Caibidil 1: Réamhrá ón Ombudsman

Clár na nÁbhar

An tAcht Ombudsman (Leasú) 2012

An rud is suntasaí do m’Oifig le linn 2012 nár gur rith an tOireachtas an tAcht Ombudsman (Leasú) 2012. Faoin Acht cuireadh le mo shainchúram le go n-áireofaí 180 comhlacht poiblí breise. Dá bhrí sin tá sé de cheart ag aon duine nach bhfuil sásta le haon ghné den riarachán i mbeagnach gach eagraíocht a fhaigheann maoiniú poiblí ón Stát iarraidh ar m’Oifig imscrúdú neamhspleách, neamhchlaonta, saor in aisce a dhéanamh ar a ngearán.

I dtuarascálacha bliantúla roimhe seo luaigh mé an mhoill a bhí le rith an Achta. Pléadh Acht nua Ombudsman a bheith ann chomh fada siar le mí Eanáir 1987, agus le caitheamh na mblianta gealladh go mion minic go ndéanfaí uasdátú agus fairsingiú ar chumhachtaí an Ombudsman ach níor comhlíonadh na gealltanais sin. Tá gealltanas tugtha i gClár reatha an Rialtais cur leis an Acht Ombudsman chun “a chinntiú go mbeidh gach comhlacht reachtúil agus gach comhlacht a fhaigheann maoiniú suntasach ón státchiste cuimsithe faoi raon an Achta”. Is cúis áthais dom é a chur in iúl go bhfuil an píosa tábhachtach reachtaíochta seo ann ar deireadh thiar thall agus molaim an tAire agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe as an bpáirt a bhí acu i dtabhairt isteach na reachtaíochta seo.

Údarás

Bhí údarás agam cheana féin imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin i ndáil le gníomhartha riaracháin na Ranna Rialtais, na n-údarás áitiúil agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Tá isteach is amach le 180 comhlacht breise anois faoi mo shainchúram agus ina measc tá gach institiúid tríú leibhéal atá maoinithe go poiblí (a áiríonn ollscoileanna agus Coistí Gairmoideachais), Coimisiún na Scrúduithe Stáit, an Bord um Achomhairc Deontais Mhic Léinn, FÁS, an Bord um Chúnamh Dlíthiúil, an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála, an tÚdarás Náisiúnta Iompair, agus an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte. Tá liosta de na comhlachtaí nua seo le fáil in Iarscríbhinn D den Tuarascáil Bhliantúil seo. Tháinig na comhlachtaí seo faoi mo shainchúram ó 1 Bealtaine 2013 agus beidh ar mo chumas scrúdú a dhéanamh ar ghearáin a bhaineann le gníomhartha riaracháin a tharla ar an dáta sin nó dá éis.

Ó ritheadh an tAcht bhí caidreamh gníomhach ann idir m’Oifig agus na comhlachtaí nua seo. Mar chuid den chaidreamh sin, reáchtáil mé seimineáir i mí Feabhra 2013 chun mo ról a mhíniú dóibh, chun socruithe idirchaidrimh a dhéanamh, chun a chinntiú gur thuig na comhlachtaí nua a ndualgais faoin Acht (a mhíním ar bhonn níos sonraí i gCaibidil 2) agus, níos tábhachtaí fós, chun iad a spreagadh le córais éifeachtacha réitigh gearáin a bheith acu ag an leibhéal áitiúil.

Cé go gcuireann an tAcht go suntasach le mo shainchúram, tá cosc fós orm imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhartha a tharla i “riar an dlí a bhaineann le hinimirce nó le headóirseacht ” agus le “riar na bpríosún”. Tá mé den tuairim gur chuí don Ombudsman maoirseacht a dhéanamh ar na cúrsaí seo agus chuir mé mo thuairimí in iúl don Oireachtas, lena n-áirítear sna haighneachtaí a chuir mé faoi bhráid an Chomhchoiste Oireachtais um Maoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha. Le linn na díospóireachta ar an mBille Ombudsman (Leasú) san Oireachtas labhair a lán cainteoirí amach go láidir ar son go gcuirfí le raon mo shainchúraim sna réimsí seo. Is mór agam gur thacaigh siad le mo sheasamh ina leith.

