An Gearán
Rinneadh an gearán seo toisc gur dhiúltaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) táillí fadchónaithe tí altranais a aisíoc leis an Uasal Coffey (ainm bréagach) faoin Scéim Aisíoca Sláinte. Bhí an tUasal Coffey ina cónaí i dteach altranais príobháideach ó Mhárta 2003 go dtí go bhfuair sí bás i bhFeabhra 2011. D’áitigh a teaghlach go raibh sí ina hothar poiblí sa teach altranais príobháideach mar ba é Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh a chuir ann í. Ar an mbonn sin, dúirt an teaghlach go raibh sí i dteideal aisíocaíocht a fháil, faoin SAS, ar na táillí a ghearr Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh le linn na tréimhse 2003-2004. Dhiúltaigh riarthóir scéime FSS dá hiarratas ar an Scéim Aisíoca Sláinte áfach, agus dhiúltaigh Oifigeach Achomhairc na Scéime Aisíoca Sláinte don achomharc a rinneadh ina dhiaidh sin. Rinne teaghlach an Uasail Coffey gearán go raibh an dá chinneadh sin mícheart.
Is scéim reachtúil í an Scéim Aisíoca Sláinte a tugadh isteach in 2006 chun aisíocaíocht a dhéanamh le sealbhóirí cárta leighis ar gearradh táille neamhdhleathach orthu maidir le cúram fadchónaithe. Roimh 2005, ní raibh aon bhonn dlí ann chun táille a ghearradh ar shealbhóirí cárta leighis i gcúram fadchónaithe. I gcleachtadh, agus d’ainneoin nach raibh bonn dlí ann, bhí na boird sláinte ag gearradh táillí ar othair a raibh cárta leighis acu maidir le cúram fadchónaithe le fada anuas. Níor admhaigh an Roinn Sláinte go raibh na táillí sin neamhdhleathach go dtí 2004.
Tar éis imscrúdú an Ombudsman, ghlac FSS (inar comhchuimsíodh Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh) le cinneadh an Ombudsman go raibh an tUasal Coffey i dteideal aisíocaíocht a fháil faoin Scéim Aisíoca Sláinte agus thoiligh Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte táillí dar luach thart ar €24,000 a aisíoc.
An Cás
In 2002 rinneadh measúnú ar an Uasal Coffey, a bhí ina cónaí i mBaile Átha Cliath Thuaidh, agus measadh go raibh cúram fadchónaithe i dteach altranais de dhíth uirthi. Bhí Galar Parkinson agus néaltrú uirthi. Ag an am sin, ní raibh Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh in ann áit a thabhairt di i dteach altranais poiblí de bharr easpa leapacha i dtithe altranais poiblí. Chuir a teaghlach iarratas chuig Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh faoin Scéim Fóirdheontais Tithe Altranais le haghaidh cúnaimh maidir le costais an chúraim phríobháidigh. Mheas an teaghlach áfach nach raibh méid an fhóirdheontais a faomhadh (€2.79 in aghaidh an lae) leordhóthanach agus níor bhain siad leas as an scéim sin. Lean siad orthu ag lorg áite di i dteach altranais poiblí. I Márta 2003, thairg Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh leaba i dteach altranais príobháideach i Ros Comáin don Uasal Coffey. Dúradh leis an teaghlach go raibh sé beartaithe ag oibreoir an tí altranais i Ros Comáin teach altranais a thógáil i mBaile Átha Cliath Thuaidh laistigh de 12 mhí agus go mbeadh an tUasal Coffey in ann filleadh ar Bhaile Átha Cliath ansin. D’ainneoin na faidhbe soiléire a bhí i gceist le suíomh an tí altranais, rud a chiallódh go mbeadh sé deacair ar an teaghlach cuairt a thabhairt uirthi, ghlac siad leis an leapa. Chuir Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh sonrasc chuig an Uasal Coffey ina raibh táillí fadchónaithe (d’othair chónaithe) agus d’íoc an teaghlach Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh ar a son.
