3.1 Tuarascálacha Imscrúdaithe agus preaseisiúintí
3 Feabhra - Preaseisiúint maidir le “Ról an Ombudsman a Fhorbairt agus a Bharrfheabhsú”. Scríobh an tOmbudsman ar 2 Feabhra 2011 chuig ceannairí agus urlabhraithe ábhartha na bpáirtithe polaitíochta a ndéantar ionadaíocht orthu i nDáil Éireann inar leag sí amach a moltaí maidir leis an mbealach is fearr a bhféadann Oifig an Ombudsman rannchuidiú le hathchóiriú an rialtais.
8 Meitheamh - D’fhoilsigh an tOmbudsman a Tuarascáil Bhliantúil 2010 agus chuir sí faoi bhráid gach Teach den Oireachtas í. Ba í seo a hochtú Tuarascáil Bhliantúil agus an seachtú Tuarascáil Bhliantúil is fiche ó bunaíodh an Oifig in 1984. D’eisigh an tOmbudsman preaseisiúint freisin agus thionóil sí preasagallamh, tar éis a Tuarascáil Bhliantúil a fhoilsiú.
25 Iúil - D’fhoilsigh an tOmbudsman Tuarascáil Imscrúdaithe Speisialta dar teideal, “Róshean le bheith Cothrom?” - Imscrúdú ar an diúltú neamhdhleathach liúntais soghluaiseachta do dhaoine os cionn sé bliana is trí fichead. Chuir an tOmbudsman preaseisiúint amach freisin.
19 Meán Fómhair - D’fheidhmigh an tOmbudsman ag seoladh an chomhthionscnaimh “Healthcomplaints” a raibh a hOifig ina bhun ag Caisleán Bhaile Átha Cliath - “Cén chaoi agus cén áit a ndéantar gearán faoi sheirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta in Éirinn”.
14 Samhain - D’fhoilsigh an tOmbudsman ceithre Thuarascáil Imscrúdaithe maidir le gearáin i réimsí na sláinte agus na coimirce sóisialaí a d’éirigh léi a réiteach. Chuir an tOmbudsman preaseisiúint amach freisin.
20 Nollaig - D’fhoilsigh an tOmbudsman Tuarascáil Imscrúdaithe Speisialta maidir le gearán in aghaidh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus in aghaidh an Oifigigh Achomhairc (Scéim Aisíoca Sláinte) toisc gur theip orthu muirir tithe altranais neamhdhleathacha a aisíoc. Chuir an tOmbudsman preaseisiúint amach freisin.
3.2 For-rochtain - Cuairteanna ar Ionaid Eolais do Shaoránaigh (IESanna), cuairteanna réigiúnacha agus imeachtaí for-rochtana eile ar tugadh fúthu in 2011
I mo Thuarascáil Bhliantúil do 2010, luaigh mé go gcuirfeadh m’Oifig tús le hathbhreithniú ar ár gclár for-rochtana agus go ndíreofaí ar acmhainní a chur ag obair ar an mbealach is fearr. Bhí sé mar phríomhaidhm ag an athbhreithniú an cumas a bhí ag an gclár ár seirbhís a thabhairt chomh fada leis an bpobal, a chónaíonn lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, a mhéadú agus sin a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus inrochtana. D’éirigh go maith leis an athbhreithniú ó thaobh an aidhm sin a bhaint amach. Cuireadh moltaí an athbhreithnithe i bhfeidhm agus is féidir iad a fheiceáil ar láithreán Gréasáin an Ombudsman, (www.ombudsman.ie). Taispeánann na figiúirí thíos gur tháinig méadú ar líon na gcuairteoirí agus ar ghearáin bhailí in 2011 le hais 2010, ó na hIonaid Eolais do Shaoránaigh agus ó na cuairteanna réigiúnacha araon.
Ach an oiread le haon bhliain eile, bhí éagsúlacht ag baint leis na gearáin a fuarthas. Mar sin féin, tháinig méadú 17% ar líon na ngearán a bhain le cúrsaí leasa shóisialaigh a rinneadh ag na hionaid eolais le hais 2010. Is dóchúil gur tharla sé sin mar gheall ar an ardú in éileamh atá tagtha ar sheirbhísí leasa shóisialaigh trí chéile. Tháinig méadú 16% ar líon na ngearán a bhain leis an Státseirbhís a fuarthas ag na hIonaid Eolais do Shaoránaigh agus tháinig laghduithe 25% agus 17% ar líon na ngearán a bhain leis an Údarás Áitiúil agus le FSS faoi seach a fuarthas ag na hIonaid Eolais do Shaoránaigh.
Tá an clár for-rochtana thar a bheith tábhachtach maidir le seirbhísí m’Oifige a thabhairt chomh fada le daoine lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, go háirithe na daoine ar fearr leo bualadh le daoine go pearsanta agus a ngearán a dhéanamh.
Is é cleachtas m’Oifige cuairteanna cláir for-rochtana a phoibliú tamall roimh ré trí asraonta áitiúla na meán. I gcás cuairteanna réigiúnacha, tugaimid fógra freisin do gach comhalta áitiúil an Oireachtais mar aon le hionadaithe tofa áitiúla agus páirtithe leasmhara eile.
