Oifig an Ombudsman

Caibidil 5: Coimirce Sóisialaí agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte - Cásanna Roghnaithe

5.1 An Roinn Coimirce Sóisialaí

Department of Social Protection Website

5.1.1 Sochar Cuardaitheora Poist diúltaithe d’eisimirceach a d’fhill ar Éirinn. Is baintreach fir é an fear seo agus diúltaíodh dá iarratas ar fhoras a ghnáth-áit chónaithe - Cinneadh freaschurtha

Cúlra

Eisimirceach is ea an té a rinne gearán liom. Is baintreach fir é agus é tar éis 20 bliain a chaitheamh sa Ríocht Aontaithe. Chaill sé a phost trí iomarcaíocht. Chuir sé isteach ar Liúntas Cuardaitheora Poist chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí ach diúltaíodh dó ar fhoras Gnáthchónaithe.

Mhínigh an roinn go raibh an cás amhlaidh toisc gur theip air a chruthú nach raibh aon leas eile aige sa Ríocht Aontaithe. Bhíodh sé ina chónaí in árasán de chuid na comhairle i Londain, agus toisc go raibh riaráistí cíosa gan íoc aige dhiúltaigh an chomhairle i Londain litir a sholáthar dó ag rá go raibh deireadh le haon nasc a bhí aige lena árasán sa chathair sin.

D’fhonn an clásal Gnáthchónaithe a shásamh ní mór do dhuine a chruthú go bhfuil a p(h)ríomhleas in Éirinn. D'fhág sé an an fear a rinne gearán liom i gcás nach bhféadfaí a chosaint.

Imscrúdú

Rinne m’Oifig teagmháil leis an gcomhairle i Londain agus rinne fiosruithe faoin seoladh a bhíodh ag an ngearánach roimhe sin i Londain. Theastaigh uainn a chruthú cibé an raibh aon leas aige fós sa seoladh sin i Londain nó nach raibh.

D’fhreagair comhairle Londain agus dhearbhaigh nach raibh aon leas aige a thuilleadh sa seoladh sin ná in aon seoladh eile laistigh dá dlínse.

Toradh

Thug m’Oifig an t-eolas sin don Roinn Coimirce Sóisialaí. De bhun na faisnéise nua sin, rinne Oifigeach Achomhairc na roinne athbhreithniú ar an gcás agus chinn a achomharc a athoscailt le héisteacht ó bhéal. D’éirigh leis san éisteacht agus deonaíodh Liúntas Cuardaitheora Poist dó.

5.1.2 Liúntas Cúramóra diúltaithe d’athair a bhfuil iníon aige agus fadhbanna sláinte meabhrach agus stair féinmharaithe aici - cinneadh freaschurtha agus riaráistí €10,287 íoctha

Cúlra

Fuarthas an gearán seo ó athair faoi chinneadh a rinne an Roinn Coimirce Sóisialaí diúltú dá éileamh ar Liúntas Cúramóra i ndáil lena iníon. Chuir sé isteach ar an liúntas i mí Feabhra, 2010 ach diúltaíodh dó i mí Aibreáin, 2010 ar an bhforas nár mheas an Príomhchomhairleoir Liachta go raibh “a leithéid sin d’easláine ná de mhíchumas” ar a iníon “go bhfuil cúram agus aire lánaimseartha riachtanach di”.

Rinne sé achomharc ar an gcinneadh i mBealtaine, 2010 ach níor éirigh leis.

Imscrúdú

Nuair a rinneadh athbhreithniú ar chomhad na roinne tugadh faoi ndeara sa cháipéisíocht a bhain leis an gcinneadh diúltú don éileamh agus gan glacadh leis an achomharc gurb é an fáth a tugadh ná: “meastar go mairfidh an riocht seo ar feadh níos lú ná dhá mhí dhéag”. Ba chosúil go raibh sé sin bunaithe ar fhaisnéis, a cuireadh ar fáil mar chuid den iarratas bunaidh, a thug an dochtúir a bhí ag cóireáil a iníne. Ach ba léir ón bhfianaise ar na comhaid gur tháinig an riocht sin uirthi in 2008 agus go raibh sé fós uirthi.

Ba léir gur sholáthraigh an té a rinne gearán liom fianaise mhionsonraithe liachta i dtaca lena éileamh. Thug an fhianaise sin le fios go raibh neamhord meabhrach ar a iníon, gur gá maoirseacht leanúnach a dhéanamh uirthi, gur éirigh sí as dul ar scoil agus go mbíodh fonn uirthi lámh a chur ina bás féin ó am go chéile.

Bhí cóireáil á cur uirthi le haghaidh fadhbanna síceolaíochta agus síciatracha agus níor mór cógais agus comhairleoireacht a thabhairt di. Mhaígh an comhairleoir a bhí ag déileáil léi gur gá do theaghlach an chailín a bheith ina cuideachta i gcónaí mar go raibh iarrachtaí suntasacha déanta aici lámh a chur ina bás féin agus toisc tinnis síciatracha suntasacha a bheith uirthi go raibh an baol ann i gcónaí go maródh sí í féin.

Díol suntais sa chás seo é Alt 179(4)(a)(ii) den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh, 2005, a bhaineann le Liúntas Cúramóra. Deir sé “measfar go mbeidh cúram agus aire lánaimseartha ag teastáil ó dhuine ábhartha sa chás .... go bhfuil an duine sin faoina leithéid de mhíchumas go n-éilíonn sé nó sí maoirseacht leanúnach ó dhuine eile chun baol dó féin nó di féin a sheachaint”.

D’iarr mé ar an roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh a bhí déanta aici an t-éileamh ar Liúntas Cúramóra a dhícheadú, agus é sin ar an mbonn:

(1) Dhealraigh sé nár cuireadh san áireamh nuair a rinneadh an cinneadh ach an fhaisnéis a bhí sa tuairisc leighis maidir leis an fhad a mhairfeadh an riocht sin, agus

(2) Nár léir gur breithníodh go hiomlán an fhianaise thacaíochta leighis a chuir an t-éilitheoir ar fáil nuair a rinne sé an t-achomharc.

D’iarr mé freisin go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh ag féachaint don fhoráil reachtúil faoi Alt 179(4) (a) (ii) den Acht.

