2.1 AGÓID A DHÉANAMH I gCOINNE DLÍNSE ...
"(The Ombudsman) also reports that there were legal challenges to his authority which seemed to be more concerned with preventing an investigation into particular complaints than the question of whether the complaints were justified. ...
The efficient discharge of the Ombudsman's role depends, to a large extent, on the co-operation he receives from the bureaucracy. Bearing this in mind, my Department issued guidelines to all Departments ... These guidelines did not leave any civil servant, irrespective of at what level he was serving, in doubt that they were expected to co-operate fully with the Ombudsman and his staff.
I am very concerned and disappointed, therefore, that the Ombudsman should have been hindered in any form while attempting to carry out the functions of his office. I need hardly say that I regard this absence of co-operation as tantamount to frustrating the intentions of the Government and of this House. Any lack of co-operation with the Ombudsman, irrespective from what quarter it emanates, will not be tolerated." - John Boland T.D., Minister for the Public Service, Seanad Éireann, (17 October 1985)
"The Constitution confirms various personal and other rights which are protected by the courts. Without prejudice to this basic and general protection, additional protection is available in defined areas through recourse to the Ombudsman and this can be of particular advantage to those who are poor and without social position. An effective democracy requires that public servants should be held accountable for their actions and that citizens be protected from maladministration by public officials." - Report of the Constitution Review Group, 1996
"Whatever the reasons for it, I want to be emphatic about one thing: it is not now - nor has it ever been - acceptable that institutions behave or are treated as being above the law of the State. This is a Republic - the people are sovereign - and no institution, no agency, no church can be immune from that fact." - Dermot Ahern, Minister for Justice, Equality and Law Reform, (26 November 2009)
"What the Travers Report has revealed is even worse. The Office of the Ombudsman has been established as an independent organ of the State, specifically to protect citizens from the misuse of power by the executive branch. Not only did the Department of Health misuse its power over poor people; it actively obstructed the Ombudsman in doing his statutory duty to protect them." - William Kingston, 'Studies',. 94 (376) (Winter 2005)
Rinne an Roinn agus FSS araon agóid in aghaidh dhlínse an Ombudsman maidir leis an imscrúdú seo a dhéanamh agus dhiúltaigh an dá chomhlacht d’fhaisnéis agus dhoiciméadúchán a sholáthar a theastaigh ón Ombudsman chun críocha an imscrúdaithe. I gcás na Roinne, is amhlaidh gur dhiúltaigh siad comhoibriú sa mhéid gur beag nár soláthraíodh aon chuid den ábhar a iarradh. I gcás FSS, cé gur sholáthair sí ábhar maidir le gearáin ar leith, dhiúltaigh sí cuid mhór den ábhar eile a bhí ag teastáil a sholáthar. Sna haighneachtaí a chuir siad faoi bhráid an Ombudsman, tar éis dóibh breathnú ar ábhar ó dhréacht den tuarascáil seo, rinne an Roinn agus FSS agóidí breise agus (i gcás na Roinne) agóidí mionsonraithe i gcoinne dhlínse an Ombudsman chun an t-imscrúdú seo a dhéanamh agus tuarascáil faoi a chur faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid. Den chuid is mó agus, sa mhéid is go bhfuil ceist na dlínse i gceist, athshonraíonn na haighneachtaí sin agus, uaireanta, cuireann siad leis na ceisteanna dlínse a ardaíodh roimhe sin.
Is é an agóid dhlínsiúil seo an ceann is tromchúisí atá déanta in aghaidh Oifig an Ombudsman ó bunaíodh í i 1984. Ó thaobh méide agus nádúir de, ag teacht ag tús an imscrúdaithe agus nuair a bhí uiríll á ndéanamh ar an dréacht-tuarascáil, ardaítear ceisteanna tromchúiseacha don Ombudsman agus í i mbun a cuid dualgais neamhspleácha. Tháinig na ceisteanna seo chun tosaigh ach go háirithe nuair a scríobh an tAire chuig an Ombudsman, ar 10 Meán Fómhair 2010 (2), thar ceann an Rialtais de réir dealraimh, chun an méid seo a leanas a rá:
- gur tharraing sí aird an Rialtais ar “ghnéithe áirithe” den dréacht-tuarascáil;
- go dtacaíonn an Rialtas leis na haighneachtaí a rinne an Roinn;
- go dtugann an Rialtas faoi deara " that you have not invited any comments from it on any of the contents of [the] draft Report notwithstanding that the extracts furnished to the Department raise issues of special concern to the Government ...";
- gur léirigh an tuarascáil "an approach to health funding and the provision of health services, which, if implemented, would ignore the very serious financial constraints on the Department, the HSE and the State generally and which would create enormous liabilities that this State could not possibly afford and which the Oireachtas has never approved."
Foráiltear leis an Acht Ombudsman, 1980 go mbeidh “an tOmbudsman neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna”. Tá an neamhspleáchas sin barrthábhachtach. D’aithin an Grúpa Athbhreithnithe ar an mBunreacht an méid sin ina thuarascáil i 1996 nuair a mhol sé stádas bunreachtúil a thabhairt d’Oifig an Ombudsman
"Independence is the foundation stone upon which the office of the Ombudsman is based. The Ombudsman must be able to operate without being influenced by Government action. It is not enough for him or her to be independent in fact - he or she must also be seen as such by those who use the office. A constitutional guarantee for this independence would reinforce freedom from conflict of interest, from deference to the executive, from influence by special interest groups, and it would support the freedom to assemble facts and reach independent and impartial conclusions."
