9.1 CONCLÚIDÍ AGUS ÁBHAIR MACHNAIMH...
"In the long run, ... the disregard for clear principles of law, the sustained proffering of incorrect advice, the reluctance to acknowledge mistakes, the tardiness in the Department's dealings with the Ombudsman's Office - all of these can only undermine public confidence in government and in our democratic institutions and call into question whether the present arrangements facilitate efficient, open and accountable government." - Nursing Home Subventions- Report of the Ombudsman to the Dáil and Seanad, (January 2001)
"... asserted “governance flaws” or flaws in the way in which government operates are the subject of extensive comment by the Ombudsman in her draft report, as are her suggested “repairs” to governance structure. An investigation in relation to such matters is not properly a function of the Ombudsman under the 1980 Act. ... the Ombudsman is strictly limited by the provisions of the 1980 Act to the investigation of actions taken in the performance of administrative functions." - Submission of Department of Health and Children - response to Ombudsman draft report (23 August 2010)
"Whereas Dáil Éireann remains supreme in that it retains the ultimate power of making or breaking a Government, power actually resides with the Government rather than with the Oireachtas. [...] This means that the Dáil and Seanad find it very difficult to exercise any legislative or supervisory role other than what is permitted by the Government of the day.
The main casualty in all of this is the integrity of the governmental process. As currently operated, the system of checks and balances envisaged in the Constitution appears not to be functioning. If it were functioning, it is unlikely that the difficulties with the nursing home subvention scheme (as described in this report) would ever have arisen." - Nursing Home Subventions- Report of the Ombudsman to the Dáil and Seanad, (January 2001)
"The repeated statements made by Charlie McCreevy and his colleagues that the government, and not the civil servants, ran the country, showed either a lack of knowledge of the legal position or a disregard for it. The responsibility for safeguarding public funds and for the efficient administration of a government department lies not with the minister but with its secretary general, the head of the department." - Ed Walsh,"Our system of governance assures a deficit of talent" - Irish Times (6 July 2010)
"The Government does indeed “run the country”, but not without some constraints. The system of accountability established by the Mullarkey group included the requirement that assessments be carried out of the “strategic, operational, financial and reputational” risks of policies. The system also provided senior officials with instruments to contest what they consider to be political decisions that lack “integrity”, “regularity”, or “propriety”. In such cases, they can insist on receiving the Minister’s instructions in writing and on receipt of the written instructions they immediately send the papers to the CAG." - Eddie Molloy,"Seven things the public service needs to do" - Irish Times (9 April 2010)
"A question I have asked at least six times ... concerns whether the Government has examined the statutory entitlements of patients over 70 to free public or private nursing home care. If it transpires that people in this group have a statutory entitlement to nursing home care, it will make the illegal nursing home charges look like loose change. [...] Is this another problem that is brewing and will Deputies present in this House in 2009 hear Ministers claim that this issue was never raised with them? A serious problem exists in this area, which has not been addressed by the Tánaiste, even when questions were raised about it." - Liam Twomey T.D., Dáil Éireann, (1 June 2006)
"In the intervening nine years [since publication of Nursing Home Subventions], unfortunately, the scale of the problem has increased rather than decreased. I do think, and again I say this with genuine deference to all the members of the Dáil and Seanad, that the situation is now so serious that it cannot continue to be ignored. It seems to me that a properly functioning parliament is even more necessary at times like these when, in effect, we have a national emergency on hands." - Emily O'Reilly, Ombudsman - address to the Institute of Public Administration and Chartered Institute of Public Finance and Accounting Conference on Good Governance, (9 March 2010)
"The Department [of Health and Children] categorises its principal customers and stakeholders into three broad groups:
- the Minister, the Ministers of State and the Oireachtas;
- the HSE and other health sector agencies;
- the public (as health service users, taxpayers and citizens).
However, in reality, the strong perception exists amongst the Department's staff, its agencies and its stakeholders that the Department's actions demonstrate that it pays most attention to two groups of customers: pre-eminently to the Ministers and the Oireachtas, but also to the professional representative bodies. This disparity ... is a source of real frustration to many of the Department's staff, customers and stakeholders." - Second Report of the Organisation Review Programme, Department of the Taoiseach, 2010
"The way the Health Act 2004 was dealt with by the Oireachtas is an example of how not to enact legislation. The Oireachtas did not properly consider or debate the legislation which became the Health Act 2004. In the Dáil, there were two days of Committee Stage discussions. This is the stage during which legislation should be minutely examined and amended if necessary. There were 169 amendments discussed at Committee Stage. At Report Stage, there were a total of 151 amendments due for discussion. When Amendment No. 12 had been reached, the process was guillotined. The majority of the amendments were being proposed by the Government. Opposition deputies complained that they had only received some of these amendments the night before and some on the day of the Report Stage. It is hardly surprising that poor quality legislation is passed when practices such as these are allowed to continue." - Ita Mangan, in Older People in Modern Ireland - Essays on Law and Policy, Eoin O'Dell (ed)
Is furasta conclúidí an imscrúdaithe seo a thabhairt :
- Tá an tAcht Sláinte 1970 tar éis ceanglas a chur ar an Stát (Nóta 1) cúram tí altranais a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil sé de dhíth orthu.
- Is ceist oscailte atá ann an bhfuil an oibleagáid sin fós i bhfeidhm in ainneoin leasuithe a rinneadh ar an Acht Sláinte 1970 le déanaí.
- Theip ar an Stát go seasta an oibleagáid seo a chomhlíonadh le daichead bliain anuas.
- Theip ar an Stát thar an tréimhse céanna sin, agus in ainneoin thiomantais a tugadh arís is arís eile (ó 2001 i leith go háirithe), leasú a dhéanamh ar an dlí ionas go dtabharfaí le chéile cleachtas agus oibleagáidí dhlíthiúla.
- Tá a dteidlíocht de réir an dlí ceilte ar go leor daoine thar an dá scór bliain sin (Nóta 2).
- Tá mearbhall, éiginnteacht, mífhaisnéis, neamhréireacht agus éagothromas tar éis a bheith i gceist maidir le rochtain ar chúram i dtithe altranais ar feadh na tréimhse seo.
- Bhí drochthionchar aige seo ar go leor daoine ar feadh na tréimhse seo.
- Lean an staid seo ar aghaidh agus eolas ag na ngníomhaireachtaí Stáit freagracha fúithi agus iad ag toiliú léi.
- Mar thoradh ar an teip sin, tá na céadta caingne dlí á dtógáil i gcoinne an Stáit anois ó, nó thar ceann, dhaoine atá ag lorg cúitimh as na costais a tabhaíodh toisc go raibh orthu leas a bhaint as cúram i dteach altranais príobháideach.
- Léiríonn na teipeanna áirithe sin, a lean ar aghaidh ar feadh daichead bliain, go bhfuil teipeanna níos leithne sa chóras rialtais.
Ag féachaint ar an tréimhse fada ina lean cleachtais do-ghlactha ar aghaidh, is cosúil go raibh dolúbthacht, neamh-fhreagrúlacht agus drogall ann glacadh leis an bhfírinne ag an leibhéal riaracháin agus institiúideach. Uaireanta, freisin, léiríonn sé neamhaird ar an dlí. Theip ar na gníomhaireachtaí Stáit atá i gceist comhoibriú le himscrúdú an Ombudsman ar na saincheisteanna seo, rud a léiríonn dígeantacht, easpa follasachta agus freagrachta agus neamhaird ar leas an phobail.