An Toradh:

Rinneadh athbhreithniú ar an gcinneadh agus beartaíodh Liúntas Cúramóra a dhámhadh le héifeacht ó dháta an iarratais i mí Feabhra, 2010. Íocadh €10,287.12 san iomlán mar riaráistí dlite leis an ngearánach i Nollaig 2011.

5.1.3 Diúltú na Roinne Coimirce Sóisialaí ar iarratas ar Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh curtha ar ceal - Díospóid faoi cad is brí le “am oibre” - Faigheann Athair seachtar leanaí riaráistí €9,000

Cúlra

Bhain an cás seo le diúltú a rinne an Roinn Coimirce Sóisialaí d’iarratas ar Fhorlíonadh Ioncam Teaghlaigh. Diúltaíodh freisin d’achomharc a rinneadh ina dhiaidh sin leis an bPríomhoifigeach Achomhairc.

Bhí seachtar clainne ar an iarratasóir a rinne gearán liom agus bhí post aige i saoráid cúraim ar bheagán pá.

B’éigean dó mar chuid dá phost a bheith ag obair in áras cónaithe an duine a raibh cúram agus aire á thabhairt aige dó nó di. Bhí sé sonraithe ina chonradh fostaíochta go raibh air oibriú ar feadh 16 uair an chloig in aghaidh na seachtaine agus go n-íocfaí é in aghaidh na huaire. Bhí air dhá thréimhse dualgais oíche a dhéanamh freisin. D’fhéadfadh sé dul a chodladh le linn na dtréimhsí sin agus bhíodh 16 uair an chloig oibre breise aige in aghaidh na seachtaine dá mbarr. D’fhaigheadh sé íocaíocht phréimhe agus ní ráta in aghaidh na huaire as an obair sin.

D’fhonn cáiliú le haghaidh FIT ní mór duit:

  • Bheith ag obair ar feadh naoi n-uaire déag ar a laghad in aghaidh na seachtaine i bhfostaíocht íoctha lánaimseartha, agus súil a bheith agat go mairfidh an obair ar feadh 3 mhí ar a laghad.
  • Leanbh cáilithe amháin ar a laghad a bheith agat faoi bhun ocht mbliana déag d’aois nó idir ocht mbliana déag agus dhá bhliain is fiche atá in oideachas lánaimseartha agus a chónaíonn go rialta in éineacht leat, agus
  • D’ioncam seachtainiúil a bheith faoi bhun méid socraithe áirithe i gcoibhneas le méid do theaghlaigh.

Imscrúdú

Nuair a fuarthas an gearán d’iarr m’Oifig tuilleadh faisnéise ón athair, agus sonraí faoina chonradh fostaíochta san áireamh.

Rinneamar teagmháil ansin leis an bPríomh-Oifig Achomharc san Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh agus d’iarramar go ndéanfaí an cinneadh a athbhreithniú i bhfianaise an chinnidh ba dhéanaí a rinne Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa maidir le cad is “am oibre” ann.

Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa ina breithiúnais faoi Córas Faisnéise um Sholáthar Poiblí (SIMAP), Jaeger agus Dellas, gur tréimhse oibre is ea tréimhse dualgais ar glaoch ina iomláine (san an ionad oibre nó in áit eile roghnaithe ag an bhfostóir) beag beann ar an obair iarbhír atá déanta ag an duine lena mbaineann i rith na tréimhse dualgais ar glaoch sin (CBE SIMAP C-303/98, CBE Jaeger C- 151/02, ECJ Dellas C-14/04).

Toradh

Thug an Príomh-Oifigeach Achomhairc faoi deara breithiúnais na Cúirte Breithiúnais Eorpaí agus aisiompaíodh na cinntí a rinneadh roimhe sin. Bronnadh €9,000 i riaráistí FIT ar an té a rinne gearán liom.

5.1.4 Botún maidir le ríomh Sochar Cuardaitheora Poist ceartaithe - gníomh tapa na roinne - €2,259 riaráistí íoctha le fear ó Luimneach

Cúlra

Bhain an cás seo leis an Roinn Coimirce Sóisialaí agus botún a rinneadh nuair a bhí íocaíocht riaráistí Liúntas Cuardaitheora Poist á ríomh.

Tharla sé toisc gur ghlac an roinn leis go bhfuair an t-éilitheoir íocaíochtaí forlíontacha leasa shóisialaigh ar an ráta iomlán nuair a bhí sé ag fanacht go bpróiseálfadh an oifig leasa shóisialaigh áitiúil a éileamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist.

Fuarthas amach níos déanaí go bhfuair an t-éilitheoir Liúntas Leasa Forlíontach (LLF) íocaíocht ó FSS i rith na tréimhse feithimh, ach go raibh na híocaíochtaí a fuair sé ar ráta laghdaithe. Nuair a rinne an Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil a éileamh a mheasúnú faoi dheireadh, áfach, d’asbhain siad an Liúntas Leasa Forlíontach ar an ráta iomlán seachas ar an ráta laghdaithe. Nuair a rinne an gearánach teagmháil leo chun ceist a chur faoi riaráistí Liúntas Cuardaitheora Poist a bhí fós gan íoc, dúradh leis nach raibh sé i dteideal riaráistí den sórt sin a fháil.

Ba é sin an fáth ar thug sé féin agus a bhean cuairt ar cheann dár gclinicí for-rochtana Ombudsman i Luimneach chun gearán a dhéanamh. Mhínigh siad go raibh riaráistí Liúntas Cuardaitheora Poist gan íoc ag an roinn leo de bhotún agus go raibh ag teip glan orthu sna hiarrachtaí a bhí á ndéanamh acu leis an roinn an fhadhb a réiteach.

Agus iad ag cur síos ar a ngearán d’Imscrúdaitheoir na hOifige a bhí ar cuairt, rinne siad cur síos ar an bhfrustrachas a bhí orthu agus iad ag iarraidh an fhadhb a réiteach. Mhínigh siad nach raibh siad in ann an cíos a íoc leis an údarás áitiúil toisc go raibh siad ag brath ar na riaráistí a bhí dlite dóibh ón roinn chun na riaráistí cíosa a bhí fós gan íoc a ghlanadh.