Luaigh an Rialtas go mbeadh córas nua gearáin do phríosúnaigh á bhunú - córas a bheidh oscailte, trédhearcach, neamhspleách agus a bheidh ina mhodh láithreach chun déileáil leis na gearáin sin. I ndáil le hinimirce, le cónaitheacht agus le cúrsaí tearmainn luaigh an Rialtas go mbunófaí córas nua reachtúil achomhairc le hachtú an Bhille um Inimirce, Cónaí agus Cosaint 2010.

Is gá do na próisis seo a bheith stuama agus thar a bheith neamhspleách má tá siad chun fíor-rogha a chur ar fáil ar mhaoirseacht Ombudsman. Ba chóir go dtabharfaí iad isteach chomh luath agus is féidir. Go bunúsach is é gnó an Oireachtais é a chinntiú go dtabharfar modh do mhuintir an Stáit, na daoine sin a thagann chun cónaithe anseo ar cibé cúis san áireamh, trína bhféadfaí athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar chinntí a dhéanann an Stát maidir leo. Tá mé cinnte go leanfaidh an tOireachtas ag cinntiú go gcomhlíonfaidh an rialtas na gealltanais sna réimsí íogaire seo. Tugadh le tuiscint dom go bhfuil an tAire toilteanach féachaint arís ar an reachtaíocht i ndáil leis an Ombudsman i gcás go mbeidh gá athruithe beaga a dhéanamh air amach anseo, mar sin seans go bhféadfaí na príosúin agus tearmann a bheith ina n-ábhar breithniúcháin amach anseo sa chomhthéacs sin.

Stádas bunreachtúil don Ombudsman

Is minic a lorg mé stádas bunreachtúil d’Oifig an Ombudsman. Chomh fada siar leis an mbliain 1996, seo a bhí le rá ag an nGrúpa um Athbhreithniú an Bhunreachta:

“Tá neamhspleáchas ina bhunchloch ar a bhfuil Oifig an Ombudsman bunaithe. Ba chóir go mbeadh an tOmbudsman in ann feidhmiú gan a bheith faoi thionchar ghníomhartha an Rialtais. Ní leor go mbeadh sé nó sí neamhspleách déanta na fírinne - ach is gá go mbeadh sé dealraitheach freisin dóibhsean a úsáideann an Oifig go bhfuil sé nó sí neamhspleách. Dá mbeadh ráthú bunreachtúil ann maidir leis an neamhspleáchas sin dhaingneodh sé saoirse ó choimhlint leasa, saoirse ó bheith ag urramú an fheidhmeannais, saoirse ó ghrúpaí sainleasa, agus thacódh sé leis an tsaoirse fíricí a bhailiú agus teacht ar thátail neamhspleácha, neamhchlaonta”.

Tá aitheantas bunreachtúil ag comhlachtaí maoirseachta eile, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste mar shampla. Chinnteodh an stádas bunreachtúil go dtabharfaí an t-aitheantas céanna do chuntasacht riaracháin is a thugtar do chuntasacht airgeadais agus go samhlófaí é a bheith chomh tábhachtach céanna. Chuirfeadh an stádas bunreachtúil freisin le muinín an phobail as neamhspleáchas Oifig an Ombudsman. Le linn 2013 tá sé beartaithe agam aighneacht a dhéanamh i leith an Choinbhinsiúin um an Bunreacht ag lorg stádas bunreachtúil do m’Oifig.

Oifig an Choimisiúin um Cheapacháin na Seirbhíse Poiblí

Sa bhliain 2012 cónascadh Oifig an Choimisiúin um Cheapacháin na Seirbhíse Poiblí le hOifig an Ombudsman. Is comhlacht neamhspleách é an Coimisiún a dhéanann rialáil ar earcaíocht sa státseirbhís, FSS, An Garda Síochána agus le haghaidh roinnt post in eagraíochtaí eile sa tseirbhís phoiblí. Mar Ombudsman tá mé i mo bhall den Choimisiún. Bhí an cónascadh ina chuid de phlean an Rialtais um athchóiriú na seirbhíse poiblí a bhfuil mar aidhm aige costais a thabhaíonn an státchiste a laghdú agus tá sé indéanta anois go dlíthiúil tríd an Acht Ombudsman (Leasú). Is cúis áthas dom é gur cuireadh i gcrích an cónascadh a bhuíochas le dianobair na foirne sa dá eagraíocht gan mórán de chur isteach ar obair an dá Oifig.