Tá an droch-staid seo, a ndéantar cur síos uirthi thuas, ann mar gheall ar lochtanna inár gcóras rialtais; lochtanna a ba chúis leis an staid seo ar dtús, agus lochtanna a d’fhág nach bhféadfaí cúrsaí a réiteach fiú tar éis na fadhbanna a aithint. Tá sé tábhachtach na lochtanna seo a ainmniú, le súil go dtabharfar faoina réiteach nuair a ainmnítear iad.
Ag deireadh an lae, is ar na polaiteoirí agus ar an Oireachtas atá an fhreagracht an dlí a athrú. Ach inár bhFeidhmeannas/Oireachtas comhleáite, is fíor a rá gurb é an Feidhmeannas a cheapann, a dhréachtaíonn, agus, go praiticiúil, a chinneann an dlí. Tá aitheantas ar leith tugtha dó sin ag an Roinn ina Ráiteas Straitéise 2009 - 2010, ina shainíonn sé go gcuimsítear ina shainordú: "To provide a legislative and regulatory framework that helps protect the interests of service users ...". Is cosúil go bhfuil drogall tar éis a bheith ann le 40 bliain anuas ateilgeadh a dhéanamh ar an dlí maidir le teidlíocht sláinte. Tá tionchar tar éis a bheith ag an easpa gníomhaithe seo ar an gcóras iomlán. Ní réiteach atá ann leanúint ar aghaidh amhail is nach ndeir an dlí an méid atá ráite ann.
Bhain leibhéal easaontais agus mioscais gan fasach le seoladh an imscrúdaithe seo agus réiteach thuarascáil an Ombudsman don Oireachtas. Tá an Roinn, go háirithe, tar éis go leor cúisimh a chur i gcoinne an Ombudsman maidir leis an mbealach ar seoladh an imscrúdú. I measc na gcúiseamh sin tá:
- gur sháraigh an tOmbudsman a dlínse nuair a thug sí faoin imscrúdú seo;
- gur theip ar an Ombudsman cloí le nósanna imeachta cothroma go háirithe maidir le dréachtleagan den tuarascáil faoin imscrúdú a sholáthar;
- gur léirigh an tOmbudsman claontacht chuspóireach le linn an imscrúdaithe;
- gur léirigh an tOmbudsman díomas in airbheartú an dlí a léirmhíniú;
- gur airbheartaigh an tOmbudsman a gceart an dlíthíocht (arna shonrú sa tuarascáil seo) a bheith cinntithe ag na Cúirteanna a cheilt ar na comhlachtaí Stáit atá i gceist.
Tá an tAire, ag feidhmiú thar ceann an Rialtais, tar éis a chur in iúl don Ombudsman go dtacaíonn an Rialtas le haighneacht na Roinne ina ndéantar na cúisimh seo.
Cé go bhfuil FSS tar éis a bheith níos measartha, den chuid is mó, chuir sí i leith an Ombudsman go raibh sí ag déanamh iarracht dul i gcion ar thoradh imeachtaí cúirte. Go bunúsach, tá an Roinn agus FSS ag rá gur thug an tOmbudsman faoin imscrúdú seo le drochintinn.
Is cosúil gurb í an chúis is mó atá leis an gcur i gcoinne gan fasach seo i leith imscrúdú de chuid an Ombudsman ná imní go mbeadh impleachtaí airgeadais uafásacha i gceist don Stát dá nglacfaí le bailíocht anailís na tuarascála. Tráth go bhfuil géarchéim airgid i gceist don Stáit, is furasta an imní seo a thuiscint. Creideann an tOmbudsman, áfach, nach bhfuil sé ciallmhar anailís a choinneáil siar toisc go bhféadfadh tionchar chomh tromchúiseach sin a bheith aici ó thaobh airgeadais de. Ní mór féachaint ar cheist an chúitimh dóibh siúd a raibh drochthionchar orthu i gcomhthéacs na gcúinsí ina bhfuilimid anois mar thír. Cé go bhfuil sé deacair aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo, is mó i bhfad a chuideoidh sé ná séanadh go bhfuil a leithéid d’fhadhb ann.
I ndáiríre, bhí cúig chúis ag an Ombudsman chun an tuarascáil seo a chur le chéile:
- Aird a tharraingt ar na deacrachtaí suntasacha a bhí ag teaghlaigh le dhá scór bliain anuas agus iad ag iarraidh socruithe a dhéanamh i gcomhair cúraim fhadtéarmaigh i dteach altranais do dhuine den teaghlach.
- Ionadaíocht a thabhairt, ina bhfocail féin go minic, ar an anacair agus suaitheadh (airgeadais san áireamh) a luaigh dhaoine a rinne gearán le hOifig an Ombudsman thar na blianta maidir le cúram i dteach altranais.
- Aird a tharraingt ar neamhleorgacht fhreagairt an Stáit ar na fadhbanna seo agus ar an moill a bhain léi.
- An cheist a ardú ar chóir aitheantas éigin a bheith tugtha do dhaoine a ndearnadh dochar dóibh gur teip an Stát iad, agus dá mba chóir, conas ar chóir é sin a dhéanamh.
- Na ceisteanna rialachais níos airde a thagann chun cinn mar gheall ar na cleachtais a léirítear sa tuarascáil seo a ardú.
Níl aon amhras faoi ach go bhfuil na cáintí á ndéanamh ag an Ombudsman, maidir leis an Roinn agus FSS, tromchúiseach. Níl an cháineadh seo á dhéanamh ar nós chuma liom; ná níl sé á dhéanamh go haisceach. Ná níl sé i gceist sochar a bhaint as an dearcadh reatha coitianta atá ag iarraidh lochtanna a fháil ar chomhlachtaí poiblí, go háirithe sa tseirbhís sláinte, beagnach ar bhonn prionsabail. Ná níl na cáintí seo dírithe ar fhormhór na n-oibrithe sa tseirbhís sláinte phoiblí, a dhéanann a ndícheall agus iad ag obair i gcúinsí fíordheacra. Aithníonn an tOmbudsman go bhfuil díospóireacht idé-eolaíoch, brú ó ghrúpaí leasmhara, deacrachtaí le caidreamh tionsclaíoch agus sriantacht airgeadais níos mó i gceist i réimse an chúraim sláinte ná in aon réimse beartais eile.
Go deimhin, tá an t-imscrúdú seo ina thoradh ar bhlianta fada den Ombudsman ag dul i ngleic le saincheist an chúraim i dteach altranais do dhaoine scothaosta. Cé nach bhfuil aon cheist faoi ach go bhfuil an gníomhú seo tar éis dul i gcion ar inneachar agus ar chonclúidí an imscrúdaithe, tá an Ombudsman sásta go ndearnadh an t-imscrúdú go cóir agus go réasúnta. Níl aon fhonn ar an Ombudsman fad a chur leis an eascairdeas a bhí ina ghné dá caidreamh leis an Roinn agus FSS le linn an imscrúdaithe. B’fhearr léi, go deimhin, dá bhféadfaí aird a dhíriú anois ar na saincheisteanna a ardaíodh sa tuarascáil. Tá súil ag an Ombudsman go ndéanfar roinnt machnaimh taobh istigh den Oireachtas ar an méid ar gá a dhéanamh chun rialachas a fheabhsú agus chun an drochthionchar a bhí i gceist do theaghlaigh a bhí faoi mhíbhuntáiste mar thoradh ar na cleachtais lena bpléitear sa tuarascáil a aithint.