Is scéim í an Scéim Aisíoca Sláinte (SAS) chun aisíocaíocht a dhéanamh le sealbhóirí cárta leighis ar gearradh táille neamhdhleathach orthu, le linn na tréimhse suas go dtí deireadh 2004, maidir le cúram i dteach altranais poiblí. Dhiúltaigh riarthóir scéime FSS d’iarratas an Uasail Coffey ar an Scéim Aisíoca Sláinte áfach, agus ina dhiaidh sin dhiúltaigh Oifigeach Achomhairc an SAS dó freisin toisc go raibh sí ina hothar príobháideach i dteach altranais príobháideach. Faoin Scéim Aisíoca Sláinte, i gcásanna áirithe, féadtar aisíocaíocht a dhéanamh le hothar a chuirtear i dteach altranais príobháideach. Tarlaíonn sin i gcás othar arna gcur i dteach altranais príobháideach ag bord sláinte faoi chomhaontú conartha idir an bord sláinte agus an teach altranais. B’othair phoiblí iad na hothair sin a rinne an bord sláinte cinneadh iad a chur i dteach altranais príobháideach agus bhí stádas na n-othar sin díreach mar an gcéanna le stádas na n-othar a cuireadh i dtithe altranais poiblí. I gcás an Uasail Coffey, bhraith a teidlíocht ar aisíocaíocht faoin Scéim Aisíoca Sláinte ar cibé an raibh sí i leaba a bhí ar conradh ag Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh sa teach altranais i Ros Comáin nó nach raibh.
Rinne an tOmbudsman imscrúdú ar na dálaí inar cuireadh an tUasal Coffey sa teach altranais i Ros Comáin. Cuireadh ann í de bhun comhaontaithe a rinne Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh leis an teach altranais i Ros Comáin a bhí á bhainistiú, ag an am ábhartha sin in 2003, ag iar-Stiúrthóir Seirbhísí do Dhaoine Scothaosta de chuid Bhord Sláinte an Limistéir Thuaidh a bhí ar chead neamhláithreachta. Bhí sé tar éis 20 leaba sa teach altranais a thairiscint do Bhord Sláinte an Limistéir Thuaidh ar ráta fabhrach. Chuir Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh daoine ó Bhaile Átha Cliath (lena n-áirítear an tUasal Coffey) sa teach altranais i Ros Comáin agus thoiligh siad an teach a íoc, go hiomlán, i gcomhair gach othair arna chlúdach faoin gcomhaontú. Ansin bhailigh Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh táillí ó na hothair nó óna dteaghlach. Bhí an socrúchán sin difriúil ón gceann i bhí i bhfeidhm maidir le hothair eile sa teach a raibh cúram á fháil acu faoin Scéim Fóirdheontais Tithe Altranais. Faoin scéim sin, bhí othair a bhí ag fáil fóirdheontais, mar othair phríobháideacha, freagrach as na táillí dlite a íoc díreach leis an teach altranais.
Ba é a dúirt FSS ná go raibh an tUasal Coffey, agus othair eile ó Bhaile Átha Cliath sa teach altranais i Ros Comáin, ina n-othair phríobháideacha a bhí ag baint tairbhe as an Scéim Fóirdheontais Tithe Altranais. D’iarr an tOmbudsman ar FSS a mhíniú, más rud go raibh an tUasal Coffey ina hothar príobháideach, cén fáth a d’íoc Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh táille iomlán an tí altranais leis an teach altranais i Ros Comáin agus cén fáth ar chuir siad sonraisc chuig an Uasal Coffey ar tháillí d’othair chónaithe. Ba é an freagra a fuarthas ó FSS nach raibh á dhéanamh ag Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh ach táillí a bhailiú ar son an tí altranais phríobháidigh i Ros Comáin i gcás an Uasail Coffey (agus roinnt othar eile ó Bhaile Átha Cliath) agus go raibh sé ag déanamh amhlaidh toisc nach raibh taithí ag cuideachta an tí altranais ar mhargadh na hÉireann. Chinn an tOmbudsman nach cás inchreidte é sin i gcúinsí ina raibh Bainisteoir an tí altranais ina fhostaí sinsearach de chuid Bhord Sláinte an Limistéir Thuaidh a bhí ar chead neamhláithreachta.
