Déanann an Tuarascáil seo cur síos mar a theip ar an iarracht a rinne teaghlach amháin (an teaghlach Byrne) chun chúnaimh a fháil faoin Scéim um Chailliúint ar Muir. Bunaíodh an scéim reachtúil seo – scéim aon-uaire agus faoi theorainn ama, sa bhliain 2001 agus is í an aidhm a bhí léi ná cúnamh a thabhairt d’úinéirí bád a raibh traidisiún iascaigh mhara ag a muintir, trí thoilleadh iascaigh a sholáthar, ag freagairt do bháid a chailleadh ar muir sa tréimhse idir 1980 agus 1989.
Bhí stocaireacht déanta ag roinnt iascairí cheana féin i gcomhair scéime dá leithéid i ndiaidh córais nua rialála do Chabhlach Iascaigh na hÉireann a bheith tagtha isteach sa bhliain 1990. Chuir an córas nua teorainn dhearfach le toilleadh iomlán an chabhlaigh. Chiallaigh sin go raibh “toilleadh ionadach” riachtanach feasta ag úinéirí bád má theastaigh uathu leanúint leis an iascach nó iascach a dhéanamh as bád ní ba mhó nó tosú ag iascach as an nua. Chiallaigh sé freisin go gcaithfeadh úinéirí bád an sean-toilleadh “a bhaint amach” sula bhféadfadh siad an toilleadh nua seo a fháil. Bhí deacrachtaí sa réimeas nua do roinnt iar-úinéirí bád. Shíl siad go raibh ar córas nua mí-chothrom toisc nach rabhadar ábalta an toilleadh nua seo a cheannach, de bharr a gcúinsí pearsanta.
Cheapadh an Scéim um Chailliúint ar Muir chun freastail ar riachtanais na n-úinéirí ar chailleadh bád orthu idir na blianta 1980 agus 1989, agus, murach an mí-ádh a bhain leo, a mbeadh bád acu a ndéanfaí measúnú le haghaidh toillidh ionadaigh uirthi faoin gcóras nua rialála nuair a bhí an córas sin á thabhairt isteach. Thabharfaí toilleadh ina gcearta féin d’iarratasóirí a n-éireodh leo faoin Scéim, rud a chuirfeadh ar a gcumas leanúint le traidisiún an iascaigh. Bheadh an toilleadh a thabharfaí d’iarratasóirí, dá n-éireodh leo, ag brath ar méid an árthaigh a chailleadh ar muir agus ar chéatadán na h-úinéireachta a bhí ag an iarratasóir ar an árthach. Ní raibh tacaíocht airgid ar fáil faoin Scéim chun an árthaigh ionadaigh féin a cheannach, agus ní raibh cead ach ag an árthach ionadach amháin úsáid a bhaint as an toilleadh ionadach .i. as an oll-tonnáiste agus an cumhacht innill a bhfaighfí faoin Scéim. Ní raibh cead ach oiread é a dhíol ná a thrádáil ná a réadú ar bhealach ar bith eile mar shócmhainn airgeadais ar mhargadh an tonnáiste.
Fuair an Ombudsman sé ghearán ar fad ó dhaoine a bhí ag maíomh go raibh sochar diúltaithe go mí-chothrom orthu faoin Scéim seo. Níor tacaíodh le cúigear acusan ach tacaíodh leis an séú ceann a tháinig ón dteaghlach Byrne.
Bhí Francis Byrne ina úinéir agus ina scipéir ar an Mótar-Árthach Iascaigh (MÁI) Skifjord. Chailleadh an bád sin go tubaisteach ar an gcósta thiar thuaidh de Dhún na nGall i Mí Dheiridh Fómhair 1981. Chaill Francis Byrne a bheatha in éineacht lena mhac Jimmy, sé bhliana déag d’aois, agus triúr eile den chriú. Fágadh baintreach Francis Byrne le muirear óg de chúigear ghasúr agus triúr ghearrchaile.
Nuair a dhiúltaigh an Roinn Chumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúra (mar a bhí) don iarratas a rinneadh, chuir an tUasal Danny Byrne gearán ar aghaidh chuig an Ombudsman thar cheann a mháthar.
Tá cur síos sa Tuarascáil ar an bhfiosrú a rinne an Ombudsman. Ríomhtar inti forbairt agus feidhmiú na Scéime um Chailliúint ar Muir agus déantar mion-shonrú áirithe ar an bpáirt a ghlac an tAire agus a chuid oifigeach sa phróiseas céanna. Tagann an Tuarascáil ar an gconclúid go raibh dearadh na Scéime agus an bealach a fograíodh í contrártha le riarachán cóir agus cothrom agus go raibh na faillíocha seo mar chuid den chúis nár cháiligh an teaghlach Byrne i gcomhair cúnaimh a fháil faoin Scéim.
Mar leigheas ar an scéal, mhol an Ombudsman go n-íocfaí cúiteamh leis an dteaghlach Byrne, ach dhiúltaigh an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, a raibh freagracht na ngnóthaí seo tógtha ar láimh acu, don mholadh.
Cé go bhfuil sé de chead ag an Roinn, ó thaobh an dlí de, moltaí ón Ombudsman a dhiúltú, níor tharla a leithéid sin ach uair amháin eile sna cúig bhliana is fiche ó bhunaíodh an Oifig seo. Cás ba ea é sin sa bhliain 2002 a bhain leis na Coimisinéirí Ioncaim agus ag deireadh thiar socraíodh an cás sin chun sásaimh an Ombudsman le cúnamh an Oireachtais.
Mura mbíonn an Ombudsman sásta leis an bhfreagairt a bhfaigheann sí ó chomhlacht poiblí ar cheann dá moltaí, is é an t-aon bhealach atá oscailte dí ná tuairisc speisialta a chuir faoi bhráid an Oireachtais faoi réir na gcumhachtaí atá aici faoi Acht an Ombudsman, 1980.
I gCuid a hAon den Tuarascáil seo cuirtear síos ar na cúiseanna ar chinn an Ombudsman ar thuarascáil speisialta a dhéanamh ar an gcás seo. I gCuid a Dó tá an Tuarascáil ar an imscrúdú a rinne sí ar an ngearán a rinne an tUasal Danny Byrne.