Plean Straitéiseach 2013 - 2015

Go praiticiúil déanann an tAcht Ombudsman (Leasú) 2012 dúbailt ar líon na gcomhlachtaí poiblí atá faoi mo údarás. Dúshlán ar leith é seo sa mhéid go gcaithfear m’fhoireann a ullmhú chun a bheith ag déileáil le raon leathan de chomhlachtaí poiblí, scéimeanna agus saincheisteanna nua, agus is dócha go gcuirfidh sé le líon na ngearán ón bpobal. Iarradh orm é seo a dhéanamh i gcúinsí ina bhfuil an líon foirne agus acmhainní airgeadais laghdaithe. Mar ullmhúchán, rinneadh athruithe suntasacha ar an gcaoi a bhfeidhmíonn m’Oifig agus tá cur síos ar na hathruithe sin i mo thuarascáil bhliantúil 2011. Déanfaidh mé do thréandícheall a chinntiú go leanfaidh m’Oifig ag sárú an dúshláin seo agus féachfaidh mé le cáilíocht agus éifeachtacht ár seirbhíse a choinneáil. Le linn 2012 d’ullmhaigh m’Oifig plean straitéiseach le haghaidh na chéad trí bliana eile, ina bhfuil athbhreithniú ar a bhfuil bainte amach againn le trí bliana agus ag aontú ar a bhfuil súil againn a bhaint amach sa tréimhse 2013-2015. Tá cur síos níos sonraí ar ár bplean i gCaibidil a Dó den tuarascáil seo.

Sárú na nAchtanna um Stádas Comhionann sna Scéimeanna Liúntais Soghluaisteachta agus Deontais Mótariompair

Le linn 2012 chuir mé dhá thuarascáil speisialta faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid. Faoi Alt 6(5) agus Alt (7) den Acht Ombudsman 1980 tá an rogha agam tuarascáil speisialta a chur faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid i gcás nach bhfuil freagra sásúil faighte ó chomhlacht poiblí ar mholadh a rinne mé, ag eascairt ó imscrúdú. Ó bunaíodh an Oifig sa bhliain 1984 ní raibh ach dornán de thuarascálacha speisialta a rinne mé, agus mar sin tá sé thar a bheith eisceachtúil go raibh dhá thuarascáil dá leithéid ann in aon bhliain amháin. Tharla an dá thuarascáil mar thoradh ar gur theip ar an Roinn Sláinte glacadh le moltaí a rinne mé tar éis dom imscrúduithe a reáchtáil faoin Acht Ombudsman agus gur theip orthu gníomhú bunaithe ar na moltaí sin. Bhain na moltaí le scéimeanna chun cuidiú le daoine faoi mhíchumas lena riachtanais taistil.

An Liúntas Soghluaisteachta

I mí Dheireadh Fómhair 2012 thuairiscigh mé don Dáil agus don Seanad nach raibh an Roinn Sláinte tar éis gníomhú maidir le moladh a rinne mé i ndáil leis an Liúntas Soghluaisteachta, d’ainneoin gur aontaigh siad ag an tús déanamh amhlaidh. I mí Aibreáin 2011, tar éis imscrúdú a dhéanamh ar chás áirithe, chinn mé go raibh an scéim Liúntais Soghluaisteachta ag feidhmiú agus uasteorainn aoise mar choinníoll ag gabháil leis, rud a bhí ag sárú na nAchtanna um Stádas Comhionann. Mhol mé go ndéanfadh an Roinn leasú ar an scéim ionas go mbeadh sí ag comhlíonadh na nAchtanna um Stádas Comhionann agus go mbainfí seo amach laistigh de thréimhse sé mhí, faoi mhí Dheireadh Fómhair 2011. Ghlac an Roinn le mo chinneadh agus d’aontaigh an moladh a chur i bhfeidhm; cibé scéal é ní dhearna siad amhlaidh. Cé go ndearna mé iarracht an cheist a phlé leis an Roinn ar feadh 12 mhí ina dhiaidh sin, ar deireadh thiar ní raibh aon dul as agam ach an scéal a chur faoi bráid na Dála agus an tSeanaid.

