Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte  /  Glas Béil a Chur ar an Ombudsman?
 

Diúltú FSS Don Tuarascáil

Chuir Príomhoifigeach Feidhmiúcháin FSS in iúl dom ar an 15 Meán Fómhair 2008 go raibh sé tar éis comhairle dlí a fháil inar tugadh le fios go raibh  “an dréacht deiridh de Thuarascáil an Ombudsman ultra vires an Achta Ombudsman 1980 arna leasú agus nach raibh sé de rogha ag FSS glacadh leis na moltaí ná cinntí sa dréacht deiridh sin". Níor mhínigh an POF áfach cén fáth go raibh mo thuarascáil, neamhdhleathach, go praiticiúil, ná conas a bhí sí amhlaidh. Thug mé le fios i mo fhreagra an 26 Meán Fómhair 2008 nach raibh FSS tar éis míniú a thabhairt ar bhunús a héilimh maidir le neamhdhleathacht agus chuir mé in iúl don POF go raibh sé i gceist agam, in am agus i dtráth, tuairisciú don Oireachtas ar dhiúltú mo chinntí agus mo mholtaí.   Thug mé deis eile do FSS, áfach, chun na cúiseanna a bhí aici le diúltú do mo mholtaí a fhormhíniú agus thairg mé an ráiteas sin a chur san áireamh i mo thuarascáil don Oireachtas. Mar fhreagra air sin (10 Deireadh Fómhair 2008), dúirt an POF arís nárbh fhéidir leis glacadh le mo chinntí agus mo mholtaí. Níor thug sé aon fhormhíniú ar na cúiseanna leis an seasamh seo ach amháin go raibh comhairle dlí faighte aige “ag léiriú go raibh roinnt deacrachtaí tromchúiseacha dlíthiúla agus teicniúla suntasacha ann". Ní dúirt an POF cad a bhí sna deacrachtaí sin.

Scríobh aturnaetha FSS an 14 Deireadh Fómhair 2008 le deimhniú go raibh comhairle curtha aige ar FSS go raibh “fadhbanna dlí” áirithe i gceist le m’imscrúdú; bhí 10 “bhfadhb” dhlínsiúla agus dhlíthiúla ar leith liostaithe sa litir (i liosta faoinar dúradh nach liosta iomlán é) a raibh m’imscrúdú neamhdhleathach dá mbarr (Féach ar Aguisín 2 (pdf 1,401kb). Is mar seo a leanas a thugtar achoimre orthu:

  1. gur sáraíodh an riail “i gcúirt iata” i mo thuarascáil agus gur chuir sí isteach ar oibriú na gcúirteanna maidir le cásanna ina ndéileáiltear le leanaí;
  2. gur chuí ábhar an imscrúdaithe a bheith faoin Ombudsman do Leanaí agus dá bhrí sin nach raibh sé laistigh de mo dhlínse;
  3. nach raibh dlínse agam ar an mbunús gur ábhar an t-ábhar a bhí i gceist a bheadh i gcónaí laistigh de dhlínse na gcúirteanna;
  4. gur bhain mé úsáid as triail reachtaíochta mhícheart i ndáil le “ míriarachán” ó thaobh tús agus críoch a chur leis an imscrúdú;
  5. gur baineadh míchiall as forálacha an Achta um Chúram Leanaí 1991 sa tuarascáil ar an imscrúdú;
  6. gur tugadh míthurairsic ar an dlí sa tuarascáil ar an imscrúdú maidir le caomhnóir ad litim a cheapadh agus a rialú ag cúirt;
  7. gur tugadh míthuairisc ar an dlí sa tuarascáil ar an imscrúdú “maidir leis na himeachtaí faoi dhlínse dhílis na hArd-Chúirte agus na himeachtaí reachtúla ar leith faoin Acht um Chúram Leanaí 1991";
  8. gur tugadh míthuairisc ar an dlí sa tuarascáil ar an imscrúdú “maidir le costais a thomhas agus a fhómhas";
  9. go ndearnadh tagairtí éagóracha sa tuarascáil ar an imscrúdú, go díreach agus go neamhdhíreach, do bhainisteoir sláinte áitiúil ainmnithe agus gur sárú ar alt 6(6) den Acht Ombudsman é seo:
  10. nárbh fhéidir le FSS glacadh go “dleathach” le moltaí mo thuarascála (a) mar gheall ar “an bprionsabal bunreachtúil um scaradh cumhachtaí ” (b) mar gheall ar cheanglais shainordaitheacha an Achta um Chúram Leanaí 1991 agus (c) mar gheall ar “dhualgas an dlí phoiblí gan bac a chur le gníomhú na rogha reachtúla”.

