Caibidil 3: Imscrúduithe

Clár na nÁbhar

Formhór na ngearán a dhéantar le m’Oifig déileáiltear leo trí réamhscrúdú a dhéanamh. An difríocht idir réamhscrúdú agus an próiseas imscrúdaithe, seachas leibhéal foirmiúlachta na bpróiseas, ná go gcuirtear tuarascáil scríofa ar fáil ag deireadh an imscrúdaithe. De ghnáth, bíonn sraith torthaí agus moltaí ar fáil sa tuarascáil scríofa agus cuirtear sin faoi bhráid an chomhlachta phoiblí i gceist.

Sa Chaibidil seo, tá cur síos ar thuarascálacha na n-imscrúduithe a cuireadh i gcrích agus a foilsíodh le linn 2012 chomh maith le torthaí na n-imscrúduithe sin. Le linn na bliana, chuir mé dhá thuarascáil speisialta faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid. Eisítear tuarascáil speisialta i gcásanna inar léir domsa nach raibh na gníomhartha a glacadh, nó atá beartaithe a chur i gcrích, mar fhreagra ar mholadh a rinne mé ina fhreagra sásúil ar an moladh sin. (Féadtar amharc ar na tuarascálacha sin go léir ar ár suíomh gréasáin www.ombudsman.gov.ie)

An Deontas Mótariompair (DMI)

Imscrúdú a bhain leis an Roinn Sláinte agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Toradh

Toradh an imscrúdaithe seo ná gur aontaigh FSS athbhreithniú a dhéanamh ar iarratas DMI an ghearánaigh - iarratas a diúltaíodh. Chomh maith leis sin, d’aontaigh FSS athbhreithniú a dhéanamh ar iarratais eile DMI ar dhiúltaigh Oifigigh Leighis Dhún na nGall iad agus athbhreithniú a dhéanamh ar a shocruithe achomhairc faoin scéim. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás áirithe, chinn FSS go raibh an t-iarratasóir i dteideal an deontais.

An Gearán

Is scéim neamhreachtúil é an DMI a bhí i bhfeidhm ó 1968. Bhunaigh an Roinn Sláinte an scéim chun cúnamh deontais a chur ar fáil do dhaoine a bhí faoi dhian-mhíchumas ionas go bhféadfaidís carr a fháil nó a chur in oiriúint chun fostaíocht a choinneáil. An deontas uasta is iníoctha ná €5,020. Tá foráil “cúinsí eisceachtúla” sa scéim freisin le go bhféadfaí cúnamh deontais a thabhairt do dhaoine faoi dhian-mhíchumas freisin a bhfuil deacrachtaí acu le modhanna iompair, agus nach bhfuil fostaithe, ach a bheadh aonraithe go sóisialta ina éagmais.

I mí Iúil 2010, rinne fear gearán ar son a mhic as Dún na nGall. Bhain an gearán le cinneadh a rinne FSS diúltú dá iarratas le haghaidh DMI. Diúltaíodh é ar an mbonn nár chomhlíon an fear óg na critéir iomchuí leighis. Mhaígh a athair go raibh riocht a mhic ag teacht leis na critéir leighis agus go raibh sé ag comhlíonadh critéir incháilitheachta eile a bhain le hacmhainn, aois agus an gá le modh iompair.

An tImscrúdú

San imscrúdú breithníodh go sonrach an chaoi ar láimhseáil FSS an cás seo. D’admhaigh FSS go raibh míchumas trom intleachta ag an bhfear óg seo chomh maith le riochtaí eile dian-díblithe. Ghlac FSS leis nach raibh ar a chumas siúl go neamhspleách mar go mbeadh sin baolach dó féin agus do dhaoine eile. An seasamh a ghlac FSS ná, cé go raibh sé faoi dhian-mhíchumas, bhí sé in ann siúl go fisiceach agus bhí sin ina fhachtóir lárnach agus an deontas á dhiúltú dó.

Bhí na hOifigigh Leighis i nDún na nGall tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais incháilitheachta leighis idir 2009 agus 2011 agus mar thoradh air sin thángthas ar an léirmhíniú atá ann anois ar an téarma “míchumas trom” don scéim - faoin léirmhíniú seo is gá do dhuine a bheith faoi mhíchumas a chuireann srian trom agus buan ar na géaga íochtaracha nó faoi mhíchumas mar a bhfuil tionchar tromchúiseach ag eascairt as bheith ag siúl. Ní raibh aon fhéidearthacht luaite aird a thabhairt ar an tionchar a bheadh ag míchumais shíceolaíocha nó intleachta ar shoghluaisteacht.

