Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte  /  Achomharc Curtha ar Neamhní: Teip ioncam bunúsach a íoc le teaghlach ag iarraidh tearmainn
 

Achoimre

Seo Imscrúdú a rinne an tOmbudsman ar ghearán mar gheall ar gur theip ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an ráta ceart d’ioncam bunúsach a íoc le hiarrthóir tearmainn sa mhéid nár chuir FSS i bhfeidhm cinneadh a rinne Oifigeach Achomhairc Leasa Shóisialaigh. San imscrúdú breithníodh gníomhartha de chuid FSS a tharla tar éis don Oifigeach Achomhairc cinneadh a dhéanamh a bhí i bhfabhar an iarrthóra. Chomh maith leis sin, rinne sí iniúchadh san imscrúdú ar na cúinsí sa chás áirithe seo agus an tionchar ar an iarrthóir agus ar a teaghlach a bhí ag an gcinneadh gan an ráta cuí de liúntas leasa fhorlíontaigh (LLF) a íoc léi. Ní raibh FSS tar éis cinneadh fabhrach an Oifigigh Achomhairc a chur i bhfeidhm ar an mbonn, dar le FSS, nach raibh an t-iarrthóir i dteideal an ráta iomláin liúntais. Tar éis imscrúdú sonrach a dhéanamh, sheas an tOmbudsman leis an ngearán. Chinn sí nach raibh bonn ceart ag FSS dá ghníomhartha agus go raibh tionchar neamhfhabhrach ar feadh tréimhse fhada ar an teaghlach ag an gcinneadh gan an ráta ceart liúntais a íoc. Chinn an tOmbudsman maidir le cinneadh FSS nach raibh údarás ceart ina bhonn leis, go raibh sé idirdhealaitheach go héagórach agus nach raibh sé ag teacht le riarachán cóir, fónta.

Rinne FSS an scéim LLF a riar thar ceann na Roinne Coimirce Sóisialaí go dtí mí Dheireadh Fómhair 2011 agus ag an bpointe sin aistríodh an scéim go dtí an Roinn. Ina dhiaidh sin, chuir an tOmbudsman a moltaí ag eascairt ón imscrúdú seo faoi bhráid na Roinne Coimirce Sóisialaí. 

An Cás

An tImscrúdú

Moltaí

An Cás

I mí an Mhárta 2010, chuir In. Kileni (ní seo a hainm) gearán faoi bhráid an Ombudsman faoin ráta LLF a d’íoc FSS léi. Bhí sí den tuairim gurb é an cinneadh (a rinneadh i mí na Nollag 2009) a rinne an tOifigeach Achomhairc ná an ráta iomlán seachtainiúil LLF de €197.80 a cheadú di siúd agus €24.00 in aghaidh na seachtaine dá hiníon. Tar éis chinneadh an Oifigigh Achomhairc, ámh, d’íoc FSS €19.10 léi di féin agus €9.60 dá hiníon. Dhein an gearánach, In. Kileni, iarracht an scéal a réiteach le FSS sular chuir sí a gearán faoi bhráid an Ombudsman ach níor éirigh leis sin.  

Is é is LLF ann ná íocaíocht bhunúsach agus/nó fóirdheontas chun roinnt costas a chlúdach nach bhféadfadh duine a íoc iad féin. Is é príomhchuspóir an liúntais ná go mbeadh ioncam caighdeánach íosta bunúsach cinntithe don duine.

Tháinig In. Kileni go hÉirinn ina hiarrthóir tearmainn sa bhliain 2007 lena beirt iníonacha. Lonnaíodh iad i lóistín ar dtugtar cóiríocht  “Soláthair Dhírigh” a bhíonn faoi stiúir na Gníomhaireachta Fáiltithe agus Imeasctha atá ina cuid den Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Sa chineál cóiríochta seo cuirtear bia agus dídean ar fáil d’iarrthóirí tearmainn fad is atá a n-iarratas ar stádas teifigh/stádas eile á phróiseáil. Chomh maith leis sin, íoctar liúntais seachtainiúla de €19.10 in aghaidh an duine fhásta agus €9.60 in aghaidh an linbh leo.  

