Oifig an Ombudsman

Caibidil 5: Na hÚdaráis Áitiúla - Cásanna Roghnaithe

Clár

5.1 Tugann Comhairle Contae Chill Mhantáin aisíocaíocht ar chuid den éarlais áirithe do dhuine a cheannaigh teach faoi scéim na dtithe ar phraghas réasúnta. Níl a leithéid de rud ann agus “táille theagmhasach”.

Cúlra

Thoiligh an gearánach réadmhaoin a cheannach faoi scéim tithíochta ar phraghas réasúnta Chomhairle Contae Chill Mhantáin. D’íoc sí €9,020 leis an gComhairle (€750 mar éarlais áirithe agus €8,270 mar éarlais). D’éirigh sí as an iarracht an réadmhaoin a cheannach de bharr drochshláinte a bheith uirthi.

D’aisíoc an Chomhairle €7,750 léi ach rinneadh cinneadh €1,270 a choinneáil mar “tháille theagmhasach”.

Imscrúdú

Sheol an Chomhairle litir “tairisceana sealadaí” chuig an ngearánach inar leagadh amach na coinníollacha a bheadh i gceist dá nglacfadh sí leis an réadmhaoin a bhí á tairiscint. Ar na gcoinníollacha a leagadh síos bhí ceann go raibh éarlais áirithe €750 le híoc agus nach n-aisíocfaí é dá dtarraingeodh sí siar ón gceannach. Ní dhearnadh aon tagairt sna coinníollacha go gcoinneofaí siar aon táille theagmhasach nó riaracháin.

Dhearbhaigh an Chomhairle nár insíodh don ghearánach go gcoinneofaí aon airgead eile seachas an éarlais áirithe €750 dá dtarraingeodh sí siar ón gceannach.

Toradh

Chinn mé nach bhféadfaí iallach a chur ar an gComhairle an éarlais áirithe €750 a aisíoc ach gur cheart an chuid eile den airgead a bhí á choinneáil siar (€520) a thabhairt don ghearánach. Thoiligh an Chomhairle é sin a dhéanamh.

The Cork News, Meán Fómhair 17, 2010

5.2 Freaschuireann Comhairle Contae Luimnigh cinneadh gan tarscaoileadh a thabhairt maidir le táillí bailithe bruscair - leithcheal déanta ar lánúin toisc go raibh leanbh acu

Cúlra

D’fhoilsigh mé torthaí m’inscrúdaithe i nDeireadh Fómhair 2008 faoi conas a raibh údaráis áitiúla ag feidhmiú scéimeanna tarscaoilte maidir le táillí bailithe bruscair. Leag mé béim i mo tuarascáil faoin iniúchadh ar chuid den éagothroime a bhain le riaradh na scéimeanna tarscaoilte dramhaíola. Fuair mé gearán in aghaidh Chomhairle Contae Luimnigh in 2010 ó fhear ar diúltaíodh tarscaoileadh dó maidir lena tháillí bailithe dramhaíola tí. Bhí an fear ag cur faoi lena bhean agus lena iníon a bhí ceithre bliana d’aois.

Ar na critéir a bhí ann maidir le tarscaoileadh a fháil faoi scéim tarscaoilte na Comhairle bhí ceann a shonraigh gur gá go mbeadh íocaíocht leasa shóisialaigh áirithe á fhail ag an té sin agus:

“a bheith ina c(h)ónaí ina (h)aonar nó le duine fásta incháilithe amháin eile (BEIRT AR A MHÉAD A BHEITH SA TEACH) ...”.

Dhiúltaigh an Chomhairle an tarscaoileadh a thabhairt dó ar an ábhar go raibh triúr acu sa ina gcónaí sa teach .i. an fear, a bhean agus a leanbh ceithre bliana d’aois. Thug sí le fios dó gur forbraíodh a scéim reatha ón gceann a bhí ann roimhe sin nár bhain ach le daoine a bhí ina gcónaí ina n-aonar agus ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Imscrúdú

Scríobh mé chuig an gComhairle ag insint dóibh gurb é cuspóir na scéime tarscaoilte ná cabhrú leo siúd a raibh “cruatan pearsanta” á fhulaingt acu (Alt 75(3) den Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996). Mheas mé go raibh leithcheal á dhéanamh ar an lánúin toisc go raibh leanbh acu, agus go mbeadh níos mó ‘cruatain phearsanta’ á fhulaingt acu de bharr leanbh a chothabháil i gcomparáid leo siúd nach raibh leanbh acu. Mheas mé ar aon nós gurb é an léirmhíniú ceart a bhí le tabhairt ar an scéim ná gur beirt daoine fásta an t-uasmhéid daoine a d’fhéadfadh a bheith in aon líon tí agus ní beirt d’aois ar bith, faoi mar a bhí á mhaíomh ag an gComhairle.

Toradh

Thoiligh an Chomhairle a chinneadh a fhreaschur agus tarscaoileadh a thabhairt dó maidir leis na táillí a bhí aige ó thaobh bhailiú dramhaíola tí. Thoiligh siad freisin athbhreithniú a dhéanamh ar na hiarratas go léir a fuair siad in 2010 agus ar diúltaíodh dóibh ar an bhforas céanna, agus tarscaoileadh a cheadú dá sásófaí na critéir cháilíochta eile.

Rinne an Chomhairle athbhreithniú freisin ar a scéim tarscaoilte i gcomhair na bliana 2011 i bhfianaise mo chonclúidí.

