CAIBIDIL 3

3.1 CÚLRA

 "The current system of a combination of public, voluntary and contract beds in private nursing homes along with subvented beds is distinctly inequitable.   In beds side by side in a nursing home, a patient and family may have gone to considerable distress and disturbance to dispose of assets and pay to make up the difference between subvention and nursing home costs, while in the next bed a patient with similar assets may be paying nothing at all.  This anomaly should be clarified immediately." - Desmond O'Neill et al, Irish Medical Journal, 94 (3), (March 2001)

"This lady clearly requires nursing home care.  The enhanced subvention is not meeting her needs.  The anomaly is that she is entitled to a public bed and if her family decided to remove her ... and add to the increasing burden in the A & E Department she would eventually get a DDI [Delayed Discharge Initiative] bed, fully funded publicly." Dr. A, Consultant Physician in Geriatric Medicine, in a letter to the HSE, (27 August 2007)

"As you are well aware the constant lack of provision of extended nursing care beds in the public sector has resulted in an increasing reliance on private sector nursing home beds." Dr. A, Consultant Physician in Geriatric Medicine, in a letter to the HSE, (27 August 2007)

"I wish to advise you that public bed placements are allocated on a priority basis.  Persons in the community, or who have been admitted to acute hospitals, are identified on a daily basis as requiring long-term care.  Such persons may have been the victims of elder abuse, have no relatives or do not have the capacity to take care of themselves, for example.  These persons take priority over and above others who are on the waiting list, but are already in long term care in private nursing homes." - HSE (Dublin North East) official in a letter to the Ombudsman's Office, (17 November 2009)

"In the current health care system older people are sometimes seen as 'bed-blockers' rather than patients with specific needs.  When the reason for delays in discharge from the acute hospital are analysed, it can be seen that older people and their relatives are not to blame for the delays in discharge or for the 'A & E crisis'.  Instead the problem largely stems from the paucity of community services for older people and the difficulties in accessing long-term care." - Paul Gallagher et al, Irish Medical Journal, 101 (3), (March 2008).

"Long term care for the elderly has been privatised by stealth.  The number of beds designated for geriatric patients has reduced.  Incidentally, this parallels the reduction in acute hospital beds.  Funded through capital allowances and nursing home grants, the role of caring for the elderly has been passed to the private sector, imposing huge financial burdens on patients and their families.  Other elderly patients are being retained in acute hospital beds either because they are not suitable for or cannot afford private nursing home beds." - Irish Medical Organisation, Pre-Budget Submission 2005

"There are no clear rules about how people are allocated public places.  Since everyone is eligible to get a public place and since there are not enough places available there must be some system for deciding who gets a place.  In spite of the requirements of the Freedom of Information legislation, the former health boards gave very little information about how they allocated places.  This has led to a perception that places may be unfairly allocated." - Ita Mangan in Care of Older People, SIPTU, (May 2006)

D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach cuid de na fíricí agus na figiúirí a bhaineann leis an scéal a lua ar dtús sula ndéanfaimid mionphlé ar ról na seirbhísí sláinte maidir le cúram i dtithe altranais a sholáthar do dhaoine scothaosta. Bíodh is go léiríonn an tuarascáil seo taithí Oifig an Ombudsman ó bunaíodh í in 1984, is fiú a mheabhrú go ndearnadh athshainiú ar ról an Stáit maidir le cúram tí altranais a sholáthar go déanach i nDeireadh Fómhair 2009 nuair a tugadh feidhm don Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009. Baineann an cuntas seo leis an scéal faoi mar a bhí sé roimh Dheireadh Fómhair 2009 agus leis an gcaoi a bhfuil sé faoi láthair. Ní raibh aon dul as ach nach mbeadh idirdhealú soiléir déanta i gcónaí fós idir na socruithe a bíodh ann agus na socruithe nua. 

Agus iarracht á dhéanamh forléargas a thabhairt ar na socruithe a bhaineann le tithe altranais sa tréimhse atá i gceist, is deacair ceist na teidlíochta dlíthiúla a sheachaint, agus sa deireadh thiar is í sin croílár na ceiste atá á breithniú sa tuarascáil seo. Ní phléitear an cheist sin go mion sa chaibidil seo, áfach.