Nótaí
(Nóta 1) Is don Roinn agus FSS (lena n-áirítear na boird sláinte roimh 2005) is mó a thagraíonn tagairtí don “Stát” nó dá ghníomhaireachtaí
(Nóta 2) Ní dhéanaimid aon iarracht sa tuarascáil seo an líon daoine atá i gceist a mheas.
9.2 CONCLÚIDÍ AGUS ÁBHAIR MACHNAIMH...RIALTAS MÍFHEIDHMIÚIL?
I dtuarascáil an Ombudsman Nursing Home Subventions, a cuireadh faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid beagnach deich mbliana ó shin, pléadh gearáin a bhí beagán éagsúil, (Nóta 3) ach a bhaineann, ag deireadh an lae, leis an bhfadhb bhunúsach chéanna. Go deimhin, d’fhéadfaí an chaibidil choibhéiseach den tuarascáil sin (Nóta 4) a atáirgeadh ina hiomláine anseo, gan ach roinnt coigeartuithe beaga a dhéanamh ar an gcomhthéacs. Sa chaibidil sin, rinne Ombudsman na linne, Kevin Murphy, iarracht na saincheisteanna gearáin láithreacha a shuiteáil i gcomhthéacs níos leithne chóras rialtais mífheidhmiúil. D’aithin sé easnaimh ar leith i dtrí shraith caidrimh, a chuireann go mór leis an mífheidhmiúlacht seo, ina thuairim. Is iad na caidrimh sin:
- An caidreamh idir an tOireachtas agus an Feidhmeannas - is ficsean atá anois i múnla na Bunreachta ina ndéanann an tOireachtas na dlíthe agus ina gcuireann an Feidhmeannas i bhfeidhm iad; go deimhin is é an Feidhmeannas (Rialtas) "which decides policy; which proposes legislation and ensures its passage through the Oireachtas and, subsequently, in its executive capacity ensures that the laws are implemented." Is beag cumhacht atá ag an bParlaimint agus níl ar a cumas an ról a leagtar síos di sa Bhunreacht (freagracht an Fheidhmeannais a chur i bhfeidhm mar chuid de) a chur i gcrích.
- Na caidrimh taobh istigh den Fheidhmeannas - san am atá thart, bhí deighilt shoiléir feidhmeanna ann idir an taobh polaitiúil (Aireach) agus an taobh oifigiúil. Bhraith ionracas an phróisis rialtais go mór ar é a bheith le feiceáil go raibh an taobh oifigiúil neamhpholaitiúil; chonacthas an teannas a bhí ann mar gheall ar an deighilt seo mar rud a bhí riachtanach agus sláintiúil. "Good government, mar a dúirt an tOllamh Séamus Ó Cinnéide, depended on a certain distance and balance between the two sides" Níl an fad agus an chothromaíocht seo i gceist a thuilleadh, agus mar a dúirt an tUasal Ó Cinnéide arís eile, tá an t-athrú seo mar chuid de "an unspoken revolution in our system of governance". (Nóta 5). Arís, tá gné lárnach eile de mhúnla foriomlán an rialtais caite ar leataobh, nó ar aon chuma, laghdaithe go suntasach.
- An caidreamh idir an Roinn agus na Boird Sláinte - cosúil leis na caidrimh taobh istigh den Fheidhmeannas, tá an caidreamh idir an Roinn agus na boird sláinte níos éifeachtúla nuair a choinníonn na boird sláinte fad áirithe idir iad féin agus an Roinn, agus nuair atá siad sásta a stádas mar chomhlachtaí reachtúla, neamhspleácha a chleachtadh de réir mar is gá. Ach theip ar na boird sláinte, den chuid is mó, feidhmiú go neamhspleách; "to a large extent, health boards appear to act in relation to the Department as if they are satellites rather than independent bodies [...] The majority of the health boards were prepared to continue with a scheme, about which they increasingly had doubts, for as long as the Department told them they should."
Tá tuairimí Ombudsman na linne sin beagnach níos oiriúnaí anois ná mar a bhí siad nuair a tugadh iad beagnach deich mbliana ó shin.
An tOireachtas agus an Feidhmeannas
Is dóigh go bhfuil an caidreamh seo imithe chun donais seachas i bhfeabhas idir an dá linn. Nuair a léitear Díospóireachtaí san Oireachtas a bain le cúrsaí sláinte le deich mbliana anuas nó mar sin, tugtar faoi deara gur cosúil nach bhfuil aon mhuinín ag Airí sa Dáil ná sa Seanad mar fhóram inar féidir fíordhíospóireacht a dhéanamh maidir le saincheisteanna sláinte. Is minic gur míreanna seasta nó freagraí stoic atá sa méid a deir Airí, agus a bhformhór úsáidte go minic roimhe sin. Is féidir gealltanas a bheith déanta, agus déanta arís is arís eile bliain i ndiaidh bliana, gan aon rud a bheith déanta mar gheall air.(Nóta 6) Is féidir faisnéis riachtanach a bheith ceilte ar an Dáil agus ar an Seanad cé go bhfuil sé scaipthe ar fud na státseirbhíse nó na seirbhíse poiblí. Mar shampla, ceileadh comhairle dlí maidir le muirir neamhdhleathacha a ghearradh ar othair i gcomhair seirbhísí d’othair chónaithe ar an Dáil agus ar an Seanad, agus ar an gCoiste um Shláinte agus Leanaí, cé go raibh sé scaipthe i measc na mbord sláinte, na Roinne, agus, is dócha, na Roinne Airgeadais. Cuireadh an chomhairle sin ar fáil don Uasal John Travers chun cuspóirí a thuarascála freisin. Is cosúil go bhfuil sé seo go léir bunaithe ar dhlíthíocht chaol a bhaineann le feidhmiú pribhléid sa dlí. Ní thugann iompar den chineál seo le tuiscint go bhfuil an cineál measa ar an Oireachtas, ionadaithe na ndaoine, a ndéantar foráil dó sa Bhunreacht, ag an bhFeidhmeannas.
Maidir leis na saincheisteanna atá ag croílár na dlíthíochta a phléitear i gCaibidil 8, rinne baill na freasúra iarrachtaí plé a dhéanamh ar na saincheisteanna seo agus lorg siad faisnéis mionsonraithe maidir le méid na faidhbe agus maidir leis an seasamh atá á ghlacadh ag an Stát ina leith. Níor éirigh leis na hiarrachtaí seo, den chuid is mó. Is cúis iontais atá ann, agus léiríonn sé go leor faoi stádas na Parlaiminte, gur féidir le hAire, nó le hArd-Rúnaí i gcás éisteachta Coiste, diúltú faisnéis den chineál sin a chur ar fáil ar an mbunús go bhféadfadh nochtadh na faisnéise a bheith chun donais sheoladh na dlíthíochta.
Bheadh sé saonta a cheapadh gur ar Fheidhmeannas an lae inniu atá an mhilleán uile maidir leis an ndrochstaid seo. Tá gach Rialtas a bhí ann le tamall de bhlianta anuas tar éis cur leis an staid mar atá sé anois, a mhór nó a bheag.