Ba léir ón míniú a thug siad ar na himeachtaí go raibh mórchuid cruatain agus struis fulaingthe acu le linn na tréimhse sin agus go raibh gach rud ab fhéidir leo a dhéanamh déanta acu chun an fhadhb a réiteach sula ndearna siad teagmháil linn.

Imscrúdú

D’éist Imscrúdaitheoir an Ombudsman le himthosca an cháis agus leis an drochthoradh a bhí aige ar an teaghlach. Chuir sé (nó sí) glaoch teileafóin láithreach ar bhainisteoir na hoifige leasa shóisialaigh áitiúil chun an scéal a phlé.

Agus iad ag plé na ceiste tharraing an bainisteoir amach an comhad ábhartha chun breathnú ar an gcás agus thug sé faoi deara láithreach go bhféadfadh neamhréireacht a bheith sna figiúirí. D’aontaigh sé ag an bpointe sin breathnú níos doimhne isteach sa chás agus scéal a chur chuig m’Oifig faoi thorthaí a fhiosrúcháin.

Rinne an bainisteoir teagmháil níos déanaí an tráthnóna sin leis an Imscrúdaitheoir faoi mar a gheall sé agus dúirt sé gur chreid sé go raibh mí-áirimh déanta ag an oifig áitiúil agus iad ag measúnú teidlíochtaí an ghearánaigh. D’aontaigh sé athbhreithniú iomlán a dhéanamh láithreach ar an gcás mar go raibh a fhios aige go raibh deacrachtaí airgeadais ag an ngearánach de thoradh botúin dhealraithigh na roinne.

Toradh

Rinne an oifig leasa shóisialaigh áitiúil teagmháil le m’Oifig lá arna mhárach le hinsint go raibh dea-thoradh ar an athbhreithniú. Dhearbhaigh siad go raibh riaráistí €2,259.70 mar Liúntas Cuardaitheora Poist dlite don ghearánach. Ina theannta sin, gheall an roinn go n-eiseofaí na riaráistí chuig an ngearánach láithreach.

Bíodh is gur léir go ndearna an roinn botún, ghníomhaigh sí go tapa agus go báúil chun an fhadhb a réiteach tar éis do m’Oifig idirghabháil a dhéanamh.

Bhí áthas ar an ngearánach a chloisteáil gur éirigh le hOifig an Ombudsman bailchríoch a chur ar an ngearán chomh tapa sin.

Chuidigh an idirghabháil thráthúil dhiongbháilte a rinne duine amháin sa roinn go mór leis an té a rinne gearán liom agus chruthaigh sé gur féidir le maorlathais croí daonna a bheith aige uaireanta.

5.2 Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

HSE Website

5.2.1 Faigheann máthair a raibh uirthi iasacht a fháil le cíos a íoc €7,750 i bhForlíonadh Cíosa siarghabhálach

Cúlra

Rinne bean gearán le m’Oifig faoi FSS Bhaile Átha Cliath Thiar Thuaidh. Mhaígh sí gur diúltaíodh Forlíonadh Cíosa a thabhairt di ar bhealach míchothrom agus bhí uirthi iasacht a fháil le cíos a íoc mar thoradh air sin.

Bhí Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora (OPFP) á fáil ag an mbean, ar máthair féinfhostaithe leanaí óga í. Bhí sí i mbun club réamhscoile agus iarscoile. Tar éis oscailt an ghnólachta, d’fheidhmigh an chreis ar maidin agus tráthnóna araon, agus ba chosúil dá bhrí sin gur ag obair go lánaimseartha a bhí sí.

Níor éirigh leis an ngnólacht, áfach, agus tháinig laghdú ar a hioncam. Sa deireadh, bhí uirthi a cuid uaireanta a laghdú go maidineacha amháin. Dá bhrí sin, mhaígh sí go raibh sí ina fostaí páirtaimseartha anois agus go raibh sí i dteideal liúntais i leith a cíosa.

Tar éis measúnú a dhéanamh ar a hiarratas, mheas FSS go raibh sí in obair lánaimseartha. Sholáthair mo ghearánach sonraí maidir le líon na leanaí ar thug sí cúram dóibh agus maidir lena gcuid amanna tinrimh, ach diúltaíodh a hiarratas.

Rinne sí achomharc in aghaidh an diúltaithe ina dhiaidh sin. Agus cinneadh á dhéanamh aige ar an achomharc, luaigh an tOifigeach Achomhairc: “Tá an t-achomharc ceadaithe. Ba cheart sna cúinsí measúnú airgeadais a dhéanamh ar an achomharcóir le haghaidh incháilitheachta i leith Forlíonadh Cíosa.”

Nuair a tháinig an bhean chuig m’Oifig, rinne sí gearán gur chosúil gur dhiúltaigh FSS an íocaíocht a shiardhátú go dtí an uair inar tháinig sí incháilithe den chéad uair, cé gur chosúil gur bhuaigh sí an t-achomharc. Mheas sí go raibh sé sin míchothrom toisc go bhfuair sí airgead ar iasacht óna cairde lena cíos a íoc agus bhí sí ag súil go hiomlán go mbeadh sí in ann é a aisíoc leo a luaithe is a dhéanfaí cinneadh ar a hachomharc.

Imscrúdú

Chuaigh m’Oifig i dteagmháil le FSS thar a ceann. Agus gach taifead FSS ina cás á scrúdú againn, ba léir gur chinn an tOifigeach Achomhairc ina fabhar agus go ndéanfaí aisíocaíocht shiarghabhálach léi.

Toradh

Rinne FSS a cinneadh a fhreaschur agus íocadh €7,750 i bhForlíonadh Cíosa siarghabhálach le mo ghearánach. Ghabh siad a leithscéal freisin as moilleanna íocaíochta mar gheall ar easnaimh foirne.

Bhí an toradh suntasach maidir le mo ghearánach agus bhí áthas orm as a bheith in ann cabhrú léi agus í agus a teaghlach i gcruachás ó thaobh fostaíochta de.

