáil le sásamh a ríomhadh ag éirí as an bhfiosrú mar gheall ar an ngearán a rinne an tUasal Danny Byrne maidir le diúltiú an iarratais óna theaghlach faoin Scéim um Chailliúint ar Muir.

Mar is eol duit ba é an toradh a bhí á lorg ag an ngearánaí nuair a rinne sé an gearán chuig an Oifig agamsa ná go mbronnfaí an tonnáiste a diúltaíodh dó faoin Scéim um Chailliúint ar Muir. Ach, de bharr na gcúiseanna achoimrithe ag bhur Roinn, ghlac mé nach bhféadfaí an toradh sin a ghnóthú de dheasca na srianta atá curtha faoi láthair ar dháileadh an tonnáiste ag an leibhéal náisiúnta agus ag an AE. Ba í an tuairim a bhí agamsa gurb é an t-aon rogha eile a bhí ann ná sásamh éigin airgid a thabhairt, ar choinníoll go n-áireofaí a leithéid ar bhonn cothrom agus oibiachtúil agus nach mbunófaí é ar chritéar treallach éigin. Is chuige sin a cheap mé go mba chóir don Scéim Dhíchoimisiúnaithe, 2008, modheolaíocht chóir agus oibiachtúil a chur ar fáil chun go bhféadfar teacht ar fhigiúr cúitimh i bhfianaise gur dearadh an Scéim chun cúiteamh a thabhairt d'iascairí áirithe, ina measc na hiascairí sin a chuaigh arais go tionscal na hiascaireachta tríd an Scéim um Chailliúint ar Muir, agus atá sásta anois a gcuid tonnáiste a thabhairt suas agus éirí as an iascaireacht.

Tugaim faoi deara go bhfuil suim de €245,570 san iomlán ríofa ag bhur Roinn agus gurb í sin an bhun-íocaíocht a lamháiltear faoin Scéim. Bunaítear í seo ar íocaíocht de €1,000 ar gach oll-tona a bhí i mbád an teaghlaigh Byrne a chuaigh go tóin poill. Thug an Roinn le fios freisin go bhfuil íocaíocht bhreise de €2,500 ar gach oll-tona ann a bhféadfaí a thabhairt  faoi scéim i gcomhair bád le tonnáiste inaistrithe, ach níl bonn le sin sa chás seo. Ní raibh tonnáiste na Scéime um Chailliúint ar Muir inaistrithe ná intrádála agus glacaim le sin. Tá curtha in iúl freisin ag an Roinn nach bhfuil barántas leis an “bpréimhe um ghabhálacha éisc a dhreasú”  de €3,000 an oll-tona a áireamh sa chás seo mar tá sé bunaithe ar ghabhálacha admhaithe de stoic áirithe geal-iasc (agus suas go dtí a thrian de stoic eile neamh-shonraithe) le haghaidh daoine a chuir iarratas isteach roimh 31ú Nollaig 2007. Aontaím anseo arís go bhfuil cur chuige seo na Roinne réasúnta agus tugaim faoi deara gur thoiligh an Roinn gan laghduithe an díchoimisiúnaithe a bhunú ar aois na n-árthach.

Bunaithe ar a bhfuil ráite thuas tá mé sásta go bhfuil an tsuim €245,570 cothrom agus réasúnta mar shásamh chun socrú lán deireanach a chur i gcrích maidir leis an ngearán seo agus faoi fhorálacha Ailt 6(3) d’Acht an Ombudsman, 1980 agus déanaim an moladh dá réir. Iarrtar ort freagra na Roinne ar an moladh seo a chur in iúl dom tráth nach déanaí ná 27ú Márta 2009.

Is mise, le meas,

Emily O'Reilly
Ombudsman

 

Aguisín C - Freagra ón Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia ar litir an Ombudsman den 13ú Márta 2009

23 Aibreán 2009

Ms Emily O'Reilly
Ombudsman
Oifig an Ombudsman,
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2


Tag: Gearán a rinne an tUasal Danny Byrne faoi dhiúltú iarratais ar thoilleadh ionadach faoin Scéim um Chailliúint ar Muir maidir leis an Mótar-Árthach Iascaigh (MÁI) Skifjord.