Tá contúirtí lárnacha ag baint le ligean le córas rialtais feidhmiú ar bhunús ficsin. D’fhéadfadh go bhfuil cosúlachtaí anseo leis an méid atá ag tarlú ó thaobh cúrsaí airgeadais de i SAM agus san Eoraip (agus Éire san áireamh) le déanaí. Is cosúil go raibh na córais rialachais i gcomhair na n-institiúidí airgeadais móra bunaithe ar fhicsean inar raibh boird stiúrthóirí ag airbheartú go raibh siad ag gníomhú ar mhaithe le scairshealbhóirí, ach i ndáiríre, bhí boird agus feidhmeannaigh shinsearacha tar éis foghlaim conas gníomhú ar a son féin. Bhí sé seo níos furasta os rud é gurb é a bhí sna scairshealbhóirí ná grúpaí móra a bhí scaipthe amach óna chéile, agus nach raibh siad ábalta gníomhú le chéile, nó, go deimhin, a raibh táimhe ag baint leo. Sa chás seo, thosaigh feidhmeannaigh shinsearacha institiúidí airgeadais ag féachaint ar scairshealbhóirí mar núiseanna a chaithfí cur suas leo seachas mar chuid dhílis de na socrúcháin rialachais ar a raibh ionracas an chórais airgeadais ag brath. (Nóta 7) An bhfuil an rud céanna fíor in Éirinn i gcás an Fheidhmeannais agus an Oireachtais? An bhféachann an Feidhmeannas ar an Oireachtas mar rud a chaithfear cur suas leis seachas mar chuid riachtanach den chóras feidhmithe rialtais foriomlán. Ní heol don Ombudsman aon bhreathnóir neamhspleách leis na blianta fada anuas a chuir an tuairim in iúl go bhfuil an caidreamh idir an Feidhmeannas agus an tOireachtas sláintiúil agus táirgiúil. Go deimhin, tá formhór na mbreathnóirí den tuairim go bhfuil a mhalairt fíor.
Níl aon cheist faoi ach go bhfuil leagan amach ár rialtais lagaithe go mór toisc go bhfuil an Fheidhmeannas ró-chumhachtach agus an tOireachtas ró-lag.
Caidrimh taobh istigh den Fheidhmeannas
Is éard atá i gceist anseo ná an chothromaíocht ar chóir a bheith ann idir an taobh polaitiúil (Aireach) agus an taobh neamhpholaitiúil (státseirbhís). Tá sé soiléir go bhfuil sé deacair an chothromaíocht seo a bhaint amach agus a chothú. Níl aon dul as ach go mbeadh teannas sláintiúil áirithe i gceist idir an dá thaobh. Mar Oifigeach Cuntasaíochta, ba chóir go mbeadh Ard-Rúnaí ábalta smacht suntasach a bheith aige nó aici taobh istigh dá Roinn féin, agus, is cosúil, go bhfuil sé i gceist go bhfeidhmeodh sé nó sí mar mheáchan socraíochta do chlaonadh níos polaitiúla Aire na linne.(Nóta 8)
Tá tuairim ann gur cothaíodh cothromaíocht réasúnta blianta ó shin agus gur mhór an chabhair an áitiú a rinne státseirbhísigh shinsearacha láidre gur chóir fad áirithe a choinneáil idir iad agus Aire an lae. Ní mór a cheistiú cibé an bhfuil an chothromaíocht seo imithe i ndonas le blianta beaga anuas, agus an bhfuil státseirbhísigh shinsearacha ag coinneáil dóthain faid ón taobh polaitiúil. Tá Airí ag tabhairt a gcomhairleoirí féin leo isteach i Ranna anois, agus tá Airí ag feidhmiú oifigí dáilcheantair suntasacha ina bhfuil foireann oibre óna Ranna ag obair. Caithfidh go bhfuil tionchar aige seo ar an gcothromaíocht pholaitiúil/riaracháin.
Tarraingíodh aird an phobail ar chaidrimh taobh istigh den Roinn le déanaí. Bhí an t-iniúchadh seo dírithe ar cibé an raibh an tArd-Rúnaí tar éis Aire na linne a chur ar an eolas maidir le saincheist dlí, agus ina dhiaidh sin, ar tugadh faisnéis chruinn don Aire a tháinig ina dhiaidh maidir le himeachtaí a bhain leis an eolas taobh istigh den Roinn maidir leis an tsaincheist dlí sin. Ba í an tsaincheist dlí a bhí i gceist ná go raibh na boird sláinte tar éis muirear a ghearradh ar shealbhóirí cárta leighis i gcomhair seirbhísí d’othair chónaithe ar feadh na mblianta fada anuas, in ainneoin go raibh roinnt comhairleoirí dlí éagsúla tar éis a chur in iúl dóibh go raibh sé seo neamhdhleathach. Is cosúil go raibh an cás taobh istigh den Roinn níos casta toisc go raibh an tAire tar éis roinnt comhairleoirí seachtracha a thabhairt isteach agus is cosúil go raibh mearbhall ann maidir le bealaí cumarsáide inmheánacha mar thoradh air seo. (Nóta 9)
Ceann de phríomhchonclúidí na tuarascála reatha seo ná go bhfuil fadhb shuntasach, maidir le ceart dhaoine scothaosta cúram fadtéarmach i dteach altranais a bheith curtha ar fáil dóibh, fágtha gan réiteach le blianta fada anuas. Ag fágáil cás na dteaghlach nach raibh ag fáil a gceart ar leataobh, bhí baol ardleibhéil ag baint leis an tsaincheist seo (Nóta 10) sa mhéid is go raibh baol dlíthíochta ann i gcónaí agus go mbeadh costais shuntasacha i gceist don Stát maidir le cúiteamh - rud a tharla cheana féin leis an Scéim Aisíoca Sláinte. Go deimhin, fiú dá mba cinneadh deiridh na gCúirteanna ná nach raibh ceart infheidhmithe ann chun cúram fadtéarmach i dteach altranais, ba chóir an baol dlíthíochta a sheachaint sa chéad áit. Níl an Feidhmeannas, i bhfoirm na Roinne, tar éis tabhairt faoin bhfadhb, agus ní mór a fhiafraí cén fáth nach bhfuil. Os rud é nach bhfuil aon fhaisnéis againn, ní féidir ach tuairimíocht a dhéanamh maidir leis na cúiseanna atá leis an teipeadh seo. Go deimhin, níl aon eolas againn maidir le plé ar bith a d’fhéadfadh a bheith déanta, ná moltaí a rinneadh taobh istigh den Roinn maidir leis an bhfadhb seo. D’fhéadfadh go raibh a fhios ag daoine taobh istigh den Roinn faoin mbaol seo le fada ach nach raibh na bearta reachtúla a theastaigh chun é a réiteach inmhianaithe ó thaobh na polaitíochta de. Más fíor seo, tugann sé le tuiscint go bhfuil leibhéal an-ard mífheidhmithe ann taobh istigh den Roinn.