Cuirfeadh an moladh seo, nach bhfuil curtha i bhfeidhm fós, stádas an Ombudsman ar chomhchéim le hoifigí bunreachtúla eile ar nós Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus Oifig an Ard-Aighne.
Is deimhin leis an Ombudsman nár chuir na hagóidí a rinne an Roinn, ná an litir ón Aire (10 Meán Fómhair 2010), a cuid neamhspleáchais i gcontúirt sa chás áirithe seo. Ach is mian léi a chur in iúl nár scríobh aon Aire riamh cheana chuig an Ombudsman ar an tslí seo. Ionas go seachnófaí mífhaisnéis, tá an comhfhreagras ar fad faoin gceist sin idir Oifig an Ombudsman agus an Roinn á fhoilsiú ar leithleach ar láithreán gréasáin an Ombudsman.
(Nóta1) Tá an litir sin foilsithe, in éineacht le comhfhreagras gaolmhar eile, ar láithreán gréasáin an Ombudsman.
2.2 AGÓID A DHÉANAMH I gCOINNE DLÍNSE ...ACHOIMRE AR AN GCUMARSÁID LEIS AN ROINN
Ar an 30 Iúil 2009 thug an tOmbudsman fógra maidir le himscrúdú "ar a tionscnamh féin” (Nóta 2) don Roinn. Bhain an t-imscrúdú le seirbhísí d’othair chónaithe a sholáthar faoi alt 52 den Acht Sláinte 1970 le haghaidh othar a bhfuil na seirbhísí sin de dhíth orthu ar bhonn fadtéarmach. Tá sonraí na dtéarmaí a bhaineann leis an imscrúdú, mar a cuireadh in iúl don Roinn iad leagtha amach i gCaibidil 1.
Ar an 21 Lúnasa 2009, thug an Roinn freagra inar cuireadh in iúl go raibh agúis mhóra aici faoin imscrúdú. Dúradh sa fhreagra go gcabhródh sí leis an Ombudsman sí " in the carrying out of any investigation that operates within the parameters of the Ombudsman Act 1980 ...". Rinne sí tagairt don dlíthíocht ina raibh sí féin agus FSS ina bpáirtithe agus chuir sí in iúl go raibh imní uirthi "[that] the proposed investigation ... will not undermine or impinge upon the State's defence of this litigation"; anuas air sin, dúirt sí go raibh, "a real risk that an investigation ... will have a negative impact on the State's conduct of the defence of the litigation". D’áitigh an Roinn, ós rud é "[that] the actions being investigated are the subject matter of court proceedings", nárbh fhéidir leis an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh gan a léiriú go raibh “imthosca speisialta” ann a dteastaíonn imscrúdú dá mbarr.
Mhínigh ann tOmbudsman sa fhreagra a thug sí an 25 Lúnasa 2009 nach dtagann an srian dlínsiúil a ndearna an Roinn tagairt dó i gceist sa chás seo. An srian "precludes investigation by the Ombudsman of an action in relation to which the person affected by the action has initiated civil legal proceedings in any court"; toisc gur imscrúdú "ar a tionscnamh féin” é seo, níl aon ghearánach ar leith ann agus ní thagann an srian i gceist dá bhrí sin. Dúradh i litir an Ombudsman ansin:
"You express some concern that the Ombudsman's investigation may 'undermine or impinge upon the State's defence of ... litigation' arising from the non-provision of in-patient services. A related matter is the Department's position that 'the interpretation of statutory provisions ... [is] a matter for the Courts rather than one on which the Ombudsman should express a view'. The implication would seem to be that the Ombudsman's investigation might cause certain facts to be brought into the public domain, or draw attention to a particular legal analysis, which might prove helpful to the litigants in question. The suggestion is that the Ombudsman should not proceed with the investigation at this point because of the potential to undermine the State's defence of the litigation. This suggestion is at odds very fundamentally with the statutory role of the Ombudsman which is, acting independently, to investigate the actions of public bodies whether on foot of specific complaints or acting on her own initiative. The implication in the Department's suggestion is that the Ombudsman, in fulfilling her statutory role, should act in a manner which protects the interests of the HSE and the Department to the detriment of the interests of complainants and of the public more generally. Clearly, the Ombudsman cannot accept that this is a correct view of how she should perform her statutory role. As for the Department's position that the Ombudsman should not express any view on the interpretation of statutory provisions, the Ombudsman does not agree: virtually all complaints dealt with by the Ombudsman involve taking a view on how legislation should be interpreted."
Ar an 31 Lúnasa 2009 scríobh an tOmbudsman chuig an Roinn agus raon faisnéise agus doiciméadúcháin á sonrú aici a ceanglaíodh ar an Roinn a sholáthar - faoi alt 7 den Acht Ombudsman 1980 (Nóta 3) - chun críocha an imscrúdaithe. Tugadh sonraí ar a raibh á lorg cheana féin i gCaibidil 1.
