Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Údaráis Áitiúla  /  Na scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola arna riar ag údaráis áitiúla
 

Córais agus Muirir Bhailithe Dramhaíola

Soláthraithe Seirbhíse

Ba iad na húdaráis áitiúla ba mhó a bhíodh freagrach as dramhaíl teaghlaigh a bhailiú agus a dhiúscairt san am atá caite. Leagadh béim i gcáipéis bheartais na Roinne Comhshaoil sa bhliain 1998 “Changing Our Ways” ar an scóip a bhí ann an earnáil phríobháideach a bheith níos rannpháirtí i réimse an bhainistithe dramhaíola.  Léirítear sna tuairisceáin a fuarthas ó na 23 údarás áitiúil a áiríodh i mo shuirbhé (Léigh Tábla 1 in Aguisín 2) gurb oibreoirí príobháideacha amháin a sholáthraíonn an tseirbhís um bailiú dramhaíl teaghlaigh i 35% nó in ocht gcinn de na húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu agus gurb é an t-údarás áitiúil amháin a sholáthraíonn an tseirbhís i 17% nó i gceithre cinn de na húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu. (I gcás trí cinn de na húdaráis áitiúla seo is do choimpléisc phríobháideacha árasán agus dóibh sin amháin a sholáthraíonn oibreoirí príobháideacha an tseirbhís bhailithe.)  Soláthraíonn an t-údarás áitiúil agus oibreoirí príobháideacha araon seirbhís bhailithe dramhaíola i 48% nó i 11 de na húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu agus bíonn idir 15% agus 32% de sciar an mhargaidh ag oibreoirí príobháideacha.


Muirir Bhailithe

Faoi Alt 52 den Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003 is faoin údarás áitiúil iomchuí muirir um bainistiú dramhaíola a chinneadh i gcás go soláthraíonn sé an tseirbhís. Más oibreoir príobháideach a sholáthraíonn an tseirbhís bhailithe is faoin oibreoir sin na muirir a chinneadh.

Sa bhliain 2005 d’fhonn léargas a thabhairt ar an bprionsabal “íoctar mar a thruaillítear” agus d’fhonn teaghlaigh a spreagadh níos mó dá ndramhaíl a athchúrsáil d’iarr an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ar sholáthraithe seirbhíse bailithe dramhaíola córas muirear bunaithe ar úsáid a thabhairt isteach. Tá trí chóras mhuirear “íoctar de réir úsáide” i bhfeidhm faoi láthair: córas bunaithe ar thoirt, córas bunaithe ar chlibeanna agus córas bunaithe ar mheáchan:

  • I gcás an chórais bunaithe ar thoirt íocann teaghlaigh muirear seasta bliantúil chun dramhaíl a bhailiú gach seachtain bunaithe ar mhéid a n-araidí agus bíonn muirir níos ísle ar araidí níos lú.
  • Ceannaíonn na daoine a úsáideann an córas bunaithe ar chlibeanna clibeanna a cheanglaíonn siad dá n-araid nó dá mála bruscair agus ní íocann siad ach nuair a chuireann siad araid nó mála amach le bailiú.
  • Faoin gcóras bunaithe ar mheáchan meánn an bailitheoir dramhaíola an dramhaíl a chuirtear amach le bailiú agus cuireann sé bille chuig an teaghlach ar gach cileagram dramhaíola a bhailítear.

 

Mar is léir ón Tábla in Aguisín 2 bíonn idir muirear seasta agus muirear ‘íoctar de réir úsáide’ i bhfeidhm ag formhór na n-údarás áitiúil a ndearnadh suirbhé orthu agus bíonn an córas bunaithe ar mheáchan i bhfeidhm ag trí cinn de na húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu.

Is idir €192 i bhFine Gall agus san Iarmhí agus €516 i gContae Loch Garman an meánmhuirear measta bliantúil a ghearrtar ar theaghlaigh as an tseirbhís bhailithe dramhaíola arna soláthar ag na húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu agus is idir €200 san Iarmhí agus €450 i gComhairle Contae Luimnigh an muirear as an tseirbhís phríobháideach bhailithe.