An Deontas Mótariompair

I mí na Samhna 2012 thuairiscigh mé don Dáil agus don Seanad gur dhiúltaigh an Roinn Sláinte glacadh le mo mholadh tar éis imscrúdú a dhéanamh a bhain leis an Deontas Mótariompair (DMI). D’eascair an t-imscrúdú seo as gearán a rinneadh thar ceann fhir óig as Contae Dhún na nGall. Tar éis dom an t-imscrúdú a chur i gcrích i mí Mheán Fómhair 2012, chinn mé go raibh an scéim DMI á fheidhmiú ag FSS (thar ceann na Roinne Sláinte) ar bhealach a bhí arís ag sárú na nAchtanna um Stádas Comhionann. An fhadhb sa chás seo ná go raibh an scéim á feidhmiú le cur chuige a bhí róshriantach maidir le cad ba bhrí le míchumas agus mar thoradh air sin tharla idirdhealú éagórach nach raibh inghlactha sa ghrúpa foriomlán de dhaoine faoi mhíchumas. Chuir mé trí cinn de mholtaí faoi bhráid FSS, ar ghlac sé leo agus, mar a thuigim é, atá á gcur i bhfeidhm aige faoi láthair. Chuir mé moladh amháin faoi bhráid na Roinne Sláinte go leasófaí an scéim DMI ionas go mbeadh sí ag comhlíonadh na nAchtanna um Stádas Comhionann. Ghlac an Roinn le mo chinneadh go raibh an scéim á feidhmiú ar bhonn a bhí ag sárú an dlí; ach dhiúltaigh glacadh le mo chinneadh gur chóir an scéim a leasú ionas go mbeadh sí ag feidhmiú de réir dlí.

Sa dá chás, an dearcadh a bhí ag an Roinn ná nach bhféadfadh an Stát, le cúinsí airgeadais mar atá faoi láthair, na costais a sheasamh a bheadh ag baint le gníomhú de réir mo mholtaí.

Ba mhór agam gur thug Comhchoiste an Oireachtais um Maoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha cuireadh dom an dá thuarascáil speisialta seo a phlé i mí na Nollag 2012. Ina dhiaidh sin, i mí Feabhra 2013, tháinig an tAire Sláinte agus an tAire Stáit le freagracht speisialta as réimse an mhíchumais os comhair an Choiste. Ag an staid sin, shoiléirigh an tAire gur ghlac siad le beachtas mo chinntí agus go bhfuil siad ag iarraidh teacht ar réiteach ar bhonn leanúnach a urramódh na hAchtanna um Stádas Comhionann ach fós féin a chuirfeadh san áireamh an ghéarchéim airgeadais ar ghá don Stát dul i ngleic léi. Cibé scéal é, i dtreo dheireadh mhí Feabhra 2013, bhí ionadh orm agus ar an bpobal i gcoitinne gur fhógair an tAire go rabhthas chun deireadh a chur leis an dá scéim láithreach le haghaidh iarratasóirí nua agus le héifeacht ó mhí Iúil 2013 i gcás na bhfaighteoirí reatha.

Tá plé níos sonraí déanta agam ar na tuarascálacha speisialta i gCaibidil a Trí den Tuarascáil Bhliantúil seo.

Caidreamh leis an gComhchoiste Oireachtais um Maoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha

I mo Thuarascáil Bhliantúil 2011 (leathanach 17) d’fháiltigh mé roimh bhunú an Chomhchoiste Oireachtais um Imscrúduithe, Maoirseacht agus Achainíocha, ar a dtugtar an Comhchoiste Oireachtais um Maoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha anois (MSPA). Cheana féin bhí plé dearfach tarlaithe idir mise agus an Coiste. Tháinig mé os comhair an Choiste an chéad uair ar an 20 Iúil 2011 chun forléargas a thabhairt ar obair m’Oifige agus chun plé a bheith eadrainn ar an gcaoi a bhféadfaí forbairt a dhéanamh ar an gcaidreamh oibre idir an Coiste agus m’Oifig ar bhealach a mbainfimis araon leas as.

Ar an 10 Deireadh Fómhair 2012 tháinig mé os comhair an Choiste chun an Bille Ombudsman (Leasú) agus mo Thuarascáil Bhliantúil 2011 a phlé. Tháinig mé os a gcomhair arís ar an 6 Nollaig 2012 chun dhá thuarascáil speisialta a phlé i ndáil leis an Liúntas Soghluaisteachta agus an Deontas Mótariompair..

Tá feidhm achainíocha ag an gCoiste mar ar féidir le baill den phobal gearán a dhéanamh leis an gCoiste ar raon leathan saincheisteanna a bhaineann le soláthar seirbhísí poiblí. Mar aitheantas ar neamhspleáchas reachtúil m’Oifige agus chun forluí nó dúbailt a sheachaint forálann téarmaí tagartha an Choiste, nach féidir leis glacadh le gearáin a ndearna m’Oifig cinneadh ina leith.