Tá an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí araon páirteach i gcúram fadtéarmach a sholáthar i dtithe altranais i gcomhair daoine scothaosta in Éirinn. Is deacair an rud é staitisticí cruinne a sholáthar faoi líon na n-áiteanna atá ar fáil i dtithe altranais, agus má bhíonn comparáid á dhéanamh thar thréimhse ama ní féidir a bheith cinnte go bhfuil cásanna comhchosúla á gcur i gcomparáid lena chéile. Bhí sé de nós ag cuid de na boird sláinte agus ag FSS le déanaí othair phoiblí a chur i dtithe altranais príobháideacha ar chostas an bhoird sláinte (nó FSS). Is minic a áirítear na leapacha “ar conradh” seo i bhfigiúr foriomlán na n-áiteanna i dtithe altranais poiblí. Mar shampla, bhí conradh déanta ag FSS i Meán Fómhair 2008 go gcuirfí beagnach 3,000 leaba ar fáil i dtithe altranais príobháideacha le cur leis an líon leapacha a bhí á mbainistiú go díreach aici.(Nóta 1).

D’ainneoin na caoi go mb’fhéidir nach bhfuil cuid de na staitisticí iontaofa, tharla rud amháin (a bhfuil cur síos air thíos) go cinnte i gcaitheamh na tréimhse lena mbaineann an tuarascáil seo agus ba é sin an chaoi ar ghlac an earnáil phríobháideach áit na hearnála poiblí mar phríomhsholáthraí cúraim fhadtéarmaigh i dtithe altranais.

I Márta 2009, bhí cúram cónaithe fadtéarmach á fháil ag thart faoi 23,000 duine in Éirinn. Bhí thart faoi 7,500 díobh siúd i dtithe altranais poiblí agus 15,500 i dtithe altranais príobháideacha. (Nóta 2) De na daoine sin a bhí i dtithe altranais príobháideacha bhí 750 díobh i leapacha “ar chonradh”, rud a chiallaíonn go raibh maoiniú poiblí á dhéanamh ar 8,250 duine.  Tá thart faoi 5% den daonra os cionn 65 bliana d’aois ag fáil cúraim tí altranais fhadtéarmaigh.

Maidir le haonaid altranais, tá thart faoi 600 acu ann. Tithe altranais poiblí is ea 150 acu agus is tithe altranais príobháideacha an 450 eile.(Nóta 3) Tá míchumas fisiceach agus riachtanais shóisialta i measc na bhfáthanna go nglactar daoine isteach i gcomhair cúraim fhadtéarmaigh ach is iad breoiteacht ainsealach fhisiceach agus néaltrú an dá fháth is coitianta go mbíonn an formhór acu ann.

Tugann an fhaisnéis atá ar fáil le tuiscint dúinn go bhfuil an t-éileamh ar chúram i dtithe altranais poiblí níos mó ná an soláthar le tamall maith. Is éard atá tarlaithe i ndáiríre ná go bhfuil laghdú tagtha le caoga bliain anuas ar líon na leapacha fadtéarmacha a dtugtar maoiniú poiblí ina leith. Tugadh coimriú ar an scéal sa tuarascáil Care of Older Peopleó SIPTU in 2006:

"There has been a major reduction in the number of public nursing home beds since 1968. The numbers have not only reduced in absolute terms but they have been almost halved in terms of beds per 1,000 population over 65. When the Care of the Aged Report was published in 1968, there were 42 public nursing home beds available per 1,000 of the population aged over 65 (13,594 beds for 323,000 people aged over 65). In 2001, there were 23 such beds per 1,000 population (10,067 beds for 432,000 people aged over 65)." (Nóta 4)

Tugann an Tábla thíos coimriú ar an gcás:

BLIAINLÍON NA LEAPACHA FADTÉARMACHA POIBLÍLEAPACHA FADTÉARMACHA POIBLÍ IN AGHAIDH GACH 1,000 DUINE OS CIONN 65 BLIANA D’AOIS
196813,59442
200110,06723
20098,25018

