Oifig an Ombudsman

Caibidil 6: Údaráis Áitiúla - cásanna roghnaithe

6.1 Díscríobhann Comhairle Contae Dhún na nGall iasacht €19,425 i gcomhar tí do bhaintreach ó Dhún na nGall

Cúlra

Sa Tuarascáil Bhliantúil a rinne mé sa bhliain 2004, d’fháiltigh mé roimh an gcinneadh gur thug an Roinn Talmhaíochta, Pobail agus Rialtais Áitiúil Plean nua um Chosaint Morgáiste le haghaidh gach iasachtaí incháilithe údaráis áitiúil roimh 1986. Sa bhliain 2011, dhéileáil mé le gearán in éadan Chomhairle Contae Dhún na nGall a chuireann béim ar an bhfáth arbh ábhar mór imní é an cheist go ginearálta do mo réamhtheachtaí agus dom féin.

Baintreach as Dún na nGall is ea mo ghearánach. Fuair a fear céile (an t-iasachtaí) bás gan choinne go gearr i ndiaidh don Scéim um Chosaint Morgáiste “roimh 1986” teacht i bhfeidhm an 1 Eanáir, 2004. Rinne sí talamh slán de i ndiaidh dó bás a fháil go ndíscríobhfaí an méid gan íoc ar a iasacht ón údarás áitiúil agus go mbainfí ar shiúl an muirear iasachta a urraíodh ar áras an teaghlaigh.

Imscrúdú

Cheadaigh an chomhairle dhá iasacht tithíochta sa bhliain 1977 le haghaidh IR£4,500 agus sa bhliain 1982 le haghaidh IR£9,000. Níor bhain a fear céile úsáid astu go dtí 1987. Tharla an mhoill mar gheall ar dheacrachtaí a tháinig chun cinn le teideal agus le ceart bealaigh le haghaidh umar seipteach, a réitigh sé sa deireadh. Bhí na hiasachtaí ann le haghaidh tréimhse 30 bliain, agus le híoc ar ais faoi 2017.

Tugadh Scéim um Chosaint Morgáiste isteach sa bhliain 1986 a dhéileáil le hiasachtaí a ceadaíodh an 1 Iúil, 1986 nó ina dhiaidh. Dealraíonn sé as siocair gur ceadaíodh an iasacht seo sular tugadh an Scéim seo isteach, nach mbeadh sé faoi raon scéim “1986”.

Ba é an gnáthnós imeachta “roimh 1986” gur chomhairligh an t-údarás áitiúil d’fhaighteoirí iasachtaí ón gcomhairle faoin inmhianaitheacht a bhain lena bplean um chosaint morgáiste a eagrú. Scríobh an chomhairle chuig fear céile mo ghearánaigh sa bhliain 1981 agus 1982 maidir leis seo.

Bheifí ag súil leis, áfach, go dtiocfadh iasacht an ghearánaigh faoi aird na comhairle san athbhreithniú ar iasachtaithe roimh 1986 a gríosaíodh mar gheall ar an Scéim um Chosaint Morgáiste a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil, 2004.

Ba ghné an-tábhachtach den Scéim é go raibh ar an iasachtaí go bunúsach tarraingt amach as. Bhí an t-iasachtaí roimh 1986 chun litir chaighdeánach a fháil eisithe trí phost cláraithe ón údarás áitiúil agus clúdach leis an bpostas íoctha faoi iamh.

Iarradh sa litir aitheantas de chineál éigin ionas go gcinnteofaí go dtuigfeadh na hiasachtaithe go hiomlán go mbeidís páirteach sa scéim mura n-iarrfaidís a mhalairt.