Sa fhreagra a thug sí an 11 Meán Fómhair 2009, d’ardaigh an Roinn ceisteanna maidir leis an tréimhse ama a bhí clúdaithe san imscrúdú agus cibé an raibh dlínse ag an Ombudsman gníomhartha a imscrúdú a rinneadh ag dul siar roinnt mhaith blianta. Níos bunúsaí fós, d’áitigh an Roinn, nach bhfuil dlínse ag an Ombudsman “imscrúdú an-leathan” a dhéanamh cosúil leis an gceann a bhí beartaithe, agus, ar aon nós, nach féidir leis an Ombudsman ach “gníomhartha a rinneadh i gcomhlíonadh feidhmeanna riaracháin” a imscrúdú. Bhí an Roinn den tuairim seo a leanas "[that] the directions/requests for documentation/information ... go considerably beyond anything necessary to investigate the performance of any administrative function by the Department or the HSE". Rinne an Roinn a mhór dá teidlíocht, mar a dhéanfadh aon pháirtí i ndlíthíocht, a seasamh a chosaint agus ábhar faoi phribhléid agus thairis sin ábhar faoi rún a choinneáil siar ón Ombudsman.
Thug an tOmbudsman freagra mionsonraithe ar an 16 Meán Fómhair 2009 inar sonraíodh an ceanglas faoi alt 7 den Acht Ombudsman 1980 arís. Go háirithe, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ombudsman maidir le hábhar a áitítear a bheith faoi rún nó faoi phribhléid a choinneáil siar:
"It is a matter for the Department to decide on whether or not to comply with the Ombudsman's request: it can decide to do so or not to do so. However it is somewhat disingenuous to argue that, in making this decision, the Department is in the same position as is any ordinary party to litigation. The Department is a party to the litigation in its capacity, under the Constitution, as exercising the executive power of the State; the manner in which it exercises that function is a matter of public interest (not least to the extent that public money is involved in the conduct of the litigation). Choosing not to disclose this privileged material to the Ombudsman means that the Ombudsman will have only a limited understanding of how the Department acted in the conduct of the litigation. This, in turn, will have the consequence of the Ombudsman being restricted in how she performs her statutory functions. There may well be situations in which it might well be acceptable for a public body not to comply with a request from the Ombudsman for material covered by legal privilege; equally, there are likely to be situations in which refusing such a request is not acceptable. It remains a matter for the Ombudsman to take a view on when a refusal is acceptable or unacceptable.
The Department expresses the view that "disclosure of privileged and/or confidential material relating to the claims ... would be inappropriate ...". It is important to be clear that confidential material is not necessarily covered by legal privilege. In particular, while details of the settlements reached with some of the litigants may be subject to a confidentiality agreement, they will not be covered by legal privilege. Under section 7(1) of the Ombudsman Act, the Department is legally bound to provide the Ombudsman with this material - as specified in our letter of 31 August 2009 - irrespective of any view it may hold that disclosure would be inappropriate. "
I gcomhfhreagras ina dhiaidh sin, d’ardaigh an Roinn saincheisteanna a bhaineann le nós imeachta cothrom, maidir leis an ngá atá aici eolas níos cruinne a bheith aici ar nádúr na ngearán ar chóir di díriú orthu agus athshonraigh sí an tuairim nár chóir breathnú ar dhlíthíocht a stiúradh mar ní a bheadh tionchar aici ar imscrúdú bailí de chuid an Ombudsman. Anuas air sin dhiúltaigh sí don tuairim go bhfuil sé de rogha ag an Ombudsman breithniú a dhéanamh ar "the actions of the Department of Health and Children in seeking to resolve any lack of clarity regarding the intention of the legislature in enacting section 52 of the Health Act 1970". Tá an Roinn den tuairim nach féidir a gníomhartha nó a neamhghníomharthatha maidir leis seo a thuiscint mar ghníomhartha a rinneadh i gcomhlíonadh feidhm riaracháin. Ba é an seasamh ar ghlac an Roinn chuici ná go raibh sí breá sásta comhoibriú le haon imscrúdú ar an gcoinníoll nach sáródh an tOmbudsman an dlínse a bhí aici; agus thug sí le fios gur chomhoibrigh FSS maidir le comhaid ar ghearánaigh ar leith a sholáthar; ach nach soláthródh sí ábhar i dtaobh na gcodanna sin den imscrúdú nach raibh, dar leis an Roinn, faoi dhlínse an Ombudsman.
Ar an 16 Deireadh Fómhair 2009 scríobh an tOmbudsman chuig an Roinn, ag maíomh, i measc nithe eile:
- gur deimhin léi go bhfuil an t-imscrúdú faoina dlínse;
- gur mhainnigh an Roinn ceanglas reachtúil a chomhlíonadh faoi Alt 7 den Acht Ombudsman;
- agus, d’ainneoin nach raibh an Roinn ag comhoibriú léi, go raibh sé i gceist aici dul ar aghaidh leis an imscrúdú.
Thug an tOmbudsman le fios freisin go raibh roinnt mhaith faisnéise a bhí ar fáil don phobal nó ba chóir a bheith ar fáil dóibh (mar shampla, faisnéis faoi imeachtaí cúirte) ar áireamh san fhaisnéis a dhiúltaigh an Roinn a sholáthar. Agus i dtéarmaí an doiciméadúcháin a diúltaíodh, thug sí le fios go bhfuil roinnt de, i bprionsabal, ar fáil don phobal (pléadálacha cúirte, mar shampla) agus gur chóir do mhíreanna eile, mar shampla, taifid na gcostas a tabhaíodh, a bheith ar fáil don phobal ar mhaithe le follasacht agus cuntasacht.
