Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Ranna Rialtais & Comhlachtaí Poiblí Eile  /  Scéim um Chailliúint ar Muir
 

Cuid a Dó - Aguisíní

Aguisín 1 (Árthaigh Iascaigh caillte ar Muir – Critéir um Breithniú ar Iarratais le haghaidh Toillidh Ionadaigh.)

Maidir le toilleadh árthaigh a chailleadh ar muir roimh theacht i bhfeidhm don Chlár a bhunaíodh faoi Rialacháin 1989, glacfar leis an dtoilleadh sin mar thoilleadh ionadach, ach mar bheart eisceachtúil ar fad, ar choinníoll go mbíonn an Roinn lán-sásta, le tagairt d’fhíanaise dhoiciméadach iomchuí mar a leanas:

(a) go raibh an t-iarratasóir ina úinéir agus ina scipéir ar bhád iascaigh Éireannach cláraithe, a chailleadh ar muir;

(b)  gur  cailleadh an bád áirithe de bharr tionóisce ar muir i ndiaidh 1ú Eanáir 1980, agus mar sin go bhfuil an chailliúint dearbhaithe ag na seirbhísí éigeandála nó ag foinse neamhspleách eile inghlactha ag an Roinn;

(c)  go dtaispeántar go raibh an bád áirithe sin, le tagairtí i dtuairiscí na log-bhileoige nó i dtaifid ábhartha eile, á h-úsáid ag an duine áirithe atá i gceist go gníomhach agus go leanúnach ar feadh mór-thréimhse de bhlianta i gcomhair iascaigh mhara de chatagóir atá clúdaithe anois faoi rialacha an pholasaí aischuir thoillidh, go dtí gur cailleadh ar muir í.

(d) gurb í an t-árthach a chailleadh an t-aon mheán amháin (.i. an t-aon árthach amháin) a bhí ag an iarratasóir chun iascaigh mhara a dhéanamh;

(e)  nach raibh ar chumas an iarratasóra, ar chúiseanna dearbhaithe airgeadais nó cúiseanna gaolmhara, árthach eile a fháil ina hionad nó aon árthach cláraithe eile roimh tionscnamh an chláir nua de bhun rialacháin 1989.

(f) ní raibh ar chumas an iarratasóra, ar chúiseanna dearbhaithe nó ar chúiseanna gaolmhara, árthach iascaigh a fháil i gcomhair iascaigh mhara den chineál nó den sórt céanna a bhí á dhéanamh leis an árthach a chailleadh ar muir, ná aon árthach iascaigh mhara eile atá faoi réir réimis an pholasaí aischuir thoillidh.

(g)  Nach bhfuair an t-iarratasóir aon sochar airgeadais ón gcailliúint.

Ní ghlacfar le toilleadh árthaigh iascaigh a chailleadh ar muir mar thoilleadh aischurtha/ionadach ach amháin má tá sé le húsáid chun críche traidisiúin teaghlaigh san iascach mara a chothú agus a chothabháil.  Mar sin ní mór aon toilleadh a ghlacfar leis mar thoilleadh ionadach a úsáid chun árthach a chur in ionad an árthaigh a chailleadh a bheidh faoi úinéireacht agus faoi scipéireacht an iarratasóra nó ag neasghaol don iarratasóir.  Ní féidir aon toilleadh a úsáidtear amhlaidh ó árthach a chailleadh a dhíol ná a dhiúscairt ar bhealach ar bith eile.

Ní mór d’iarratais faoin scéim thuas a bheith istigh faoin 31ú Nollaig 2001

 

Aguisín 2 (Freagra ón Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhaínní Nádúrtha ar an Ráiteas um Ghearán.)

31 Iúil 2006             

An tUas. Pat Whelan
Ard-Stiúrthóir
Oifig an Ombudsman
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath  2.

A Uasail Whelan, a chara,

Déanaim tagairt dod litir den 13ú Iúil 2006 le ráiteas um ghearán iniata i ndáil le gearán a fuair an Ombudsman ó Mr. Danny Byrne i dtaobh an Scéim um Chailliúint ar Muir.  Mar is eol duit tá freagra tugtha cheana féin maidir le pointí a rinne an Oifig agatsa i ndáil leis an ngearán seo. Ba mhaith liom an méid seo leanas a rá maidir le pointí a tá déanta sa ráiteas um ghearán.


Dearadh na Scéime

Deir an ráiteas um ghearán gur líomhnaigh an gearánaí nár bhreithnigh an Roinn ar thosca speisialta an teaghlaigh le linn don Scéim um Chailliúint ar Muir a bheith á dréachtú.  Deir sé freisin go ndeachaigh an Rannán áirithe  ar aghaidh leis an scéim a dhréachtú bunaithe ar an bhfaisnéis shonraithe a bhí ar fáil acu ar 16 cásanna laistigh den Rannán. Deir sé freisin mar gheall ar an modh a chuaigh an Roinn i mbun na Scéime a cheapadh agus a fhoilsiú, gur dealraitheach go ndeachaigh sé sin, i gcás an teaghlaigh Byrne, i gcoinne an rúin agus na hintinne a bhí taobh thiar den Scéim féin. 

Is cosúil go bhfuil na ráitis seo bunaithe ar an gcoincheap go raibh tionchar mór ag leibhéal an eolais a bhí faoi chásanna aonair ar scóip na scéime faoi mar a dréachtaíodh í ar deireadh. Níl sin fíor. Ba é cuspóir an iarrata ar an Rannán um Shábháilteacht ar Muir i Mí Dheiridh Fómhair 2000, faisnéis a lorg faoi árthaigh iascaigh a chailleadh ná meastachán a fháil ar líon na n-árthach a d’fhéadfadh a bheith caillte, seachas anailís a dhéanamh ar chásanna áirithe d’fhonn scéim a cheapadh i gcomhair thoillidh ionadaigh. (Léiríonn scrúdú na bpáipéar nach raibh aon scéim molta á tharraingt suas ag an Rannán Iascaigh Mara ag an am sin). Bhí nádúr na Scéime simplí ó thaobh coincheapa de agus níor theastaigh anailís den sórt sin uaithi. Go simplí, ní raibh i gceist ach cásanna cruthaithe d’árthaigh iascaigh, a chailleadh ar muir laistigh de thréimhse shonraithe, a ghlacadh i gcomhair thoillidh ionadaigh, i gcásanna nach raibh na húinéirí ábalta, ar chúiseanna bona fide, árthach ionadach a fháil roimh nó i ndiaidh thionscnaimh an Chláir nua sa bhliain 1990. Chuireadh coinníollacha sonraithe na scéime in áit d’fhonn an cuspóir seo a léiriú. Tá seo leagtha sios in aighneachtaí i Mí na Samhna agus i Mí na Nollag 2000. Léiríonn na haighneachtaí céanna, d’fhonn deacrachtaí le cuspóirí chabhlaigh MGP na hÉireann a sheachaint, bhí an Roinn cúramach lena dheimhniú nárbh é an toradh a bheadh leis an scéim go mbeadh cineálacha eile cáilithe i chun toillidh ionadaigh a fháil. 

Tagraíonn an ráiteas um ghearán do litir an Roinne den 20ú Nollaig 2005 a deir gurb é “cuspóir soiléir na scéime na traidisiún teaghlaigh sa mhuiríocht a chothú agus a chothabháil”. Ní raibh an cuspóir sin gan teorainn. Níor bhain sé ach leo siúd a shásaigh critéir na cáilitheachta. Leagadh srianta síos maidir le húsáid aon toillidh a bhronnfaí d’fhonn an cuspóir sin a bhaint amach. 