Mar mhalairt ar sin, tháinig fás mór ar earnáil na dtithe altranais príobháideacha le blianta beaga anuas. Ba é a tharla i ndáiríre ná gur bheag nár méadaíodh líon na leapacha príobháideacha faoi thrí sa thréimhse dhá bhliain déag ó 1997 go 2009:

BLIAINLÍON LEAPACHA I dTITHE ALTRANAIS PRÍOBHÁIDEACHA
19976,932 (Nóta 5)
200314,946 (Nóta 6)
200718,883 (Nóta 7)
200920,526 (Nóta 8)

I gcaitheamh formhór na tréimhse lena mbaineann an tuarascáil seo i gcás daoine a raibh cúram fadtéarmach de dhíth orthu agus nach raibh in ann leapacha a fháil i dtithe altranais poiblí, b’éigean dóibh braith ar chóras inar tugadh fóirdheontas do chúram príobháideach.   Tuairiscíodh go raibh fóirdheontais á dtabhairt i gcomhair 9,161 leaba in 2009 rud a chiallaíonn go raibh seisear as gach deichniúr othar i dtithe altranais príobháideacha ag fáil fóirdheontais de chineál éigin. (Nóta 9)

Ní raibh an dara rogha ag a lán daoine scothaosta ach glacadh le cúram príobháideach agus dá thoradh sin d’éirigh go holc leo ó thaobh airgid de i gcomparáid leo siúd ar éirigh leo áit a fháil i dteach altranais poiblí. D’íoc an Stát as costas cúraim daoine i dtithe altranais poiblí agus ghearr sé €153.25 ar a mhéad in aghaidh na seachtaine ar gach duine acu. Maidir le daoine a raibh an riachtanas céanna orthu cúram a fháil ach nach raibh sé d’ádh orthu áit a fháil i dteach altranais poiblí bhí siad freagrach as costais a dtithe altranais agus ní raibh acu ach an seans go bhfaigheadh siad deontas nó fóirdheontas le cabhrú leo íoc as na costais sin.  

Nótaí

(Nóta 1) PQ 34330/08, (20 Deireadh Fómhair 2008)

(Nóta 2) PQ 28914/09, (9 Iúil 2009)

Tagraíonn na figiúirí a luadh sa chaibidil seo do dhaoine scothaosta i gcúram fadchónaithe; ní bhaineann siad le daoine i gcúram cónaitheach de bharr míchumais nó toisc bhail ainsealacha eile a bheith orthu. Bhí 8,997 duine fásta faoi mhíchumas faoi chúram cónaitheach in 2009 (Foinse: Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste 2009 - Alt 45.2).

(Nóta 3) Agallamh le Noel Mulvihill, Stiúrthóir Cúnta Náisiúnta FSS um Daoine Scothaosta, Irish Times 17 Lúnasa 2010

(Nóta 4)  http://www.siptu.ie/retired/Publications/FileDownload,3992,en.pdf

(Nóta 5) PQ 3789/05 (8 Feabhra 2005)

(Nóta 6) Annual Private Nursing Home Survey 2007, Nursing Homes Ireland, (2007).

(Nóta 7)  An áit chéanna

(Nóta 8) PQ 28052/08, (9 Iúil 2009) - freagra ó FSS dar dáta 11 Meán Fómhair 2009

(Nóta 9) PQ 28914/09

 