Dealraíodh domsa, gan chuimhneach, nár tháinig iasacht an iasachtaí faoi aird na comhairle sa tréimhse ríthábhachtach Meán Fómhair, 2003 go hEanáir, 2004. Dá dtarlódh sé sin, bhí mé den tuairim go mbeadh sé réasúnta talamh slán a dhéanamh de go ligfeadh sé seo don chomhairle soiléiriú a dhéanamh leis an roinn faoi cé acu an mbeadh a chúinsí faoi leith féin oiriúnach don scéim nua .i. ceadaíodh an iasacht roimh 1986 ach gur tarraingíodh anuas é tar éis 1986.

Ar ndóigh ligfeadh sé don iasachtaí tarraingt amach as, dá mba amhlaidh nach mbeadh sé sásta an íocaíocht bhreise a dhéanamh ar a iasacht ionas go ndéanfaí soláthar do chlúdach um chosaint morgáiste.

Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird go raibh an gearánach in ann a léiriú go mbeadh a fear céile, ar fhoras a aoise agus de bhua nach raibh a phlean pearsanta féin um chosaint morgáiste, oiriúnach ar an gcéad dul síos le haghaidh breithnithe iomláin ag an gcomhairle de réir na Scéime um Chosaint Morgáiste “roimh 1986”. Rinne a comhairleoir MABS (An tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid) ionadaíocht chumasach ar a son agus chuidigh léi chomh maith.

Toradh

Ghlac an chomhairle leis mar gheall ar an aimhrialtacht a bhí ann maidir le cúinsí faoi leith an cháis, go ndíscríobhfaidís €19,425.29 a bhí gan íoc ar an iasacht.

Honey Pot

6.2 Le linn “Bhliain na Beiche Meala” faigheann beachaire €349 de chúiteamh ó ChomhairleContae Phort Láirge mar gheall ar 11 choirceog a scriosadh

Cúlra

D’iarr mo ghearánach íocaíocht €349.30 ar Chomhairle Contae Phort Láirge mar chúiteamh toisc gur scriosadh 11 dá choirceoga.

Ba é an t-aon cheist amháin arbh ábhar aighnis é ná cé ba chóir íoc as. Ghlac an chomhairle leis go huile is go hiomlán go raibh an beachaire i dteideal a chúitimh. D’áitigh siad, áfach, gur bhain íocaíochtaí den chineál sin leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Rinneadh an cheist níos casta as siocair gur bhain an reachtaíocht phríomha, a d’éiligh scriosadh coirceog, Bee Pest Prevention (Ireland) Act, 1908, le dáta roimh bhunú an Stáit.

Bhí cúiteamh faighte ag an ngearánach cheana féin ó údarás áitiúil eile faoi Acht 1908 as coirceoga eile dá chuid arbh éigean iad a scriosadh.

Imscrúdú

Rinne mé imscrúdú go mion ar an reachtaíocht agus sheiceáil m’Oifig le húdaráis eile go bhfuair mé amach go raibh cuid mhór neamhchinnteacht riaracháin ann faoi cheist an chineál seo cúitimh. D’iarr mé ar an roinn ciorclán a eisiúint chuig na húdaráis áitiúla leis an stádas a shoiléiriú.

Toradh

D’íoc an chomhairle an cúiteamh leis an ngearánach agus d’eisigh an Roinn ciorclán ar riar Acht 1908 le go gcinnteofaí soiléireacht níos fearr sa todhchaí.

Bhí áthas orm go háirithe cuidiú le mo ghearánach beachaire as siocair gur ghlaoigh Cónaidhm Chumann Beachairí na hÉireann “Bliain na Beiche Meala” ar 2011.

6.3 Ní mór duit a bheith ar an eolas faoi iarratas pleanála chun agóid a dhéanamh

Cúlra

I rith na bliana, rinne m’Oifig imscrúdú ar ghearán in aghaidh Chomhairle Contae Phort Láirge.

Bhí cónaí ar mo ghearánaigh i dteach in cul-de-sac i mbaile i bPort Láirge. Bhí na tithe san eastát ar a gcúl suite fosta in cul-de-sac ach, ba dhíol suntais é, gur tógadh iad ar leibhéal níos airde ná a dteach féin.

