Réamhrá
Gné thábhachtach agus fhiúntach den chóras pleanála is ea rannpháirtíocht an phobail sa phróiseas pleanála. D’fhonn rannpháirtíocht na dtríú páirtithe a éascú, tá sé de cheart ag an bpobal de réir na reachtaíochta pleanála iniúchadh a dhéanamh ar chineálacha áirithe de dhoiciméid phleanála agus cóipeanna díobh sin a fháil. D’fhéadfadh, áfach, go mbeadh drogall ar dhaoine den phobal a bheith go hiomlán rannpháirteach de bharr na muirear iomarcach a ghearrtar as fótachóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid den sórt. Ní hé amháin go bhféadfaí éagóir a dhéanamh ar na daoine aonair lena mbaineann ach d’fhéadfadh sé chomh maith an bonn a bhaint de mhuinín an phobail in oscailteacht agus follasacht an chórais phleanála.
Le blianta beaga anuas chuir daoine den phobal gearáin faoi mo bhráid faoi na leibhéil de tháillí a bhí á ngearradh ag na húdaráis áitiúla/na húdaráis phleanála as fótachóipeanna a dhéanamh de shleachta as comhaid phleanála. Ba léir gur bhain neamhréir leis na suimeanna a bhí á ngearradh sna húdaráis áitiúla as fótachóipeanna a dhéanamh agus bhí imní orm gur chosúil go raibh an leibhéal de tháillí a bhí á ngearradh ag roinnt údaráis áitiúla iomarcach. Ó tharla go bhfuil na nósanna imeachta chun iarratais phleanála a dhéanamh agus a phróiseáil ar chomhchaighdeán ar fud na tíre, feictear domsa gur chóir na muirir a ghabhann le cóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid phleanála a bheith comhionann a bheag nó a mhór, sna húdaráis phleanála go léir. Leag mé béim ar an gceist i mo chéad Thuarascáil Bhliantúil sa bhliain 2003 agus thagair mé di i bhformhór na dtuarascálacha bliantúla a tháinig ina diaidh. Ó tharla go bhfuiltear fós ag gearán liom faoi mhuirir iomarcacha, chinn mé athbhreithniú eile a dhéanamh ar na húdaráis áitiúla agus m’fhionnachtana a chur i bhfoirm tuarascála.
De réir alt 6(7) den Acht Ombudsman 1980, táim ag cur na Tuarascála seo faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais.
Emily Ní Raghallaigh
Ombudsman