3.2 Cúlra - An Scéim Fóirdheontais Tithe Altranais

Bhí an Scéim Fóirdheontais Tithe Altranais (Nóta 10) i bhfeidhm ó 1993 go 2009 nuair a cuireadh an Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais ina háit. Bhí sé de rogha ag daoine a bhí ag fáil fóirdheontais tí altranais ar 27 Deireadh Fómhair 2009 aistriú chuig an Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais nó leanúint orthu ag fáil fóirdheontais faoi na socruithe a bhí ann roimhe.  De réir cosúlachta dearadh an scéim fóirdheontais i gcomhair daoine a rinne cinneadh feasach leas a bhaint as cúram i dteach altranais príobháideach agus a d’fhéadfadh a bheith ag súil go n-íocfadh an Stát as cuid de na costais. Níor cheart, i bprionsabal ar aon nós, go mbeadh impleachtaí ag an scéim a bhainfeadh le daoine ar mhian leo leas a bhaint as cúram i dteach altranais poiblí.  B’éard a tharla i ndáiríre ná nach raibh go leor leapacha i dtithe altranais poiblí agus go mb’éigean do a lán daoine scothaosta áiteanna a ghlacadh i dtithe altranais príobháideacha, áit nár leor an fóirdheontas a bhí á íoc.

Socraíodh £120 in aghaidh na seachtaine mar bhuníocaíocht uasta faoin scéim fóirdheontas ach méadaíodh é sin go €300 in aghaidh na seachtaine faoi 2009. Íocadh fóirdheontas feabhsaithe nó forlíontach in a lán cásanna freisin. Ba chasta iad na cásanna ina bhféadfaí fóirdheontas feabhsaithe a íoc agus dúradh nach gcuirfí ar fáil ar chor ar bith iad ach mura mbeadh sé d’acmhainn ag FSS an ráta níos airde a íoc.  Bhí 7,563 duine ag fáil íocaíochtaí fóirdheontais dar le FSS i nDeireadh Fómhair 2006 agus bhí fóirdheontas feabhsaithe á fháil ag 4,725 díobh siúd. (Nóta 11)  Bhí athrú tagtha ar na figiúirí sin roimh Bhealtaine 2009, áfach, agus ba hiad 9,219 agus 4,826 na figiúirí faoi seach. (Nóta 12). 

Cúis iontais is ea é maidir leis na figiúirí sin go raibh difríochtaí suntasacha ann maidir le leibhéil na n-íocaíochtaí FSS ó cheantar riaracháin amháin go ceantar eile agus fiú ó chontae go contae; bhí an t-athrú ba mhó le feiceáil i gcás an fhóirdheontais fheabhsaithe. Mar shampla, bíodh is go raibh 323 duine i gCo. Ros Comáin ag fáil an deontais bhuníocaíochta i mBealtaine 2009 ní raibh oiread agus duine amháin acu ag fáil fóirdheontais fheabhsaithe.   Mar mhalairt ar sin bhí fóirdheontas feabhsaithe á fháil i mBaile Átha Cliath Thuaidh ag gach duine den 581, i trí limistéar áirithe, a bhí ag fáil an fhóirdheontais bhunaidh ar an dáta sin - féach an Tábla thíos. 

Fóirdheontais Tithe Altranais de réir Réigiúin nó Limistéir - Bealtaine 2009 (Nóta 13)

 Fóirdheontas BunaidhFóirdheontas FeabhsaitheCéatadán den líon iomlán atá ag fáil fóirdheontais feabhsaithe
Baile Átha Cliath - Lár Laighean (iomlán)1,82386247%
Baile Átha Cliath Thuaidh Thoir    (iomlán)1,4211,37096%
[3 limistéar i mBaile Átha Cliath Thuaidh Thoir]581581100%
An tIarthar                       (iomlán)3,30681725%
[Ros Comáin]323duine ar bith0%


D’fhorbair FSS Tionscnamh um Scaoileadh Amach Moillithe (DDI) le blianta beaga anuas trína bhfaigheann sí féin (agus na príomhospidéil phoiblí “dheonacha”) leapacha ar conradh i dtithe altranais príobháideacha chun go mbeifear in ann othair a aistriú go háiseanna cúraim níos oiriúnaí nuair nach bhfuil géarchúram ospidéil de dhíth orthu a thuilleadh. Aistríodh 1,499 othar go cúram tí altranais faoin tionscadal seo idir Lúnasa 2005 agus Márta 2007 (Nóta 14) . Bhí sé i gceist nach bhfanfadh na hothair sin iontu ach ar feadh tréimhse teoranta ama (14-28 lá); bíodh is gur léir d’Oifig an Ombudsman ón taithí atá aici gur fhan daoine sna “leapacha ar conradh DDI” sin ar feadh blianta tar éis dóibh a bheith aistrithe chucu.  