Nótaí
(Nóta 2) Imscrúdú “ar a tionscnamh féin” lena bhforáiltear in alt 4(3)(b) den Acht Ombudsman 1980, déantar é ar thionscnamh an Ombudsman í féin seachas mar fhreagairt do ghearán a rinne gearánach ar leith. Is féidir imscrúdú de chuid an Ombudsman a dhéanamh ar “ghníomh” faoin bhforáil seo, mura bhfuil gearánach ar leith ann, sa chás “go bhfeictear [di], ag féachaint do na himthosca ar fad, gur cheart an gníomh a imscrúdú faoin alt seo”. Cé nach bhfuil siad ag déileáil le gearán nó le gearánach ar leith is iondúil go mbíonn imscrúduithe “ar a tionscnamh féin” bunaithe tríd is tríd ar ghearáin a fuarthas. Is amhlaidh a bhí sé sa chás seo.
(Nóta 3) Tugtar cumhacht reachtúil don Ombudsman faoi alt 7 den Acht Ombudsman 1980 “a cheangal” ar “aon phearsa” aon eolas nó doiciméid atá faoi rialú an duine sin a thabhairt di. Tugtar údarás don Ombudsman faoi alt 7 freisin a cheangal ar an bpearsa a bhfuil an t-eolas nó na doiciméid sin ina sheilbh aige bheith i láthair os a comhair. Foráiltear le hAlt 7(3)
Ní dhéanfaidh aon phearsa, trí ghníomh ná trí fhaillí, toirmeasc ná bac a chur ar an Ombudsman agus é ag comhlíonadh a fheidhmeanna ná ní dhéanfaidh aon phearsa aon ní eile arbh éard é, dá mba chúirt an tOmbudsman agus cumhacht aici duine a chimiú mar gheall ar dhíspeagadh cúirte, díspeagadh ar an gcúirt sin.
2.3 AGÓID A DHÉANAMH I gCOINNE DLÍNSE ...NÓTA TRÁCHTA
Tá ról an Ombudsman leagtha amach san Acht Ombudsman 1980. Is féidir leis an Ombudsman “aon ghníomh” a imscrúdú a rinne comhlacht atá faoina dlínse nó a rinneadh thar a cheann ar an gcoinníoll gur gníomh é “a rinneadh i gcomhlíonadh feidhmeanna riaracháin”. Sa chás go gcinneann an tOmbudsman go raibh drochthionchar ag an ngníomh ar dhuine, agus go léiríonn an gníomh go raibh “míriarachán” ann (Nóta 4), féadfaidh sí ansin cúiteamh a mholadh don duine lena mbaineann.
Má bhreathnaítear ar fhís na Roinne maidir leis na rudaí is féidir leis an Ombudsman a dhéanamh ar a dealramh, is dóigh léi nach bhfuil an tOmbudsman in ann ach gearáin ar leith nó grúpaí gearánach a imscrúdú, agus go gcaithfidh na himscrúduithe sin a bheith dírithe i gcónaí ar cheisteanna cúnga na gcásanna ar leith. Anuas air sin, molann an Roinn gur chóir an téarma “a rinneadh i gcomhlíonadh feidhmeanna riaracháin” a thuiscint mar chatagóir níos cúinge seachas mar chatagóir níos leithne.(Nóta 5) Déanta na fírinne, is é fís na Roinne d’Oifig an Ombudsman ná gur breá a bheith ag déileáil le cásanna ar leith ach nach dtagann sé faoi dhlínse an Ombudsman breathnú lasmuigh de na cásanna sin agus a fhiafraí cén fáth a dtarlaíonn fadhbanna arís agus arís eile ná cén fáth nár feabhsaíodh rudaí mar a gealladh. Tá an fhís sin de ról an Ombudsman bunoscionn leis an méid a dhéanann oifigí Ombudsman na hearnála poiblí ar fud an domhain, tá sí bunoscionn freisin lena bhfuil á dhéanamh ag Ombudsman na hÉireann le blianta fada anuas. Tá sé intuigthe sa tsamhail d’Ombudsman ar ghlac an tOireachtas léi i 1980 go bhfuil i bhfad níos mó i gceist leis an ról ná gearáin ar leith a fhiosrú, cé gur croílár an ghnó é déileáil leis na gearáin sin agus is é an bunús é lenar féidir breathnú ar cheisteanna sistéamacha nó rialachais níos leithne freisin. Is léir ón bhforáil lena gceadaítear don Ombudsman imscrúduithe a dhéanamh ar a tionscnamh féin gurb é sin an ról a bhfuil an tOireachtas ag dréim leis (féach Nóta 3 a ghabhann leis an gcaibidil seo).
