Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Údaráis Áitiúla  /  Na scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola arna riar ag údaráis áitiúla
 

Freagra na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil ar an Dréacht-Tuarascáil

Cuireadh dréacht-chóip den tuarascáil seo faoi bhráid na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil chun í a bhreithniú, arna fhoráil in Alt 6 (2)(d) den Acht Ombudsman 1980. Tá an téacs iomlán de fhreagra na Roinne in Aguisín 12 atá leis an tuarascáil seo. Sliocht gairid is ea an sliocht seo a leanas:

“Fáiltíonn an Roinn roimh an tuarascáil seo de chuid an Ombudsman a chabhróidh go mór le saincheist arbh ábhar tráchtaireachta í arís agus arís eile i measc páirtithe leasmhara agus breithneofar an tuarascáil agus go háirithe moltaí na tuarascála go hiomlán i gcomhthéacs an athbhreithnithe leanúnaigh ar rialú na hearnála um bainistiú dramhaíola.

Leagtar béim sa tuarascáil ar shaincheisteanna maidir le hoibriú na scéimeanna um tharscaoileadh ag údaráis áitiúla agus gan scéimeanna den sórt a bheith i bhfeidhm i gceantair a ndéanann an earnáil phríobháideach freastal orthu.  Saincheisteanna iad seo a d’ardaigh an earnáil phobail agus dheonach cheana i gcomhthéacs na comhpháirtíochta sóisialta agus rinne an earnáil phobail agus an earnáil dheonach an argóint nach gcaitear go cothrom le teaghlaigh ar ioncam íseal i gceantair ina gcuireann bailitheoirí príobháideacha dramhaíola seirbhísí ar fáil i gcomparáid leis na teaghlaigh siúd a fhaigheann tarscaoileadh ó údaráis áitiúla; nach gcaitear go cothrom leo ach oiread i gcomparáid le teaghlaigh ar ioncam níos airde sa cheantar céanna ó tharla go bhféadfadh na teaghlaigh ar ioncam níos airde leas a bhaint as faoiseamh cánach ar a muirir dhramhaíola; agus gur cruatan dáiríre a bhíonn mar thoradh air i gcásanna ar leith.”