Mar fhocal scoir maidir le dearadh na scéime, ní dóigh leis an Roinn go mbeadh aon tionchar ag eolas faoi leith ar chás an teaghlaigh Byrne, ná ar chásanna eile ag an am sin, ar scóip na Scéime, mar a tarraingíodh suas ar dheireadh í. Mar a dúradh inár bhfreagra den 20ú Nollaig 2005, ní ghlacann an Roinn leis an gconclúid uait go raibh easpa cothromais i ndearadh na scéime. Chomh maith le sin ní aontaíonn an Roinn leis an dtuairim atá tugtha sa ráiteas um ghearán gur oibrigh dearadh na scéime i gcoinne an teaghlaigh Byrne


Fógraíocht na Scéime

Tá measúnú déanta ag an Roinn sa litir uathu den 20ú Nollaig 2005 ar na pointí a rinneadh maidir le fógraíocht na scéime. Ar na cúiseanna a leagadh amach sa litir sin ní aontaíonn an Roinn leis an dtuairim a thugtar sa ráiteas um ghearán go ndealraíonn sé gur oibrigh an modh a d'fhoilsigh an Roinn na scéime i gcoinne intinne nó rúin na Scéime a bheith bainte amach i gcás an teaghlaigh Byrne.


Taifid a bhaineann le Tionscnamh na Scéime agus na Critéir Cáilitheachta

Is é a deir an ráiteas um ghearán nach bhfuil taifid ar bith ar fáil maidir leis an gcúis go díreach ar chinneadh go rachadh an scéim ar aghaidh ach amháin ar an mbonn díreach a tarraingíodh suas na critéir cáilitheachta. Tá gach doiciméad atá ar fáil soláthartha ag an Roinn agus is í tuiscint na Roinne go bhfuil siad lán-soiléir faoi na ceisteanna sin.

Is mise, le meas,

Brendan Tuohy 
Ard-Rúnaí

 

Aguisín 3 ((Meamram gan Dáta gan Síniú - Toilleadh “na mBád in Íochtar Mara”)

Bheadh na hiarmhairtí diúltacha seo a leanas ann dá ndéanfaí lamháltas de chineál ar bith maidir le saincheist “na mbád in íochtar mara”:-

(a) aon iarracht breise a dhéanfaí ar stoc farraige na hÉireann, rachadh sin i gcoinne cuspóirí an pholasaí agus i gcoinne leasa iomláin na hearnála. Tá iarracht iomarcach á dhéanamh cheana féin agus caithfear é a laghdú níos mó fós.

(b) bhainfeadh breisiú ar an dtoilleadh iascaigh an bonn den tslí bheatha atá ag iascairí atá ann anois.

(c) tá na cásanna seo timpeall ar feadh 15/20 de bhlianta agus níor ghéill Aire i ndiaidh Aire díobh am ar bith. Níl chúis mhaith oibiachtúil ar bith ann chun na gcásanna seo a oscailt arís, go háirithe i ndiaidh achair ama chomh fada san.

(d) dá nglacfaí leis na báid seo mar thoilleadh ionadach, b’ionann é sin agus seic a scríobh ar £500,000 (ar an mbonn 200 tonna @ £2,500 an tonna) agus í a thabhairt in aisce do roinnt daoine aonair agus gan ach gnóthachan diúltach ann don Stát agus don eacnamaíocht.

(e) toisc, ag deireadh thiar, nach mbeidh rogha ag an Stát/Cáin-íocóir ach an tomhais chéanna de thoilleadh cabhlaigh a cheannach amach, mar sin is é an cáin-íocóir ginearálta a chaithfidh íoc as an gnóthachan de £500,000 a thabharfar do roinnt daoine aonair.

(f) má thugtar lamháltas ar bith leanfaidh éilimh dosheachanta eile ina dhiaidh.  Is léir ó thaithí fada, chomh luath is a bhogtar an ghreim ar pholasaí, bíonn ídiú breise ag teacht i ndiaidh a chéile agus is deacair cur ina choinne. Bheadh aon ídiú mar sin go tubaisteach ó thaobh an pholasaí de agus chuirfí luas breise faoi ídiú an stoic éisc. 

Dá ndéanfaí athruithe beagán ar bheagán ag freagairt d’achainíocha speisialta ó aonaránaigh, sa chás go mbeadh an hathruithe seo contrártha ar fad le cuspóir an pholasaí - thabharfadh a leithéid gnóthachain mhóra in aisce dos na daoine sin agus d’osclófaí an bealach le haghaidh iarrataí eile leis an “dtuillteanas” céanna – ní fhéadfaí a leithéid a mholadh.

 

Aguisín 4 (Aighneacht na Roinne Talmhaíochta Iascaigh agus Bia mar Fhreagra ar Dhréacht Tuarascála an Fhiosraithe)

3 Iúil 2008

Mr Pat Whelan,
Ard-Stiúrthóir,
Oifig an Ombudsman,
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2

Léiriúcháin ón Roinn Talmhaíochta Iascaigh agus Bia maidir le Tuarascáil an Ombudsman ar an Scéim um Chailliúint ar Muir

A Uasail Whelan, a chara,

Tagraím don Dréacht Tuarascála Fiosraithe uait in ndáil le gearán a fuarthas ó Danny Byrne Uas. maidir leis an Scéim um Chailliúint ar Muir, riartha ag na Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, mar a bhí.

Ar dtús ba mhaith liom a rá go bhfáiltíonn an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia roimh an deis atá tugtha dóibh ag an Ombudsman chun léiriúcháin a dhéanamh i ndáil leis na  fionnachtana agus eile atá sa Dréacht Tuarascála ag éirí as an bhfiosrú foirmiúil atá déanta aici ar an Scéim um Chailliúint ar Muir.  Ba í tuairim na Roinne riamh go gcaithfeadh an Scéim seo, dála gach aon scéim eile, a bheith mar léiriú ar chuspóir nó sprioc fireannach, trédhearcach, fíriciúil agus í a bheith curtha i gcrích go cothromasach trí théarmaí, rialacha agus coinníollacha, ráite go soiléir, laistigh de fráma ama cinnte. 

Mar a achoimríodh i gcomhfhreagras roimhe seo le h-Oifig an Ombudsman, tionscnaíodh an Scéim um Chailliúint ar Muir i Mí Mheithimh 2001 tar éis comhráití le heagraíochtaí ionadaíochta thionscail an iascaigh. Dá bhrí sin, bhí eolas maith ag eagraíochtaí ionadaíochta thionscail an iascaigh ar an Scéim sular seoladh í.


(1) Sprioc/Cuspóir na Scéime um Chailliúint ar Muir

Ba é an t-aon sprioc agus cuspóir a bhí ag an scéim ná chun a chur ar chumas iarratasóirí cáilithe, daoine nach raibh ábalta é a dhéanamh ar aon bhealach eile, cheal airgid nó ar chúiseanna gaolmhara eile, toilleadh ionadach  a sholáthar, chun críche árthach iascaigh ionadaigh a sheoladh mar mhalairt ar báid iascaigh a chailleadh ar muir idir 1980 agus bunú chláir nua na mbád iascaigh sa bhliain 1990, d’fhonn traidisiún teaghlaigh san iascaigh mhara a bhuanú i dtosca nuair a bhí neasghaolta teaghlaigh ag obair i dtionscal an iascaigh. Bhí sprioc agus cuspóir na scéime soiléir, trédhearcach, aon-bhríoch.


(2) Costas na Scéime

Ní raibh aon tacaíocht airgid sa scéim chun an árthaigh iascaigh féin a fháil agus ní fhéadfaí an toilleadh (.i. oll-tonnáiste agus cumhacht innill) a bhronnfaí faoi téarmaí righne na scéime a dhíol ná a thrádáil ná a réadú ar aon bhealach eile mar shócmhainn airgeadais i margadh an tonnáiste.