I mí Lúnasa 2008, d’fhág an teaghlach an Chóiríocht Soláthair Dhírigh in iarthar na hÉireann chun fanacht le cara i mBaile Átha Cliath. Bhog In. Kileni as an gcóiríocht sa mhéid go raibh meabhairshláinte iníne léi ag dul in olcas agus sa mhéid go raibh na coinníollacha sa bhrú Soláthair Dhírigh míshásúil, dar léir, i bhfianaise nach raibh a hiníon ar fónamh. Cuireadh a hiníon, 15 bliana d’aois, san ospidéal tar éis di iarracht lámh a chur ina bás féin, agus ina dhiaidh sin cuireadh í faoi chúram altrama ar bhonn deonach. Chuir In. Kileni isteach ar LLF i mí na Samhna 2008. Diúltaíodh an t-iarratas. Rinne sí achomharc ar an gcinneadh leis an FSS, ach diúltaíodh di arís agus ansin rinne sí achomharc leis an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh.

Reáchtáladh éisteach ó bhéal i mí an Mheithimh 2009 agus i mí na Nollag 2009 agus cheadaigh an tOifigeach Achomhairc achomharc In. Kileni. D’eisigh an tOifigeach Achomhairc ráiteas sonrach faoina cinneadh le haird ar chúinsí eisceachtúla leighis agus sóisialta an cháis. Cibé scéal é, d’fhiosraigh an Maoroifigeach Leasa Pobail (a dhéanann an scéim LLF a riar) an toradh.  D’ainneoin na bhfreagraí ón Oifigeach Achomhairc ag dearbhú a cinnidh, agus d’ainneoin nach raibh In. Kileni ag cónaí sa chóiríocht Soláthair Dhírigh a thuilleadh, chinn sé In. Kileni a íoc ag ráta €19.10 in aghaidh na seachtaine di féin agus €9.60 in aghaidh na seachtaine dá hiníon a bhí ina cónaí léi. Rinneadh an íocaíocht seo ag ráta is iníoctha le hiarrthóirí tearmainn sa chóiríocht Sholáthair Dhírigh.

Níor cheartaigh FSS a sheasamh ach amháin tar éis idirghabháil Oifig an Ombudsman. Ar deireadh thiar thall cuireadh cinneadh an Oifigigh Achomhairc i bhfeidhm i mí Eanáir 2011 agus íocadh riaráistí de €11,882 le In. Kileni, 13 mhí tar éis di an t-achomharc a bhuachan. Ní rófhada tar éis chur i bhfeidhm chinneadh an achomhairc, rinne FSS athbhreithniú ar theidlíocht In. Kileni agus chinn nach raibh sí i dteideal LLF; ar feitheamh thoradh an achomhairc, d’íoc sé na rátaí laghdaithe léi is iníoctha d’iarrthóirí tearmainn atá ag cónaí i Soláthar Díreach. Naoi mí ina dhiaidh sin, tar éis achomhairc ar leithligh, cuireadh ar ais teidlíocht LLF In. Kileni ag an ráta a bhí ann roimhe.

An tImscrúdú

Is annamh, i dtaithí Oifig an Ombudsman, nach ndéanfaí cinneadh a rinne Oifigeach Achomhairc a chur i bhfeidhm go hiomlán gan mhoill. De réir dlí, bíonn cinntí an Oifigigh Achomhairc ina gcinntí “deiridh agus cinntitheacha”. Tá gnás ann chun cinneadh achomhairc a fhiosrú (ach ní cheadaítear faoin ngnáthamh sin íocaíochtaí a choinneáil siar fad is atá an fiosrú ag tarlú) agus níor cloíodh leis sin sa chás seo. Cé go mb’fhéidir go raibh an cás neamhchoitianta, bhí gá le himscrúdú foirmiúil sa mhéid nár cuireadh i bhfeidhm cinneadh an Oifigigh Achomhairc thar thréimhse fhada. Tá sé tábhachtach freisin breithniú a dhéanamh ar thionchar ghníomhartha FSS ar an ngearánach agus ar a teaghlach. In imscrúdú de chuid an Ombudsman déantar iniúchadh ar na saincheisteanna dlíthiúla agus eile a bhaineann le cás ar leith.