5.3 Gearán faoi tháille bhliantúil €200 ar dhara réadmhaoin - conas is ceart fad 2km a thomhas ón bpríomháit chónaithe

Cúlra

Ghearr an tAcht Rialtais Áitiúil (Muirir) 2009 muirear bliantúil €200 ar dhaoine áirithe a bhfuil dara réadmhaoin acu. An muirear ar áit chónaithe phríobháideach neamhphríomha a thugtar ar ar an muirear seo de gnáth. Fuair mé gearán in aghaidh Chomhairle Contae Luimnigh maidir leis an muirear seo in 2010. Bhain sé leis an díolúine ón muirear a bhfuil foráil faoi san acht (faoi réir critéar eile) má bhíonn an dara réadmhaoin suite laistigh de dhá chiliméadar ón bpríomháit chónaithe.

Sa chás seo bhí dara réadmhaoin an ghearánaigh suite níos mó ná dhá chiliméadar óna phríomháit chónaithe dá ndéanfaí an fad a thomhas an mbóthar ach laistigh de dhá chiliméadair uaidh dá ndéanfaí é a thomhas mar líne dhíreach. Is í an Chomhairle atá freagrach as an muirear a bhailiú agus mheas sí gur cheart a leithéid d’fhaid a thomhas ar an mbóthar.

Mhínigh an Chomhairle dom nach raibh aon chomhairle acu ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, mar a bhí ag an am, ach go ndeachaigh siad i gcomhairle le húdaráis áitiúla eile sa réigiún agus gur chinneadh an fad a thomhas ar an mbóthar óir ba é sin an t-aon bhealach le taisteal idir an dá réadmhaoin i dtimpeallacht uirbeach.

Imscrúdú

Scrúdaigh mé an reachtaíocht agus níl aon treoir ann faoi conas an fad idir an phríomháit chónaithe agus an dara réadmhaoin a áireamh. Mheas mé dá ndéanfaí an fad a áireamh ar an mbóthar go mbeadh daoine a raibh bealach réasúnta neamhdhíreach bóthair acu go dtí an dara réadmhaoin faoi míbhuntáiste i gcomparáid le daoine a raibh bealach níos dírí, agus níos giorra dá bharr, acu. Bheadh an cás amhlaidh in ainneoin go bhféadfadh an dara réadmhaoin a bheith an fad ceannainn céanna ón bpríomháit chónaithe faoi seach dá mbainfí leas as “modh na líne dírí” chun an fad a áireamh.

Toradh

Nuair a thug mé é sin le fios don Chomhairle thoiligh sí leasú a dhéanamh ar an modh a bhí aici chun an fad a áireamh agus aisíocadh na híocaíochtaí a bhí déanta ag an ngearánach i leith a áit chónaithe phríobháideach neamhphríomha do na blianta 2009 agus 2010. Tá treoir ceaptha ag an Roinn ó shin, atá ar aon dul leis an toradh a bhí an ghearáin, faoi conas is ceart an fad dá chiliméadar sin a áireamh.

5.4 Ní ceart go gcuirfí iallach ar lánúin cónaí le tuismitheoirí - glacadh le hiarratas ar thithíocht

Cúlra

Fuair mé gearán ó lánúin ar dhiúltaigh Comhairle Contae Luimnigh áras cónaithe dóibh. Dhiúltaigh an Chomhairle dá n-iarratas ar an ábhar gur fhág an lánúin cóiríocht leordhóthanach dá dtoil féin agus gur cheart go mbeadh sé ar a gcumas a gcuid acmhainní féin a úsáid chun cóiríocht a sholáthar dóibh féin.

Bhí iarratas déanta ag an lánúin chuig an gComhairle toisc gur mhaígh siad nach raibh sé d’acmhainn acu teach a fháil dóibh féin. Cé go raibh árasán ar cíos ag an lánúin nuair a rinne siad a n-iarratas bhí siad araon ag cur fúthu roimhe sin lena dtuismitheoirí féin. Bhí tuismitheoirí an pháirtí fir ina gcónaí ina n-aonar i dteach le trí sheomra codlata. Ba chosúil freisin go raibh go leor áite in áras cónaithe thuismitheoirí na mná agus go bhféadfadh sí cur fúithi leo. Dúirt an lánúin gur fhág siad árais teaghlaigh a muintire toisc nach raibh ceachtar dá dtuismitheoirí i bhfabhar an chaidrimh eatarthu.

Imscrúdú

Scrúdaigh mé comhad na Comhairle faoina n-iarratas ar thithíocht a fháil. Bhí an lánúin ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus ar an ábhar sin ba chosúil nach mbeadh sé ar a gcumas cóiríocht a sholáthar as a n-acmhainní airgeadais féin. Bhí an lánúin sna fichidí déanacha agus ba chosúil ón gcomhad nár thug an Chomhairle aird go leor ar an aois a bhí acu araon ná don chaoi a raibh siad ag súil go réasúnta go bhféadfadh siad maireachtáil go neamhspleách ar a dtuismitheoirí. D’iarr mé ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh a bhí déanta acu.

Toradh

Ghlac an Chomhairle leis nár thug siad aird go leor d’aois na lánúine. Chinn sí freaschur a dhéanamh ar an gcinneadh bunaidh agus glacadh le hiarratas na lánúine ar thithíocht agus rinneadh é a siardhátú go dáta an iarratais bhunaidh. Thoiligh an Chomhairle athbhreithniú a dhéanamh ar a córas measúnaithe le deimhin a dhéanamh de nach dtarlódh a leithéid de chás arís.