(3) Seoladh agus Riaradh na Scéime laistigh de Théarmaí, Rialacha agus Coinníollacha Righne

Déanann Tuarascáil an Ombudsman cur síos ar an ndíospóireacht a tharla idir Státseirbhísigh agus an tAire le linn don Aire a bheith ag machnamh ar cheart an scéim a thabhairt isteach nó gan í a thabhairt isteach. Ní dhéanann an méid atá le rá anseo thíos aon bhreithniú ar na buntáistí nó a mhalairt le scéim a bheith ann ach déantar díriú ar riaradh na scéime i ndiaidh don Aire an cinneadh a dhéanamh go raibh scéim le bheith ann. Rinne an tAire Fahey an cinneadh chun an scéim a sheoladh i Mí Mheithimh 2001, le dáta dúnta cinnte i gcomhair iarratas den 31ú Nollaig 2001. Bhí réimse na fógraíochta a rinneadh ag teacht leis an ngnás agus an cleachtas sa chás seo, sa mhéid go ndearnadh í a fhoilsiú i bpáipéir trádála an lucht iascaigh, le fonn iarratasóirí ionchais i dtionscal an iascaigh a chur ar an eolas faoi, daoine a bhí ag leanúint traidisiúin theaghlaigh san iascach mara. Tá páipéir trádála an lucht iascaigh mhara ar aon dul leis an Farmer’s Journal ag feirmeoirí. Duine ar bith a mbeadh suim acu a bheith ag leanúint le traidisiún a dteaghlach sa iascach tráchtála (cuspóir na scéime), thuigfí go réasúnta go mbeadh fios acu ar ábhar na bpáipéar trádála iascaigh. Ba iad siúd, mar atá fós, na meáin ba mhó a bhí dírithe ar gach rud a bhain le tionscal an iascaigh agus ar na pobail a bhíonn i gcleithiúnas an iascaigh. Mar a dúradh cheana, bhí an scéim ar aithne go maith ar eagraíochtaí ionadaíochta thionscail an iascaigh sular seoladh í.

Bhí an Roinn go scrupallach ag riaradh na scéime sa mhéid gur chaitheadh go cothrom le gach iarratasóir faoi réir téarmaí, rialacha agus coinníollacha.  Mar a dúradh cheana, chuir an scéim ar chumas iarratasóirí cáilithe, daoine nach raibh ábalta é a dhéanamh ar aon bhealach eile, cheal airgid nó ar chúiseanna gaolmhara eile, toilleadh ionadach a sholáthar, chun críche árthaigh iascaigh ionadaigh a sheoladh mar mhalairt ar bháid iascaigh a chailleadh ar muir idir 1980 agus bunú chláir nua na mbád iascaigh se bhliain 1990, d’fhonn traidisiún teaghlaigh san iascaigh mhara a bhuanú i dtosca nuair a bhí neasghaolta teaghlaigh ag obair i dtionscal an iascaigh. Níor bhfoláir go n-úsáidfí aon toilleadh dothrádálta (.i. níor cheadmhach é a dhíol) a bhronnfaí faoin scéim chun críche árthaigh iascaigh ionadaigh a sheoladh mar mhalairt ar árthach iascaigh a chailleadh a bhí faoi úinéireacht agus scipéireacht an iarratasóra nó neasghaoil leis.

Tá an Roinn go daingin den tuairim go raibh an ceart go raibh sa scéim seo, mar atá i bhformhór scéimeanna, sprioc agus dáta dúnta cinnte chun glacadh le hiarratais. Is cosúil gurb atá léirithe san Dréacht Tuarascála go mb’fhéidir go dtuigfí go mba chóir go seolfaí an scéim ar bhonn gan dothomhaiste nó ar bhonn gan teorainn. Tháinig an t-iarratas ón dteaghlach Byrne isteach sa Roinn i Mí Eanáir 2003, os coinn dhá mhí dhéag i ndiaidh dáta dhúnta na scéime.  In éineacht leis an iarratas a bheith déanach níor shásaigh sé coinníollacha cáilitheachta na scéime go léir, agus is é tuairim shoiléir na Roinne go raibh an ceart é a dhiúltú.


(4) Toradh na Scéime

Bhi 68 iarratasóir ar fad faoin scéim, ach níor cháiligh ar seisear acusan faoi théarmaí na scéime. As an seisear iarratasóirí a cháiligh, tá cúigear, nó baill dá neasghaolta gafa i dtionscal an iascaigh thráchtála agus le hairgeadú príobháideach, tá an toilleadh dothrádálta (.i. oll-tonnáiste agus cumhacht innill) á úsáid acu chun báid ionadaigh a thabhairt isteach mar mhalairt ar an árthach a chailleadh, ar mhaithe le leanúint le traidisiún an teaghlaigh san iascach mara. Cé gur bronnadh toilleadh ar aon duine amháin eile faoin scéim, ní raibh sise inniúil ar bhád a thabhairt isteach in ionad an árthaigh a chailleadh mar níl sise ná aon duinne dá neasghaolta gafa i dtionscal an iascaigh. Ní féidir an toilleadh a bhronnadh faoi théarmaí na scéime a úsáid i gcás mar sin mar ní foláir don árthach ionadach a bheith faoi scipéireacht agus úinéireacht ag an iarratasóir nó ag neasghaol don iarratasóir. Ina cás siúd, tá an toilleadh a tugadh dí imithe i léig faoi riail an dá bhliain a tugadh isteach le Treoir Polasaí an Aire 2/2003.


(5) An tAcht Iascaigh (Leasú) 2003

Tugadh Acht 2003 isteach chun údaráis cheadúnaithe neamhspleách a bhunú chun cinntí a dhéanamh ar iarratais aonair i gcomhair ceadúnaithe agus cláraithe bád iascaigh mhara. Chuireadh ar bun é ionas go ndéanfaí na cinntí ar mhodh trédhearcach agus saor ó thionchar polaitiúil. 

BA MHAITH LEIS AN ROINN NA RÁITIS AGUS NA BREITHNIÚCHÁIN ÁIRITHE SEO A LEANAS A DHÉANAMH MAIDIR LE DRÉACHT TUARASCÁLA AN OMBUDSMAN

1) Easaontaíonn an Roinn le fionnachtana an Ombudsman ag uimhir 2 den Dréacht Tuarascála agus leis an “anailís” taobh thiar díobh. Ní féidir leis an Roinn a thuiscint conas ar an dara leathanach deiridh den dréacht doiciméad go ndeirtear go raibh an scéim ró-dhírithe ar chásanna aitheanta. Rinneadh é a chur in iúl go sainiúil d’oifig an Ombudsman gurb fhíor nach raibh an scéim dréachtaithe ag tagairt do chásanna aitheanta, ach go raibh sí, dá mhalairt sin, deartha ó bhun-phrionsabail, i gcomhthéacs pholasaí an cheadúnaithe iomláin.  Sna tosca seo, ní dealraitheach go bhfuil bonn maith leis an dtuairim/bhfionnachtain nach raibh dóthain taighde déanta (faoi na cásanna aonair atá i gceist anseo). Bhí na státseirbhísigh scrupallach ar riaradh na scéime agus ag deimhniú gur chaitheadh go cothrom le gach iarratasóir. Níl dada sa tuarascáil a thugann a mhalairt le fios.