I mo thuarascáil, chinn mé go raibh an cur chuige seo chomh sriantach nach bhféadfaí glacadh leis. Chinn mé go raibh sé contrártha leis na hAchtanna um Stádas Comhionann a chuireann cosc ar idirdhealú éagórach a dhéanamh ní hé amháin i gcoinne daoine faoi mhíchumas i gcomparáid le daoine nach bhfuil faoi mhíchumas, ach i gcomparáid le daoine eile atá faoi mhíchumas freisin. Bhí an Roinn Sláinte rannpháirteach san imscrúdú freisin sa mhéid go bhfuil freagracht fhoriomlán ar an Roinn as an scéim. Cháin mé an Roinn as teip maoirseacht a dhéanamh ar an gcaoi a raibh FSS ag cur i bhfeidhm na scéime agus cháin mé iad as gan dóthain treorach iomchuí a sholáthar maidir le léirmhíniú théarmaí na scéime. Mhol mé don Roinn gur chóir dóibh leasú a dhéanamh ar théarmaí na scéime DMI ionas go bhforálfaí go sainráite don téarma “míchumas trom” le go mbeadh le tuiscint uaidh go n-áireofaí sainmhíniú maidir le míchumas a bhí sna hAchtanna um Stádas Comhionann.

Le linn m’imscrúdaithe, rinne mé iniúchadh ar ghníomhartha Oifig Achomhairc FSS sa mhéid gurb í an Oifig sin a dhiúltaigh an deontas sa chás seo. Bhí an tOifigeach Achomhairc den tuairim nach bhféadfadh Oifig Achomhairc cur isteach ar thuairim leighis chliniceora. Chinn mé nach raibh sin ina chóras achomhairc a bhí ag feidhmiú go neamhspleách agus le húdarás. Mar a luaigh mé thuas, ghlac FSS le mo mholtaí agus tá siad á gcur i bhfeidhm.

Ar an drochuair, dúirt an Roinn Sláinte nach raibh siad in ann an scéim a leasú le go mbeadh sí géilliúil do na hAchtanna um Stádas Comhionann agus leasú a dhéanamh ar an gciorclán a bhain leis an scéim DMI sa mhéid go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha airgeadais aige sin. Ghlac an Roinn go raibh saincheisteanna suntasacha ardaithe ag m’imscrúdú agus go raibh siad ag obair chun na scéimeanna a leasú le go mbeidís ag feidhmiú de réir na nAchtanna um Stádas Comhionann.

Tuarascáil Speisialta don Oireachtas - An Roinn Sláinte (Deontas Mótariompair)

Tar éis don Roinn Sláinte mo mholtaí sa Tuarascáil Imscrúdaithe DMI a dhiúltú, chuir mé tuarascáil speisialta faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid. Cé go raibh FSS tar éis mo mholtaí go léir a ghlacadh, a mhalairt a bhí i gceist leis an Roinn agus an seasamh acu ná nach bhféadfaidís glacadh leo sa mhéid go mbeadh costas airgeadais rómhór ag baint leis sin.

Tar éis dom mo thuarascáil speisialta a chur faoi bhráid an Oireachtais, d’fhógair an Roinn go rabhthas chun deireadh a chur leis an scéim DMI agus go raibh athbhreithniú idir lámha ar riachtanais iompair daoine faoi mhíchumas.

Too Old to be Equal? - Tuarascáil iar-iniúchta

Imscrúdú agus Tuarascáil Speisialta ag baint leis an Roinn Sláinte

I mí Aibreáin 2011, d’fhoilsigh mé tuarascáil imscrúdaithe dar teideal Too Old to be Equal? a dhéileáil go sonrach le go raibh iarratasóirí thar aois 66 eisiata ón scéim Liúntais Soghluaisteachta. Is éard atá sa Liúntas Soghluaisteachta ná íocaíocht mhíosúil a dhéanann FSS le daoine atá faoi mhíchumas trom agus nach féidir leo siúl agus a bhainfeadh leas as turais a dhéanamh amach ón teach ó am go chéile. Tá an liúntas ar fáil ó 1979 agus faoi láthair is fiú €208.50 é in aghaidh na míosa.