I Mí Feabhra, 2011, thug siad faoi deara go raibh teach á thógáil díreach ar chúl a ngairdín chúil. Tháinig sé chun solais gur thug an chomhairle cead go mall sa bhliain 2010 chun an teach nua seo a thógáil ag amharc anuas orthu.

Ní raibh duine ar bith a bhí ina gcónaí san eastát eolach faoin iarratas pleanála. Nochtadh i ndiaidh fiosruithe leis an Oifig Pleanála áitiúil go gcuirfí an fógra láithreáin ar an mbealach isteach chuig an láithreán san eastát eile, chomh maith le bheith i nuachtán áitiúil - The Munster Express.

Bhí eastát na ngearánach suite tiomáint de mhíle ar shiúl ón eastát ina tharla an fhorbairt agus, mar sin, ní dócha go mbeadh duine ar bith a raibh cónaí orthu in eastát mo ghearánach in ann fógra láithreáin a fheiceáil a bhí tógtha san eastát eile.

Tá riachtanais áirithe nós imeachta faoi reachtaíocht reatha pleanála nuair a bhítear ar lorg cead pleanála. Is riachtanas é, go sonrach, go gcrochann an t-iarratasóir fógra láithreáin in ionad feiceálach ina gcuirtear síos ar nádúr na forbartha atá molta, ar dháta an iarratais agus ar ainm an iarratasóra. Ní mór dóibh freisin fógra a chur i nuachtán ceadaithe.

Ní mór an fógra láithreáin a chur ag an bpríomhbhealach isteach chuig an láithreán (sa chás ina mbíonn níos mó ná roinnt bealaí isteach ní mór fógra a chur ag gach bealach isteach). Comhairlítear do dhaoine san fhógra seo go bhfuil an ceart acu breithniúcháin nó agóidí a dhéanamh maidir leis an bhforbairt atá molta. Ní mór dó a bheith ann ar feadh tréimhse cúig seachtaine agus le linn an ama seo ní mór don údarás pleanála imscrúdú a dhéanamh ar an láithreán lena chinntiú go bhfuil an fógra iomchuí agus ar taispeáint mar is ceart.

Sa chás seo, áfach, ba bheag an seans a bhí ag na gearánaigh, seachas b’fhéidir an fógra a fheiceáil sa nuachtán áitiúil, an deis a bheith acu agóid a chur isteach in aghaidh an iarratais in ainneoin an drochthionchair a d’fhéadfadh sé imirt ar a bpríobháideachas.

Imscrúdú

Sa chás seo, cé go raibh drochthionchar ag an bhforbairt seo ar na gearánaigh, ní raibh seans réasúnta acu an fógra láithreáin a fheiceáil agus a bheith ar an eolas faoin bhforbairt nuair a bhí sé á mholadh. Ní fhéadfainn teacht ar aon fhianaise a chuirfeadh in iúl nár láimhseáil an chomhairle an t-iarratas pleanála seo de réir na riachtanas reatha reachtaíochta. Dá bhrí sin, ní fhéadfainn seasamh leis an ngearán in aghaidh na comhairle.

I mo thuairim féin, léiríodh leis an gcás seo ceist an-tábhachtach maidir le chomh mór is a dhéantar foráil i reachtaíocht reatha le haghaidh réamhfhógra dóthanach iarratais phleanála. In ainneoin nach raibh ach gearán amháin den chineál seo agam, ba dhóichí go mbeadh cásanna den chineál céanna, nó cosúil leo, ag teacht chun cinn in áiteanna eile.

Sa chás seo, rinne na gearánaigh tagairt don chleachtas i Sasana ina gcuireann údaráis áitiúla iarratais phleanála in iúl do chónaitheoirí cóngaracha agus iarrann a gcuid tuairimí.

