Oifig an Ombudsman

Caibidil 7: An Státseirbhís – cásanna roghnaithe

7.1 Laghdú €20,000 ar phionós ón Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe (SCTT) d’fheirmeoir orgánach ó Chiarraí

Cúlra

Bhain an cás seo le rannpháirtí sa Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe (SCTT). Ba shealbhóir ceadúnais orgánaigh é mo ghearánach freisin.

Sa bhliain 2008, d’éirigh an bhean tinn agus, mar thoradh air seo, lig sí dá ceadúnas orgánach dul as feidhm ar feadh cúpla mí. Chuige sin, chuir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara in iúl di go mbeifí ag aisghlámadh íocaíochtaí a rinneadh léi mar gheall ar a rannpháirtíocht in SCTT, arb ionann é agus breis agus 25,000 thar 5 bliana.

Nótáil an roinn go maítear i dtéarmaí agus coinníollacha SCTT:

“Withdrawal or non renewal of an organic licence within the term of the REPS commitment shall mean termination from the Supplementary Measure and full recoupment of all aid paid under the Supplementary Measure including interest payable under SI 463/2003”.

Is é Cumann Feirmeoirí agus Saothróirí Orgánacha na hÉireann (FSOÉ) an t-údarás eisiúna ceadúnas atá ag feidhmiú thar ceann na roinne. Cuireann sé i bhfeidhm córas neamhfhoirmiúil tréimhse chairde inar féidir ceadúnas orgánach a athnuachan laistigh de choicís ón dáta a eisítear an fógra as feidhm. Ní luaitear é seo, áfach, ar an bhfógra as feidhm. Ní chuirfí é seo in iúl d’iarratasóir ach sa chás ina ndéanfadh sé teagmháil leis an FSOÉ i ndiaidh an fógra as feidhm as fháil.

Chuaigh ceadúnas mo ghearánaigh as feidhm an 31Nollaig, 2008. Chuir an FSOÉ fógra amach ag iarraidh a hathnuachana an 14Eanáir 2009 don bhliain féilire 2009, agus in ainneoin gur ghnách leis litir mheabhrúcháin a chur amach níor léir ar an gcomhad gur cuireadh ceann amach sa chás seo. D’eisigh FSOÉ ansin an fógra as feidhm chuig mo ghearánach an 14 Bealtaine, 2009.

Suíodh ag éisteacht achomhairc bhéil go ndeachaigh fear céile mo ghearánaigh i dteagmháil ar an nguthán leis an FSOÉ go gearr i ndiaidh an fógra as feidhm a fháil. Dúirt an roinn gur dheimhnigh an FSOÉ d’fhear céile an fheirmeora orgánaigh, nuair a ghlaoigh sé, an ghníomhaíocht a bhí an teastáil. Chuir an FSOÉ in iúl go raibh tréimhse coicíse i ndiaidh don litir as feidhm a bheith eisithe chun an fógra athnuachana agus an táille iomchuí a chur ar ais.

Níor dheachthas i ngleic leis an gceist go dtí 19 Deireadh Fómhair, 2009 (5 mhí ina dhiaidh) agus chuir an roinn in iúl nach tréimhse ama inghlactha é chun an cheist a láimhseáil.

Imscrúdú

Fuair mé amach go raibh coimhlint dhíreach idir an fhianaise a thug an FSOÉ agus an fhianaise a thug fear céile mo ghearánaigh maidir le mionsonraí an chomhrá gutháin a bhí i gceist. D’áitigh fear céile an fheirmeora orgánaigh nár cuireadh in iúl dó riamh nach raibh ach sprioc coicíse chun ceadúnas orgánach a athnuachan.

Bhí mé sásta nár leanadh den chleachtas is fearr riaracháin maidir leis an sprioc a chur in iúl, i scríbhinn, do mo ghearánach maidir le hathnuachan an cheadúnais, i ndiaidh na teagmhála gutháin seo. Nótáil mé freisin gur chloígh an feirmeoir orgánach le gach caighdeán orgánach agus gur bainistíodh an fheirm de réir spiorad na scéime le linn na tréimhse a bhí i gceist.

Dá bhrí sin, bhí mé sásta go raibh cúinsí maolaitheacha anseo chun an pionós a laghdú sa chás seo. D’iarr mé go ndéanfadh an roinn athbhreithniú ar a cinneadh ionas go laghdófaí an pionós don bhliain ina ndeachaigh an ceadúnas orgánach as feidhm.

Toradh

D’aithin an roinn nár lean an FSOÉ dea-chleachtas sa chás seo. Mar gheall ar an moladh a rinne mé bhí an roinn toilteanach an pionós a laghdú sa chás seo ó chúig bliana go bliain amháin. Ba mar gheall ar an gcinneadh seo a laghdaíodh an pionós ó bhreis agus €25,000 go €5,032.45.

D’iarr mé freisin go ndéanfaí an roinn an FSOÉ a threorú, comhlacht nach bhfuil faoi mo théarmaí tagartha, athbhreithniú a dhéanamh ar a nósanna imeachta maidir leis an gceist seo, .i. go n-áireofaí an tréimhse chairde ar gach litir coicíse as feidhm as seo amach.