5.2.2 Seasadh le gearán a rinne iníon faoi dhá ospidéal - caitheadh go dona lena hathair scothaosta ardchleithiúnach diaibéiteach agus tugadh droch-chúram dó - Rinneadh leithscéal a ghabháil as na heasnaimh

St Vincent's Website

Cúlra

Rinne iníon fir a bhí scothaosta ardchleithiúnach diaibéiteach an chéad ghearán liom faoina chúram in Ospidéal Naomh Uinseann, Páirc an Leamháin, Baile Átha Cliath.

Shainaithin mo ghearánach roinnt saincheisteanna imní maidir le cúram agus cóireáil a hathar agus ní raibh sí sásta leis na freagraí a fuair sí ón ospidéal.

Áiríodh ar na saincheisteanna sin:

  • Bhí an cloigín ar an urlár lena thaobh agus ní raibh sé in ann é a shroicheadh, rud a chiallaigh nárbh fhéidir lena hathair glaoch ar an bhfoireann nuair a bhí rud éigin uaidh,
  • Fágadh a hathair in éadach leapa salach fliuch dhá uair nuair nach raibh sé in ann greim a fháil ar an gcloigín,
  • Níor soláthraíodh béilí,
  • Bhí an cléithín ar a lámh ró-dhocht, rud a bhí míchompordach dó,
  • Bhí fadhbanna aige lena dhroim mar gheall ar an gcaoi a raibh sé luite sa leaba,
  • Níor folmhaíodh bruscar sa seomra agus sa phasáiste,
  • Fágadh táibléid ar chóifrín in áit iad a thabhairt díreach dó,
  • Bhí ailléirge ar an othar leis an gcineál táibléid a sholáthair an t-ospidéal,
  • Stop an fhoireann leighis na táibléid photaisiam i ngan fhios don fhoireann altranais,
  • Bhí líomhaintí ann go raibh ball den fhoireann altranais ar tí inslin a thabhairt dá hathair diaibéiteach trí dhearmad ach chuir mo ghearánach cosc ar an mball é seo a dhéanamh.

Imscrúdú

Bhuail m’Oifig le foireann an ospidéil chun gach ceann de na saincheisteanna sin a phlé agus thaispeáin m’Oifig fianaise fhótagrafach don fhoireann a sholáthair mo ghearánach chun tacú leis na hábhair ba chúram di. D’fhreagair an t-ospidéal gach saincheist le míniúcháin agus ghabh sé a leithscéal as na heasnaimh i gcúram othar.

Mar gheall ar fhreagraí an ospidéil, shainaithin mé trí shainréimse imní ar leith. Scríobh mé chuig an Oifigeach Gearán le hiarraidh uirthi na saincheisteanna sin a chur ar shúile an Stiúrthóra Altranais agus an Stiúrthóra Chliniciúil ionas go bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu ar bhonn leanúnach agus mar chuid d’oiliúint foirne.

Ba iad seo:

  • Losec MUPS (táibléid shriantacha ghastracha) - ordaíodh an ullmhóid shainiúil seo de Losec mar oideas don othar. Ar an drochuair, ní i gcónaí a scríobhadh amach é seo nuair a d’athscríobh foireann an ospidéil an bhileog oidis drugaí. Dúirt an dochtúir gur ceartaíodh é seo tar éis é a chur ar a shúile dó. Cheap mé, áfach, go raibh sé tábhachtach meabhrú don ospidéal gach beart is cuí a dhéanamh chun áirithiú gur scríobfaí an cógas mar ba cheart agus nach bhfaigheann othair cógas nach n-oireann dóibh (bhí ailléirge ar an othar seo leis na táibléid / leis an ullmhóid a sholáthair an t-ospidéal).
  • Táibléid photaisiam - Stop an fhoireann leighis iad seo tar éis tástálacha fola a ghlacadh, ach ní dhearnadh an gníomh sin a dhoiciméadú sna nótaí leighis agus níor cuireadh aon dáta ar stopadh iad in iúl sa chairt cógais. Dá réir sin, níorbh eol don fhoireann altranais cé acu ar cheart dóibh táibléid Photaisiam a choimeád siar nó nár cheart.
  • Líomhaintí go raibh altra ar tí inslin a thabhairt dá hathair go dtí gur choisc mo ghearánach é seo. Cé nár fhéad mé cinneadh ar cé acu ar tharla sé sin ó na taifid nó nár tharla, cheap mé go raibh sé iontach tábhachtach gur cheart oiliúint iomlán a thabhairt don fhoireann altranais agus gur cheart an gá le forairdeall le linn inslin a thabhairt a chur i gcuimhne dóibh go leanúnach. Tá sé tábhachtach go háirithe go seiceálann foireann altranais cairteacha agus aitheantas na n-othar sula dtugann siad cógas.

Toradh

Bhí mé sásta le hathdhearbhú an ospidéil go bhfuil treoir leanúnach i bhfeidhm don fhoireann chun áirithiú go dtugtar na cógais chearta d’othair i rith an ama. Bhí mé sásta freisin gur thug an t-ospidéal faoi na hábhair ba chúram dom a chur ar shúile na príomhfhoirne leighis agus altranais, faoi mar a d’iarr mé.

Ba é an príomhthoradh ná an leithscéal a gabhadh le mo ghearánach as na heasnaimh i gcúram an othair.

Cúlra

Ba í a iníon a rinne an dara gearán maidir leis an bhfear céanna faoi Ospidéal Cholm Cille, Baile Uí Lachnáin, Co. Bhaile Átha Cliath.

SEDDA Hospital Website

Thug a theaghlach cúram don fhear scothaosta sa bhaile sular glacadh isteach san ospidéal seo é. Nuair a glacadh isteach é, dúirt mo ghearánach gur sholáthair sí faisnéis mhionsonraithe don fhoireann ospidéil maidir le bail ardchleithiúnais a hathar agus leis an dóigh ar comhlíonadh a riachtanais sa bhaile. Mar sin féin, tar éis cúig lá, agus tar éis altranas a dhéanamh air ar bhonn leanúnach i leaba ar thocht fuascailte brú le taobhacha cruibe ina n-ionad, thóg altra amach as a leaba é. Fágadh é ina shuí ar ghnáthchathaoir uilleach ar feadh roinnt uaireanta sular thit sé den chathaoir.