Ionaid Eolais do Shaoránaigh (IESanna)
Le breis agus fiche bliain anuas, tá foireann ó Oifig an Ombudsman ag tabhairt cuairte ar Ionaid Eolais do Shaoránaigh chun gearáin a fháil ó mhuintir an phobail. Ba é an tIonad Eolais do Shaoránaigh i gCorcaigh an chéad ionad a thairg seirbhísí an Ombudsman ar bhonn míosúil. Tharla sé sin in 1992. Cuireadh cuairteanna IES míosúla ar bun i Luimneach agus i nGaillimh in 1993 agus in 1996 faoi seach. Leanann na cuairteanna chuig Corcaigh, Luimneach agus Gaillimh gach mí orthu de sheirbhís áitiúil luachmhar a sholáthar ar a bhfuil rochtain éasca ag muintir na háite.
|
|
IES Luimnigh in 2011 Fuarthas 121 gearán bailí. Is ionann an figiúr sin agus 48% de na gearáin nua go léir a fuarthas as cathair agus contae Luimnigh in 2011 - méadú 10% le hais 2010. |
|
|
IES na Gaillimhe in 2011 Fuarthas 102 gearán bailí. Is ionann an figiúr sin agus 41% de na gearáin nua go léir a fuarthas as cathair agus contae na Gaillimhe in 2011 - méadú de 34% ó 2010. |
|
|
IES Chorcaí in 2011 Fuarthas 95 gearán bailí. Is ionann an figiúr sin agus 23% de na gearáin nua go léir a fuarthas as Cathair agus contae Chorcaí in 2011. |
|
|
Cuairteanna réigiúnacha in 2011 D’fhreastail 57 cuairteoir ar an gcuairt réigiúnach, agus fuarthas 46 gearán bailí nua dá bharr sin. Fuarthas tuairim is 148 gearán ó Chontae Loch Garman in 2011. |
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le m’fhoireann as a rannpháirtíocht inár gcláir for-rochtana i rith 2011. Mar is iondúil, lean an fhoireann ar aghaidh ag tabhairt ár seirbhíse go díreach don phobal ar bhealach cúirtéiseach, múinte agus gairmiúil.

Mar thacaíocht dár gclár feasachta poiblí, chabhródh sé go mór leis an bpobal uile dá mbeadh nasc ceart chuig láithreán Gréasáin an Ombudsman ar láithreáin Ghréasáin na ranna agus na gcomhlachtaí poiblí ábhartha ar fad atá laistigh dár dtéarmaí tagartha.
In 2008, chríochnaigh m’Oifig athbhreithniú ar láithreáin Ghréasáin na gcomhlachtaí poiblí ábhartha agus fuarthas amach nach raibh nasc ar bith ag cuid acu chuig ár láithreán Gréasáin. I gcásanna eile, níorbh leor na naisc a bhí ann agus/nó tugadh sonraí teagmhála míchearta maidir leis an Ombudsman. Scríobh m’Oifig chuig na comhlachtaí poiblí sin a bhí i gceist roinnt uaireanta ó shin agus iarradh ar gach comhlacht tagairt shoiléir a dhéanamh d’Oifig an Ombudsman ar a láithreán Gréasáin.
Thugamar téacs molta don láithreán Gréasáin leis na litreacha, inar tugadh faisnéis faoi m’Oifig mar aon le sonraí teagmhála. Tá cóip den fhaisnéis seo agus de shonraí teagmhála an Ombudsman le fáil in Iarscríbhinn B.
Bhí glacadh anmhaith leis na litreacha seo ó roinnt de na comhlachtaí poiblí agus is cúis áthais dom gur chomhlíon formhór na gcomhlachtaí poiblí ár n-iarratas, nuair ba ghá. Ní dhearna cuid díobh a láithreán Gréasáin a nuashonrú go fóill, áfach.
Tá liosta de na comhlachtaí poiblí nach dtaispeánann faisnéis ar bith maidir le hOifig an Ombudsman nó atá fós ag cur faisnéis atá míchruinn nó neamhiomlán suas le feiceáil ar láithreán Gréasáin an Ombudsman ar www.ombudsman.ie
I bhfianaise an bhrú i dtreo athchóiriú na seirbhíse poiblí, is cúis suntais é an easpa spéise agus comhoibrithe a léiríonn roinnt comhlachtaí poiblí nuair nár iarradh orthu ach sonraí teagmhála Oifig an Ombudsman a chur ar fáil ar a láithreán Gréasáin. Is léiriú maith é freisin ar na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an bpobal agus iad ag plé le comhlachtaí poiblí den sórt sin, rud b’fhéidir nach bhfágann aon rogha acu go minic ach gearán a dhéanamh le m’Oifig.
Glacann daoine a dhéanann gearán páirt i suirbhéanna custaiméirí, agus tugtar le fios san aiseolas ó na suirbhéanna sin go bhfuil líon na ndaoine atá ag déanamh rochtana ar sheirbhísí m’Oifige tríd an idirlíon ag dul i méid. Tá sé soiléir, mar sin, gur gné thábhachtach de chumarsáid an lae inniu é soláthar faisnéise atá cruinn agus cothrom le dáta. Ní hamháin go gcuireann an fhaisnéis seo an pobal ar an eolas maidir leis na seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil, ach tugtar treoir faoi conas gearán a dhéanamh nuair a théann rudaí in aimhréidh.
Mar gheall ar na deacrachtaí a bhí ag daoine den phobal ar feadh na tréimhse seo, d’iarr mé ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe plé a dhéanamh ar leasú iomchuí reachtaíochta a thabhairt chun cinn i gcomhthéacs an Bhille Ombudsman (Leasú). D’fhéadfadh sé seo foráil a dhéanamh do chomhlachtaí poiblí a bheith freagrach as gearánaigh ionchasacha a shonrú chuig m’Oifig.