7.2 Aisíocaíocht €5,500 d’oide ar baineadh a ranníocaíochtaí ÁSPC ar shiúl go mícheart

Cúlra

Tá aicmí áirithe de ÁSPC a íocann daoine fostaithe, ag brath ar nádúr a gcuid fostaíochta. Baineann aicmí A agus D leis an gcás seo.

Baineann aicme A le daoine fostaithe san earnáil tionsclaíoch, tráchtála agus seirbhíse a shaothraíonn níos mó ná €38 sa tseachtain, agus d’fhostaithe sibhialta agus poiblí a earcaíodh ón 6 Aibreán, 1995. Tá sé riachtanach do gach fostaí thar 16 bliana d’aois agus faoi 66 bliain d’aois. Tugtar ráta iomlán ÁSPC air seo de ghnáth.

Baineann aicmí B agus D le fostaithe buana agus inphinsin a ceapadh roimh an 6 Aibreán, 1995. Tugtar ráta modhnaithe ÁSPC air seo de ghnáth. Is é aicme D an aicme iomchuí d’oidí a ceapadh roimh 6 Aibreán, 1995.

Rinne oide as Co. an Chabháin, a ceapadh roimh 6 Aibreán, 1995, gearán liom faoin Roinn Oideachais agus Scileanna. Mhaígh sí mar gheall ar asbhaintí ÁSPC i ndearmad óna tuarastal ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, go raibh sí as póca €5,500.

Íocadh na hasbhaintí míchearta seo leis an Roinn Coimirce Sóisialaí. Níor aimsigh sí an earráid seo nuair a shocraigh sé a dhul ar scor. As siocair gur aimsigh sí seo go mall, ní raibh sí in ann aisíoc iomlán a fháil air seo ag dul siar níos faide ná ceithre bliana ar an ábhar gurbh é seo an scoithphointe reachtúil.

D’áitigh mo ghearánach go raibh sé míréasúnta go mbeifí ag súil leis go mbeadh sí thíos ó thaobh airgid de mar gheall ar mheancóg déanta ag roinn rialtais, cé go raibh scoithphointe ann de réir dlí.

Imscrúdú

D’iarr m’Oifig tuarascáil ón Roinn Oideachais agus Scileanna. Nochtadh inti sin gur cuireadh an múinteoir ar ÁSPC Aicme A nuair a rinne sí iarratas dul isteach sa scéim pinsean in 1996, toisc gur ceapadh í roimh 6 Aibreán, 1995. Roimh 1996, ní raibh múinteoirí áirithe incháilithe a bheith ina mbaill den scéim pinsean do mhúinteoirí. Measadh nach raibh na múinteoirí ina gceapaithe buana lánaimseartha agus dá bhrí sin, mar a dúirt an roinn “rangaíodh mar Aicme A le haghaidh ÁSPC iad agus don ráta comhordaithe pinsin lena chinntiú go bhféadfaidís leas a bhaint as sochair ÁSPC”, .i. ní cháileoidís le haghaidh shochair ÁSPC seachas sin mar measadh nach raibh siad ina bhfostaithe buana lánaimseartha.

Rialaigh an Rannóg Raoin sa Roinn Coimirce Sóisialaí gur cheart go mbeadh an ráta leasaithe ÁSPC á íoc ag an múinteoir atá i gceist ó 1996, seachas an ráta iomlán a chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna i bhfeidhm di. Ba é an toradh air sin ná gearríocaíocht i ranníocaíochtaí pinsin agus ró-íocaíocht i ranníocaíochtaí ÁSPC. Cé gur íoc an Roinn Oideachais agus Scileanna na ranníocaíochtaí leis an Roinn Coimirce Sóisialaí, ní dhearna an Roinn Coimirce Sóisialaí na ranníocaíochtaí a aisíoc leis an múinteoir ná leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, mar ní dhearnadh foráil sa dlí ach le haghaidh aisíocaíochta suas le ceithre bliana ón am a cuireadh an earráid in iúl don mhúinteoir.

Toradh

Chuaigh m’Oifig i dteagmháil leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus d’iarr sí uirthi a mhíniú cén fáth ar cheart pionós a ghearradh ar an múinteoir de bharr earráide a rinne an Roinn sin.

Rinneadh athbhreithniú ar an scéal ar leibhéal sinsearach idir an dá roinn agus rinne an Roinn Oideachais agus Scileanna €5,500 a aisíoc.

Tá prótacal nua curtha ar bun anois idir an dá roinn chomh maith. Cinnteofar leis sin go bhféadfaidh aon mhúinteoir i gcás comhchosúil a éileamh go ndéanfaí a t(h)aifid a leasú agus aisíocaíocht a thabhairt dó/di (más infheidhme) i leith ranníocaíochtaí ÁSPC a íocadh lasmuigh den tréimhse reachtúil ceithre bliana.