Bhí olc ar mo ghearánach gur tógadh a hathair amach as a leaba agus gur fágadh é gan mhaoirseacht ar feadh roinnt uaireanta, beag beann ar a riachtanais soghluaisteachta nó suíocháin. Bhí imní uirthi freisin gur measadh é a bheith faoi ardriosca cneácha brú a fháil nuair a glacadh isteach é, ach ní dhearnadh aon bhreithniú ar é a fhágáil ina chathaoir gan chúisín cosanta ar feadh roinnt uaireanta. D’inis sí dom gur scríobh sí gearán foirmiúil chuig an ospidéal ach nach bhfuair sí aon fhreagra. Lorg m’fhoireann an easpa freagartha sin ar an ospidéal agus, ina dhiaidh sin, fuair an bhean freagra nach raibh sásúil.

Sonraíodh sa fhreagairt dá gearán nach raibh aon chomhairle ná treoracha ar chomhad an othair maidir leis an úsáid sainchathaoireach agus a hathair á ghlacadh isteach sa bharda. Shonraigh an t-ospidéal go raibh sé ina ghnáthchleachtas gnáthchathaoir uilleach a úsáid in éagmais aon chúinsí leighis inar maíodh a mhalairt.

Imscrúdú

Scríobh m’Oifig chuig an ospidéal ag iarraidh na dtaifead ábhartha agus tuarascáil iomlán maidir le cúram an othair.

D’inis an t-ospidéal dom gur ghnáthchleachtas é othair a chur ina suí as an leaba ar feadh tamall gairid gach lá ar choinníoll go raibh siad maith go leor. Ós rud é gur fágadh an t-othar scothaosta ardchleithiúnach sin i ngnáthchathaoir uilleach ar feadh breis agus ceithre huaire gan aon chúisín fuascailte brú, agus gur thit sé den chathaoir sin sa deireadh, scríobh mé chuig an ospidéal athuair ag iarraidh míniúcháin maidir le cad chuige ar tharla a leithéid. Theip ar an Stiúrthóir Altranais arís eile ina fhreagairt admháil nár leanadh dea-chleachtas i ndáil le cúram an othair sin.

Chinn mé comhairle neamhspleách shaineolach chliniciúil a fháil. Thacaigh an chomhairle a fuarthas le mo thuairim nár cheart an duine scothaosta ardchleithiúnach sin a ghlacadh as an leaba ar feadh tréimhse fada ama gan réamh-mheasúnú ar a riachtanais suíocháin nó soghluaisteachta.

Mar gheall ar a ardleibhéal cleithiúnais, ba cheart é a tharchur chuig na ranna Fisiteiripe/Teiripe Shaothair chun a riachtanais chothromaíochta, soghluaisteachta agus suíocháin a athbhreithniú ar ghlacadh isteach sa bharda dó agus plean struchtúrtha cúraim titimí a cheapadh ar a shon.

Mheas mé go láidir nár cheart an dualgas a chur ar a theaghlach a riachtanais suíocháin a chur in iúl don fhoireann, ós rud é nach bhfuil baill teaghlaigh ag mórán othar scothaosta chun labhairt thar a gceann. D’fhill mé ar an ospidéal tar éis dom an chomhairle chliniciúil sin a fháil.

Toradh

D’admhaigh an t-ospidéal sa deireadh nár leanadh dea-chleachtas i riachtanais suíocháin/bhrú an othair ar leith sin a bhainistiú agus scríobh Riarthóir an Ospidéil litir leithscéil chuig an teaghlach inar admhaíodh é seo, rud a chuir an-áthas ar an teaghlach.

Cuireadh ar mo shuaimhneas mé nuair a cuireadh in iúl dom gur bhunaigh an t-ospidéal Coiste um Straitéis Titimí mar thoradh ar an ngearán sin agus gur tugadh prótacail nua isteach le titimí ar na bardaí a íoslaghdú. Ceadaíonn na prótacail nua sin othair a mheastar a bheith i mbaol a bheith tarchurtha go díreach ag foireann altranais chuig an roinn Teiripe Shaothair, agus ceadaíonn siad measúnú leighis agus tarchur aon lá ina dhiaidh sin chuig na ranna Fisiteiripe/Teiripe Shaothair.

Bhí mé sásta gur phléigh an fhoireann ospidéil leis an ngearán sin ar bhealach dáiríre sa deireadh thiar agus go ndearnadh bearta le sábháilteacht othar a fheabhsú mar thoradh air.

5.2.3 Aisíocadh €85,442 le lánúin as Corcaigh faoin Scéim Aisíoca Sláinte i leith muirear tí altranais; aisíocadh €77,317 le beirt ghearánach eile

Cúlra

Bhain an cás sin le dhá iarratas ina diúltaíodh d’aisíocaíochtaí faoin Scéim Aisíoca Sláinte. Dhiúltaigh FSS an dá iarratas ar fhorais nár chuir siad iarratais fhoirmiúla isteach roimh dháta deiridh na scéime.

Rinne mo ghearánaigh, ar lánúin phósta as Corcaigh iad, na hiarratais i ndáil lena máithreacha nach maireann a chónaigh sa teach altranais céanna. Dúirt siad gur chomhlánaigh siad foirmeacha fiosrúcháin a d’eisigh FSS nuair a fógraíodh an scéim den chéad uair. Mar aon leis an mbeirt ghearánach eile i staid a bhí cosúil lena staid féin, dúirt siad gur thuig siad gurbh é a bhí san fhoirm fiosrúcháin chomhlánaithe ná iarratas foirmiúil, agus gur fhág siad an tsaincheist i lámha FSS.

D’admhaigh siad gur chuala siad clúdach na meán maidir leis an scéim, rud a poiblíodh go forleathan ach ghlac siad leis go ndearna siad iarratais imleora.

Imscrúdú

Thug m’Oifig faoin gcás seo agus faoi dhá chás eile le FSS agus le riarthóir na scéime.