Gan bacadh leis na buntáistí nó a mhalairt do scéim mar í a bheith ann nó gan a bheith ann, is í tuairim na Roinne, chomh luath is a chinn an tAire dul ar aghaidh leis an scéim, chuathas i mbun a deartha go maith. Bhí taighde dhóthanach déanta uirthi, agus bhí sí cothromasach sa sprioc/chuspóir, agus sa toradh a bheartaíodh dí. I gcásanna d’iarratasóirí fíora, go raibh an t-iarratasóir nó neasghaolta teaghlaigh dó/dí ag obair i dtionscal an iascaigh tráchtála, lamháladh dóibh leanúint le traidisiún an teaghlaigh san iascach mara. Níor tugadh aon tacaíocht airgeadais faoin scéim chun an árthaigh iascaigh féin a cheannach agus ní bhfaighfí an toilleadh (.i. oll-tonnáiste agus cumhacht innill), a tugadh faoi théarmaí righne na scéime a dhíol ná a thrádáil ar bhealach eile agus ní bhfaighfí é a réadú mar shócmhainn airgeadais ar mhargadh an tonnáiste.

Dealraíonn sé go bhfuil an tuiscint á thabhairt sa Dréacht tuarascála nach féidir riamh critéir buan daingin agus docht-cheangailteach a chur le scéim, agus go bhfuil scóip chun bogadh éigin riachtanach i gcónaí. D’fhéadfadh iarmhairtí a bheith lena leithéid sin ar dhearadh an-chuid scéimeanna. Tá an tuairim daingin ag an Roinn maidir leis an scéim seo, dála scéimeanna eile, go gcaithfidh dáta dúnta nó sprioc lá a bheith léi, agus, mar ba chóir, níor seoladh í ar bhonn neamh-theoranta nó dothomhaiste. Is í tuairim na Roinne go bhfuil sé soiléir nár fhoráil an Scéim i gcomhair aon rogha i réimse na n-iarratas déanacha ná i gcásanna nár sásaigh iarratasóir éigin dian-choinníollacha na scéime go léir. 

(2) Easaontaíonn an Roinn le fionnachtana an Ombudsman ag uimhir 3 den Dréacht Tuarascála agus leis an “anailís” taobh thiar díobh. Mar a dúradh cheana, ní féidir leis an Roinn a thuiscint conas, ar an dara leathanach deiridh den dréacht doiciméid go ndeirtear go raibh an scéim ró-dhírithe ar chásanna aitheanta. Rinneadh é a chur in iúl go soiléir d’oifig an Ombudsman nach raibh an scéim go fíriciúil dréachtaithe ag tagairt do chásanna aitheanta, ach go raibh sí, dá mhalairt sin, deartha ó bhun-phrionsabail, i gcomhthéacs pholasaí an cheadúnaithe iomláin. Bhí réimse na fógraíochta rinneadh ag teacht leis an ngnás nós agus cleachtas sa chás seo, sa mhéid go ndearnadh í a fhoilsiú i bpáipéir trádála an lucht iascaigh, le fonn iarratasóirí ionchais i dtionscal an iascaigh a chur ar an eolas faoi, daoine atá ag leanúint traidisiúin theaghlaigh san iascach tráchtála. Tá páipéir trádála an lucht iascaigh mhara ar aon dul leis an Farmer’s Journal ag feirmeoirí. Duine ar bith a mbeadh suim acu leanúint le traidisiún a dteaghlach sa iascach tráchtála (cuspóir na scéime), thuigfí go réasúnta go mbeadh fios acu ar ábhar na bpáipéar trádála iascaigh. Ba iad siúd, mar atá fós, na meáin ba mhó a bhí dírithe ar gach rud a bhain le tionscal an iascaigh agus ar na pobail a bhíonn i gcleithiúnas an iascaigh. Mar a dúradh cheana, bhí an scéim ar aithne go maith ar eagraíochtaí ionadaíochta thionscail an iascaigh sular seoladh í.

(3)   Easaontaíonn an Roinn le fionnachtana an Ombudsman ag uimhir 4 den Dréacht tuarascála agus leis an “anailís” taobh thiar díobh. Tá an Roinn go láidir den tuairim gur coimeádadh taifid soiléir, aon-bhríoch, sa mhéid a bhain le cuspóir riachtanach na scéime, le cinneadh soiléir an Aire chun an scéim a sheoladh, le rialta agus coinníollacha soiléire na scéime, le riarachán cothrom na scéime agus le toradh na scéime.                 

(4) Diúltaíonn an Roinn amach is amach don fhionnachtain maidir le “mí-riarachán” ag uimhir 5 den Dréacht tuarascála. Mar gheall ar an gcaidreamh leis an Aire roimh an treoir a thug sé chun dul ar aghaidh leis an scéim, chuir na Státseirbhísigh síos go soiléir, faoi mar atá ar thaifead, an dearcadh a bhí acu i ndáil leis na buntáistí nó a mhalairt a bhain lena leithéid de scéim. I gcúinsí mar seo ní féidir le Státseirbhísigh ach comhairle a thabhairt d’Aire, agus sin mar a tharla sa chás seo.

Má tá sé i gceist go mbaineann an fhionnachtain le riarachán na scéime ón bpointe a thug na tAire an cinneadh uaidh go raibh an scéim le cur i bhfeidhm, is dóigh leis an Roinn, bunaithe ar a bhfuil ráite thuas, gur cúiseamh an-láidir ar fad é sin le déanamh. Ni thig leis an Roinn a thuiscint cén chaoi a thángthas ar an gconclúid seo i ndáil le feidhmiú na scéime. Tá an Roinn go láidir den tuairim go bhfuil an chonclúid iomarcach, neamhchothrom agus gan tacú ar bith i gcorp na Tuarascála.

(5) Tá an Roinn go láidir den tuairim, ar mhaithe le cothromas, go gcuirfear an freagra foirmiúil ina iomláine a tugadh mar fhreagra ar an Ráiteas um Ghearán mar aguisín leis an dTuarascáil. (Tá sé luaite go forleathan ach ba chóir go mbeadh an freagra le léamh ina iomláine).

(6)  D’iarr an tUas. Thomas Carroll, iar-Ard-Rúnaí go ndéanfaí na leasaithe thíos (Aguisín 1 i gcló dearg a chur chuig Oifig an Ombudsman, ionas gur féidir a chuid chuimhnítí ar an ábhar a léiriú níos beachta. 

Is mise, le meas,

Tom Moran
Ard-Rúnaí
An Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia

 

Aguisín 5 (Aighneachtaí an Iar-Aire Fahey mar Fhreagra ar Dhréacht Tuarascála an Fhiosraithe)

Ms Emily O'Reilly
Ombudsman
Oifig an Ombudsman
18 Sráid Líosain Íochtaireach
Baile Átha Cliath 2


Tag: An tUas. Danny Byrne agus an Scéim um Chailliúint ar Muir

A Ombudsman, a chara,

Go raibh maith agat as do litir den dáta 9ú Meitheamh 2008. Is éard a bhí i mo litir don 14ú Bealtaine 2008 ná mo chuid aighneachtaí ar do Dhréacht Tuarascáil, agus ní ‘uiríll’ mar atá agat sa litir is déanaí uait. Ba mhaith liom a ndúirt mé i mo litir don 14ú Bealtaine a rá arís.

Creidim go bhfuil fionnachtana neamh-chothroma gan bharántas agus cáintí díobhálacha dom i do Dhréacht Tuarascála. Is í mo thuairim go bhfuil dochar déanta dom leis an modh ar dhéileáladh leis an ngearán agus leis an modh ar dhéileáladh liom féin faoin gceist seo.

Chomh maith le sin, tagraím arís don toradh mór-dhíobhálach agus na hiarmhairtí a d’fhulaing mise de bharr an cur síos ar an Scéim atá déanta cheana ag an Oifig agatsa, á rá go raibh sí “an-easpach agus an-fhabhtach ar fad”. Mar shampla ar sin cuirim le seo sleachta as ailt nuachtán ina ndearnadh líomhaintí tromchúiseacha, neamhchruinne im choinne-se agus i gcoinne mo charachtair mar thoradh ar an gcur síos a rinne an Oifig agatsa ar an scéim roimhe seo.