Ní hamháin gur chuir an tOmbudsman spéis i gcúrsaí maoinithe cúraim fadchónaithe ó  2001 i leith, ach chuir an Coimisiún um Chearta an Duine (Nóta 15), an Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta (Nóta 16), an tÚdarás Náisiúnta Míchumais (Nóta 17) agus Cumann Leighis na hÉireann (Nóta 18) agus dreamanna eile spéis sa scéal freisin.  D’eisigh Ranna Rialtais (lena n-áirítear an Roinn Sláinte agus Leanaí) iarbhoird sláinte agus FSS tuarascálacha éagsúla faoin scéal i rith na tréimhse seo.

Choimisiúnaigh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh Mercer Human Resource Consulting chun an Report on the Future Financing of Long-Term Care in Ireland a sholáthar.  Scrúdaíodh na roghanna féideartha éagsúla maidir le cúram fadchónaithe a mhaoiniú sa tuarascáil sin. Ag an am céanna d’fhoilsigh an Roinn Sláinte agus Leanaí an Review of the Nursing Home Subvention Scheme leis an Ollamh Eamon O’Shea inar scrúdaigh sé cuspóirí na scéime fóirdheontais agus an chaoi a d’fhéadfaí cuspóirí comhchosúla a bhaint amach ar bhealaí eile.  

Thoiligh an Roinn i ndiaidh foilsiú na dtuarascálacha sin athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim fóirdheontas d’fhonn scéim chothrom agus thrédhearcach a chur ar fáil a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach (Nóta 19).  Bunaíodh grúpa oibre a raibh oifigeach ó Roinn an Taoisigh mar chathaoirleach air chun na roghanna beartais a aithint maidir le córas cúraim fhadtéarmaigh a sholáthar a bheadh inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de (Nóta 20).  Ba é toradh na hoibre sin gur foilsíodh an Report of the Interdepartmental Working Group on Long-Term Care 2006 in 2008.   Bhí tionchar ag na tuarascálacha sin mar aon leis an tuarascáil Prospectus a choimisiúnaigh FSS in 2006 - Assessment of Needs for Residential Care for Older People - ar thuairimí agus ar phleanáil sa réimse seo. Ba é an tAcht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009 an toradh a bhí ar an bplé sin go léir.

An Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais (STTB)

Léirítear ról lárnach na hearnála príobháidí maidir le cúram fadchónaithe a sholáthar i gcomhair daoine scothaosta san Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009 a tháinig in éifeacht an 27 Deireadh Fómhair 2009. Dé réir acht na bliana 2009 níl sa FSS ach “soláthraí” eile a chuireann cúram tí altranais ar fail agus go praiticiúil tá an ról céanna aige is atá ag oibreoir tí altranais phríobháidigh.

Is í an STTB an t-aon chóras tacaíochta Stáit atá le fáil do dhaoine atá ag dul isteach i gcúram fadchónaithe i ndiaidh 27 Deireadh Fómhair 2009.  Cuireann sé scéim tacaíochta airgeadais ar fáil do dhaoine a bhfuil cúram fadchónaithe i dteach altranais riachtanach dóibh agus tá sé bunaithe ar phrionsabal na comhíocaíochta, is é sin le rá, má mheastar go bhfuil cúram fadchónaithe riachtanach do dhuine go n-íocann an té sin de réir a (h)acmhainne agus go n-íocann FSS an chuid eile; is é sin an socrú anois is cuma má tá an duine i dteach altranais príobháideach nó i dteach altranais poiblí. Is é tuairim FSS go bhfuarthas 11,000 iarratas faoin STTB roimh dheireadh Bhealtaine 2010 agus thug sí le fios "[that] significant numbers of public nursing home beds [were] being vacated as clients move to nursing homes in the private sector".(Nóta 21). D’fhógair FSS ina Tuarascáil Feidhmíochta in Iúil 2010 go raibh  13,764 iarratas maidir leis an STTB déanta go dtí sin agus gur próiseáladh 68% díobh (bíodh is nár tugadh aon fhigiúr maidir leis na hiarratais ar diúltaíodh dóibh). (Nóta 22) Tá díospóireacht níos mionsonraithe faoin Scéim seo le fáil i gCaibidil 7 den tuarascáil seo.