D’áitíomar go raibh an oiread sin sonraí sa chineál faisnéise a thug an fhoirm fiosrúcháin gur go réasúnta a thoimhdigh mo ghearánaigh go raibh foirm iarratais á comhlánú acu. Ní raibh aon tásc ar an bhfoirm go mbeadh iarratas breise ag teastáil. De bhreis air sin, ba chosúil ón admháil a cuireadh ar fáil mar fhreagairt don fhoirm fiosrúcháin a cuireadh isteach nach raibh aon rud eile le déanamh ag an iarratasóir - ‘tá aird á tabhairt ar an tsaincheist’

Toradh

Tar éis plé fada, chomhaontaigh FSS glacadh leis na foirmeacha fiosrúcháin mar iarratais a rinneadh roimh an dáta deiridh agus iad a phróiseáil.

I gcás mo ghearánach pósta, rinne FSS aisíocaíochtaí de €61,242 agus €24,200 leo faoi seach.

I gcás mo bheirt ghearánach eile, fuair siad aisíocaíochtaí freisin arbh ionann iad agus €77,317 san iomlán.

Léirítear go sonrach sna cásanna sin, as ar tháinig sásamh an-suntasach airgeadais, tábhacht an Ombudsman mar iniúchóir ar chleachtas riaracháin agus mar chrann seasta maidir le riarachán cothrom solúbtha.

5.2.4 Imscrúdú a rinne Ospidéal Mhuire, Cromghlinn, i ngan fhios do na tuismitheoirí, maidir le gortú neamhthimpisteach linbh a bhí breoite go dona - Fuair tuismitheoirí leithscéal scríofa mar gheall ar chur isteach orthu agus an t-anó a bhí orthu

Crumlin Hospital Website

Cúlra

Ba iad mo ghearánaigh tuismitheoirí linbh óig ar cuireadh cóireáil air in aghaidh drochthinnis, ar tinneas marfach é ó am go chéile, in Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn, sa bhliain 2000. Bhog siad a mac chuig ospidéal eile níos moille sa bhliain sin toisc go raibh siad míshásta leis an leibhéal cóireála a fuair sé agus leis an dóigh ar chaith an fhoireann ospidéil leo féin.

Ní raibh ar mo ghearánaigh taifid a mic a iarraidh ó Ospidéal Chromghlinne go dtí an bhliain 2008, taifid inar folaíodh taifid ó rannóg oibre sóisialta an ospidéil.

Léiríodh sna taifid sin go ndearna an t-ospidéal imscrúdú ar ghortú neamhthimpisteach a bhain lena mac in 2000 toisc gur léirigh scanadh brú craiceann inmheánach a chinn.

Rinne an fhoireann ospidéil a leanbh a scrúdú agus a chur faoi agallamh gan eolas ná cead na dtuismitheoirí. Rinneadh teagmháil freisin le foireann boird sláinte sheachtraigh le haghaidh comhairle. Ghoill sé go trom ar mo ghearánaigh a fháil amach nár cuireadh in iúl dóibh i dtaobh an imscrúdaithe sin. Cé gur cuimhin leo gur chuir foireann oibre sóisialta ceisteanna orthu ag an am, níor shíl siad riamh go raibh gortú neamhthimpisteach á phlé.

Ina theannta sin, níor tugadh an deis dóibh a ndea-cháil a ghlanadh, rud a cheap siad a raibh smál curtha uirthi. Ag breathnú siar ar an scéal, chreid siad go raibh eolas ag an bhfoireann ospidéil ar an mbarda inar cuireadh cóireáil ar a mac faoin imscrúdú ag an am agus mhínigh sé seo an dóigh ar caitheadh leo ar an mbarda.

Tharla go raibh míniú leighis ar chur i láthair a mic agus, tar éis roinnt seachtainí, scoir an t-ospidéal dá imscrúdú, i ngan fhios don lánúin athuair. Chreid na tuismitheoirí go mbeidís in ann buarthaí ina leith sin a mhaolú láithreach dá gcuirfí in iúl dóibh faoin imscrúdú ar ghortú neamhthimpisteach agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh fócas an ospidéil a bhogadh go hiomlán chuig a chóireáil leighis. Chinnteodh sé seo go bhfreastalófaí ar an mbealach ab fhearr ar riachtanais an linbh.

Tar éis do na tuismitheoirí breathnú ar na taifid in 2008, chinn siad scríobh chuig Príomhfheidhmeannach Ospidéal Chromghlinne ar lorg cruinnithe leis, d’fhonn na saincheisteanna lena mbaineann a phlé. Dhiúltaigh an Príomhfheidhmeannach bualadh leo ach thug sé freagairt i scríbhinn dóibh.

Leag na Treoirlínte maidir le Tús Áite do Leanaí a bhí i bhfeidhm in Ospidéal Chromghlinne in 2000 béim ar an ngá le himscrúduithe den chineál seo a dhéanamh i gcomhar leis an teaghlach. Sonraíodh sna Treoirlínte gur cheart d’fhoireann staid thábhachtach thuismitheoirí na leanaí a aithint agus gur cheart d’fhoireann freisin obair i gcomhar le tuismitheoirí, sa mhéid go bhfuil sé seo indéanta. Mar sin féin, coinníodh na tuismitheoirí amach go hiomlán as an bpróiseas imscrúdaithe sa chás sin.

Mhínigh an Príomhfheidhmeannach nárbh é cleachtas an Chomhairligh a dhéileáil lena leanbh eolas a thabhairt do thuismitheoirí maidir le himscrúduithe ar ghortú neamhthimpisteach amhrasta agus nár chiallaigh sé gurbh iad na tuismitheoirí ba chúis le foinse an ghortaithe.

Imscrúdú

Ós rud é go raibh na gearánaigh míshásta le freagairt an phríomhfheidhmeannaigh, chuaigh siad i dteagmháil le m’Oifig ag iarraidh cabhrach. Scríobh m’Oifig chuig an bPríomhfheidhmeannach agus, ina dhiaidh sin, bhuail siad leis agus le Bainisteoir Ginearálta an ospidéil chun an cás a phlé.

Mar thoradh ar Thuarascáil Réamhscrúdaithe a d’ullmhaigh m’Oifig, d’admhaigh an t-ospidéal nár cloíodh le dea-chleachtas nuair a coinníodh amach na tuismitheoirí as an bpróiseas imscrúdaithe. Luadh go raibh Ospidéal Chromghlinne tiomanta do chur chun feidhme na dTreoirlínte maidir le Tús Áite do Leanaí. Glacadh leis nach raibh cumarsáid leis an lánúin sin oscailte ná follasach agus nár chloígh sí leis na treoirlínte a bhí i bhfeidhm ag an am sin.