Is léiriú an méid sin ar an meáchain agus an mhuinín a chuirtear ar ráitis a thagann as an Oifig agatsa, agus, dá bhrí sin, a thábhachtaí is atá sé go mbeadh aon ráiteas den sórt sin cothrom, dea-mheáite, agus sa bhfriotal iomchuí. Dá réir sin, in aon tuarascáil dheireanach a thagann as d’oifig, áitím oraibh é seo a choimeád ar aigne (go háirithe de bharr na n-iarmhairtí tromchúiseacha díobhálacha darbh fhéidir leanúint as teanga mhíchothrom iomchuí a úsáid i ráitis as bhur n-Oifig) agus cúram agus machnamh cóir a thabhairt don méid a scríobhtar agus don fhriotal a úsáidtear in aon tuarascáil dá shórt.

Mar fhocal scoir, mar a dúirt mé cheana, d’fháilteoinn le haon deis chun bualadh leat féin agus fanaim ar scéala eile uait faoi seo.

Is mise, le meas,
FRANK FAHEY, T.D.

==================================================================

14 Bealtaine 2008                           

Ms Emily O'Reilly
Ombudsman
Oifig an Ombudsman
18 Sráid Líosain Íochtaireach
Baile Átha Cliath 2

A Ombudsman, a chara,

Tagraím don Dréacht Tuarascála Fiosraithe atá déanta agat ar an ngearán a rinne an tUas. Danny Byrne, Carnadree House, An Bhruclais, Co. Dhún na nGall chuig d’oifig-se i Mí na Samhna 2004 i gcoinne chinnidh na Roinne Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, mar a bhí, chun diúltú a thabhairt ar iarratas óna mháthair faoin Scéim um Chailliúint ar Muir (an Scéim).

Sa litir a chuir tú chugam den dáta 22ú Aibreán 2008, thug tú cuireadh dom machnamh ar do dhréacht tuarascála, agus, dá m’áil liom, aighneachtaí a dhéanamh faoi. Tá deis faighte agam anois an machnamh sin a dhéanamh agus tá na haighneachtaí déanta agam thíos anseo.

Ní cheart a thuiscint go bhfuil rud ar bith anseo a bhaineann ón gcás tragóideach atá taobh thiar den ghearán seo ná ón gcailliúint uafásach a d’fhulaing an teaghlach Byrne, agus admhaím é sin ó chroí amach.


Aighneachtaí

Tar éis dom machnamh a dhéanamh ar an dréacht tuarascála uait, tá mé den tuairim go bhfuil fionnachtana míchothroma, gan bharántas agus cáintí díobhálacha fúmsa inti. Is tábhachtach, dar liom, rianú a dhéanamh ar stair an ghearáin chuig d’oifig agus an bhaint a bhí agamsa leis.


An Réamh-Fhiosrú

Is cosúil go bhfuair an Oifig agatsa gearán ón Uas. Byrne i Mí na Samhna 2004. Sin dhá bhliain beagnach tar éis don iarratas óna mháthair a bheith diúltaithe. Ag an tráth úd, níor chuir d’oifig in iúl dom go raibh gearán déanta agus níor chuireadh nádúr an ghearáin in iúl dom. Níor tugadh cóip den ghearán dom. Freisin níor chuir an Oifig agatsa in iúl dom, in ainneoin Alt 5(i)(f) d’Acht an Ombudsman, 1980, go raibh cinneadh déanta acu déileáil leis an ngearán. Gan scéala ar bith a chur chugamsa, chuaigh d’oifig ar aghaidh le réamh-scrúdú a dhéanamh ar an ngearán.

Níor chuir d’oifig ábhar an scrúdaithe in iúl dom go raibh sé beartaithe scrúdú a dhéanamh ar aon éileamh nó líomhaintí de shórt ar bith im choinne-se (go pearsanta, nó maidir leis an ról a bhí agam mar Aire le linn don scéim a bheith á dhearadh agus á chur i bhfeidhm)/

Go deimhin, ní bhfuair mé scéala ó d’oifig faoin ngearán, faoina scóip ná faoi chinneadh d’oifige chun fiosraithe a dhéanamh faoi go dtí go raibh an réamh-scrúdú críochnaithe agaibh. Faoin am sin bhí scríofa agaibh cheana chuig na Uas. Byrne ag cur an tuairim chuige go mb’fhéidir go raibh an Scéim “an-easpach agus an-fhabhtach ar fad”. De réir mar a thuigim, bhí an gearán fós faoi réamh-scrúdú nuair a chuir d’oifig an scéala sin chuig an Uas. Byrne.

Dar liomsa, bhí sé míchuí agus anabaí amach is amach don Oifig agaibhse comharthaí sóirt mar sin a thabhairt don scéim agus an cur síos sin a chur chuig an ngearánaí ag an am, gan scrúdú iomlán a bheith déanta agus críochnaithe agaibh ar dtús agus aighneachtaí faighte agus cloiste ó na páirtithe go léir.

Thairis sin, an cur síos a rinne bhur n-Oifig ar an Scéim sna téarmaí sin, ag tráth, mar a thuigim, nach raibh an réamh-scrúdú fiú amháin críochnaithe fós agaibh ná na haighneachtaí lorgtha ó na páirtithe go léir (mé féin san áireamh), is éard a bhí ann, dar liomsa, ná réamh-bhreithiúnas á thabhairt ag bhur n-Oifig gan fiosrú ná scrúdú lán, cothrom a bheith déanta agaibh.

Mar is eol duit, rinneadh tuairim d’oifig-se (mar a tugadh í sa litir chuig an Uas. Byrne den dáta 11 May 2005) a scaoileadh chuig na meáin ar mhodh éigin anaithnid. Sna sála ar sin chuireadh tús le feachtas fíor-láidir polaitiúil, agus sna meáin cumarsáide, a rinne iarracht úsáid a bhaint as an gcur síos a rinne d’oifig ar an Scéim chun díobháil a dhéanamh dom charachtar agus dom chlú. Tháinig as sin sraith alt agus líomhaintí mar gheall ormsa a bhí neamhchruinn agus gan fírinne. D’iarr mé ar d’oifig na ráitis úd a cheartú nó a shoiléiriú, ach ní raibh toradh leis an iarraidh. Cé go dtuigim nach raibh an Oifig agatsa freagrach as na foilseacháin sna meáin, maidir le tuairim d’oifige a fhoilsiú go hanabaí chuig an ngearánaí agus an sórt teanga a úsáid bhur nOifig á dhéanamh sin, is fíor gurb é an toradh díreach a bhí le sin ná an feachtas díobhálach im choinne-se a lean é sna meáin. Ní raibh a fhios agam (agus ní bhfuaireas fios ó d’oifig-se) go raibh an déileáil a bhí agam leis an Scéim faoi scrúdú, scrúdú a thiocfadh fionnachtana nó cáintí as a d’fhéadfadh a bheith díobhálach dom.

Níl aon amhras ná go ndearnadh líomhaintí gan bhunús im choinne-se agus i gcoinne mo charachtair, de bharr tuairime a d’fhoilsigh d’oifig-se fúmsa. Sa chás sin, bhí an-ionadh orm (mar atá fós) gur theip ar d’oifig teagmháil a dhéanamh liomsa agus mo thuairim nó mo chuimhnítí ar na himeachtaí roimh bunú Scéime a lorg sula dtáinig sibh ar an dtuairim sin, agus nár thug d’oifig aon chuireadh dom chun aighneachtaí a dhéanamh ná éisteacht a thabhairt dom ar an ábhar. 