Anuas air seo, deir aturnaetha FSS nár theastaigh uathu go dtiocfadh cás chun cinn ina measfadh na cúirteanna gur díspeagadh cúirte a bhí i gcinneadh a rinne FSS.  Ar deireadh, dúirt siad go raibh sé i gceist ag FSS iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche chun an Chúirt a chur ar an eolas faoin ábhar seo, agus fógra-pháirtí san iarratas seo a dhéanamh díom.

Bhí an chumarsáid seo an-aisteach, toisc gur léiríodh tuairim inti, i measc rudaí eile, go raibh baint agam ar bhealach éigin le linn m’imscrúdaithe le tuairimí a thabhairt, nó sonraí a nochtadh ar imeachtaí cúram leanaí ar leith. Níorbh fhíor sin ar chor ar bith. Anuas air seo, níor thuig mé in aon chor cén fáth go mbeadh iarratas á dhéanamh ag FSS chuig an gCúirt Dúiche, cad a bheadh le rá aici leis an gCúirt Dúiche agus, thar aon ní eile, níor dhóigh liom go raibh aon chúis le páirtí a dhéanamh de m’Oifig in aon imeachtaí den chineál sin.

Bhí sé sách éasca na “fadhbanna dlí” seo, a mhéid is gur léir cad a bhí i gceist leo, a chaitheamh amach. Ar an 23 Deireadh Fómhair 2008, sheol mé freagairt mhionsonraithe chuig FSS, dá réir, inar dhéileáil mé le gach aon cheann de na deich n-ábhar a bhí ardaithe aici (Féach ar Aguisín 3 (pdf 2,414kb)). Tá roinnt de na príomhfhreagairtí leagtha amach thíos.

Maidir le sárú ar an riail “i gcúirt iata”, bhí an méid seo a leanas le rá agam:

“Níl aon bhunús leis an tuairim go sáraítear an riail i gcúirt iata i mo thuarascáil ... De réir mar a thuigimse, is díspeagadh cúirte é má dhéanann aon duine faisnéis a scaipeadh a thagann nó a fhaightear ó imeachtaí a seoladh i gcúirt iata gan údarás breithiúnach roimh ré. Níl aon rud i mo thuarascáil a d’fhéadfaí a fhorléiriú mar ábhar ina scaiptear faisnéis a thagann as imeachtaí a seoladh i gcúirt iata, nó a fhaightear uaidh sin.  Ní shainaithnítear aon leanbh ar leith, aon imeachtaí cúirte ar leith, ná aon cheann de na páirtithe in imeachtaí cúirte ar leith sa tuarascáil. Níl aon bhonn leis an tuairim ach an oiread go gcuireann an tuarascáil isteach ar shlí éigin ar oibriú na gcúirteanna maidir le cásanna ina ndéileáiltear le leanaí."

Maidir leis na hargóintí faoi 10. thuas, bhí an méid seo a leanas le rá agam:

“Deir FSS nach féidir léi glacadh go dleathach le moltaí mo thuarascála (a) mar gheall ar “an bprionsabal bunreachtúil chun cumhachtaí a scaradh” (b) mar gheall ar cheanglais shainordaitheacha an Achta um Chúram Leanaí 1991 agus (c) mar gheall ar “dhualgas an dlí phoiblí gan bac a chur le gníomhú na rogha reachtúla”. Is doiligh gan teacht ar an gcinneadh go bhfuil na pointí seo á n-ardú ar mhaithe le mearbhall a chur ar dhaoine ó thaobh an dlí, nuair atá an cás measartha simplí i ndáiríre.

Maidir le  (a), is léir ar an gcúis nach ndéanann m’Oifig breitheanna ceangailteacha ná cinntí dlí nach féidir aon chur isteach ar an teoiric cumhachtaí a scaradh a bheith i gceist. Chun rudaí a rá go simplí, rinne m’Oifig iniúchadh ar chásanna inar líomhnaíodh míriarachán (agus an téarma sin á úsáid sa chiall ghinearálta), chinn sí go seasann na líomhaintí, agus rinne sí moltaí chun na héifeachtaí díobhálacha ar na gearánaithe a réiteach. Tá sé de rogha ag FSS glacadh leis na moltaí seo nó diúltú dóibh. Roghnaigh sí diúltú dóibh agus roghnaigh mise, mar thoradh air sin, tuairisciú don Oireachtas faoi. Is dóigh liom go bhfuil sé díobhálach, nó go léiríonn sé easpa thromchúiseach tuisceana ar a ndéanann m’Oifig an cheist faoi scaradh cumhachtaí a ardú.