Toradh

Ghabh an t-ospidéal a leithscéal i scríbhinn leis an lánúin mar gheall ar chur isteach orthu agus an t-anó a bhí orthu agus gheall sé dóibh go raibh foireann an ospidéil ar fad ag cloí go hiomlán leis na treoirlínte. Dúirt an Príomhfheidhmeannach go raibh sé tiomanta a áirithiú go gcaitear le tuismitheoirí ar bhealach atá cothrom agus ar aon dul le dea-chleachtas. Gheall sé a áirithiú go gcuirfí eolas ar fáil do na baill foirne a raibh baint acu le cúram a mic agus a bhí ag obair san ospidéal go fóill faoin leithscéal agus faoin mbonn a bhí lena eisiúint ar an gcéad dul síos.

Cúitíodh mo ghearánaigh le leithscéal an ospidéil. Is trua, áfach, go raibh idirghabháil m’Oifige ag teastáil leis an éagóir seo a cheartú. Leagann an cás seo béim ar an ngá leis na Treoirlínte maidir le Tús Áite do Leanaí a chur ar bhonn reachtúil agus tá áthas orm faoi fhorbairtí ina leith seo.

5.2.5 Chuir máthair a raibh Siondróm Asperger ar a leanbh in aghaidh chinneadh FSS gan Liúntas Cúram Baile a shiardhátú - fuair sí íocaíocht ex-gratia €5,000

Cúlra

Rinne máthair ó Thiobraid Árann gearán liom faoi na deacrachtaí le FSS maidir le hiarratas ar Liúntas Cúram Baile (DCA) ar son a mic. Íoctar an Liúntas Cúram Baile ar bhonn míosúil i ndáil le leanaí atá faoi mhíchumas trom agus a dteastaíonn uathu leibhéal cúraim leanúnaigh agus airde leanúnaí atá i bhfad níos mó ná an leibhéal a bhíonn ag teastáil ó leanbh ar chomhaois leo. Tá Siondróm Asperger ar a mac, is é sin neamhord forbartha atá aithnidiúil trom.

Ní bhfuair sé an diagnóis go raibh an riocht sin air go dtí mí na Samhna 2008 agus diúltaíodh iarratas roimhe ar Liúntas Cúram Baile in 1997. I mí Eanáir 2009, rinne mo ghearánach iarratas ar Liúntas Cúram Baile athuair, agus an diagnóis sin ina seilbh, trí úsáid a bhaint as foirm a fuair sí as oifig áitiúil FSS.

Deonaíodh Liúntas Cúram Baile le riaráistí sé mhí a siardhátaíodh i gcomhréir le Ciorclán leasaithe na Roinne Sláinte a bhfuil éifeacht aige ón 1 Samhain, 2008.

Rinne sí achomharc in aghaidh an chinnidh toisc go ndúirt sí nár cuireadh in iúl di go raibh teorainn sé mhí le riaráistí. Cheap sí gur cheart na riaráistí a shiardhátú go dáta breithe a mic. Theip ar an achomharc ar an mbonn go bhfuair sí a teidlíocht iomlán de réir na gcoinníollacha atá leagtha amach i gciorclán na roinne.

Imscrúdú

Fuair m’fhoireann na comhaid ábhartha ó FSS. Ba éard a bhí sna taifid cóip dá foirm iarratais nár sonraíodh inti go raibh teorainn sé mhí le siardhátú.

D’iarr mé athbhreithniú ar chinneadh an Oifigigh Achomhairc toisc nár tugadh an fhaisnéis is déanaí do mo ghearánach nuair a rinne sí an t-iarratas. Bhí súil réasúnta aici go ndéanfaí Liúntas Cúram Baile a shiardhátú níos faide siar ná an tréimhse sé mhí. Chuir mé in iúl freisin gur léirigh litir Comhairligh ar an gcomhad go raibh Siondróm Asperger ar a mac ó rugadh é.

Toradh

Mhol an tOifigeach Athbhreithnithe gur cheart íocaíocht ex-gratia €5,000 a íoc le mo ghearánach ar roinnt foras.

Mar bheart dea-thola sa chéad dul síos, ós rud é nár cuireadh comhairle ar fáil di maidir leis na hathruithe ar chiorclán na roinne. Sa dara dul síos, ós rud é gur tugadh le tuiscint san fhoirm iarratais gurbh fhéidir siardhátú a dhéanamh agus go raibh fianaise ann gur theastaigh tuilleadh cúraim agus airde óna mac. Sa tríú dul síos, bhí sé de dhualgas ar FSS cur in iúl di go bhféadfadh sí iarratas a dhéanamh athuair, tar éis a hiarratais roimhe sin in 1997.

Mhol an tOifigeach Athbhreithnithe go tuisceanach gur cheart do FSS, i gcomhar leis an Roinn Sláinte, roinnt beart a dhéanamh leis na heasnaimh a sainaithníodh in imscrúdú an cháis a réiteach:

  • Próiseas a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuirtear aon athruithe ar reachtaíocht, ar chiorcláin nó ar theidlíochtaí in iúl mar is cuí,
  • Áirithiú go mbaintear ábhar agus foirmeacha as dáta, agus
  • Príomhdhuine a ainmniú i ngach rannóg ar a bhfuil freagracht as a áirithiú go ndéantar an beart cuí ionas go mbeidh rochtain ag othair agus ag úsáideoirí seirbhísí ar fhaisnéis chruinn ar mhodh tráthúil.

Bhí m’Oifig i dteagmháil leis an Stiúrthóir Náisiúnta Cumarsáide de chuid FSS. De bhua an ghearáin sin agus na saincheisteanna cumarsáide ar leag muid béim orthu maidir le hinfhaighteacht leantach na bhfoirmeacha as dáta, scríobh sé chuig gach Stiúrthóir Náisiúnta, chuig gach Stiúrthóir Cúnta Náisiúnta agus chuig gach Stiúrthóir Oibríochtaí Réigiúnach ag iarraidh athbhreithniú láithreach ar gach doiciméadúchán i ndáil le litríocht faisnéise agus iarratais ar Liúntas Cúram Baile.