An faillí a rinne d’oifig gan nádúr an ghearáin agus scóip an scrúdaithe a bhí á dhéanamh agaibh a chur in iúl dom, rinne sin an deis a shéanadh orm chun aon uiríll a déanamh mar gheall air. Níor tugadh an deis dom aighneachtaí a dhéanamh ar an ngearán i gcás nuair a d’fhéadfadh iarmhairtí díobhálacha a theacht as an réamh-scrúdú mar gheall orm (rud a tharla, agus an damáiste mór a rinneadh dom dhea-chlú agus dom charachtar, mar thoradh ar an gcur síos a rinne d’oifig, agus réamh-scrúdú na Scéime),

Déanaim tagairt d’fhorálacha Acht an Ombudsman, 1980 (Alt 6 (6)) ina ndeirtear nach ndéanfaidh tú fionnachtain nó cáineadh i ráiteas, i moladh ná i dtuarascáil,  díobhálach do dhuine, gan deis a bheith tugtha don duine sin chun machnaimh a dhéanamh ar an bhfionnachtain nó ar an gcáineadh agus uiríll a dhéanamh mar gheall air chugatsa. Go mí-ábhartha, is í fírinne an scéil, gurb í an chiall a bhain roinnt páirtithe as an gcur síos ar rinne d’oifig-se ag roinnt páirtithe (lena n-áirítear rannóga des na meáin, mar thuairisciú dearbhaithe a ghineadh) ná mar cháineadh díobhálach ormsa – in ainneoin nár tugadh aon deis dom uiríll a dhéanamh chuig an Oifig agatsa roimhe sin. Freisin, mar is eol duit ní foláir, tá ceangaltas faoi Acht an Ombudsman, 1980 go gcaithfear fiosrú a dhéanamh ar mhodh eile "seachas go poiblí." Tá an ceangaltas reachtúil ann go ndéanfaí an fiosrú go príobháideach, mar chosaint gan amhras go dtugtar éisteacht chothrom do gach aon duine. Is í mo thuairim go bhfuil dochar déanta anois don cheart atá agam chun éisteacht chothrom a fháil de bharr réamh-dhearcaidh d’oifige ar an Scéim a bheith foilsithe (agus ar an gcúis gur theip oraibh aighneachtaí a lorg ná a fháil uaimse roimh ré).

Go dtí gur theagmhaigh d’oifig liom i Mí Iúil 2007 ag iarraidh orm teacht chuig agallamh, ní raibh cóip ar bith den ghearán a rinne an teaghlach Byrne tugtha dom agus níor chuir d’oifig in iúl dom go bhfaighfí fionnachtana díobhála im choinne-se (mar iar-Aire), murab ionann agus i gcoinne na Roinne féin. 

Is ionadh mór liom é sin (agus díomách freisin), bíodh is gurb é an toradh atá tagtha as an scrúdú ar rinne d’oifig ar an ngéarán ná fionnachtain dhíobhálach, a bhí ina chúis láidir go leor chun fiosrú foirmiúil a bharántú. Mar thoradh ar sin arís tháinig dréacht tuarascála uait, le fionnachtana díobhálach im choinne-se inti.

Is fiú a nótáil freisin gur tháinig an céad scéala chugamsa ó d’oifig i Mí Iúil 2007, os cionn sé bhliana i ndiaidh don Scéim a bheith deartha agus curtha i bhfeidhm sa chéad áit; 4 ½ bliana ón uair a diúltaíodh don iarratas ón dteaghlach Byrne agus os cinn 2 ½ bliana i ndiaidh don ghearán a bheith faighte san oifig agatsa.  Níor ofráladh aon mhíniú sásúil ar an moill seo, rud a rinne díobháil bhreise domsa.


Fiosrú

Tar éis críochnaithe don réamh-fhiosrú, chinn d’oifig dul ar aghaidh agus fiosrú foirmiúil a dhéanamh ar an ngearán.  Faoi mar a thuigim, chuireadh Ráiteas um Ghearán chuig an Roinn, ach ní bhfuair mise a leithéid ag an am.

Le linn don fhiosrú a bheith ar siúl, theagmhaigh d’oifig liom don chéad uair i Mí Iúil 2007 agus tugadh cuireadh dom teacht i gcomhair agallaimh. Is ag an am sin a thug d’oifig cóip den Ráiteas um Ghearán dom (fiú ag an dáta seo, níl cóip den bhun-ghearán ón dteaghlach Byrne faighte agam). Tháinig mé chugaibh láithreach agus casadh do chuid oifigeach orm ar an 30ú Iúil 2007. Faoi mar a d’admhaigh tú sa dréacht tuarascála rinne mé comhoibriú iomlán leis an bhfiosrú a rinne sibh san ábhar seo.


Dréacht Tuarascála

Tuigim ón dréacht tuarascála go nglacann tú nár shásaigh an teaghlach Byrne dhá cheann ar a laghad de choinníollacha cáilitheachta na Scéime. Leanann an dréacht tuarascála ansin ag breithniú ar dhearadh agus ar fheidhmiú na Scéime.

Mar Aire na linne sin, rinne mé cinneadh polasaí go ndéanfaí an Scéim um Chailliúint ar Muir a tharraingt suas. Bhí eolas agam faoin bpolasaí a bhí ag an Roinn roimhe sin agus an freasúra ginearálta a bhí i gcoinne scéime dá sórt agus an chúis a bhí leis an bhfreasúra sin. 

Tar éis dom gach taobh den scéal a bhreithniú, chinn mé ar an bpolasaí a athrú agus scéim a thionscnamh a fhreastalódh ar fhíor-chásanna tuillteanacha. Is cuimhin liom comhráití idir oifigigh mo Roinne agus mé féin ag an am maidir le buntáistí agus mí-bhuntáiste a leithéid de scéim a thionscnamh. Dá dtabharfaí isteach í, bhí a fhios agam gur theastaigh ón Roinn na critéir cáilitheachta d’aon scéim mar í a theorannú ionas go bhfaighfí an méid cásanna a cháileodh a shrianadh, mar bhí eagla orthu go n-osclófaí geataí na dtuiltí d’iarratasóirí a thairbheodh dá bharr. Ba é an t-aon srianadh amháin a bhí á lorg agamsa áfach ná go ndéanfaí an critéar cáilitheachta in aon scéim ar bith a theorannú go dtí cásanna tuillteanacha ( agus go ndéanfaí í a dhréachtú sa tslí is nach mbeadh sí oscailte le haghaidh mi-úsáide ag bréag-iarratasóirí/éilimh). Níor theastaigh uaim í  a shrianadh ar chúis ar bith eile.

Is dealraitheach go gcuirtear an bhéim i do dhréacht tuarascála ar an nóta uaim chun “imfhálú a déanamh ar a sé go dtí a hocht d’fhíor-chásanna”. Is é an tuiscint a bhí agam le húsáid an fhocal “imfhálú” ná “imfhálú” (sa chiall “srianadh”) a chur faoi scóip aon scéime agus í a theorannú chuig fíor-chásanna amháin, agus sin í an chiall ba chóir a bhaint as. Thairis sin, nuair a úsáid mé “imfhálú” bhí sé mar fhreagra ar nóta ó Ms Sarah White, Rúnaí Cúnta, ar an 11ú Samhain 2000, inar nocht sí imní maidir le cén áit a stopfadh scéimeanna/éilimh den sórt sin. Cé gurb eol dom an imní a bhí ar mo chuid oifigeach go bhféadfadh scéim geataí na dtuilltí a oscailt i gcomhair iarratas agus an fonn a bhí orthu na uimhreacha a theorannú, ní raibh mé buartha mórán faoi sin. Is í an mhór-imní a bhí orm féin (agus an chúis a d’athraigh mé an polasaí) ná scéim a thabhairt isteach a bheadh ábalta fíor-chásanna tuillteanacha a chlúdach – agus is cuma cé méid cásanna a bheadh i gceist.