Nótaí

(Nóta 10) Bhí foráil maidir le fóirdheontas san Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990 agus rinneadh foráil do rialacháin maidir le hincháilitheacht agus measúnú le haghaidh fóirdheontais sna Rialacháin um Thithe Banaltrais (Fóirdheontas) 1993 (I. R. Uimh. 227 de 1993).

(Nóta 11)   PQ 16011/06, (17 Eanáir 2007)

(Nóta 12) PQ 25086/09, (30 Meitheamh 2009)

(Nóta 13)   An áit chéanna. Rinne an tOmbudsman iniúchadh ar na héagsúlachtaí sin agus ar ghnéithe eile a bhain le feidhmiú na socruithe maidir le fóirdheontais feabhsaithe i dtuarascáil imscrúdaithe an Ombudsman Ten Complainants about Nursing Home Subvention Payments against The Health Service Executive (Eanáir 2010) atá le fáil

(Nóta 14) PQ 10938/07, (22 Márta 2007)

(Nóta 15) Older People in Long-Stay Care, an Coimisiún um Chearta an Duine, (Samhain 2002)

(Nóta 16)  Care for Older People, an Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta, (Samhain 2005)

(Nóta 17)  Response to Human Rights Commission Consultation Document on Older People in Long-Stay Care, an tÚdarás Náisiúnta Míchumais, (Iúil 2003)

(Nóta 18)  Position Paper on Care of the Elderly, Cumann Leighis na hÉireann, (Eanáir 2006)

(Nóta 19)  PQ 26095/03, (11 Samhain 2003)

(Nóta 20)  Freagra ar cheist pharlaiminte 35393/05, (22 Samhain 2005)

(Nóta 21)  Tuarascáil Feidhmíochta FSS, Bealtaine 2010

(Nóta 22)  Tuarascáil Feidhmíochta FSS, Iúil 2010

 

3.3 Cúlra - Nóta Tráchta

Gné amháin a bhaineann le soláthar poiblí an chúraim fhadchónaithe i gcomhair daoine scothaosta is ea easpa comhsheasmhachta maidir leis an gcaoi a éiríonn le hothair an cúram sin a rochtain. (Nóta 23) Rud a bhaineann leis an bhfadhb sin, agus ar ábhar mór frustrachais do na seandaoine agus dá dteaghlaigh é, is ea nach bhfuil cur chuige comhsheasmhach ar bith ann maidir le hionaid chúraim a leithdháileadh ná le bainistiú na liostaí feithimh.

Mar shampla i réigiún Bhaile Átha Cliath agus Lár Laighean FSS is é an geiriatraí comhairleach nó na geiriatraithe comhairleacha a dhéanann na cinntí go léir maidir le leithdháileadh leapacha fadtéarmacha a dtugtar maoiniú poiblí dóibh agus is cuma faoi chúrsaí airgid an té lena mbaineann an scéal.  I réigiún Bhaile Átha Cliath Thuaidh Thoir FSS is cosúil gurb é an nós a leanadh ná go bhféadfaí duine a chur ar liosta feithimh i gcomhair leapa a dtugtar maoiniú poiblí di ar chúiseanna airgeadais (beag beann go minic ar chás míochaine an té sin) dá mba rud é nár leor ioncam an té sin agus an fóirdheontas tí altranais chun costais cúraim i dteach altranais príobháideach a chlúdach.