Má chuirtear san áireamh na díolacháin atá ag titim go leanúnach agus mar gheall ar chiorclaíocht nuachtán áirithe, d’fhéadfaí argóint a dhéanamh nach meán dóthanach go leor é seo chun a chur in iúl don phobal go bhfuil iarratas pleanála déanta. Ar an iomlán, léiríonn sé seo laige sa phróiseas pleanála maidir le daoine a chur ar an eolas faoi iarratais ar spéis leo iad de bhua na háite a bhfuil siad suite.

Tá an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar reachtaíocht phleanála. Shocraigh mé gur chóir do m’Oifig scríobh chuig an roinn faoin ngearán agus faoi ábhair imní níos leithne atá agam.

Agus mé á dhéanamh, chuir mé an tuairim in iúl gur chóir do nósanna imeachta maidir le réamhfhógra pleanála a bheith cuimsitheach, éifeachtach agus láidir. Chinnteodh sé seo gur dócha go mbeadh cónaitheoirí a bhfuil cónaí orthu cóngarach d’fhorbairtí atá molta, a bhféadfaí drochthionchar a imirt orthu, ar an eolas faoin iarratas pleanála in am chun agóidí ar bith a chur isteach ba mhian leo a dhéanamh.

Nuair a bhí mé i mbun cumarsáide leis an Roinn, d’aithin mé freisin go bhféadfadh sé a bheith ina dhúshlán nósanna imeachta níos iomchuí maidir le réamhfhógra a dhaingniú sa reachtaíocht chun gach deacracht a d’fhéadfadh a bheith ann sa chás seo a sheachaint. D’iarr mé, áfach, ar an roinn breithniú a dhéanamh, i gcomhthéacs leasuithe sa todhchaí ar reachtaíocht phleanála, ar na dóigheanna a bhféadfaí feabhas a chur ar na nósanna imeachta maidir le réamhfhógra d’agóideoirí a d’fhéadfadh a bheith ann i ndiaidh na gcúinsí a léiríodh sa chás seo.

Toradh

Chuir an roinn freagra ina dhiaidh sin chuig m’Oifig agus dhearbhaigh siad go mbreithneoidh an roinn ar na deacrachtaí a nocht mé i gcomhthéacs moltaí sa todhchaí chun rialúcháin/reachtaíocht phleanála a leasú. Táim buíoch den roinn as an bhfreagra dearfach seo. Táim ag tnúth lena gcuid moltaí leasaithe nuair a bheidh breithniúchán curtha i gcrích ar an gceist seo.

6.4 Déanann Comhairle Chathair Luimnigh neamhaird ar réamhfhógra faoi fhorbairt neamhúdaraithe seide agus tugann cead pleanála

Cúlra

Baineann an cás seo leis an dóigh ar chaith Comhairle Chathair Luimnigh le fear nuair a rinne sé gearán faoi fhorbairt neamhúdaraithe seide.

Chuir an chomhairle in iúl do mo ghearánach go dtabharfaí faoi ghníomh forfheidhmiúcháin agus gur chuir an chomhairle litir rabhaidh chuig an bhforbróir. Ina dhiaidh sin, i ngan fhios do mo ghearánach, chuir an forbróir iarratas pleanála isteach chun an fhorbairt a choinneáil agus tugadh cead dó.

Ní raibh a fhios ag an oifigeach ón gcomhairle a rinne imscrúdú ar an iarratas chun an cead pleanála a choinneáil go raibh an fhorbairt faoi réir gearáin faoi fhorbairt neamhúdaraithe.

Imscrúdú

Cé nach bhféadfaimis imscrúdú a dhéanamh ar an gcinneadh chun an cead pleanála a thabhairt, bhí mé buartha faoi éifeachtúlacht chórais inmheánacha chumarsáide na comhairle agus an chumarsáid a rinneadh le mo ghearánach.