Nuair a dúirt mé “a sé go dtí a hocht” ní raibh ansin ach athrá ar an méid a bhí ráite liom ag mo chuid oifigeach ag an am – ní raibh iontu ach uimhreacha táscacha – sin an méid – agus ní raibh aon tionchar acu ar an mbaint a bhí agam le ceapadh na gcritéar cáilitheachta don Scéim.

Creidim go bhfuil sé tábhachtach freisin go dtuigfeá an tráth/comhthéacs inar tharla an caidreamh úd. Tharla na comhráití seo faoi “imfhálú” ag tráth nuair nach raibh aon chinneadh déanta fós go n-athrófaí an polasaí le scéim a thabhairt isteach. Is éard a bhí ann ná malartú tuairimí agam féin agus mo Roinn faoi na buntáistí agus na mí-bhuntáistí a bhain le polasaí a athrú sula raibh aon chinneadh déanta agam ar pholasaí a athrú – agus is léiriú é sin ar an mbreithniú iomlán, cóir agus cúramach a rinne mé ar gach taobh den scéal sular chinn mé ar athrú polasaí.

Dá bhrí sin, má táthar a rá anois go mb’fhéidir go raibh fonn orm “imfhálú” a dhéanamh agus gan ligean ach do “sé go dtí a hocht cásanna” cáiliú faoi scéim ag an am sin, nuair nach raibh m’aigne socair cibé acu ar cheart don scéim a bheith ann cor ar bith, is dochreidte é sin agus cuireann sé an seasamh a bhí agam as a riocht ar fad. 

Na fionnachtana airbheartaithe atá sa dréacht tuarascála agaibh atá ag iarraidh sonrú a dhéanamh ar bhaint nó spéis éigin a bheith agamsa le líon na gcásanna – níl siad ceart agus sin í an fhírinne.

Tá sé mícheart freisin ag do dhréacht tuarascáil a rá, ón agallamh a bhí agam in bhur n-Oifig agus ón doiciméadú, go raibh fonn orm “imfhálú a dhéanamh ar chásanna an MÁI Joan Patricia, an MÁI Spes Nova agus an Kris an Avel”. Bhí fonn orm fíor-chásanna tuillteanacha a “imfhálú” – ba chuma liom dá mba ionann sin agus 50 cás (mar a dúirt mé ag an agallamh) nó “a sé go dtí a hocht”. Roimh an chinneadh a dhéanamh ar athrú polasaí rinne mé iniúchadh ar chás an MÁI Joan Patricia agus MÁI Spes Nova (tá sé tábhachtach a mheabhrú gur cás amháin ba ea é seo – chuaigh an dá bhád síos sa chiotrainn chéanna) mar chabhair chun an chinnidh a dhéanamh go raibh gá leis an athrú polasaí nó nach raibh.

Feicim go bhfuil sé ráite agaibh sa dréacht tuarascála go raibh fianaise ann maidir le hobair ghníomhach “theagmhálach” a bheith ar siúl agam féin agus ag mo chuid oifigeach i ndearadh na scéime. Mar thacú le sin, leanann do dhréacht tuarascála lena glacadh gur chuir mise, go hiomchuí, mar Aire na linne sin, roinnt leasuithe sonraithe sa scéim agus an cuspóir réamh-ráite leo chun scóip na scéime a shrianadh (chun fíor-chásanna amháin a chlúdach; ach gan líon na n-éileamh a shrianadh) agus chun í a chosaint ó mhí-úsáid, agus gur oibrigh mé go dlúth leis na hoifigigh Roinne a bhí agam ag an am ag sainmhíniú na gcuspóirí agus ag forbairt critéar cáilitheachta na Scéime.

Bíodh a thromchúisí is a bhí na hiarmhairtí dhíobhálacha orm féin i ndiaidh an cur síos a rinne bhur n-Oifig á rá go raibh an Scéim  “an-easpach agus an-fhabhtach” agus an tuiscint a bhaineadh as an bhfriotal sin, ar eagla go mbainfí míthuiscint as an bhfocal “teagmhálach” (ionas go dtabharfaí tuiscint de shórt go raibh baint “mhíchuí” éigin agam leis an Scéim), tá orm a iarraidh oraibh focal/focail eile cosúil leis a chur in bhur dtuarascáil ina ionad, agus leis an bhfoclaíocht ionadach sin gan an dara ciallú malartach (agus diúltach) a fhágáil oscailte le cur air (e.g. “páirtíocht ghníomhach”). 

Chomh luath is a bhí an cinneadh déanta agam an Scéim a thionscnamh agus go raibh na téarmaí tagartha agus critéir cáilitheachta na Scéime aontaithe agam leis na hoifigigh a bhí agam ag an am, as sin amach ba é gnó na Roinne feidhmiú agus riaradh na Scéime.

Contrártha lena bhfuil ráite sa dhréacht tuarascála agaibh, ní raibh mé “gafa go domhain i bhfógraíocht agus i bpoibliú” na Scéime. Níorbh é gnó an Aire an Scéim a fhógairt, ach amháin na státseirbhísigh sa Roinn chun é sin a shocrú.

Cé nach raibh baint ar bith agam le fógraíocht na Scéime, tuigim gurb é an t-aon fhasach amháin a bhí ag an Roinn ag an am sin chun scéimeanna a fhógairt, ná trí an páipéir trádála agus trí Eagraíochtaí na dTáirgeoirí. Ritheadh an fhógraíocht don Scéim seo sa tslí chéanna leis na fógraí faoi scéimeanna eile, agus bhí sé, dar liomsa, an-réasúnta agus sásúil.

Tá díomá orm agus ní ghlacaim leis na fionnachtana airbheartaithe sa dhréacht tuarascála agaibh.

1.    Nótálaim, cé gur mise an t-iar-Aire

(a) nár chuir d’oifig in iúl dom go raibh an gearán ón dteaghlach Byrne faighte agaibh;

(b) nár tugadh cuireadh dom aighneacht nó uiríll a dhéanamh mar gheall air roimh dhearcadh d’oifige go m’fhéidir go raibh an Scéim “an-easpach agus an-fhabhtach”.

(c) nár tugadh deis dom aighneachtaí a dhéanamh i rith an réamh-scrúdaithe;

(d)  nár tugadh cóip den Ráiteas um Ghearán dom go dtí Iúil 2007;

(e)  go raibh dochar déanta dom ag feachtas sna meáin a lean an ráiteas uaibhse chuig an Uas. Byrne go raibh an Scéim “an-easpach agus an-fhabhtach;"

agus in tosca nuair a bhí d’oifig ag láimhseáil an ghearáin, chuathas i gcomhfhreagras le agus lorgaíodh aighneachtaí ach ón Roinn amháin (agus ní uaimse, an t-iar-Aire), in ainneoin sin cuireann an dréacht tuarascála fionnachtana ar fáil "a bhaineann leis an Aire agus lena chuid oifigeach faoi seach." [uaim féin an bhéim anseo].

Sna tosca thuasluaite tá sé éagórach agus éagothromasach bhur bhfionnachtana airbheartaithe a ardú im choinne-se.

Thairis sin, de réir Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997, tá idirdhealú idir freagrachtaí Ard-Rúnaí na Roinne agus an tAire agus, go háirithe, forálann an tAcht "go mbeidh ag Ard-Rúnaí na Roinne, faoi réir chinnidh an pholasaí ag an Aire, an t-údarás, freagracht agus cuntasacht maidir le cuir i bhfeidhm" roinnt dualgas, lena n-áirítear "polasaithe an Rialtais a chur i bhfeidhm" [uaim féin an bhéim anseo].