A Ombudsman, a chara,

Tagraím don litir uait don 13ú Márta 2009 a mhol íocaíocht de €245,570 mar shásamh, de réir Ailt 6(3) d’Acht an Ombudsman 1980, ar an ngearán atá luaite thuas.

Tá an tsuim seo bainte as na figiúirí a sholáthar an Roinn seo mar fhreagra ar iarraidh uait ar shuim ríofa a chur chugat ag baint úsáide as na modhanna a leagadh amach i Scéim Dhíchoimisiúnaithe na Roinne maidir le Báid Iascaigh (2008), agus míniú ag gabháil leis ar an modheolaíocht a úsáideadh. Chun na críche sin chuir an Roinn an t-eolas a lorg bhur n-Oifig ar fáil. Ach níl athrú ar bith ar staid na Roinne maidir leis an gcás agus ba chóir go mbeadh sé soiléir nach bhfuil an Roinn ag tacú le sásamh airgid a thabhairt sa chás seo.

Níor chuir na gearánaithe isteach ar an scéim seo laistigh den teorainn ama agus bhíodar os cionn bliana déanach ag cur iarratais isteach. Tá an Roinn ag cloí leis an seasamh atá againn .i. go riaradh an scéim seo go scrupallach cothrom, ón uair a chinn an tAire chun dul ar aghaidh léi, agus gur caitheadh go cothrom cóir faoin scéim le gach iarratasóir, de réir na dtéarmaí, rialacha agus coinníollacha a leagadh síos.

Tá an Roinn den tuairim freisin nach bhfuil sásamh airgeadais tuillte i dtosca áirithe an cháis seo, agus nach bhfuil sé iomchuí rátaí na Scéime Díchoimisiúnaithe 2008 a chur i bhfeidhm air. Ní hionann é cás an teaghlaigh Byrne, nuair nár cheannaíodh aon bhád ionadach sa tréimhse fiche bliain nó mar sin idir an t-am a ndeachaigh an MÁI Skifjordgo tóin poill agus an t-am a dtionscnaíodh an Scéim um Chailliúint ar Muir. Ní hionann an cás nuair nár lean aon duine den chlann ag iascaireacht agus cás úinéara árthaigh a cheannaigh árthach agus a oibrigh í ar feadh tamall de bhlianta agus atá anois réidh chun éirí as an dtionscal. Is chun a leithéid sin a spreagadh a cheapadh rátaí na Scéime Díchoimisiúnaithe an céad lá. Ní bheadh an teaghlach Byrne ábalta iarratas faoin Scéim Dhíchoimisiúnaithe a dhéanamh – is ar árthach iascaigh amháin a dhéantar a dhíchoimisiúnú agus ní fhéadfaí an toilleadh a dhíchoimisiúnú ina aonar.  

Cé nach bhfuil seo ábhartha don scéim ná do na saincheisteanna áirithe a scrúdaigh bhur n-Oifig i ndáil le cás an teaghlaigh Byrne faoin scéim, is fíor gur thug an teaghlach Byrne le fios go bhfuaireadar lán-íocaíocht ón gcomhlacht árachais de bharr dul go tóin poill an Skifjord.

Agus an scéal uile mar atá, níl an Roinn ag tacú le híoc as sásamh airgeadais sa chás seo.

Is mise, le meas,

Tom Moran
Ard-Rúnaí
An Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia

 

Aguisín D - Freagra an Ombudsman ar litir na Roinne den 23ú Aibreán 2009

5 Meitheamh 2009

An tUasal Tom Moran
Ard-Rúnaí,
An Roinn Talmhaíochta Iascaigh agus Bia,
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2

A Uasail Moran, a chara,

Tagraím dod litir don 23ú Aibreán 2009 mar fhreagra ar an litir uaimse den 13ú Márta 2009 maidir leis an imscrúdú a rinne mé faoin Scéim um Chailliúint ar Muir.

Caithfidh mé a rá go bhfuil an-díomá orm go bhfuil diúltú iomlán tugtha ag an Roinn ar an moladh atá déanta agam sa chás seo agus ní hamháin gur diúltaíodh méid an tsásaimh a moladh ach freisin dímholadh an smaoineamh fiú amháin go raibh sásamh ar bith tuillte sa chás seo.