Dar liom féin, tá plé leanúnach m’Oifige le MSPA lárnach i ndaingniú chaidreamh na hOifige le Tithe an Oireachtais agus i gcinntiú go ndéanfar iniúchadh críochnúil, oibiachtúil ar thuarascálacha agus ar mholtaí an Ombudsman ar bhealach neamhchlaonta.

Imeachtaí eile sa bhliain 2012

Comhdhálacha

Bhí an bhliain 2012 thar a bheith gnóthach agus ghlac mé páirt i gcomhdhálacha, seimineáir agus imeachtaí éagsúla eile. Tá liosta iomlán le fáil in Iarscríbhinn B.

Bím sásta i gcónaí freastal ar imeachtaí mar sin, go háirithe na hócáidí arna n-eagrú ag grúpaí deonacha ar fud na tíre a oibríonn go fial flaithiúil ar mhaithe le cúiseanna fiúntacha éagsúla. Ní hé amháin go bhfaighim an deis ag na himeachtaí seo labhairt le daoine eile faoi mo thaithí mhaoirseachta féin agus faoi mo thaithí ar chaighdeáin riaracháin phoiblí a ardú, ach tugann sé an deis dom freisin a chloisteáil go díreach ó dhaoine eile cad iad na deacrachtaí a mbíonn orthu dul i ngleic leo ina n-idirghníomhú leis an tseirbhís phoiblí. Éascaíonn siad réitigh freisin agus cuireann dearcthaí éagsúla ar fáil maidir le conas dul i ngleic leis na deacrachtaí sin. Cuireann an léargas luachmhar seo go mór leis an mbonn eolais óna n-oibríonn m’Oifig.

Le linn 2012, bhí na himeachtaí thar a bheith éagsúil - idir chainteanna ag an ócáid Young Business Ladies Lunch i mo bhaile dúchais An Tulach Mhór, is thuairisciú don Chomhchoiste Oireachtais um Maoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha.

An Cumann Ombudsman

Le linn 2012 ghlac mé páirt ghníomhach arís sa Chumann Ombudsman (Cumann Ombudsman na Breataine na hÉireann mar a bhí). Is cumann gairmiúil é an Cumann Ombudsman a raibh sé d’onóir agam a bheith i mo chathaoirleach air idir na blianta 2008 agus 2010 agus cuireann sé chun cinn coincheap ‘an Ombudsman’. Cuimsíonn a bhallraíocht den chuid is mó Ombudsmana agus comhlachtaí láimhseála gearán ó Éirinn, ón Ríocht Aontaithe agus ó chríocha na Ríochta Aontaithe. Eagraíonn an cumann deiseanna líonraithe do chomhlachtaí láimhseála gearán. Foghlaimím ó mo phiaraí a bhíonn ag láimhseáil gearán, agus cuidím leo, agus inár bplé agus ár gcumarsáid bíonn caint ar smaointe chun na caighdeáin a mbímid ag obair dá réir a ardú. Níl aon náire orainn smaointe maithe a ghoid óna chéile, agus an aidhm leis ná caighdeáin ‘an Ombudsmanachais’ a ardú agus ar deireadh thiar seirbhís níos fearr a chur ar fáil dár bpobail féin. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo phiaraí a bhíonn ag láimhseáil gearán as a dtacaíocht agus a gcúnamh i rith na bliana.

Tá mé cinnte go mbeidh an bhliain 2013 chomh gnóthach céanna. Tá mé ag tnúth, go háirithe, le bheith ag comh-óstáil Chomhdháil Líonra na nOmbudsman Eorpach, a bheidh ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair 2013.