Scríobh m’Oifig chuig an gcomhairle gur tharraing a haird ar na heasnaimh chumarsáide sa chás seo. Mholamar gur chóir don chomhairle an próiseas um fhorfheidhmiú pleanála a chur in iúl don ghearánach. Mholamar freisin go raibh gá le follasacht níos fearr sa phróiseas.

Bhíomar cáinteach faoi chórais inmheánacha chumarsáide na comhairle. Go háirithe, ní raibh a fhios ag an oifigeach a bhí ag plé leis an iarratas ar chead pleanála chun an fhorbairt a choinneáil go raibh gearán faoi fhorbairt neamhúdaraithe faighte ag aonad eile san oifig agus go raibh litir rabhaidh eisithe aige chuig an iarratasóir.

Toradh

Rinne an chomhairle athbhreithniú ar an bpróiseas cumarsáide ina rannóg phleanála agus rinne ollchóiriú ar a nósanna imeachta cumarsáide.

Soláthraítear de réir an nóis imeachta nua go dtugtar faisnéis don ghearánach faoi nós imeachta na comhairle maidir le forbairtí neamhúdaraithe. Áirítear leis seo sonraí faoi ghníomh forfheidhmiúcháin, faoi chead coinneála le haghaidh forbairtí neamhúdaraithe agus faoin dóigh le gearán a dhéanamh faoi fhorbairtí den chineál seo.

Chuir an chomhairle in iúl do m’Oifig freisin faoina plean chun athruithe a thabhairt isteach maidir leis an dóigh a ndéantar ceisteanna forfheidhmiúcháin a rianú laistigh den rannóg Phleanála. Cuirfidh sé seo in iúl do lucht pleanála má thagann ceist maidir le forbairt neamhúdaraithe chun cinn i gcásanna ina gcuirtear iarratas coinneála isteach.

6.5 Déantar an diúltú do thionónta tí Chomhairle Baile Bhré deisiúcháin riachtanacha a dhéanamh a fhreaschur

Cúlra

Fuair mé gearán ó bhean a bhí ina tionónta de chuid Chomhairle Baile Bhré.

Chuir mo ghearánach in iúl do m’Oifig nuair a leithdháileadh a teach di gur chuir an chomhairle baile in iúl go dtabharfaí faoi dheisiúcháin riachtanacha ar bith. Áiríodh leis na deisiúcháin a liostáil sí póirse silteach, díon silteach, éadanchláir lofa agus seoidirí ag teacht isteach tríd na ballaí amuigh.

Nuair a chuaigh sí chuig an gcomhairle leis an liosta deisiúcháin, cuireadh in iúl di go raibh bail réasúnta ar an teach nuair a leithdháileadh di é agus nach dtabharfadh an chomhairle ach faoi dheisiúcháin teoranta áirithe.

Imscrúdú

I ndiaidh an doiciméadúchán iomchuí a fháil ón gcomhairle agus ó mo ghearánach agus imscrúdú a dhéanamh air, chuaigh m’Oifig i mbun cainte leis an gcomhairle.

Níor éirigh, áfach, i dtús báire leis na hiarrachtaí na páirtithe a thabhairt le chéile le clár oibre comhaontaithe.

Shocraigh m’fhoireann imscrúdaithe cuairt agus imscrúdú a dhéanamh ar an teach, le cead mo ghearánaigh. D’amharc siad ar an mbail a bhí ar an teach agus ghlac grianghraif.

Cuireadh tuarascáil faoin gcuairt imscrúdaithe le chéile agus cuireadh ar aghaidh é chuig an gcomhairle, lenar áiríodh fianaise ghriangrafadóireachta. Rinne m’Oifig moladh faoi na deisiúcháin riachtanacha a measadh a bheith ag teastáil.

Toradh

Táim sásta gur thoiligh an chomhairle tabhairt faoi gach deisiúchán a d’iarr m’Oifig, lenar áiríodh díon nua ar an bpóirse.

Bhí mo ghearánach sásta leis an toradh agus leis an idirbheartaíocht rathúil ó m’Oifig ar a son.