Chinn mé san imscrúdú sin go raibh an Roinn Sláinte tar éis an tAcht um Stádas Comhionann 2000 a shárú trí dhaoine a eisiamh ar an mbonn sin agus go raibh an uasteorainn aoise mídhleathach ó thosach feidhme an Achta. Mhol mé don Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an Liúntas, a bhí ar bun cheana féin, agus ansin leasú a dhéanamh ar an scéim Liúntais Soghluaisteachta ionas go mbeadh sí ag feidhmiú de réir dlí. Mhol mé go gcuirfí an próiseas athbhreithniúcháin agus leasaithe i gcrích laistigh de thréimhse sé mhí.

Ghlac an Roinn Sláinte le gach ceann de mo mholtaí ag an uair. Bhí mé ag súil, mar sin, cibé téarmaí a bheadh ag baint leis an Liúntas leasaithe, ó dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2011, nach mbeadh an uasteorainn aoise san áireamh iontu mar go raibh sin contrártha leis an Acht um Stádas Comhionann 2000. Cibé scéal é, d’ainneoin go bhfuair mé dearbhuithe ón Roinn Sláinte, níor leasaíodh an scéim agus lean FSS á riar ar bhonn na huasteorann aoise - cé go nglacann an Roinn leis go bhfuil sin neamhdhleathach.

Sa tuarascáil speisialta a chuir mé faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid i mí Dheireadh Fómhair 2012 leagadh béim ar nach raibh an Roinn Sláinte tar éis gníomhartha sásúla a chur i bhfeidhm chun freagairt do na moltaí a rinne mé i mo thuarascáil imscrúdaithe 2011. Dhírigh sé freisin ar imscrúdú a dhéanamh ar chúig cinn de ghearáin nua ó dhaoine ar diúltaíodh an Liúntas dóibh sa mhéid go raibh siad os cionn 66 bliain d’aois. Ba chóir an tuarascáil seo a léamh i gcomhar leis an tuarascáil ó mhí Aibreáin 2011 Too Old to be Equal? atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

An seasamh a bhí ag an Roinn ina thaobh ná nach bhféadfaí gníomhú de réir mo mholtaí sa mhéid go gcruthódh seo “dliteanais nach bhféadfadh an Stát iad a sheasamh ó thaobh airgid de”. Chuir mé mo thuairim in iúl nach bhféadfaí an neamhaird leanúnach ar an dlí a bhí á léiriú ag Comhlacht Stáit a sheasamh. Níor ghlac mé leis an iarracht a bhí á dhéanamh ag an Roinn a chur ina luí orm gur freagra ciallmhar ar chás mífhortúnach a bhí á thabhairt agus go mbeadh gá an dlí a shárú chun acmhainní tearca a úsáid ar an gcaoi is éifeachtaí. Bhí roghanna ar fáil don Roinn ach, mar a bhí amhlaidh sa scéim DMI, ní raibh sárú an dlí ar cheann de na roghanna sin.

Trí mhí tar éis dom an tuarascáil speisialta seo a dhéanamh, chinn an Roinn Sláinte scor den scéim Liúntais Soghluaisteachta. Dúradh le faighteoirí an liúntais go leanfaí ag cur liúntais ar fáil dóibh ar feadh tréimhse ceithre mhí agus ansin go gcuirfí deireadh leis. Tá an Roinn tar éis grúpa athbhreithniúcháin a bhunú chun beartú ar an gcaoi is fearr freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas.


Irish Examiner, Feabhra 8, 2012

Srianta ar rochtain ar thaifid stairiúla breithe, básanna agus póstaí

Imscrúdú ag baint leis an Roinn Coimirce Sóisialaí - An Phríomh-Oifig Chlárúcháin (POC)
Toradh

Toradh an imscrúdaithe seo ná gur ghlac an POC leis an moladh a rinne mé go mbeadh plé idir iad agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (agus comhlachtaí eile le freagracht as an gCartlann Náisiúnta) chun breithniú a dhéanamh ar na roghanna a bhí ann cuidiú leis an bpobal a gcearta a bhaint amach ó thaobh iniúchadh a dhéanamh ar na taifid. Ghlac POC leis an moladh ar an gcoinníoll go ndéanfaí aon fheabhsú ó thaobh rochtain ar thaifid de i gcomhthéacs an Achta um Chlárú Sibhialta 2004.