Is féidir a thuiscint go bhfuil an Roinn goilliúnach maidir le himscrúduithe seachtracha ag féachaint do líon na dtuarascálacha agus na n-imscrúduithe inar díríodh ar a feidhmíocht le deich mbliana anuas. (Nóta 6) Is féidir a thuiscint freisin go bhfuil údar maith ag Oifig an Ombudsman a bheith airdeallach faoi iompar na Roinne i gcoitinne: nuair a bhí imscrúduithe roimhe seo a bhaineann leis an tuarascáil seo á ndéanamh ag deireadh na 1990í, agus i bpléití maidir le teidlíocht cúram fadchónaithe thar roinnt blianta ag tús na 1990í, choinnigh an Roinn faisnéis thábhachtach siar ón Ombudsman, faisnéis a chuirfeadh faoi deara dá nochtfaí í, ceist na dtáillí ar chúram fadchónaithe a bheith réitithe deich mbliana ar a laghad sular réitíodh i ndáiríre í. (Nóta 7)
Má bhreathnaítear ar dhiúltú na Roinne comhoibriú leis an Ombudsman san imscrúdú seo in éineacht lena hiompar roimhe seo, tugtar le fios go bhfuil ceisteanna géara maidir le follasacht agus cuntasacht laistigh den Roinn fós le réiteach. Anuas air sin, is léir go raibh baint nach beag ag an imní a bhí ar an Roinn, go ndéanfadh an t-imscrúdú "a negative impact on the State's conduct of the defence of the litigation" , leis an gcaoi ar chuir sí i gcoinne imscrúdú an Ombudsman. Caithfear dhá cheist a chur faoin méid seo; sa chéad dul síos cén chaoi ar chóir don Stát é féin a iompar chun dlíthíocht a chosaint a thionscnaíonn saoránach a éilíonn gur baineadh ceart reachtúil de/di agus, ar an dara dul síos, cén tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag imscrúdú an Ombudsman, i ndáiríre, ar thoradh na dlíthíochta sin.
Nótaí
(Nóta 4) Úsáidtear an téarma “míriarachán” le cur síos i ngearrscríobh ar na seacht bhforas atá liostaithe in alt 4(2)(b) den Acht: " (i) go ndearnadh nó go mb'fhéidir go ndearnadh é gan údarás cuí, (ii) do ndearnadh nó go mb'fheidir go ndearnadh é ar fhoras neamhábhartha, (iii) gur neamart nó neamh-aire nó go mb'fhéidir gur neamart nó neamh-aire ba chúis leis, (iv) go raibh sé nó go mb'fhéidir go raibh sé bunaithe ar eolas earráideach nó easpach, (v) go raibh sé nó go mb'fhéidir go raibh sé idirdhealaitheach go míchuí, (vi) go raibh sé nó go mb'fheidir go raibh sé bunaithe ar chleachtas riaracháin míchuibhiúil, nó (vii) go raibh sé nó go mb'fhéidir go raibh sé thairis sin contrártha do riaradh cóir nó fónta."
(Nóta 5) Sa chaibidil ar an Ombudsman in Administrative Law in Ireland (3ú eagrán 1998, lgh 344 - 345) tugann Hogan agus Morgan le fios "[that the ]requirement that the 'action ' be 'taken in the performance of administrative functions' is designed to exclude judicial or legislative decisions. " Ní féidir cur síos ar ghníomhartha FSS agus na Roinne a phléitear san imscrúdú seo mar ghníomhartha breithiúnacha ná reachtacha. Níl sé tábhachtach sa chomhthéacs seo go bhféadfadh roinnt de na gníomhartha sin baint a bheith acu le gníomhartha breithiúnacha nó reachtacha.
(Nóta 6) Mar shampla, tuarascáil Nursing Home Subventions an Ombudsman (2001), Tuarascáil Travers (2005) agus tuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe ar Eagraíocht de chuid Roinn an Taoisigh (Deireadh Fómhair, 2010).
(Nóta 7) Chun tuilleadh a léamh faoi seo féach Caibidil 3.
2.4 AGÓID A DHÉANAMH I gCOINNE DLÍNSE - Cén chaoi ar chóir don Stát é féin a iompar...?
Tá pearsantacht dhlítheanach ag an Stát agus féadfar agairt a dhéanamh ina c(h)oinne agus féadfaidh sé/sí agairt a dhéanamh freisin. Sa ghnáthchúrsa, próiseas sáraíochta atá sa dlíthíocht sa chóras seo againne. Ba chóir do dhuine ar bith a roghnaíonn dlíthíocht a bheith ullamh do chomhrac a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dóibh, comhrac ina ndéanfaidh dlíodóirí ar cheachtar taobh cibé rud is gá (de réir dlí agus nós imeachta cúirte) chun an cás a bhuachan dá gcliant. Ag an am céanna, is é cuspóir na gCúirteanna ná riaradh ceartais.