D’fhéadfadh ceist na cothromaíocht a bheith i gceist freisin sa chaoi atá an STTB á chur chun cinn ag an Roinn (agus ag FSS) mar Scéim “Fair Deal”. Tagraíonn ábhar faisnéise na Roinne maidir leis an STTB di mar Scéim “Fair Deal” agus is é seo an teideal lena n-aithnítear í i measc an phobail go ginearálta. Bhí feachtas margaíochta an-rathúil ann chun an STTB a chur chun cinn faoin lipéad “Fair Deal”. Is dóigh go bhfuil an téarma féin ag déanamh aithris ar chlár athchóirithe Uachtarán Truman Mheiriceá ó dheireadh na 1940í. I SAM, áit ina bhfuil an Feidhmeannas ina eagraíocht atá polaitiúil go hoscailte, níl sé neamhghnách scéimeanna oifigiúla a chur chun cinn ar bhealach polaitiúil. Ní hé seo an cás in Éirinn, agus ní gnáthrud é scéimeanna an Stáit a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as teanga na margaíochta agus claonadh na polaitíochta. Mar sin, mar shampla, ní chuirtear an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta chun chinn mar “Ceartas do Chách” ná ní chuirtear Sochar Leanaí chun cinn mar “Caomhnaigh an Leanbh”. Sa mhéid agus go bhféadfadh sé go bhfuil claonadh áirithe i gceist sa teideal ”Fair Deal, d’fhéadfaí a fhiafraí go réasúnach an bhfuil sé i gceist aird a tharraingt ó shaincheist éigin a bhaineann leis. Mar shampla, cé go bhféadfadh go bhfuil daoine go ginearálta ar an eolas anois go bhfuil sraith nua socrúchán ann faoina dtabharfaidh an Stát fóirdheontas do dhaoine scothaosta a bhfuil cúram fadtéarmach i dteach altranais de dhíth orthu, is cosúil gur beag duine atá ar an eolas go bhfuil sé de thionchar ag an Acht fán STTB (mar a fheiceann an Roinn é) fáil réidh leis an oibleagáid a bhí ar an Stát cúram den chineál sin a chur ar fáil. Cuireann an mhargaíocht “Fair Deal” béim ar an gcéad phíosa agus fágann sé an píosa deiridh as an áireamh.
Níl aon bhaint ag na nótaí tráchta thuas le déanamh an dlí san Oireachtas. Is í an cheist atá á hardú ná ar chóir do státseirbhísigh shinsearacha páirt a ghlacadh i gcur chun cinn scéim reachtúil ar bhealach ar a bhfuil cuma claonta agus polaitiúil. Má fheictear go bhfuil státseirbhísigh shinsearacha ag gníomhú go polaitiúil, baineann sé seo an bonn den mhúnla ar a bhfuil ár rialtas bunaithe. Mura bhfuil sé réadúil a thuilleadh a bheith ag súil go n-iompródh státseirbhísigh iad féin sa bhealach foirmiúil, oiriúnach agus cineál géar a bhí mar chuid den státseirbhís blianta ó shin, b’fhéidir go mbeadh sé níos fearr é seo a aithint agus an múnla a athrú. I dtíortha áirithe eile, is gnáthrud atá ann na daoine sinsearacha i Roinn rialtais a bheith ag teacht agus ag imeacht le hAire na linne.
Tá athbhreithniú déanta ar an Roinn le déanaí faoin gClár Athbhreithnithe Eagraíochtúil (ORP), tionscnamh nuachóirithe na seirbhíse poiblí faoi choimirce Roinn an Taoisigh. Tá an ORP bunaithe ar an tuairim, cé go bhfuil seirbhís phoiblí na hÉireann tar éis a bheith i mbun athchóirithe le tamall anuas anois, gur gá " to move to the next point on the reform trajectory and become more outward focused, especially in adopting integrated or system wide responses to new challenges and needs". (Nóta 11) Ina thuarascáil faoin Roinn (Nóta 12), agus faoin teideal "Serving the democratic process", tarraingíonn an ORP aird ar na héilimh shuntasacha atá leagtha ar an Roinn agus í ag plé le rud ar a ndéanann sé cur síos mar "political work (for example, Parliamentary Questions, TD's representations, Dáil and Seanad adjournment debates, questions on the Order of Business, speeches, serving Oireachtas Committees, etc.).". Tugtar faoi deara sa tuarascáil go bhfuil " [an]overwhelming priority attached to serving Ministers, Ministers of State and the Oireachtas results in very significant resources within the Department being devoted to this work"; ansin tugtar faoi deara sa tuarascáil [m]any staff, agencies and stakeholders believe that the Department should strike a better balance between its servicing of the democratic process and the needs of its other customers and stakeholders." Tugtar faoi deara sa tuarascáil faoi eagraíochtaí eile atá cothromaíocht níos fearr bainte amach acu "[that they have] fundamentally changed their organisational structures so as to explicitly orientate their focus towards serving the needs of their customers and, as well as this [have] aligned their staff, their processes and their procedures accordingly".
Ní thugann tuarascáil an ORP go díreach faoi chomh mór is atá “obair pholaitiúil” na Roinne deartha chun tacú le gníomhartha a hAire agus a hAirí Stáit - seachas seirbhís neodrach a chur ar fáil don Oireachtas agus dá bhaill. Ina ainneoin sin, cuirtear teachtaireacht shoiléir in iúl sa tuarascáil go bhfuil an chothromaíocht mícheart taobh istigh den Roinn agus go bhfuil forleithne na “hoibre polaitiúla” ag baint an bhoinn d’fheidhmeanna níos leithne na Roinne. Chun an ceart a thabhairt don Roinn, agus mar a aithnítear i dtuarascáil an ORP, tá an réimse sláinte faoi ualach "with significant strategic, policy and management challenges". . Go polaitiúil, féachtar ar an gcúram sláinte mar “chailís le nimh” le fada an lá. Ina ainneoin sin, is cosúil go bhfuil an Roinn dírithe go hinmheánach thar mar is ceart, agus nach mór tuilleadh a dhéanamh chun cothromaíocht níos sláintiúla a bhaint amach idir an taobh polaitiúil (Aireach) agus an taobh neamhpholaitiúil (an státseirbhís).