Faoi Alt 6(5) d’Acht an Ombudsman 1980, má bheartaím nach mbíonn an freagra a thagann ó chomhlacht poiblí sásúil, tá cead agam tuarascáil speisialta ar an ábhar a chur faoi bhráid Tithe an Oireachtais, má cheapaim gur cuí a leithéid. Ba mhaith liom a thabhairt le fios daoibh anois go bhfuil cinneadh déanta agam tuarascáil speisialta ar an gcás a chur faoi bhráid Tithe an Oireachtais. Ar mhaithe le hiomláine cuirfear sa tuarascáil sin an freagra a thug bhur Roinn ar na molta a rinne mé mar aon leis an litir seo. Mar chúirtéis, cuirfidh mé in iúl daoibh, roimh ré agus in am tráth, an dáta a bhfuil sé i gceist agam an tuarascáil speisialta a chur isteach.

Ag éirí as an litir uait den 23ú Aibreán 2009 ba mhaith liom pointí áirithe a chur ar thaifead:

Deir an Roinn go ndearna na gearánaithe iarratas déanach faoin Scéim um Chailliúint ar Muir, agus nár shásaíodar cuid de chritéir na Scéime. Dúradar freisin, chomh luath is a chinn an tAire ar an scéim a thionscnamh go ndearnadh í a riaradh go scrupallach agus go cothrom agus gur chaitheadh go cóir le gach iarratasóir faoi théarmaí na scéime.

Faoi mar atá ráite go soiléir sa tuarascáil imscrúdaithe a rinne mé, ní bhfuair mé aon fhianaise nár cuireadh an scéim i bhfeidhm go cothrom ón uair a seolta. Is éard a bhain mé mar thátal as an imscrúdú, ag féachaint do nádúr agus do chuspóir na Scéime, ná go raibh easpa cothromais i ndearadh na scéime agus nár fógraíodh i gceart í. Mí-riarachán a bhí ann mar sin, de réir m'fhionnachtana. Bhí mé den tuairim freisin go raibh an teaghlach Byrne sa chás chóir go gcaithfí go réasúnta leo mar dhaoine a bhí in aicme a raibh sásamh tuillte faoin scéim acu. Fágadh amach iad de bharr an tslí a cuireadh an scéim le chéile. Chomh maith le sin, níor tarraingíodh aird an teaghlaigh Byrne ar an scéim ag an am ceart toisc nach ndearnadh an scéim a fhógairt mar ba chóir. Dá bhrí sin, toisc gur coimeádadh an teaghlach Byrne gan sochar a fháil, bhí toradh mí-chothromasach leis an Scéim um Chailliúint ar Muir bunaithe ar chúinsí an teaghlaigh agus ar an gcuspóir agus ar an rún a bhí taobh thiar den Scéim.

Is é a deir an Roinn nach raibh úsáid na Scéime Díchoimisiúnaithe oiriúnach chun sásaimh a ríomhadh agus tá an tuairim acu freisin nach raibh bunús ann chun sásaimh a thabhairt ar chaoi ar bith. Dúirt an Roinn nach raibh comparáid idir cás an teaghlaigh Byrne le húinéirí bád a chuir iarratais isteach faoin Scéim Dhíchoimisiúnaithe, daoine a raibh airgead caite thar na blianta acu ag iarraidh árthach a cheannach agus á n-oibriú.  Dúradar freisin nach mbeadh an teaghlach Byrne cáilithe faoin Scéim Dhíchoimisiúnaithe toisc go mbaineann an díchoimisiúnú leis an árthach iascaigh amháin – ní féidir an toilleadh a dhíchoimisiúnú ina aonar.

Mar is eol duit, ba é an toradh a lorg an gearánaí ná go mbronnfaí an tonnáiste air a diúltaíodh dá theaghlach faoin Scéim um Chailliúint ar Muir.  Bunaithe ar na cúiseanna coimrithe ag an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha (a bhí freagrach as na cúrsaí sin ag an am), ghlac mé nach bhféadfaí tonnáiste a bhronnadh ag an tráth seo, agus chuir mé an méid sin in iúl don Roinn agus don ghearánaí faoi seach. Mar phrionsabal coiteann, faoi mar atá coimrithe ag an Oifig agamsa sna Treoirlíne i gcomhair Sásaimh, i gcásanna, má fhaighim amach go raibh mí-riarachán ann, mar a tharla sa chás seo, is é an toradh a bhíonn á lorg ag an Oifig seo agamsa ná an gearánaí a fhágáil ar ais sa staid a bheadh sé/sí dá mba rud é go raibh gach rud déanta mar ba chóir ag am gcomhlacht poiblí sa chéad áit. 