Mar a shamhlófaí bhí In. Kileni agus a hiníon is sine (dalta Ardteistiméireachta ag an uair) ag maireachtáil faoi fhíorbhochtaineacht dá bharr. Ar na tionchair eile a d’eascair as gan an ráta ceart liúntais a íoc leo ní fhéadfadh a hiníon is óige, a bhí faoi chúram altrama, teacht ar ais chun cónaithe lena teaghlach. Bhí na hoibrithe sóisialta ó FSS a bhí bainteach le cás an chailín seo den tuairim go dtarlódh a leithéid mura n-íocfaí an ráta iomlán liúntais le In. Kileni. Sa mhéid nár cuireadh cinneadh an Oifigigh Achomhairc i bhfeidhm agus gur eascair éagobhsaíocht mhothúchánach agus airgeadais as don teaghlach, cuireadh isteach ar na pleananna seo.  

Sheas FSS lena ghníomhartha tráth a raibh freagra á thabhairt ar fhógra an Ombudsman go raibh sí chun imscrúdú a dhéanamh. Chinn an tOmbudsman nach raibh argóintí FSS bailí agus tá anailís ar a hargóintí sonraithe i dtuarascáil an imscrúdaithe.

Tar éis di an t-imscrúdú a dhéanamh, seo a leanas a chinn an tOmbudsman:

  • theip ar Sheirbhís Leasa Pobail FSS  (ag feidhmiú thar ceann na Roinn Coimirce Sóisialaí) cinneadh a rinne Oifigeach Achomhairc Leasa Shóisialaigh a chur i bhfeidhm i gceart; ní raibh aon bhonn ceart leis sin a dhéanamh; agus bhí torthaí neamhfhabhracha thar thréimhse fhada do theaghlach Kileni ag eascairt as an teip sin;
  • bhí tionchar diúltach, go háirithe, ag an teip sin cinneadh de chuid an Oifigigh Achomhairc a chur i bhfeidhm, ar na hiarrachtaí an teaghlach a thabhairt ar ais le chéile arís a bhí ar bun ag Seirbhís Cosanta Leanaí FSS;
  • léirigh an teip seo gur glacadh na gníomhartha seo gan údarás ceart, go raibh siad idirdhealaitheach go héagórach agus nach raibh siad ag teacht le riarachán coir nó fónta.


Agus an Roinn Coimirce Sóisialaí ag freagairt do dhréacht den tuarascáil, agus an tuarascáil á cur in áireamh seo luadh go raibh an Roinn tar éis iarraidh ar FSS scríobh chuig In. Kileni chun a leithscéal a ghabháil léi as an méid a tharla. Mhínigh an Roinn go raibh siad tar éis iarraidh ar FSS leithscéal a ghabháil sa mhéid gurb iadsan an “comhlacht freagrach” tráth an éilimh.  Chuir FSS litir leithscéil  chuig In. Kileni ina dhiaidh sin.

Moltaí

I bhfianaise na dtorthaí móra neamhfhabhracha ar In. Kileni agus ar a teaghlach mhol an tOmbudsman don Roinn Coimirce Sóisialta íocaíocht “ama agus trioblóide” a dhéanamh – nó íocaíocht “sóláis” mar a thugtar air i ndlínsí eile – le In. Kileni, de €3,000.

Is leis an Roinn Coimirce Sóisialaí a rinneadh an moladh seo, seachas le FSS, ar an mbonn go raibh an scéim LLF an tráth úd á riar thar ceann na Roinne agus faoina smacht agus treoir ghinearálta agus sa mhéid, cibé ar bith é, go raibh an scéim LLF maoinithe faoi Vóta na Roinne. Ghlac an Roinn leis go raibh “moill nach raibh gá leis agus nach bhféadfaí seasamh leis ar íoc na riaráistí ó FSS” sa chás seo agus ghlac sí leis an moladh go n-íocfaí suim mholta le In. Kileni.