Tá glactha agus admhaithe agam riamh is i gcónaí gur cinneadh polasaí dom chuid féin mar Aire na linne sin ba ea tionscnamh na Scéime, ach ba iad oifigigh na Roinne a rinne an cur i bhfeidhm agus an riaradh. Agus an scéal mar atá, iarraim go ndéantar leasú ar an ndréacht tuarascála ionas go mbainfidh aon fhionnachtana a dhéanfaidh sibh leis an Roinn amháin agus ní leis an Aire.

2. Ní ghlacaim agus ní thig liom a ghlacadh le bhur bhfionnachtain go raibh an modh a dearadh an scéim contrártha le riarachán slán agus cothrom.  Nuair a chinneadh ar an athrú polasaí chun an Scéim a thabhairt isteach rinneadh taighde iomchuí sa Roinn ar na Téarmaí Tagartha agus na critéir cáilitheachta a moladh.

Go deimhin, mar gheall ar mhalairt tuairime idir mé féin (mar Aire na linne) agus an Roinn maidir le tionscnamh na Scéime a moladh, tharla díospóireacht bhríomhar ar Théarmaí Tagartha agus ar chritéir cháilitheachta (inar scrúdaíodh buntáistí agus mi-bhuntáistí na Scéime a moladh,  roimh a thionscanta).  Maidir le sin, ba í an sórt Scéime a tháinig as ná go raibh cothromaíocht chóir inti idir an mhian a bhí ormsa ligean do na fíor-chásanna a thitfeadh laistigh de na critéir a bheith clúdaithe ag an Scéim agus an mhian a bhí ar an Roinn teorainneacha a chur le sin.

Is dealraitheach go n-ardaíonn bhur ndréacht tuarascála ceist éigin maidir le dáta dúnta do-athraithe a bheith leis an Scéim agus easpa aon rogha chun é a shíneadh. Ní raibh baint ar bith agamsa leis an dáta dúnta tar éis do na téarmaí a bheith leagtha síos. Ní raibh baint ar bith agam le measúnú nó scrúdú na n-iarratas a tháinig. 

Ní mise a bhí mar Aire ar an dáta a tháinig an t-iarratas ón dteaghlach Byrne. Feicim nár tháinig an t-iarratas ón dteaghlach Byrne go dtí Eanáir 2003 – os cionn dhá mhí dhéag i ndiaidh an dáta dúnta .i. 31ú Nollaig 2001. Cé nach dóigh liom go mbeadh sé ceart dom a thuilleadh a rá faoi seo, ní thuigim conas a bhféadfaí dáta dúnta cinnte a shíneadh anonn ar feadh dhá mhí dhéag tar éis an dáta dúnta a leagadh síos. De réir na taithí a bhí agamsa thar chúig bhliana déag mar Aire agus mar Aire Stáit i gcúig Roinn bhí dáta dúnta ann le haghaidh iarratas ar gach aon scéim a raibh baint agamsa leo, agus bhí sé riachtanach go mbeadh na dátaí sin cinnte, do-athraithe. Ní féidir glacadh leis an bhfionnachtain airbheartaithe sa dréacht tuarascála agaibh a deir nár fhág dáta dúnta na Scéime “scóip ar bith chun rogha nó discréid a imirt, sa chás go dtiocfadh cásanna tuillteanacha eile chun solais”. Chuirfeadh a leithéid sin ualach míréasúnta ar an Roinn.

3.  Ní glacaim nár tugadh dóthain fógraíochta don Scéim. Tá an ceart agat nuair a deir tú go raibh an Scéim dírithe ar aicme áirithe de dhaoine agus mar sin í a fhógairt sna páipéir trádála agus trí eagraíochtaí ionadaíochta an aicme áirithe sin – cinneadh go mba leor é sin. Mar a dúradh thuas,  an t-aon fhasach amháin a bhí ann roimhe sin sa Roinn chun scéimeanna a fhógairt, bhí sé trí na páipéir trádála agus na heagraíochtaí ionadaíochta. Níl sé réasúnta a bheith ag súil go bhféadfadh an Roinn scríobh chuig chuile iarratasóir ionchais chun a rá leis/léi go raibh an Scéim ann agus chuirfeadh sin ualach riaracháin míréasúnta ar an Roinn. An mbeadh sé de cheangal ar an Roinn dul sa tóir ar gach aon iarratasóir ionchais fiú dá mbeidís imithe ón seoladh deireanach a bhí ar chomhad dóibh?  Thairis sin, mar a dúradh thuas, ní raibh baint ar bith agam, mar an Aire ag an am, le fógraíocht na Scéime. Nuair a ghlacadh leis an Scéim, ba é gnó na Roinne an cur i bhfeidhm (agus an fhógraíocht san áireamh).

4. Ní thig liom an fhionnachtain airbheartaithe uaibh a ghlacadh nó a shéanadh nach raibh na taifid á gcoimeád de réir an chleachtais is fearr sula ndearnadh an dearbhú sínithe ar an Scéim. Sna tosca seo ní raibh aon deis agam athbhreithniú ná machnamh a dhéanamh ar na comhaid/taifid a bhí  athbhreithnithe agat/ag bhur nOifig sula dtángthas ar an bhfionnachtain áirithe seo. Ó mo chuid thaithí féin de, áfach, is é cleachtas, polasaí agus freagracht na Roinne go mbeadh go leor taifead á gcoimeád.  

5. Séanaim amach is amach an fhionnachtain airbheartaithe uaibh go raibh “mí-riarachán” a fhág iarmhairt dhíobhálach ar an dteaghlach Byrne bainteach ar dhóigh ar bith leis an modh a dearadh nó a fógraíodh an Scéim. Go deimhin, fiú dá nglacfadh duine leis na bhfionnachtana airbheartaithe atá agaibh (rud nach ndéanaim) ní chosnódh sin ceartas aon fhionnachtain de “mhí-riarachán” leis an bhforchiall dhochrach thromchúiseach atá taobh thiar den bhfocal sin. Ni raibh (ná níl) aon cheist maidir le neamhinniúlacht,  míchuibheas ná mímhacántacht ag baint le dearadh ná le fógraíocht na Scéime agus is ionann “mí-riarachán” a chur síos leo agus míchuma agus mícharachtarú a chur ar aon easpaí a d’fhéadfadh an Oifig agaibhse a aimsiú sa Scéim (agus séantar iad seo freisin). Thairis sin, déanaim tagairt d’fhorálacha Achta an Ombudsman, 1980, agus go háirithe na “gníomhartha” faoi mar a leagtar síos faoi Alt 4(2)(b)(i)-(vii). Ní mór d’aon fhionnachtain an Ombudsman titim laistigh den fhoráil reachtúil áirithe chéanna. Níl a leithéid d’fhoráil reachtúil ann le haghaidh na fionnachtana “mí-riarachán”. Caithfear an focal “mí-riarachán” a bhaint amach as an dtuarascáil agaibh mar aon leis na fionnachtana airbheartaithe atá ceangailte leis. 

D’fháilteoinn roimh an deis chun bualadh leat féin chun a bhfuil ráite thuas agus aon cheisteanna eile atá agat a phlé. Beidh mé ar fáil chun na críche sin ar aon am atá áisiúil don bheirt againn agus tá mé ag súil le scéala a fháil uait go gairid faoi seo.

Mar fhocal scoir, nótáil le do thoil gur aighneachtaí faoi do thuarascáil ag an am seo atá sna saincheisteanna thuas. Déanaim forchoimeád iomlán ar mo chearta maidir leis an ábhar seo. 

Is mise, le meas,

FRANK FAHEY TD