Kevin Murphy nach maireann, Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise

Cúis bhróin dúinn, le linn 2012, gur éag an tIar-Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise Kevin Murphy. D’imigh Kevin ar scor sa bhliain 2003 tar éis naoi mbliana a chaitheamh mar Ombudsman agus tar éis dó bheith ar an gcéad Choimisinéir Faisnéise, a ceapadh sa bhliain 1998. Throid Kevin ar son mhuintir na tíre nár fhreastal riarachán poiblí na tíre i gceart orthu. Ag tógáil ar obair an chéad Ombudsman, Michael Mills nach maireann, d’oibrigh Kevin chun dea-chleachtais a spreagadh i ngach comhlacht poiblí a mbíonn an Oifig seo ag déileáil leis. D’fhorbair sé prionsabail an riaracháin mhaith, na láimhseála gearán agus na seirbhíse do chustaiméirí, agus ar an gcaoi sin, chuidigh sé aird an phobail a dhíriú ar riachtanais na ndaoine a raibh sé ag freastal orthu, seachas ar leasa na gcomhlachtaí poiblí iad féin. Mar thoradh ar a thaithí fhairsing ar an státseirbhís agus ar an tseirbhís phoiblí bhí sé in ann briseadh tríd an maorlathas agus na leithscéalta agus é ag déileáil le gearáin dheacra agus bhí a mhacántacht, agus a thacaíocht láidir don iompraíocht eiticiúil, ina bhonn leis an uile ní a rinne sé.

Bhí Kevin ina eiseamláir dá bhfuil go maith faoi oibrí sa tseirbhís phoiblí agus faoin tseirbhís phoiblí féin. D’oibrigh sé go dícheallach, go dúthrachtach agus go humhal. Na luachanna ba chóir a bheith ina mbunchuid den tseirbhís phoiblí bhí siad ina mbunchuid de siúd, agus chun nach ndéanfaimid dearmad ar an méid a rinne sé, déanfaidh an Oifig seo iarracht as an nua na luachanna sin agus an fear féin a urramú, trínár seirbhís don phobal. Braithfimid uainn Kevin inár measc anseo in Éirinn, agus braithfidh na hiar-chomhghleacaithe go léir a raibh ardmheas acu air uathu é chomh maith.

Cúrsaí foirne

I mí Feabhra 2012, d’éirigh mo chomhghleacaí Pat Whelan as a phost mar Ard-Stiúrthóir. Bhí an post sin ag Pat tráth ar ceapadh mise i m’Ombudsman agus Coimisinéir Faisnéise sa bhliain 2003. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis as cuidiú liom i mo bhlianta tosaigh san Oifig agus tráthanna eile mar ar chuidigh sé liom agus leis an Oifig lena ghaois agus lena thaithí i dtréimhsí dúshlánacha. Guím gach rath ar Pat agus é ar scor agus ar pé gníomhaíochtaí a mbeidh sé ina mbun amach anseo.

I mí Aibreáin 2012, ba chúis áthais dom é a fhógairt gur ceapadh Bernadette McNally ina hArd-Stiúrthóir ar Oifig an Ombudsman, Oifig an Choimisinéara Faisnéise, Rúnaíocht na gCaighdeán in Oifigí Poiblí agus Oifig an Choimisiúin um Cheapacháin na Seirbhíse Poiblí. Rinne an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brian Howlin T.D. an ceapachán tar éis don Choimisiún um Cheapacháin Ardleibhéil an roghnúchán agus an moladh a dhéanamh.

Sular ceapadh í bhí Bernie ag obair ina Príomh-Imscrúdaitheoir le hOifig an Ombudsman, ina comhairleoir leis an Roinn Sláinte agus ina bainisteoir sinsearach sa tseirbhís sláinte. Guím gach rath ar Bernie ina post nua agus tá mé ag tnúth le bheith ag obair léi sna blianta amach romhainn.

Le linn 2012 bhog Liam Kelly, Príomh-Imscrúdaitheoir, ar aghaidh chun dualgais dhúshlánacha eile a ghlacadh air féin tar éis éacht a dhéanamh le linn a thréimhse le hOifig an Choimisinéara Faisnéise mar cheann Seribhísí Corparáideacha don eagraíocht iomlán. Bhog Tony Hayden, Príomhoifigeach Cúnta, ar aghaidh freisin. Tá mé buíoch díobh beirt as a ndianobair agus a ndíograis ní hé amháin sa bhliain 2012 ach sna blianta fada roimhe sin. Guím gach rath orthu ina róil nua.

Le linn na bliana thosaigh Gerry Kenny agus Linda Reardon ag obair leis an Oifig. Is cúis mhór áthais dom é fáilte chuig an Oifig a chur rompu agus tá mé ag tnúth le bheith ag obair leo sna blianta amach romhainn.

Mar a tharla le cúpla bliain anuas, bhí 2012 ina bliain dhúshlánach do m’fhoireann agus do mo chomhghleacaithe agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as an méid oibre a rinne siad agus as a dtacaíocht le linn na bliana.