Mar gheall ar a bhfuil ráite thuas, i mo shúilse ní raibh sa Scéim Dhíchoimisiúnaithe ach sprioc nó pointe cothrom tagartha chun conair a dhéanamh i dtreo foirme cothromasaí éigin ag éirí as mo chuid fionnachtana. Ba é cuspóir na scéime sin cúiteamh a thabhairt d’iascairí áirithe a bhí ag iarraidh an tionscal a fhágáil, ina measc iarratasóirí a raibh na cáilíochtaí cuí acu agus a bhféadfaí tonnáiste a bhronnadh orthu ar an gcéad dul síos faoin Scéim um Chailliúint ar Muir. Tugaim faoi deara go ndearnadh íocaíochtaí de €41.1m. faoin Scéim féin le 46 iarratasóir agus is ionann sin agus os cionn €893,000 do gach iarratasóir. I gcás an teaghlaigh Byrne ba í an íocaíocht iomlán a mhol mé ná €245,570. Anuas ar sin, is féidir go mbeadh cuid de na daoine a cháiligh faoin Scéim Dhíchoimisiúnaithe incháilithe chun roinnt laghduithe cánach a fháil, rud nach mbeadh le fáil i gcás an teaghlaigh Byrne.

Feictear dom go n-áitíonn tú nach raibh sé d’ualach ar an dteaghlach Byrne bád iascach a cheannach agus a oibriú faoi mar a bheadh déanta ag daoine a fuair cúiteamh faoin Scéim Dhíchoimisiúnaithe agus dá bhrí sin nárbh aon chomparáid iad siúd leis an dteaghlach Byrne. Dá ligfí an teaghlach Byrne isteach faoin Scéim um Chailliúint ar Muir sa bhliain 2001 agus dá mbeidís ag gabháil den iascaireacht mar thoradh ar sin go dtí 2009, b’ionann an cúiteamh atá á mholadh agamsa (€245,570) agus €30,700 de phroifíd ghlan ón iascaireacht in aghaidh na bliana  i rith na tréimhse sin. Dealraíonn sin domsa gur figiúr réasúnta é sin. Daoine a cheannaigh athraigh agus atá ag fágáil an tionscail anois, tá seans rogha acu, is dócha, na hárthaigh sin a dhíol.

Cé go ndeir tú go bhfuil íocaíochtaí árachais faighte ag teaghlach Byrne de bharr cailliúint a árthach ní bhaineann sé sin le hábhar i dtaobh cháilitheacht an teaghlaigh faoin Scéim um Chailliúint ar Muir ná i dtaobh úsáid na Scéime Díchoimisiúnaithe mar bhonn chun an cúiteamh cuí a ríomh. 

Beidh mé i dteagmháil leat arís chomh luath agus is féidir liom mo thuarascáil a chur faoi bhráid Tithe an Oireachtais.

Is mise, le meas,

Emily O'Reilly
Ombudsman

 

Aguisín E -Litir eile chuig an Ombudsman ón Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia

30th Iúil 2009

Ms Emily O'Reilly
Ombudsman
Oifig an Ombudsman,
18 Sráid Líosain Íocht., 
Baile Átha Cliath 2.


Tag: Gearán a rinne an tUas. Danny Byrne faoi dhiúltú iarratais i gcomhair tonnáiste ionadaigh faoin Scéim um Chailliúint ar Muir maidir leis an Mótar-Árthach Iascaigh (MÁI) Skifjord.

A Ombudsman, a chara,

Táimse im' cheann ar rannán na seirbhísí dlí sa Roinn agus d'iarr an Ard-Rúnaí orm freagra a thabhairt ar an litir uait den 5ú Meitheamh 2009. I dtús báire, ba cheart dom a rá go ndeachaigh an Roinn i gcomhairle le hOifig an Ard-Aighne sular eisíodh an freagra seo. 