Cé gur aithin sé go bhfuil riarachán na scéime um Liúntas Cúram Baile faoin Roinn Coimirce Sóisialaí anois, bhí impleachtaí ar phrionsabal foriomlán an cháis sin ar gach scéim agus seirbhís agus bhain sé leis an móreagraíocht. Thoiligh sé treoirlínte um chumarsáid inmheánach a fhorbairt maidir le conas athruithe ar reachtaíocht, ar chiorcláin agus ar theidlíochtaí a chur in iúl d’fhoireann FSS. Thoiligh sé freisin áirithiú go bpléifeadh an Grúpa Iniúchta Foilseachán torthaí an athbhreithnithe sin a rinneadh le linn 2011.

Ghlac mo ghearánach leis an íocaíocht ex-gratia agus bhí sí sásta go mbeadh a cás le druidim.

Thaitin freagairt an oifigigh achomhairc agus an Stiúrthóra Náisiúnta Cumarsáide de chuid FSS go mór liom, mar aon leis na bearta a rinneadh chun tabhairt faoi shaincheisteanna cumarsáide a tháinig as an gcás.

5.2.6 Seasadh le gearán sceithire faoi imscrúdú lochtach FSS - ghlac FSS leis nár cloíodh le dea-chleachtas

Warning Sign Cúlra

Sa chéad chás dá chineál, fuair mé gearán ó sceithire. Bhain an gearán leis an dóigh a ndearna FSS imscrúdú ar a nochtadh.

Rinne fostaí de chuid FSS teagmháil le m’Oifig maidir le nochtadh cosanta faisnéise a rinne sé faoi reachtaíocht sceithireachta 2009. D’áitigh sé nach ndearna FSS imscrúdú cothrom ar an nochtadh sin.

Is é cuspóir an Achta um Áiseanna Saothair, 2009, fostaithe na seirbhíse sláinte a éascú chun nochtaí cosanta a dhéanamh le hintinn mhaith i gcás ina bhfuil forais réasúnta acu a mheas gur cuireadh, nó gur dóchúil go gcuirfear, an tsláinte nó leas othar nó cliant i mbaol. Soláthraíonn sé cosaint reachtúil d’fhostaithe ar phionósú agus ar dhliteanas sibhialta mar thoradh ar nochtadh cosanta a dhéanamh.

Ligeann an tAcht do FSS duine eile a cheapadh chun imscrúdú a dhéanamh ar ábhar an nochta. Sa chás sin, cheap FSS comhairleach leighis, a bhí fostaithe ag FSS cheana, chun an t-athbhreithniú a stiúradh.

Chreid mo ghearánach:

  • nár lean an fhoireann imscrúdaithe na prionsabail um cheartas aiceanta agus nós imeachta cothrom,
  • nár caitheadh go cothrom leis ar feadh an phróisis athbhreithnithe,
  • nach ndearnadh imscrúdú ar a nochtadh de réir na dtéarmaí tagartha, agus
  • nár coinníodh rúndacht ar feadh an phróisis.

Imscrúdú

Bhuail m’fhoireann leis an ngearánach agus scrúdaigh sí go criticiúil an doiciméadúchán ar fad a bhain leis an athbhreithniú ar an nochtadh.

Bhuail m’fhoireann freisin le FSS chun na saincheisteanna a tháinig as an ngearán a phlé agus d’iarr sí ar FSS díriú ar na hábhair imní thromchúiseacha seo a leanas:

  • Ba chosúil nár tugadh aon treoir nós imeachta ná beartais don Fhoireann Imscrúdaithe a bhféadfaidís cloí leo mar chuid dá himscrúdú agus níor tugadh ordú di a hathbhreithniú a dhéanamh ar aon dul leis na prionsabail um cheartas aiceanta,
  • Gur sholáthair ceantar áitiúil FSS a bhain leis an nochtadh tacaíocht rúnaíochta don fhoireann imscrúdaithe agus gur reáchtáladh agallaimh in oifigí áitiúla FSS,
  • Nach raibh an gearánach ar an gcéad duine a cuireadh faoi agallamh cé go mbeadh a chuid fianaise lárnach sa phróiseas ar fad,
  • Gur roghnaigh an fhoireann imscrúdaithe go randamach, mar chuid den imscrúdú, baill d’fhoireann FSS a d’oibrigh leis an ngearánach a cuireadh faoi agallamh agus nár cuireadh ball foirne a thacaigh le seasamh an ghearánaigh faoi agallamh a chor ar bith,
  • Tar éis a agallaimh, iarradh ar an ngearánach ráiteas a thabhairt ar an dréacht-taifead maidir lena fhianaise. Cé gur sholáthair sé nótaí tráchta, níor tugadh leagan deiridh den taifead sin dó. Ina theannta sin, nuair a eisíodh an dréacht-Tuarascáil air, d’iarr sé leagan ceartaithe dá chuid fianaise a chur san áireamh mar chuid den Tuarascáil Deiridh, ach ní dhearnadh é seo,
  • Bhain an nochtadh a rinneadh le saincheist sláinte agus sábháilteachta ach níor dhírigh an fhoireann imscrúdaithe ar an tsaincheist sin ina Tuarascáil, agus
  • D’iarr an gearánach ar an bhFoireann Imscrúdaithe conclúid mhíchuí sa Tuarascáil Deiridh a bhain leis a bhaint ach níor baineadh í. (Ina leith seo, creideann an Oifig seo nach mór cuimhneamh nár bunaíodh an Fhoireann chun imscrúdú a dhéanamh ar charachtar ná ar aidhm an ghearánaigh as an nochtadh a dhéanamh, ach chun an t-ábhar féin a scrúdú).

Toradh

Tar éis di nótaí tráchta a iarraidh ón bhfoireann Imscrúdaithe bhunaidh agus comhairle dlí a fháil, ghlac FSS leis nach ndearnadh an próiseas ar aon dul le dea-chleachtas.

Thoiligh siad athscrúdú a dhéanamh ar an nochtadh agus coimisiúnaíodh imscrúdú nua ar na saincheisteanna a ardaíodh chun cinntiú gur cloíodh leis na prionsabail um cheartas aiceanta.