Sa ghnáthdhlíthíocht is iondúil gurb é leas an chosantóra é mura n-éiríonn le caingean. Ní gnáthdhlíthí ná gnáthchosantóir é an Stát áfach. Faoin mBunreacht, faightear gach cumhacht ó na daoine, agus is iad na daoine, seachas an Stát atá ceannasach. Caithfidh an Stát, de réir sainmhínithe, gníomhú ar mhaithe le leas an phobail. D’fhéadfaí a bheith ag súil go ngníomhódh comhlacht de leithéid na Roinne, a bhfuil cumhacht feidhmiúcháin an Stáit á feidhmiú aici i suíomh dlíthíochta, le hintinn mhaith agus ar mhaithe le leas an phobail. Ar an drochuair, ag féachaint dá bhfuil déanta ag an Roinn, tá sé de cheart ag daoine a bheith beagán in amhras, ar a laghad, faoi intinn na Roinne. Ní mór tacú go hoibiachtúil le haon toimhde go bhfuil an Roinn ag gníomhú ar mhaithe le leas an phobail ag féachaint don bhaint a bhí aici roimhe seo le ceist an chúraim fhadchónaithe a bhainistiú. Dá bhrí sin, ní gá gurb é leas an phobail an bua a bheith ag an Stát i ndlíthíocht. Mar shampla, má thugann gníomhairí an Stáit tús áite dá leasanna féin thar leas an phobail i gcoitinne (rud a d’fhéadfadh tarlú) ní hé leas an phobail é go mbeadh an bua ag an Stát. Ní hé leas an phobail é teacht i dtír ar cheart dlíthiúil i dtreo is gur féidir airgead poiblí a choigilt: ghlacfaí leis go bhfuil leas an phobail ó thaobh seasamh leis an dlí níos tábhachtaí ná airgead poiblí a choigilt.
Chabhródh sé go mór leis an gcás dá mbeadh meicníocht ann, in imthosca de leithéid na himthosca a thagann chun cinn sa tuarascáil seo, faoina bhféadfadh na Cúirteanna rialú dearbhaithe a thabhairt maidir le ceist a théann i bhfeidhm ar chuid mhór daoine agus sa chás go mbeadh a lán dlíthíochta pearsanta ann mar gheall ar mheicníocht dá leithéid a bheith in easnamh. B’fhéidir nach n-úsáidfí meicníocht den sórt sin ach in imthosca ina mbeadh an Stát nó ceann dá ghníomhaireachtaí ina chosantóir toimhdean. Faoi láthair níl meicníocht den sórt sin ann agus bheadh reachtaíocht ag teastáil chun ceann a chur ar bun. Faoi mheicníocht den sórt sin, is féidir a shamhlú nach mbeadh ceisteanna a bhaineann le pribhléid dhlíthiúil agus doiciméid a fhollasú faoi aighneas. Sa chur chuige seo d’fhéadfaí (den chuid is mó) an t-ualach a bhaint de dhlíthithe aonair ó thaobh caingne dlí costasacha agus diana a ghabháil ar láimh. Ar an láimh eile, bheifí in ann druidim siar ón staid ghránna ina mbíonn an Stát ag gníomhú dó ar bhealach ionsaitheach agus neamhfhabhrach i gcoinne a saoránach féin.
I gcomhthéacs na dlíthíochta atá i gceist anseo, is amhlaidh gur mar seo a leanas atá sé: is féidir a rá gurb as grúpa leochaileach sa tsochaí na dlíthithe; is é atá á lorg acu ná ceart reachtúil, dar leo, ar chúram tí altranais a chosaint; níor éirigh leo ina gcuid iarrachtaí chun an cúram sin a fháil ón Stát; tríd is tríd is dóigh leo gur cuireadh isteach go mór orthu agus gur gearradh costais mhóra orthu maidir lena gcuid iarrachtaí a gcearta a fháil (de réir mar a thuigeann siad é). Os rud é nach bhfuil aon mheicníocht ann lenar féidir leis na Cúirteanna rialú dearbhaithe a thabhairt, tá cás láidir ann gur chóir don Stát glacadh leis an seasamh nach bhfuil sé ag gníomhú ar mhaithe lena leas féin amháin (mar a dhéanfadh gnáthchosantóir) ach go bhfuil sé ag gníomhú ar mhaithe le leas an phobail i gcoitinne. De réir an chineáil cur chuige sin, bheadh taobh an Stáit in ann éisteacht agus breithniú tapa a éascú trí phribhléid dhlíthiúil a tharscaoileadh, agus follasú toilteanach doiciméad a cheadú agus chuirfidís dlús faoin toradh i ndeireadh thiar ar an dóigh sin. (Nóta 8)
Maidir leis an aighneacht a rinne an Roinn mar fhreagra ar dhréachtleagan den tuarascáil seo, roghnaigh an Roinn an cineál tráchta thuas a thuiscint mar ""a purported denial of the right of [the Department and the HSE] to have the issues the subject of proceedings before the Courts determined by the Courts, being the organ of government upon which the Constitution confers the sole and exclusive power to administer justice in the State." Déanann sé sin mífhaisnéis ar na tráchtanna thuas. Is léir go bhfuil sé de cheart ag an Roinn agus ag FSS a bheith ag brath ar na Cúirteanna chun breithniú a dhéanamh; ach is féidir leo a bheith solúbtha maidir leis an tslí ina roghnaíonn siad na himeachtaí a stiúradh. Ní gá gurb é leas an phobail é go gcosnófaí caingne i gcoinne comhlacht Stáit ar an mbealach neamhfhabhrach traidisiúnta a bhíonn i gceist sa dlíthíocht de ghnáth. Is é an pointe atá ag an Ombudsman ná gur chóir don fhreagra atá ag comhlacht Stáit ar dhlíthíocht ina choinne a bheith ar mhaithe le leas an phobail seachas ar mhaithe le leasanna an chomhlachta áirithe sin. Ní gá gurb ionann leas an phobail agus leasanna an chomhlachta áirithe.
