Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte  /  Glas Béil a Chur ar an Ombudsman?
 

An Chúirt a Chur ar Atráth – Caingean Ghaolmhar san Ard-Chúirt

Go gairid roimh an dáta éisteachta a bhí socraithe do na himeachtaí sa Chúirt Dúiche ag deireadh mhí Bealtaine, 2008 d’iarr aturnaetha FSS ar m’Oifig glacadh le atráth ar na himeachtaí sin.  Iarradh é seo ar an mbonn, mar a mhínigh na haturnaetha, go raibh cás le teacht os comhair na hArd-Chúirte lena éisteacht ag tús mhí an Mheithimh 2009 “ina bhfuil saincheisteanna arb ionann iad, nach beag agus na cinn atá ag teacht aníos ... sa chás láithreach." Bhí baint ag na saincheisteanna seo, mar a míníodh, le cás inar sholáthair FSS an méid seo a leanas do chomhlacht poiblí “ábhair a rinneadh ar mhaithe le héisteacht i gcúirt iata ... nuair nár lorg nó nach bhfuair an Chúirt cead roimh ré chun an nochtadh sin a dhéanamh". Rinne FSS iarracht na himeachtaí sa Chúirt Dúiche a chur ar atráth ar an bhforas go ndéanfaí an “tsaincheist chéanna” seo “a chinneadh go húdarásach san Ard-Chúirt". Mar a luadh thuas, dhiúltaigh an Chúirt Dúiche na himeachtaí a chur ar atráth agus scriosadh amach an cás. 

Ag an gcruinniú a bhí agam le Príomhoifigeach Feidhmiúcháin FSS ina dhiaidh sin, tháinig mé ar an eolas go raibh an tOmbudsman do Leanaí páirteach san éisteacht seo san Ard-Chúirt mar an gcomhlacht reachtúil a líomhnaíodh gur soláthraíodh an t-ábhar “i gcúirt iata” dó.

Ó mo thaobhse de, ní raibh aon phráinn le breithniú den chineál sin toisc gur leor an dlí reatha le cur ar chumas aon tríú páirtí ábhar a sholáthar a chuimsítear sa riail “i gcúirt iata” murach sin. I gcás go ndéileálfaí leis an ábhar san Ard-Chúirt, áfach, is léir go mbeadh sé ábhartha breithniú na Cúirte a fháil amach.  Déanta na fírinne, bhí gearán FSS eile ar láimh agam ag an bpointe sin ina raibh soláthar ábhair den chineál sin ina ghné ríthábhachtach i m’imscrúdú. Bhí an ceanglas an t-ábhar seo a sholáthar dom curtha siar agam go dtí go bhfaighfí toradh na héisteachta geallta sin san Ard-Chúirt.

Sa chás seo, dealraíonn sé nach ndeachaigh na himeachtaí ina raibh an tOmbudsman do Leanaí páirteach os comhair na cúirte, mar a shíl FSS. Ní dhearna an Ard-Chúirt aon chinneadh, dá réir, maidir leis an tsaincheist faoi cheart an Ombudsman doiciméadúchán a bheith á sholáthar dó a d’fhéadfadh a bheith cuimsithe ag an riail “i gcúirt iata” murach sin. Cé go raibh a fhios aici go raibh spéis dhíreach agam sa toradh ar an gcás ar leith sin - tar éis an tsaoil, ba í FSS a chuir in iúl dom go raibh sé ann agus a leag béim ar an mbaint a bhí aige le mo chás - mhainnigh FSS a chur in iúl dom nach ndeachaigh an cás os comhair na cúirte agus nár thug an Ard-Chúirt breithiúnas. Tháinig m’Oifig ar an bhfíoras seo i Lúnasa 2009.

An rud a chuireann imní orm faoin eachtra seo ar fad ná gur féidir nach raibh seans réalaíoch ann riamh go dtabharfaí breithiúnas ón Ard-Chúirt mar a thug FSS le tuiscint go dtabharfaí. Níl cur amach agam ar shonraí iomlána an cháis Ard-Chúirte seo ná ar an gcineál imeachtaí a bhí i gceist. B’fhéidir gurb amhlaidh nárbh fhéidir, le réasún, a  bheith ag súil leis go dtabharfaí breithiúnas i scríbhinn de bharr na n-imeachtaí a bheith i bhfoirm áirithe. Is eol dom ó mo thaithí féin le FSS nárbh fhíor roinnt dá cuid tuartha maidir leis an réim gníomhaíochta ar dócha don Chúirt Dúiche a dhéanamh. Bheadh imní orm gurbh fhéidir go raibh sé measartha meargánta trácht roimh ré ar an tslí a roghnódh an Ard-Chúirt déileáil le himeachtaí ar leith ina raibh an tOmbudsman do Leanaí páirteach. A fhearacht na n-imeachtaí sa Chúirt Dúiche inar tarraingíodh m’Oifig isteach in aghaidh a tola, b’fhéidir gurbh amhlaidh gur tarraingíodh páirtithe isteach in imeachtaí san Ard-Chúirt in aghaidh a dtola agus, faoi mar a tharla domsa, nár baineadh faic amach, seachas ardchostais dlí  - ar íoc an Státchiste astu ar fad.