Níl sé i gceist agam mion-anailís a dhéanamh athuair ar an bhfreagra lán forleathan atá tugtha ag an Roinn ar na fionnachtana agatsa, mar tá siad siúd cíortha go maith sa mhalartú chomhfhreagrais eadraibh thar mhór-thréimhse ama. Ba mhaith liom roinnt pointí a dhéanamh, ámh, chomh soiléir agus is féidir, pointí atá ábhartha don chinneadh atá déanta ag an Roinn gan chúiteamh airgeadais a thabhairt de réir mar atá molta agat.


1) Easpa bhoinn dlíthiúil chun íocaíocht a dhéanamh leis an dteaghlach Byrne.

Bunaíodh an Scéim um Chailliúint ar Muir (an Scéim) chun cúnamh a thabhairt do pháirtithe ar éirigh lena n-iarratais chun páirt a thógáil sa Scéim agus a shásaigh coinníollacha na Scéime go cruinn agus ina n-iomláine, chun iad féin a athbhunú i dtionscal an iascaigh. Bhí an Scéim riamh faoi réir coinníollacha agus ní raibh na coinníollacha sin an-docht ar fad. Níor tionscnaíodh an Scéim díreach chun bealach a chur ar fáil do dhaoine a chaill baill teaghlaigh ar muir ná chun cúitimh a bhaint as an Stát ar son na cailliúna céanna.

Is fíor le rá é agus tá sé aitheanta ag an Ombudsman sna fionnachtana atá déanta aici ar leathanach 59 dá tuarascáil nár shásaigh an teaghlach Byrne coinníollacha na Scéime ar dhá chúis:

  1. Ó thaobh ama de, fuarathas an t-iarratas ón dteaghlach Byrne bliain amháin tar éis spriocdháta an 31 Nollaig 2001. Seoladh an Scéim ar an 8ú Meitheamh 2001.
  2. Sular cailleadh ar muir é, ní raibh an bád a bhí faoi úinéireacht agus faoi stiúir an Uasail Francis Byrne, nach maireann, á oibrú aige chun críche iascaireacht mara, i gcatagóir a chlúdaítear sna rialacha toillidh, ar feadh tréimhse réasúnta fada. Bhí fad na tréimhse sin socraithe ag an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, mar a bhí, agus is éard a tuigeadh leis an dtréimhse ná dhá bhliain roimh cailliúint ar muir.

I ndáil leis an gcéad pointe, cé go ndéarfadh an Roinn go ndearnadh fógraíocht an-leathan ar an Scéim, tá an seasamh sin á cheistiú ag an Ombudsman. Is malairt tuairime in áit a bheith bunaithe ar aon fhírinne í fionnachtain an Ombudsman go raibh an fhógraíocht easnamhach ar dhóigh ar bith. D'áiteoinn nach mbeadh sé mí-réasúnta go n-úsáidfeadh Aire, agus an Roinn faoi, discréid áirithe maidir le méid na fógraíochta a thabharfaí d’aon Scéim a bheadh á sheoladh aige. De thoradh ar rud ar a dtabharfaimid faillí theicniúil ó thaobh an Aire agus a chuid oifigeach de, molann tusa dámhachtain mhór airgid, agus meastar go bhfuil cuma dhíréireach air sin.

Maidir leis an dara pointe, socraíodh coinníollacha na Scéime ag an am áirithe, ach, ar ndóigh, le buntáiste an iar-eolais, d’fhéadfadh duine a rá, dá mbeadh níos mó taighde déanta ag an Roinn, agus níos mó ama caite ag ceapadh coinníollacha don Scéim go mbeadh cruth difriúil orthu. D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi an-chuid scéimeanna Rialtais, ach ní mór scéim a thionscnamh ar bhonn éigin agus ag am éigin.

Gan amhras, tá sé fíor freisin, dá mbeadh an t-am agus an taighde bhreise a mhol an Ombudsman caite leis an Scéim, is cinnte go mbeadh na coinníollacha ní ba dhoichte agus b’fhéidir go bhfágfaí amach cuid de na daoine a d’éirigh leo faoin Scéim mar a seoladh í. Maidir leis an méid a éilíonn an tOmbudsman ar theip ar an Aire a dhéanamh sular chuir sé an scéim i bhfeidhm, ní féidir bheith cinnte go mbeadh tearmaí Scéime níos láidre nó níos dea-thaighdte i 2001 comhlíonta ag teaghlach Byrne.