Ina theannta sin, ba é an tátal a baineadh ón méid a dúirt FSS, mar a deir an tOmbudsman ina tuarascáil, ná “[gur] ghlac Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh an ról de sheirbhísí cuideachta phríobháideach ar leith a chur chun cinn trína chuid othar féin a chur ar an eolas faoin gcuideachta agus iad a spreagadh chun leas a bhaint as seirbhísí na cuideachta sin. Chomh maith leis sin, thug sé tacaíocht bhreise don chuideachta sin trí ról an bhailitheora táillí a ghlacadh maidir leis na táillí a bhí dlite don chuideachta ó roinnt dá hothair phríobháideacha. Agus caithfear breathnú ar an méid sin go léir sa chomhthéacs go raibh Bainisteoir na cuideachta ina oifigeach sinsearach de chuid Bhord Sláinte an Limistéir Thuaidh a bhí ar chead neamhláithreachta.”
Tar éis di a himscrúdú a chur i gcrích, chinn an tOmbudsman na nithe seo a leanas:
- go ndearna Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh conradh leis an teach altranais i Ros Comáin chun cúram a thabhairt don Uasal Coffey;
- go raibh an teaghlach eisiata ó aon dliteanas airgeadais i leith na dtáillí de thoradh ar an gconradh cúraim;
- gur ghearr Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh táille ar an Uasal Coffey maidir le seirbhísí d'othair chónaithe;
- go raibh an tUasal Coffey ina hothar poiblí a cuireadh sa teach altranais i Ros Comáin de réir conartha a socraíodh idir Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh agus an teach altranais.
Tar éis d’FSS dréacht de thuarascáil imscrúdaithe an Ombudsman a bhreithniú, ghlac sí le cinneadh an Ombudsman go raibh an tUasal Coffey i dteideal aisíocaíocht a fháil faoin Scéim Aisíoca Sláinte. D’admhaigh FSS go raibh an fhaisnéis a chuir siad ar fáil do riarthóir na Scéime Aisíoca Sláinte, agus d’Oifigeach Achomhairc na Scéime Aisíoca Sláinte, maidir leis an teach altranais i Ros Comáin mícheart. D’inis siad don bheirt pháirtithe, go mícheart, nach raibh aon “leapacha ar conradh” sa teach altranais i Ros Comáin. Chomh maith leis na táillí arna dtabhú ag an Uasal Coffey a aisíoc, tá an tOmbudsman ag súil go ndéanfaidh FSS athbhreithniú ar theidlíocht ar aisíocaíocht na n-othar eile ó Bhaile Átha Cliath ar chuir Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh sa teach altranais i Ros Comáin iad.
Pléitear le gníomhartha Oifigeach Achomhairc na Scéime Aisíoca Sláinte sa chás seo i dtuarascáil an Ombudsman chomh maith. Cé go bhfuair an tOifigeach Achomhairc faisnéis mhícheart ó FSS, cháin an tOmbudsman an tOifigeach Achomhairc toisc gur theip air aird chuí a thabhairt ar fhaisnéis a sholáthair teaghlach an Uasail Coffey, lenar tugadh le tuiscint go soiléir go raibh a máthair ina hothar poiblí ar chuir Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh i ‘leaba ar conradh’ í. Chinn an tOmbudsman freisin gur léirigh an tOifigeach Achomhairc cleachtas riaracháin neamh-inmhianaithe toisc gur theip air taifead ar bith a choinneáil ar an éisteacht ó bhéal ar ar fhreastal muintir Coffey agus go raibh sé sin contrártha do riaradh cóir nó fónta.
Tá an Tuarascáil, (nach bhfuil ar fáil ach i mBearla amháin) anseo