Tuarascáil Bhliantúil 2013 Oifig an Ombudsman

Iarscríbhinn C: Páirtíocht an Ombudsman

Cruinnithe le daoine mór le rá, le hoifigigh, etc.

Eanáir go Deireadh Fómhair 2013

16 Eanáir - Cruinniú leis an Uasal Kieran Fitzgerald, Coimisinéir Ombudsman
an Gharda Síochána
17 Eanáir - Cruinniú le hOmbudsmain na Seirbhíse Sláinte
18 Eanáir - Cruinniú le Líonra na nOmbudsman san Earnáil Phoiblí
28 Eanáir - Cruinniú leis an Uasal Thomas Nader, Ambasadóir na hOstaire
5 Feabhra - Cruinniú leis an gComhchoiste um Maoirseacht na Seirbhíse
Poiblí agus Achainíocha
18 Feabhra - Cruinniú le foireann ó Oifig an Ombudsman Eorpaigh
20 Márta - Cruinniú leis an Uasal Tom Frawley, Ombudsman Thuaisceart Éireann
23 Bealtaine - Cruinniú le Emily Logan, Uasal, an tOmbudsman do Leanaí
23 Bealtaine - Cruinniú leis an Dr Rafael Ribó, Ombudsman Réigiúnach na Catalóine
5 Meitheamh - Láithreas os comhair an Chomhchoiste um Airgeadas,
Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú
16 Iúil - Cruinniú leis an Aire Howlin, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
18 Iúil - Cruinniú leis an Uasal Niels Pultz, Ambasadóir na Danmhairge
18 Meán Fómhair - Cruinniú leis an Uasal Nikiforos Diamandouros, An tOmbudsman Eorpach
26 Meán Fómhair - Cruinniú leis an gComhchoiste um Maoirseacht na Seirbhíse Poiblí
agus Achainíocha

Peter Tyndall – Nollaig 2013

9 Nollaig - Cruinniú leis an Uasal Tom Frawley, Ombudsman Thuaisceart Éireann agus leis an Uasal Jim Martin, Ombudsman na hAlban
10 Nollaig - Freastal ar Roghchoiste Riaracháin Phoiblí, Westminster, Londain
17 Nollaig - Cruinniú leis an Uasal Pádraig MacLochlainn TD, Cathaoirleach an Choiste Oireachtais um Maoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha
19 Nollaig - Cruinniú le Emily Logan, Uasal, an tOmbudsman do Leanaí

Comhdhálacha sa bhaile agus thar lear

Emily O’Reilly - Eanáir go Deireadh Fómhair 2013

21 Feabhra - Aitheasc maidir le “Ról an Ombudsman Náisiúnta san Eoraip” ag
Dublin Business School
4 Márta - Aitheasc maidir le “Ról an Ombudsman” ag Institiúid Teicneolaíochta
Bhaile Átha Cliath
7 Márta - Aitheasc maidir le “Tríú Bealach don Tríú hAois” ag Óstán Buswells le Third Age
25 Aibreán - Aitheasc ó Bernadette McNally, Ard-Stiúrthóir, maidir le “Cearta agus Teidlíochtaí Daoine Scothaosta: Dearcadh an Ombudsman” ag Comhdháil Older and Bolder i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliathn
8 Bealtaine - Aitheasc Bernadette McNally, Ard-Stiúrthóir, maidir le “Forbairt Ceannaireachta agus Bainistíochta” ag Coláiste Ríoga na Máinleá, Baile Átha Cliath
4 Meitheamh - Aitheasc David Nutley, Imscrúdaitheoir Sinsearach, ag Lá Domhanda um Fheasacht ar Dhrochíde ar Sheanóirí
14 Meitheamh - Aitheasc Bernadette McNally, Ard-Stiúrthóir, maidir le “Ról an Ombudsman i gCúram Sláinte agus Sóisialta” ag Ospidéal Ollscoile Luimnigh
23-24 Meitheamh - Aitheasc Bernadette McNally, Ard-Stiúrthóir, maidir le “Cúram: Dul ar ais chuig Croílár an Chúraim Shláinte” ag Ospidéal Ollscoile Mater Misericordiae
28 Iúil - Aitheasc maidir le “Féachaint chuig 2016 – Conas a sheasann an Phoblacht?” ag 13ú Léacht Bhliantúil John Hume ag Scoil Samhraidh MacGill, na Gleannta, Dún na nGall
18 Meán Fómhair - Aitheasc maidir le “Freastal ar an Saoránach: Ról an Riaracháin” ag an Naoú Seimineár Náisiúnta de Líonra na nOmbudsman Eorpach, Baile Átha Cliath.