An caidreamh idir an Roinn agus na Boird Sláinte (FSS)
Déantar foráil san Acht Sláinte 2004 i gcomhair bhunú FSS, sainmhíniú ar a feidhmeanna agus a cumhachtaí, agus an cineál caidrimh a bheidh aici leis an Aire agus leis an Roinn. Ba é an t-ionchas ginearálta a bhí ann nuair a bunaíodh FSS ná go dtabharfadh sí comhleanúnachas agus comhsheasmhacht níos fearr chuig seachadadh na seirbhíse sláinte agus go mbeadh luach níos fearr ar airgead mar thoradh air sin, agus go bhfeidhmeodh sí ar neamhchomaoin ón gcóras polaitiúil. Bhí ionchas ann go mbeadh FSS neamhspleách sa chaoi ina gcuirfeadh sí seirbhísí ar fáil agus sna roghanna a dhéanfadh sí idir sheirbhísí (faoi réir oibleagáidí reachtúla); agus go mbeadh sé seo go léir taobh istigh den chomhthéacs go mbeadh beartas sláinte foriomlán á leagadh síos ag an Aire agus ag an Rialtas. Go deimhin, maidir leis an gcaidreamh idir FSS agus an tAire/Roinn, ní i gcónaí a bhíonn an cás soiléir. Admhaíonn an Roinn go bhfuil sé seo fíor. Ina Plean Gnímh a foilsíodh le déanaí mar fhreagairt ar thuarascáil an ORP, tugann an Roinn faoi deara nach mór di féin agus FSS oibriú le chéile; tugann sí faoi deara freisin, áfach, " a need to delineate better the Department's distinctive roles and functions, to communicate how they differ from those of the HSE and other agencies within the health sector, and to ensure that in future we focus more on the delivery of those distinctive functions." (Nóta 13)
Is mór an trua é, beagnach sé bliana tar éis bhunú FSS, go bhfuil mearbhall fós ann maidir le róil FSS agus na Roinne. Tá sé curtha in iúl ag roinnt tráchtairí (féach thall) in ainneoin bhlianta fada comhairliúcháin agus réitithe, go raibh deifir faoi bhunú FSS sa chéad dul síos agus nach bhfuil an reachtaíocht atá mar fhothaca léi leordhóthanach. Go háirithe, deirtear go bhfuil roinnt na freagrachta idir an tAire agus FSS, agus idir beartais agus oibriúcháin, measctha agus éiginnte. Cé nach bhfuil mórán sonrach san Acht Sláinte 2004 maidir leis an mbealach ina bpléitear le róil FSS agus an Aire faoi seach, déantar foráil ann gur féidir leis an Aire ordú a thabhairt do FSS gníomhartha áirithe a ghlacadh agus go bhfuil ar FSS na gníomhartha sin a chur i bhfeidhm. (Nóta 14) Is cosúil gur annamh go mbaineann an tAire úsáid as an gcumhacht seo chun ordú a thabhairt ach go bhfuil tionchar ag a cheart a leithéid a dhéanamh mar sin féin ar an gcaidreamh idir FSS agus an Roinn sa mhéid agus go bhfeiceann an Roinn gurb é an ról atá ag FSS ná beartas na Roinne a fhorfheidhmiú agus a oibríochtú. (Nóta 15)
Tá forleithne an mhearbhaill maidir le róil na Roinne agus FSS faoi seach léirithe sa tuarascáil a d’fhoilsigh ORP le déanaí maidir leis an Roinn:
"The Department's staff, its agencies and its stakeholders expressed the strong view that, as a priority, the Department must do a lot more to fully clarify the respective roles and responsibilities of the Department and of the HSE. The high level definition is clear enough: the Department is responsible for policy, and the HSE is responsible for delivery. However, in practice there are significant tensions between both organisations around this boundary line, and a central question that needs to be answered is 'where does policy stop and the operational begin?'. Staff at all levels in the Department and in the HSE want the ambiguity around the detail of these organisation's respective roles and responsibilities to be fully clarified." (Nóta 16)
Is é an taithí atá ag an Ombudsman ag éirí as an imscrúdú seo ná nach bhfuil FSS tar éis aon smaointeoireacht nua a thabhairt chuig an tsaincheist maidir lena hoibleagáidí cúram i dteach altranais a chur ar fáil do dhaoine scothaosta. Sa mhéid agus go bhfuil oibleagáidí dlíthiúla ann maidir le cúram i dteach altranais a sholáthar, tá na hoibleagáidí sin leagtha, sa dlí, ar FSS (na boird sláinte). Glacann an tOmbudsman leis nach raibh na hacmhainní ag na boird sláinte (FSS) san am atá caite chun an t-éileamh ar chúram fadtéarmach arna chur i bhfeidhm le halt 52 den Acht Sláinte 1970 a chomhlíonadh. Deir FSS anois, mar gheall ar an riachtanas atá ann oibriú taobh istigh dá cuid acmhainní, nach raibh sé ar a cumas an t-éileamh seo a chomhlíonadh. An rud a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta go ndéanfadh na boird sláinte (FSS) ná a chur in iúl don Roinn nach raibh ar a gcumas a n-oibleagáidí reachtúla a chomhlíonadh leis na hacmhainní a cuireadh ar fáil dóibh agus a chur in iúl don phobal cén fáth nach raibh ar a gcumas a n-oibleagáidí a chomhlíonadh. Cé nach bhfuil a fhios againn céard a dúirt na boird sláinte (FSS) leis an Roinn, tá a fhios againn nár admhaigh siad go poiblí riamh go raibh sé de cheart ag daoine scothaosta cúram fadchónaithe a fháil agus níor mhínigh siad riamh cén fáth nach raibh na cearta seo á bhfáil acu. Sa mhéid seo, is é an teipeadh a bhí ann ó thaobh na mbord sláinte (FSS) de ná easpa follasachta, mar níor mhínigh siad a bhfadhb go poiblí.
Tagann go leor de na fadhbanna sa réimse sláinte ó chreatlach reachtach a bheith ann i gcomhair teidlíochta ina n-iarrtar soláthar ag leibhéal a theip ar an Stát é a bhaint amach go minic, ar chúiseanna éagsúla (acmhainní, struchtúir nó an dá rud). Tá cearta dhaoine a bhfuil cúram fadchónaithe i dteach altranais de dhíth orthu ina sampla cruthanta den scéal seo. Is furasta a thuiscint na deacrachtaí a bhí os comhair bhainisteoirí FSS agus iad ag iarraidh oibleagáidí reachtúla a chomhlíonadh, gan, i gcásanna áirithe, na hacmhainní agus na struchtúir riachtanacha a bheith acu chun é seo a dhéanamh. Mar sin féin, tá sé mícheart glacadh leis an gcur chuige nach gcruthaíonn an dlí cearta don phobal. Bheadh sé i bhfad níos torthúla, agus i bhfad níos mó dóchúla go dtiocfaí ar thoradh réasúnta agus ceart os comhair an dlí, dá n-admhódh FSS an deacracht a bhí aici agus dá gcuirfeadh sí an fhadhb ag lorg réitigh i bhfearann an phobail agus na polaitíochta. Bheadh neamhspleáchas le léiriú ag FSS sa chur chuige seo, nach raibh le feiceáil sna boird sláinte san am atá caite.
Go stairiúil, ba é an caidreamh a bhí idir na boird sláinte agus an Roinn ná gur fhoghlaim na boird sláinte go ginearálta gan gníomh a ghlacadh gan chead ón Roinn. Tharla sé roinnt uaireanta thar na blianta fada inar gearradh muirir neamhdhleathacha ar othair fadchónaithe, agus sa réimse bhainteach d’fheidhmiú na scéime fóirdheontais tithe altranais, go bhfuair boird sláinte éagsúla comhairle dlí láidir go raibh a ngníomhartha neamhdhleathach. Den chuid is mó, níor oibrigh na boird sláinte de réir na comhairle sin go dtí go bhfuair siad “cead” ón Roinn a leithéid a dhéanamh; mar is eol dúinn, níor tharla sé sin i gcásanna áirithe ar feadh i bhfad. Dá mbeadh sé de mhisneach ag na boird sláinte gníomhú dá stuaim féin maidir lena n-oibleagáidí dlíthiúla féin, sheachnófaí go leor den anord ar a ndéantar cur síos sa tuarascáil seo. Bheadh sé i bhfad níos táirgiúla, agus d’fhéadfadh an fhadhb a bheith réitithe blianta fada ó shin, dá mbeadh na boird sláinte (FSS) tar éis a admháil go raibh dualgas orthu cúram i dteach altranais a chur ar fáil ach nach raibh dóthain maoinithe acu chun an dualgas a chomhlíonadh.