Maidir le (b), ag tagairt do cheanglais shainordaitheacha an Achta um Chúram Leanaí 1991, ní fheadar cad a d’fhéadfadh a bheith i gceist ag FSS. Maidir le (c), is léir go bhfuil sé de rogha fós ag FSS glacadh le mo mholadh nó diúltú dó. Ní fhéadfaí le réasún cur síos ar cheachtar cinneadh mar bhac ar roghnú. Tá mo thuairimí thuas maidir le (a) infheidhme i gcomhthéacs (c) freisin."

Is doiligh liom gan cinneadh a dhéanamh go bhfuil rogha déanta ag FSS míthuiscint a bhaint as nádúr agus impleachtaí mo thuarascála ar an imscrúdú. Tá imní orm, anuas air sin, nach raibh drogall ar bith ar FSS, tar éis di an mhíthuiscint seo a bhaint, mífhaisnéis a dhéanamh ar an tuarascáil sin agus ar impleachtaí na tuarascála.  Go deimhin, tá sí tar éis leanúint leis an mífhaisnéis seo a dhéanamh go dtí an lá inniu, dhá bhliain tar éis fhoilsiú na tuarascála ar an imscrúdú.

Rinne an tUasal Laverne McGuinness ó FSS an t-éileamh aisteach go poiblí le déanaí (Leathanach na Litreacha, Irish Times, 3 Meitheamh 2010) go mbeadh torthaí do-ghlactha de gach saghas ar an scéal, dá  nglacfadh FSS leis an tuarascáil lena n-áirítear: "go gceanglófaí ar FSS doiciméadúchán pearsanta agus faisnéis phearsanta de gach aon chineál (lena n-áirítear faisnéis faoi phribhléid) agus faisnéis a ullmhaíodh i gcaitheamh imeachtaí i gcúirt iata, a thabhairt ar láimh, dá n-iarrfadh an tOmbudsman amhlaidh, gan fógra a thabhairt do na daoine lena mbaineann " (Féach ar Aguisín 4 (pdf 706kb)) . Níl aon bhunús leis na héilimh seo agus níl siad ceart ná cóir, ó thaobh na bhfíoras.

Is í lomchnámh na fírinne nár pléadh san imscrúdú seo ach saincheist na socruithe íocaíochtaí idir FSS agus na gníomhaireachtaí agus sin amháin. Agus an t-imscrúdú á dhéanamh ag m’Oifig, níor iarr sí aon fhaisnéis i ndáil le haon leanbh ar leith ná aon fhaisnéis maidir le haon imeachtaí ar leith in aon chúirt ná níor theastaigh a leithéid uaithi. Níor pléadh i mo thuarascáil, dá bhrí sin, imhthosca aon linbh áirithe ná an toradh ar aon imeachtaí áirithe ina raibh leanbh páirteach. Ar an gcaoi chéanna ní raibh aon impleachtaí ag mo mholtaí d’aon leanbh áirithe ná d’aon imeachtaí ina raibh aon leanbh áirithe páirteach; mar an gcéanna ní raibh aon impleachtaí ag na moltaí don bhealach a d’fhéadfadh a bheith ar FSS freagairt d’aon imscrúdú ar ghearán amach anseo maidir le saincheisteanna a bhaineann le cúram leanaí.

Tá sonraí iomlána mo mholtaí sa chás sin ar fáil sa tuarascáil ar an imscrúdú (pdf 97kb) atá á foilsiú agam anois ar láithreán Gréasáin m'Oifige. Mar achoimre, mhol mé go n-íocfaí táillí a bhí fós gan íoc, agus ús cuí san áireamh, leis na gníomhaireachtaí,  go ndéanfaí íocaíochtaí “ama agus trioblóide” de €10,000 le gach aon cheann de na gníomhaireachtaí, agus gur chóir go n-oibreodh FSS go hoscailte le gníomhaireachtaí caomhnóra amach anseo le cinntiú nach dtarlódh  díospóidí dá leithéid arís. Chun glacadh leis na moltaí, níor éilíodh méid níos mó ná níos lú ná an méid a bhí sonraithe sna moltaí.  Déanta na fírinne, tar éis do FSS diúltú do na moltaí ar dtús, tá sí tar éis éifeacht a thabhairt dóibh ó shin i leith.

Ar an ábhar go raibh imní mór orm faoin mífhaisnéis leanúnach ar impleachtaí m’imscrúdaithe, scríobh m’Oifig leis an Uasal McGuinness ó FSS ar an 17 Meitheamh 2010 leis an méid a raibh ráite ar an ábhar a cheartú arís (Féach ar Aguisín 5 (pdf 1,042kb)).