Baineann an cás seo le cáin a bhí á gearradh ar bhaintreach a raibh a fear ina Gharda Síochána. Bhí cáin éigeandála á gearradh ar phinsean baintrí an ghearánaigh ó chéad tugadh di é in 2000. Níor tháinig an scéal seo chun solais go dtí Eanáir 2009 nuair a scríobh mac an ghearánaigh chuig an Roinn Dlí agus Cirt agus Athchóirithe an Dlí ag ceistiú an chaoi a raibh cáin éigeandála á gearradh ar íocaíochtaí pinsin a mháthar.
D’iarr an gearánach ansin go ndéanfaí athbhreithniú ar a dliteanais chánach sna blianta ó 2001 go 2007. Fuair sí aisíocaíochtaí ó na Coimisinéirí Cánach i gcomhair na mblianta ó 2005 go 2008. Níorbh fhéidir aisíocaíochtaí a dhéanamh i gcomhair na blianta 2001 go 2004 ó bhí siad sin lasmuigh de theorainn reachtúil ama na gCoimisinéirí Ioncaim.
Rinneadh an gearán in aghaidh na gCoimisinéirí Ioncaim ar an gcéad dul síos ach níorbh fhéidir seasamh leis ar an mbonn go raibh na Coimisinéirí ag gníomhú de réir na reachtaíochta baintí. Smaoiníodh ansin ar ghearán a dhéanamh in aghaidh na Roinne mar riarthóir a pinsin.
Is é gnáthchleachtas na Roinne é scríobh chuig baintreacha gardaí ag moladh dóibh uimhir PSP a iarradh ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Nuair a fhaigheann an Roinn an Uimhir PSP eisíonn siad foirm P46 chuig na Coimisinéirí Ioncaim ag insint dóibh gur gá dóibh teastas creidmheasanna cánach a eisiúint don duine atá i gceist. Ní raibh an Roinn in ann aon fhianaise a fháil gur mhol siad don ghearánach Uimhir PSP a iarradh. Dá thoradh sin níor eisíodh foirm P46 chuig na Coimisinéirí Ioncaim.
Rinne Rialacháin ÍMAT 2001 leasú ar an gcóras éigeandála cánach sa chaoi, nuair nach gcuirtear uimhir PSP ar fáil, go mbíonn ar an fostóir an cháin atá dlite a áireamh ar an ráta níos airde cánach gan na creidmheasanna cánach a chur i bhfeidhm. Bhí feidhm ag an gcóras leasaithe le héifeacht ó 1 Eanáir 2003. Níor inis an Roinn don ghearánach go raibh an córas leasaithe éigeandála á chur i bhfeidhm ar a pinsean.
Tháinig an cheist chun solais nuair a rinne an Roinn uiríll leis na Coimisinéirí Ioncaim ag iarraidh orthu maolú a dhéanamh ar a gcuid srianta le go bhféadfaí aon aisíocaíochtaí cánach a bhí dlite don ghearánach ón bhliain chánach 2000 i leith a íoc léi. Níl sé de rogha ag na Coimisinéirí ioncam aisíocaíochtaí cánach a cheadú sa chás go ndéantar éileamh lasmuigh den tréimhse ceithre bliana agus ar an ábhar sin ní raibh siad in ann géilleadh d’iarratas na Roinne.
Chinn mé gur theip ar an Roinn an gearánach a chur ar an eolas go raibh cáin éigeandála á gearradh uirthi nuair a fuair sí an chéad íocaíocht dá pinsean baintrí. Níor chosúil go ndearnadh aon athbhreithniú ná fiosrú leantach i rith na tréimhse ocht mbliana inar gearradh an ráta éigeandála uirthi le cinntiú go raibh an ráta cuí á chur i bhfeidhm.
Chinn mé nach bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnta go mbeadh riachtanais ÍMAT na gCoimisinéirí Ioncaim ar eolas ag an ngearánach agus go raibh sé de dhualgas ar an Roinn mar riarthóir a pinsin a insint di go mbeadh a cuid íocaíochtaí faoi réir cánach éigeandála.
Ós rud é go raibh an scéal amhlaidh mhol mé go mba oiriúnach an rud é dá smaoineodh an Roinn ar íocaíocht ex gratia a dhéanamh maidir leis an airgead a bhí dlite di.
Cúis áthais dom a bheith in ann a rá gur thoiligh an Roinn íocaíocht ex-gratia €22,073 a dhéanamh leis an ngearánach i leith na blianta ó 2001 go 2004.
Thug an Roinn le fios dom freisin go raibh nósanna imeachta nua curtha i bhfeidhm le cinntiú nach dtarlódh a leithéid de chas arís. Gheall sí freisin go ndéanfadh sí seiceáil ar dhaoine eile atá ag fáil pinsean baintreach le cinntiú nár tharla aon aimhrialtacht eile cosúil leis.