Nóta
(Nóta 8) Tá follasú á chomhrac ag an Stát i roinnt de na cásanna atá os comhair na gCúirteanna - féach Caibidil 8 - cé go ndeir FSS gur thoiligh sí follasú toilteanach a dhéanamh i roinnt cásanna.
2.5 AGÓID A DHÉANAMH I gCOINNE DLÍNSE - An tionchar a bheadh ag Imscrúdú an Ombudsman
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil ábhair imní na Roinne faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag imscrúdú de chuid an Ombudsman bunaithe ar an tuairim nach bhfuil sé feiliúnach do ghníomhaireachtaí Stáit iad féin a iompar sa dlíthíocht sin amhail is dá mba gnáthchosantóirí iad. Mar a tugadh le fios thuas, b’fhéidir nach toimhde bailí é sin. Ar aon nós, is doiligh a thuiscint conas a chuirfeadh imscrúdú de chuid an Ombudsman isteach ar thoradh na dlíthíochta. Ní dócha in aon chor go mbeadh tionchar mar seo nó mar siúd ag anailís dhlíthiúil ar an Acht Sláinte 1970 arna déanamh i dtuarascáil de chuid an Ombudsman ar na Cúirteanna. Ní cosúil go mbeadh aon léargas le fáil san anailís sin nach bhféadfadh foireann dlí chumasach ag feidhmiú thar ceann na ngearánaithe a fháil. Ar an gcaoi chéanna, sa mhéid is go bhféadfaí tuairim a thabhairt i dtuarascáil imscrúdaithe de chuid an Ombudsman ar an gur chuige foriomlán i leith dlíthíochta a bhfuil an Stát ag glacadh leis, is beag seans go mbeadh aon ní i gceist nach bhfuil follasach cheana féin i bpléadálacha an Stáit agus nach mbeadh ar eolas ag na gearánaithe cheana féin.
Maidir leis an gceist gur socraíodh cásanna eile den sórt sin lasmuigh den chúirt, tá a fhios ag an saol mór cheana féin gur tharla sé sin agus ní bheadh tionchar ar bith ag tuarascáil de chuid an Ombudsman ina luaitear é ar na cúrsaí sin. Go deimhin, is beag seans go mbeadh aon tionchar ag eolas ar théarmaí na socraíochtaí sin ar bhreithiúnas cúirte; cé go mb’fhéidir go bhféadfadh sé cabhrú le gearánaí atá ag smaoineamh ar shocraíocht den sórt sin a dhéanamh.
2.6 AGÓID A DHÉANAMH I gCOINNE DLÍNSE - Ceisteanna níos leithne a ardaíodh san Agóid Dhlínsiúil
Ní ghlacann an tOmbudsman leis go ndearna an Roinn agóid toisc go bhfuil sí den tuairim go fírinneach go bhfuil an t-imscrúdú áirithe seo á stiúradh gan dlíthíocht chuí. Thairis sin, tá an tOmbudsman den tuairim gurb ionann an agóid, agus an mhainneachtain lena mbaineann comhoibriú leis an imscrúdú, agus neamhchomhlíonadh cheanglais alt 7 den Acht Ombudsman 1980. Is féidir an rud céanna a rá faoi FSS cé gur chomhoibrigh sí go pointe áirithe.
Go mór mór, is cúis achrainn é gur dhiúltaigh an Roinn aon fhaisnéis maidir le socraíochtaí a thabhairt. Tá na himpleachtaí seo a leanas aige sin:
- d’éirigh le roinnt gearánaithe, ar a laghad go páirteach, ina gcuid éileamh;
- caitheadh airgead poiblí ar na socraíochtaí sin ach ní fios cá mhéad a caitheadh orthu;
- ní féidir a dhéanamh amach cén fáth ar éirigh leis na gearánaithe áirithe sin, cé gur theip ar ghearánaithe eile, ar dócha go bhfuil cásanna acu atá mórán cosúil leo;
- tá an chuma ar an scéal go ndéileáiltear le roinnt gearánaithe le níos mó fabhair ná mar a dhéileáiltear le gearánaithe eile;
- déileáiltear le níos mó fabhair leis na gearánaithe ar éirigh leo ná mar a dhéileáiltear leis na mílte eile, atá thíos le mainneachtain an Stáit cúram altranais á sholáthar, agus nár thionscain caingean dlí.
- Dealraíonn sé nach bhfuil sé ar intinn ag an Roinn go nochtfar sonraí na socraíochtaí sin go deo.
Is dócha gurb é an Stát seachas na gearánaithe atá ag seasamh ar an rúndacht sin ach go gcosnóidh an Stát é ar na forais go bhfuil leasanna na ngearánaithe (mar shampla ceart chun príobháideachta) á gcosaint. (Nóta 9) Ní féidir leis na gearánaithe, os rud é gur roghnaigh siad a gcásanna a thabhairt os comhair na cúirte, agus eolas orthu a chur ar fáil go poiblí ar an dóigh sin, a bheith ag súil le príobháideacht ná rúndacht agus bheadh sé mí-ionraic a thabhairt le tuiscint go bhfuil an Stát ag géilleadh do mhianta na ngearánaithe. Ba chóir breathnú ar aon iarracht a dhéanann an Stát téarmaí socraíochtaí sna cásanna sin a choinneáil faoi rún i gcomhthéacs fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 1997. Bunaithe ar fhasaigh atá ann cheana, is dócha go gcuirfí na socraíochtaí sin ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise dá n-iarrfadh iarratasóir iad.