Ba é bun-chuspóir na Scéime ná iarracht dáiríre chun cuidiú le daoine dul ar ais ag iascaireacht nuair a bhíodh ceangal láidir leis an iascaireacht sa teaghlach, agus ní díreach chun cúiteamh airgid a sholáthar i gcásanna nuair a bhí cailliúint thubaisteach bheatha daoine i gceist. Tá sé fíor a rá freisin nach ndeachaigh an teaghlach Byrne ar ais ag iascaireacht, agus nár cheannaigh siad bád ionadach, rud a thiocfadh leo a dhéanamh as airgead an árachais ó chailliúint an bháid. Rinneadh an t-iarratas faoin Scéim thart faoi 20 bliana i ndiaidh na tubaiste inar chailleadh an tUas. Byrne sinsearach.

Má dhéantar machnamh domhain ar na nithe sin thuas, níl sé mí-réasúnta go scríobhfadh an tArd-Rúnaí chuig an Ombudsman, mar a rinne sé, i dtéarmaí na litre uaidh den 23ú Aibreán 2009, ag cur in iúl nach bhféadfadh an Roinn gníomh a dhéanamh de bhun na bhfionnachtana a rinne an Ombudsman.


2) Impleachtaí níos leithne fhionnachtana chás theaghlaigh Byrne:

De bharr an staid náisiúnta airgeadais i láthair na huaire, tá sé tábhachtach a dhearbhú go bhféadfadh iarmhairtí forleathana a bheith ag fionnachtana an Ombudsman ar an Roinn féin agus ar an Stát-Chiste. Ní mian liom díspeagadh a dhéanamh ar sheasamh fionnachtana an Ombudsman nuair a deir sí go raibh gnéithe de dhearadh na Scéime “contrártha le riarachán slán agus folláin”, ach bheadh an baol ann go mb’fhéidir go dtiocfadh an tuile anuas de bharr faillíocha beaga riaracháin mar a deartha, go háirithe dá gcuirtí cásanna eile chuig an Ombudsman, cásanna nár éirigh leo faoin Scéim um Chailliúint ar Muir.  Is é atá á mholadh ná go n-íocfaí suim mhór airgid i gcás áirithe, nuair nach raibh, le firinne, aon cheartas chun sochair a fháil faoi riarachán na Scéime áirithe, agus nach raibh aon fhoráil, faoi théarmaí na Scéime, i gcomhair íocaíochta as an Stát-Chiste ná aon mhuirear curtha ar an Stát. Fad is a chuirtear scéim riaracháin i bhfeidhm de réir na dtéarmaí a bhaineann léi, agus go dtiteann iarratasóir go soiléir lasmuigh de na téarmaí céanna, ní bhíonn an t-iarratasóir a theipeann in aon staid níos measa ná mar a bhí sé/sí roimhe sin, agus ní sháraítear aon chearta aige/aici. Féach, mar shampla, cinneadh na Cúirte Uachtaraí sa chás Bode v Aire Dlí is Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí [2007] JESC 62, a dhéileáil le scéim riaracháin i gcomhair náisiúnaigh ón iasacht, ar rugadh páistí in Éirinn dóibh.

Is díol trua mhóir é don teaghlach atá i gceist an scéal tubaisteach a bhí taobh thiar don iarratas seo faoin Scéim um Chailliúint ar Muir ach ní bonn maith é sin chun meicníocht a cheapadh chun déileáil le tonnáiste i gcomhair árthach iascaigh a thiontú ina chóras chun chúitimh a thabhairt. Agus an saol mar atá i láthair na huaire bheadh sé an-deacair don Ard-Rúnaí aontú le haon mholadh chun cúitimh a thabhairt sa chás seo.

Tugaim faoi deara go bhfuil i gceist agat an t-ábhar a thabhairt os comhair Tithe an Oireachtais i Mí Mheán Fómhair.

Is mise, le meas,

Randall Plunkett
Ceann Rannáin na Seirbhísí Dlí.