An Gearán

Is é a spreag an t-imscrúdú seo ná gearán a rinne ball den Chumann Oidhreachta agus Staire a bhí i mbun taighde ar stair bhaile fearainn i gContae na hIarmhí. Theastaigh ón ngearánach iniúchadh a dhéanamh ar an gclár básanna le haghaidh an limistéir don tréimhse 1864 go 1900. Theastaigh uaidh a fháil amach cad iad na gairmeacha a bhí ag daoine sa cheantar áitiúil an tráth úd. Cuireadh in iúl dó go mbeadh air ainm gach duine éagtha a chur ar fáil chomh maith le dáta agus áit mheasta an bháis, agus táille €6 a íoc do gach cóip neamhdheimhnithe den iontráil ar an gclár básanna. Chiallaigh sin go mbeadh ar an bhfear íoc as cóip den iontráil do gach bás sa limistéar a tharla idir 1864 and 1900 agus gach iontráil a iniúchadh. Roimhe sin, bhíothas in ann iniúchadh a dhéanamh ar na cláir féin ar feadh uair an chloig trí áirithint a dhéanamh roimh ré agus táille bheag a íoc. Cuireadh deireadh leis sin mar thoradh ar easpa foirne agus áiseanna.

An t-imscrúdú

Nuair a rinne mé teagmháil le POC, thagair siad d’Alt 61 den Acht um Chlár Sibhialta 2004. Forálann an t-alt sin do ghnáthamh ar leith i gcás go bhfuiltear ag rochtain na gclár agus bhí POC den tuairim go raibh cosc ar dhaoine rochtain dhíreach a fháil ar na cláir ach amháin oifigigh áirithe sa POC. Ciallaíonn seo go bhfuil baill den phobal i dteideal rochtain a fháil ar innéacs gach cláir ach ní ar an gclár féin.

Le linn m-imscrúdaithe, lorg mé aighneachtaí ó ghrúpaí leasmhara maidir leis na fadhbanna a bhí ann dóibhsean ag iarraidh rochtain a fhail ar thaifid bhreithe, bhásanna agus phóstaí. Rinne mé anailís ar fhorálacha an Achta um Chlárú Sibhialta 2004 agus bhreithnigh mé cibé acu an bhféadfadh go raibh cead rochtain a fháil ar thaifid POC faoi aon reachtaíocht eile, mar shampla faoin Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, nó nach raibh. Tar éis iniúchadh a dhéanamh ar fhorálacha an Achta sin, agus tar éis comhairle dlí a fháil, chinn mé nach raibh aon fhoráil dlí san Acht um Chlárú Sibhialta 2004 do rochtain dhíreach ar iontrálacha ar an gclár. Chomh maith leis sin, níl lánrogha ag POC faoi Acht 2004 rochtain a cheadú ar aon bhealach eile.

Cibé scéal é, foráiltear in Acht na gCartlann Náisiúnta 1986 gur chóir taifid atá níos sine ná 30 bliain d’aois a aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta. Níl taifid POC aistrithe go dtí seo de bharr treorach ón Taoiseach sa bhliain 1922 faoin Acht, a fhoráil nach dtarlódh an t-aistriú sin. Seo toisc nach raibh dóthain spáis stórála ag an gCartlann Náisiúnta. Chinn mé i m’iniúchadh gur chóir innéacsanna na gclár breitheanna, básanna agus póstaí arna gcoinneáil ag POC agus atá níos sine ná 30 bliain d’aois a chur ar fáil don phobal le go bhféadfaí iniúchadh a dhéanamh orthu faoin Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, d’ainneoin nár aistríodh iad. Níl éifeacht á tabhairt ag POC faoi láthair don cheart chun iniúchta.

Mar a luadh cheana, ghlac POC le mo mholadh plé a bheith ann leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (agus aon chomhlachtaí iomchuí eile) chun na roghanna eile a phlé maidir leis an bpobal a éascú le hiniúchadh a dhéanamh ar na taifid seo faoi réir leasaithe féideartha san Acht um Chlárú Sibhialta 2004.


Waterford Today, Lúnasa 01, 2012

An Liúntas Cúraim Baile (LCB)

Imscrúdú a bhain le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ar scoradh de

Le linn na bliana, thosaigh mé imscrúdú a bhain le FSS agus le híoc riaráistí LCB le teaghlach. Tharla roinnt forbairtí agus an t-imscrúdú idir lámha agus mar thoradh air sin chinn mé nach raibh gá an t-imscrúdú a chur i gcrích. Bhí mé sásta gurb leor go raibh an tairiscint ó FSS athbhreithniú as an nua a dhéanamh ar an gcás ina réiteach sásúil sa chomhthéacs sin. Tar éis athbhreithniú a rinne pearsanra FSS nach raibh páirteach sa chás roimhe sin, cinneadh nach raibh an leanbh i dteideal LCB.