Tá roinnt fianaise ann le tamall beag anuas go bhfuil FSS sásta feidhmiú go neamhspleách agus ar bhealach níos follasaí. Ó thaobh an neamhspleáchais de, cé gur sampla cineál saobh atá ann, bhí an cás le déanaí inar dhiúltaigh FSS sonaí na leanaí a fuair bás agus iad faoi chúram FSS a chur ar fáil don Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige. (Nóta 17)Ó thaobh na follasachta de, is céim chun cinn suntasach atá i gcleachtas reatha FSS Tuarascálacha Feidhmíochta míosúla a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin. Maidir leis seo, freisin, tá FSS an-oscailte i láthair na huaire faoina rá gur mar thoradh díreach ar dhul thar bhuiséad agus gan aon mhaoiniú breise a bheith ar fáil atá an gá ann faoi láthair seirbhísí a chiorrú in áiteanna áirithe sa tír (an tIarthar, go háirithe). Dá mbeadh an cur chuige díreach, follasach seo ann maidir le saincheist na dtithe altranais san am atá caite, is dóigh go mbeadh na ceisteanna dlí aitheanta agus socraithe blianta fada ó shin.
Nótaí
(Nóta 3) Bhain an tuarascáil den chuid is mó le hoibriú chóras na bhfóirdheontas tithe altranais dá ndéantar foráil san Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990. Chuir an tOmbudsman a thuairim in iúl go soiléir ansin nuair a dúirt sé gur thug Acht Sláinte 1970 ceart chun cúram i dteach altranais a bheith curtha ar fáil mar ghné de “sheirbhísí d’othair chónaithe”. Mar shampla: "The Ombudsman does not accept that there is any doubt as to the obligation on health boards to provide in-patient services for eligible people. This is clearly established by Section 52(1) of the Health Act, 1970" Lch. 14, Nóta 1.
(Nóta 4)Caibidil 8 de Nursing Home Subventions - Tuarascáil an Ombudsman don Dáil agus don Seanad, (Eanáir 2001)
(Nóta 5) "Democracy and the Constitution", Séamus Ó Cinnéide, Administration, 1999 Iml. 46 (4)
(Nóta 6) Féach, mar shampla, Caibidil 6 agus an tsraith gealltanais maidir le reachtaíocht nua a thabhairt isteach chun incháilitheacht ar sheirbhísí sláinte a rialú.
(Nóta 7 ) "The traditional notion of corporate governance exercised by a board of directors, acting in the interests of the stockholders, has long been a fiction for many firms. [...] ... shareowners have become in management's eyes merely another source of funding: like the firm's bondholders, but more of a nuisance." Benjamin M. Friedman, "Two Roads to Our Financial Catastrophe" in The New York Review of Books, 29 Aibreán 2010
(Nóta 8) Tarraingítear aird ar an tsaincheist seo sna meáin ó am go ham, mar shampla: "The net effect of senior public servants carrying out political instructions that they know to contain unacceptable risk, or that they deem to be improper, is that these officials have failed in their duty to the public. To the degree that this is the road they have taken, then they have chosen to place the political needs of the incumbent government ahead of the public good. They have become politicised. In saying this, I am well aware that we live in a democracy and that the Civil Service is obliged to carry out the instructions of the elected government. However, in other democracies there is more“distance” between ministers and their officials. This issue, the need to reconcile the prerogatives of ministers with the duty of civil servants to act ultimately in the public interest – “speaking truth to power” – is a matter of fundamental importance. Other countries have managed to get the balance right and we need to learn from them." "Seven things the public service needs to do" - Eddie Molloy, alt san Irish Times 9 Aibreán 2010
(Nóta 9) B’iad na teagmhais seo a bhí mar ábhar do Thuarascáil Travers.
(Nóta 10) Is cosúil nár fhoilsigh an Roinn aon sonraí faoina clár priacail ná a cleachtais bainistíochta priacal.
(Nóta 11 An Tuarascáil maidir leis an gClár Athbhreithnithe Eagraíochtúil (Treoir Chéim), Samhain 2008 -
(Nóta 12)Second Report of the Organisational Review Programme, Meán Fómhair 2010 -
(Nóta 13) Bhí Ard-Rúnaí na Roinne tar éis an mearbhall seo a chur in iúl roimhe sin i ráiteas do Choiste na Dála maidir le Cuntais Phoiblí, an 7 Bealtaine 2009: "Understandably, there remains some confusion about the respective roles of the Department and the HSE. Our ultimate customers are the same - the people who need and use the Irish health care system - and we work together on a daily basis to try to ensure that the best possible services are provided to the people of Ireland".
Aisteach go leor, ina haighneacht (Alt 48) maidir leis an dréacht den tuarascáil seo, chuir an Roinn a mhalairt de dhearcadh in iúl:
"There is no lack of clarity in relation to the relationship between the Minister and the HSE... It is extraordinary that the Ombudsman would purport to make such broad and misplaced statements without any evidential basis for them, ...."
(Nóta 14)An tAcht Sláinte 2004, alt 10
(Nóta 15) Agallamh le hoifigigh na Roinne, (9 Iúil 2009) (sular tugadh fógra maidir leis an imscrúdú seo).
(Nóta 16)Second Report of the Organisational Review Programme, Meán Fómhair 2010 -
(Nóta 17) Dhiúltaigh FSS taifid faoi chúram leanaí a sholáthar ar mhaithe leis an bhfiosrúchán atá á dhéanamh faoi leanaí a fuair bás nuair a bhí siad faoi chúram FSS. Tá an fiosrúchán sin á dhéanamh ag an Uasal Norah Gibbons agus ag an Uasal Geoffrey Shannon thar ceann na Roinne. Ag éirí as an gcás seo, thug an tAire Sláinte & Leanaí an Bille Sláinte (Leasú) 2010 os comhair an Oireachtais i Meitheamh na bliana seo. Tugadh tosaíocht don Bhille seo sa Dáil agus sa Seanad agus shínigh an tUachtarán ina dhlí é mar an tAcht Sláinte (Leasú) 2010, an 3 Iúil 2010.
9.3 CONCLÚIDÍ AGUS ÁBHAIR MACHNAIMH...CONCLÚIDÍ & MOLTAÍ
Mar thoradh ar an imscrúdú seo, molann an tOmbudsman gníomhartha de dhá chineál éagsúil: (a) i gcomhthéacs díreach na ndaoine nár comhlíonadh a gceart chun cúram fadchónaithe a fháil agus a thabhaigh costais dá bharr, agus (b) gníomhú chun a chinntiú nach bhfuil an oiread baoil ann sa todhchaí nach réiteofar saincheisteanna maidir le cearta ghrúpaí sainithe.
Saincheist ar leith
Sa ghnáthchúrsa, bíonn torthaí nó conclúidí mar chuid d’imscrúdú an Ombudsman agus (nuair is cuí) déantar moltaí chuig an gcomhlacht poiblí atá i gceist go gcuirfí sásamh ar fáil do na páirtithe a ndearnadh dochar dóibh. Sa chás reatha, is iad seo conclúidí an Ombudsman. Maidir leis an saghas gearáin pléite sa tuarascáil seo, tá an tOmbudsman sásta gur theip ar na boird sláinte (FSS) a chuid dualgaisí i leith daoine scothaosta faoi alt 52 den Acht Sláinte 1970 a chomhlíonadh; agus go raibh an Roinn ar an lán-eolas faoi agus ar aon intiinn leis na boird faoin teip seo. Mar thoradh ar an teip seo, d'fhulaing a lán daoine scothaosta (agus a dteaghlaigh) go géar agus lean an fhulaingt seo ar aghaidh thar tréimhse sách fada. Tá an tOmbudsman sásta gur ionann an teip seo de chuid na Roinne agus FSS (i bhfoclaíocht an Achta Ombudsman) agus gníomhartha bunaithe ar chleachtas míchuibhiúil agus gníomhartha nach bhfuil ag teacht le riarachan atá cothrom agus cóir.