Tá dhá bhreith ar achomharc um shaoráil faisnéise tugtha ag an gCoimisinéir Faisnéise inar déileáladh go sonrach le cead rochtana ar shocraíochtaí a aontaíodh lasmuigh den chúirt idir comhlacht poiblí (FSS sa dá chás, mar a tharlaíonn sé) agus tríú páirtí. Sa dá chás sin, d’ainneoin go raibh clásal rúndachta sa dá shocraíocht, d’ordaigh an Coimisinéir Faisnéise go scaoilfí téarmaí na socraíochta. (Nóta 10) I gcinneadh dar dáta an 12 Márta 2010 thug an Coimisinéir an méid seo a leanas le fios:
"I wish to include here a general comment on the matter of confidentiality agreements. In my decision in Case No. 000528 ... I set out my views on confidentiality agreements in an era of FOI and expressed the belief that the enactment of the FOI Act has a bearing on the capacity of public bodies to enter into legally binding confidentiality agreements which are now subject to its implied terms. I stress that I have not said that FOI renders all such agreements inoperable, As I have previously found, section 26 of the FOI Act is not intended to protect the interests of public bodies. The language within section 26 itself, especially in sub-section (2), supports the view that the protection of the section is directed at entities other than public bodies. "(Nóta 11)
Is é seasamh an Choimisinéara, gur féidir clásal rúndachta a agairt, faoi shaoráil faisnéise, chun leasanna an pháirtí eile seachas an comhlacht poiblí a chosaint; ach nach féidir amhlaidh a dhéanamh chun leasanna an chomhlachta phoiblí a chosaint. Sa chomhthéacs reatha, dealraíonn sé nach bhfuil cúiseanna maithe ann le creidiúint gur chóir do chearta na ngearánaithe, a bhfuil socraíochtaí déanta acu leis an Stát, ionad leas an phobail a ghabháil maidir le heolas a bheith acu ar a mhéid atá airgead poiblí á thabhairt ag an Stát do dhaoine aonair.
Is cosúil go bhfuil sé d’aidhm ag cur chuige na Roinne agus FSS sa chomhthéacs reatha, maidir le diúltú d’aon fhaisnéis faoina socraíochtaí a thabhairt, an tOmbudsman a chur ó rath i gcomhlíonadh a dualgais reachtúil. Is cosúil go raibh an rún céanna le sonrú sa chaoi inar mhainnigh FSS comhoibriú leis an gCoimisinéir Faisnéise maidir lena ról sa chinneadh a luadh thuas. I measc an ábhair a bhí i gceist sa chás saorála faisnéise sin, bhí faisnéis a bhain le híocaíochtaí a rinne FSS le cuideachta mar thoradh ar shocraíocht lasmuigh den chúirt. Dealraíonn sé ó chinneadh foilsithe an Choimisinéara gur choinnigh FSS na taifid ábhartha siar óna hOifig go dtí gur cuireadh iallach orthu iad a chur ar láimh tar éis ceanglas reachtúil a sheirbheáil. Déanann an Coimisinéir tagairt don mhéid sin ina cinneadh:
"My Office encountered misleading and incomplete responses to its efforts to clarify and examine the issues and the records under review. Although the HSE's submission of 30 November 2009 purported to present all of the material within the scope of the review, it later transpired that the records covered by item 4 of the request - the payments made- had been omitted from the material received in response to requests from my Office on several occasions. Some of the omitted records were furnished on 4 February 2010. However, on 11 February 2010 my Office served notice under section 37 (1) of the FOI Act on Professor Brendan Drumm, Head of the HSE, requiring him to furnish the outstanding record showing the amount paid to Lifeline [the company in question] as a result of the High Court case in 2008. The record, accompanied by a submission, was received from A&L Goodbody, solicitors on 18 February 2010. No reason was given for the previous failure to supply the necessary information to enable me to carry out this review.
Unfortunately, the evidence in this case leads me to conclude that the HSE's behaviour in relation to the request and the review had the effect of frustrating the operation of the FOI Act in relation to access to records and delaying my Office's review and investigation into whether or not the refusal of the records was justified."
Nótaí
(Nóta 9) Ina freagra ar dhréachtleagan den tuarascáil seo, deir FSS (ar Lch. 16) nach bhfuil sé " appropriate to assume that it is always the HSE who might insist on, or seek, a confidentiality agreement".
(Nóta 10) Féach cinntí an Choimisinéara Faisnéise i gCás 000528 - Sunday Times & Bord Sláinte an Oirthuaiscirt agus Cás Uimh. 090191 - Sunday Times & Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
(Nóta 11) Cás Uimh. 090191 - Sunday Times & Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Tugann sé sin le fios go láidir go bhfuil fadhb easpa follasachta ann, agus go bhfuil patrún ann ó thaobh thoilteanas FSS agus na Roinne imscrúdú reachtúil a chur ó rath.