Faoi na socruithe a mbíodh ann sular tugadh isteach an Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais níorbh ionann ar chor ar bith a bheith ar an liosta feithimh i gcomhair cúraim a mbeadh maoiniú poiblí le fáil dó agus a leithéid de chúram a fháil.  Tharla sé go minic go ndeachaigh daoine ar lorg cúraim i dtithe altranais príobháideacha agus iad ag súil go mbeadh leaba acu ar ball a mbeadh maoiniú poiblí ar fáil di, agus go raibh díomá orthu nuair a fuair siad amach gur tugadh a n-áiteanna ar an liosta do dhaoine eile a raibh na cúrsaí airgid céanna ag gabháil dóibh, agus gur tharla sé sin toisc gur mheas FSS go mba cásanna tosaíochta iad na daoine sin toisc iad a bheith i leapacha géarmhíochaine in ospidéal. Nuair a rinne an tOmbudsman cás amháin dá leithéid a iniúchadh fuair sí amach go raibh moill ocht mbliana ar FSS iarratas ar leaba i dteach altranais poiblí a phróiseáil; fuair sí amach go raibh drochthoradh ag an mhoill sin ar an dteaghlach lenar bhain sé agus mhol sí go dtabharfaí €56,500 san iomlán mar shásamh don teaghlach sin. Ghlac FSS go hiomlán le moladh an Ombudsman. (Nóta 24)

Ba é an t-aon bhealach a d’fhéadadh a lán daoine dul isteach i gcúram fadchónaithe ná trí chóras ospidéil ghéarmhíochaine.  Is beag ospidéal géarmhíochaine a bhfuil leapacha sainithe fadchónaithe acu agus ar an ábhar sin tá sé riachtanach othair a scaoileadh amach go háiseanna fadchónaithe príobháideacha agus poiblí chun leapacha in ospidéil a chur ar fáil arís do dhaoine eile.  

Toisc nach bhféadfaí cúram fadchónaithe a fháil ar bhealach cothrom tráthúil áfach- go mór mór ó bhí laghdú suntasach tagtha le blianta beaga anuas ar na roghanna a bhí ann maidir le fóirdheontais a fháil mar mhaoiniú - ba mhinic a d’fhanadh daoine in ospidéil ghéarmhíochaine ar feadh tréimhsí fada i leapacha luachmhara costasacha agus iad ag fanacht lena gcur go cúram fadchónaithe.  Mar shampla, thug páipéar le fios in 2008 go raibh 50 den 90 othar a ndearnadh suirbhé orthu thar thréimhse dhá bhliain in ospidéal ginearálta géarmhíochaine agus gur chaith siad 1,729 lá san iomlán san ospidéal sin agus iad ag fanacht ar leapacha cúraim fhadchónaithe. Níor luadh ainm an ospidéil ach dúradh go raibh 258 leaba ann (Nóta 25).  Measadh in Iúil 2009 gur cailleadh 144,565 lá leapa san iomlán ar fud na tíre de bharr daoine a bheith á scaoileadh amach déanach (Nóta 26).  Is iomaí tagairt a ndearnadh do “bhlocáil” seo na leapacha agus tuairiscíodh go raibh suas le míle othar in ospidéil "bursting at the seams"ar fud na tíre ag am ar bith ag fanacht lena scaoileadh amach as ospidéil ghéarmhíochaine go cúram fadchónaithe (Nóta 27). 

Is é an STTB, atá i bhfeidhm anois ó go déanach i nDeireadh Fómhair 2009, freagra measta an Stáit ar nam deacrachtaí a bhfuil cur síos orthu thuas.

Nótaí

(Nóta 23) Ina freagra ar dhréachtleagan den tuarascáil seo is é a deir FSS (ar Lch 5) "The main reason why there was not a standard approach was because, prior to the establishment of the HSE, health boards were separate legal entities and different systems were in place in different areas throughout the country."

(Nóta 24) Tuarascáil imscrúdaithe an Ombudsman Kennedy v HSE (Eanáir 2010) atá ar fáil ar láithreán gréasáin an Ombudsman ag http://www.ombudsman.gov.ie/en/Reports/InvestigationReports/ThreeInvestigationReports-September2010/

(Nóta 25) Do relatives of elderly patients block the discharge process? P. Gallagher agus daoine eile, Irish Medical Journal, 101 (3), (Márta 2008)

(Nóta 26) PQ 29669/09, (9 Iúil 2009)

(Nóta 27)  Sunday Business Post, (20 Meán Fómhair 2009)