Is ag leibhéal ginearálta atá na concluidí seo os rud é gur imscrúdú “féintionscanta” atá ann seachas ceann a bhaineann le gearánaithe ainmnithe ar leith. Tá an tOmbudsman den dearcah gur chóir don FSS agus don Roinn a admháil go foirmiúil nach raibh an Stát ag comhlíonadh a oibleagáidí faoi alt 52 den Acht Sláinte 1970, maidir le daoine scothaosta a bhfuil cúram fadtéarmach i dteach altranais de dhíth orthu. D’fhéadfaí an admháil seo a dhéanamh i bhfoirm ráitis phoiblí ón dá chomhlacht agus d’fhéadfaí é a dhéanamh ar bhunús “gan dochar”.
Níl aon réiteach sásúil ann ar an tsaincheist de cibé ar cheart sásamh airgeadais a bheith ann dóibh siúd a ndearnadh dochar dóibh toisc gur theip ar an Stát cúram fadchónaithe a chur ar fáil. Bheadh tionchar as cuimse ag na torthaí airgeadais don Stát, dá mbeadh air cúiteamh a dhéanamh le gach duine a ndearnadh dochar dóibh dá bharr. D’fhéadfadh go mbeadh sé seo ag teacht le roinnt billiúin euro. Is cosúil nach costas é seo gur féidir leis an Stát a ghlanadh, mar a sheasann cúrsaí faoi láthair. Ná ní dóigh go mbeidh an Stát in ann an cineál seo costas a sheasamh ar feadh na mblianta fada. Ar an taobh eile de, mura molfaí sásamh airgeadais, d’fhéadfadh go bhfeicfí go rabhthas ag glacadh le míriarachán agus drochchleachtas gan aon stop a chur leis. Chiallódh sé freisin go mbeadh ualach airgeadais á fhágáil ar dhaoine aonair agus ar a dteaghlaigh ar chóir a bheith á iompar ag an Stát, de réir mar a thuigeann an tOmbudsman an dlí.
Is le an-drogall a ghlacann an tOmbudsman leis an tuairim gur fearr a fhreastalaítear ar leas an phobail mar a sheasann rudaí faoi láthair gan aon sásamh ar leith ó thaobh cúitimh airgeadais de a mholadh dóibh siúd a ndearnadh dochar dóibh. Ag an am céanna, sa chás nach bhfuil sásamh airgeadais á mholadh, tá sé níos tábhachtaí fós go n-aithníonn an Stát gur theip air sa mhéid is nár chuir sé cúram fadchónaithe ar fáil do gach duine a raibh sé de dhíth orthu.
Déanann an tOmbudsman moladh go bhféadfaí féachaint taobh istigh den Roinn ar scéim theoranta a chur le chéile trína gcabhrófaí le teaghlaigh a raibh cruatan tromchúiseach airgeadais i gceist dóibh. Tuigeann an tOmbudsman, agus an moladh seo á dhéanamh aici, go mbeadh go leor deacrachtaí ag baint le scéim den chineál sin agus go bhféadfadh go mbeadh fothaca reachtach ag teastáil dá leithéid. Féidearthacht amháin atá ann maidir leis seo ná go bhféadfadh an scéim liúntas leasa forlíontach reatha an mheicníocht reachtúil a sholáthar chun íocaíochtaí aonuaire a dhéanamh, bunaithe ar riachtanas eisceachtúil, do dhaoine a fágadh i ndroch-chás toisc gur theip ar an Stát cúram i dteach altranais a chur ar fáil do dhuine dá dteaghlach. Ar aon chuma, tuigeann an tOmbudsman nach bhféadfaí scéim den chineál sin, lena gcuirtear cúiteamh teoranta ar fáil, a chur in ionad cheart reatha dhuine caingean dlí a úsáid chun cúiteamh a lorg. Creideann an tOmbudsman, áfach, go gcuirfeadh formhór na ndaoine atá i gceist fáilte roimh réiteach ina sheachnófaí an gá dul os comhair na cúirte.
Saincheist Níos Leithne
Tá sé i gceist leis an moladh níos leithne go seachnófaí cásanna, cosúil leis an gceann ar a ndéantar cur síos sa tuarascáil seo, mar sin amach anseo; nó sa chás go dtagann siad chun cinn, bheadh sé i gceist go bpléifí leo a luaithe is a d’fhéadfaí. Gné lárnach den mholadh seo ná go seolfaí bearta chun plé le cásanna den chineál seo go follasach agus faoi shúile an phobail amach anseo. Molann an tOmbudsman go gcruthófaí grúpa neamhspleách a mbeadh sé d’aidhm aige comhairle a chur ar an Rialtas maidir le plé le caingne dlí, nó caingne dlí bagartha, ina bhfuil líon daoine i gceist agus a thagann chun cinn mar gheall ar theipeadh áitithe ghníomhaireacht Stáit oibleagáidí reachtúla a chomhlíonadh, go háirithe i gcásanna ina mbaineann daoine a áitíonn go ndearnadh dochar dóibh a thagann ó ghrúpa leochaileach sa tsochaí. I measc na samplaí ón stair de chásanna ina mbeadh cur chuige den chineál sin ina chabhair tá: éilimh bodhaire an airm, éilimh mar gheall ar fhuil fabhtach, cearta oideachais leanaí uathacha, soláthar cúram slán do leanaí agus cearta dhaoine scothaosta chun cúram fadchónaithe a fháil i dteach altranais.
Tá an moladh seo bunaithe ar an tuairim gur chóir don Stát freagairt do chásanna den chineál seo, ní hamháin i dtéarmaí dleathaíocha, ach ar bhealach a thugann aird ar chearta dlíthiúla (cearta daonna san áireamh), ar chúrsaí airgeadais an Stáit agus ar leas foriomlán an phobail. Samhlaítear leis an moladh seo, cé go mbeadh freagracht dlí maidir le plé le héilimh den chineál sin fós ar an Stát (agus ar a ghníomhaireacht chuí), go dtabharfadh treo fhreagra an Stát aird ar chomhairle an ghrúpa seo. I measc na roghanna don ghrúpa seo bheadh cás a lua don Ard-Chúirt, ag céim luath b’fhéidir chun soiléireacht dlí a fháil nuair atá gá lena leithéid. Is é atá taobh thiar den mholadh seo ná gur chóir freagra an Stáit ar chásanna den chineál seo a bheith tapa, tugtha go luath, agus bunaithe ar ghnéithe cneastachta agus leas an phobail seachas, mar a tharlaíonn faoi láthair, iad a bheith cosantach, trodach agus dleathaíoch.
D’fhéadfaí breathnú ar ghrúpa den chineál seo a bheith ag feidhmiú mar chomhairleoir don Ard-Aighne agus é ag comhlíonadh a róil mar chosantóir leas an phobail, nó mar rogha air sin, d’fhéadfadh an grúpa seo teacht i gcomharba ar an Ard-Aighne i gcomhlíonadh an róil sin. Ar aon chuma, tá neart scóipe ann chun ár meicníochtaí rialtais a fheabhsú leis an aidhm go bpléifí le mórcheisteanna den chineál seo, nuair a thagann siad chun cinn, ar mhaithe le leas an phobail.